Corpus of Electronic Texts Edition
Eochair-Sgiath an Aifrinn (Author: Geoffrey Keating)

Chapter 16

AN SEISEADH CAIBIDIL DEUG. Tráchtas ar an gcuid eile de'n Aifrionn, nó de'n Chanóin.

Iar gcaitheamh Chuirp Chríost fá ghnéithibh an aráin, agus iar n-ól na fola fá ghnéithibh an fhíona, téid an sagart go corr deis na haltóra do ghlacadh fíona nó uisge 'san gcailís, agus dlighidh a chur innte i gcaindigheacht is ró mhó ioná sliocht na fola bhíos 'san gcailís, agus is é adhbhar fá ndlighthear a dheunamh mar sin, ionnus go ndiongantaoi claochlodh ar an bhfuigheall sin na fola i substaint fíona nó uisge sul dobhiadh sé do ghnáith 'san eudach bheag le a nglantar an chailís, agus is é fáth fá n-abraim go ndeuntar claochlódh ar fhuigheall na fola i substaint an fhíona nó an uisge, do bhrigh nach bí Fuil Chríost go sacraiminteamhail ann acht an feadh mhairid aicíde an fhíona ar a ndéintear an coisreagadh; agus an tan thig fíon eile nó uisge i gcaindigheacht is ró mhó ioná an chaindigheacht do bhí 'san fíon do bhí fá na haicídibh úd, fa fhuigheall na Fola ina mheasg, múchtar aicíd na caindigheachta is lúgha.

Ag so sompla ar sin. An tan chuireas an t-aithrigheach Corp Chríost ina ghoile ní bhí Corp Chríost ar marthainn ann acht an feadh mhairid ghnéithe an aráin gan claochlódh do ghabháil chuca i gcruth eile. Mar sin do'n fhuigheall


p.104

úd na fola, ní mhaireann 'san gcailís acht an feadh mhairid na haicíde fíona fá mbí i bhfolach go sacraiminteamhail; agus ó cuirthear iadsan ar gcúl, tréigidh Fuil Chríost an t-iarmhar sin do bhí 'san gcailís, de nós dá mbeith braon fíona in íochtar gloine, agus uisge do dhortadh ina cheann i gcaindigheacht budh ró mhó ioná an braon, go ndiongantaoi claochlódh ar shubstaint an bhraoin ó bheith ina fhíon chum bheith ina uisge, amhail is follus do'n tí do chuirfeadh roimhe so do dhearbhadh; óir ní fhaicfidh blas ná dath an fhíona ar an nidh do bhiadh 'san ghloinne, acht dath agus blas uisge, agus dá réir sin ní bhí ann acht uisge, agus mar an gceudna do'n nidh thuas.

Is é chialluigheas an ‘Communio’ an t-altughadh buidheachais dlighthear do thabhairt do Dhia tré mar do fhágaibh Sé an fleadh sobhlasda so na haltóra mar oileamhuin spioradálta ag na Críostaighthibh. Agus is é an t-altughadh so chialluigheas Dáibhidh, 'san 21 Sailm mar a n-abair (ag tairngire an altaighthe so) — ‘Iosfaidh na boicht (ar sé), agus sáiseochar iad, agus molfaid an Tighearna,’ dá chuir i gcéill andiaigh an tsásaighthe dogheibhidís na boicht — eadhon, na haithrighigh — iar gcaitheamh na proinne úd na haltóra go ndlighid buidheachas do thabhairt do Dhia. Cialluighidh fós an t-altughadh úd an gáirdeachas do bhí ar na hAbstalaibh iar bhfaicsin Chríost d'éis na heiséirghe, do réir mar adeir Innocentius agus Alecsander.

Is é chialluigheas an ‘Dominus bhobiscum’ adeirthear ina dhiaigh sin an impidhe chuireas an sagart 'san Aifrionn d'á iarraidh ar Dhia grása do thabhairt do'n phobal san mbeatha so, agus glóire 'san mbeatha mharthannaigh.

Is é adhbhar fá dtéid an sagart chum láir na haltóra i ndeireadh na horrthann, d'á chur i gcéill go raibh Críost ina mheadhon idir an gCineadh Iúdaigheach agus na cinibh eile, agus fós go raibh ina mheadhon idir an dá reacht — eadhon, an Seinreacht agus an Reacht Nuadh.

Is é chialluigheas an ‘Dominus Bhobiscum’ adeirthear ina dhiaigh sin, impidhe do chuireas an sagart re hoibriughadh do thoil agus d'inntinn re Dia, do réir Albertus.

Is é chialluigheas ‘Ite Missa est,’ cead do thabhairt do'n phobal filleadh d'á n-árusaibh féin iar n-éisteacht an Aifrinn, dá chur i gcéill nach dligheann an pobal an eaglais d'fhágbháil ó'n oifig dhiadha acht d'aonta an tsagairt, agus is síos bhíos aghaidh an tsagairt re rádh na mbriathar sin, do bhrigh gurab ris an bpobal bhíos an sagart ag labhairt.

Is é chialluigheas ‘Benedicamus Domino’ furáileamh an tsagairt ar an bpobal uim altughadh re Dia tar éis íodhbarta an Aifrinn.

Is é adhbhar fá n-iompuigheann an sagart a aghaidh ar an altóir ag rádh


p.105

‘Requiescant in pace,’ do bhrigh gurab ar na marbhaibh nach bíonn do láthair labhras.

Is é chialluigheas an bheannacht doghnídh an sagart ar an bpobal i bhfóircheann an Aifrinn, ag tógbháil a láimhe i bhfíoghair na Croise, an beannughadh dorighne Críost ar na Deisgioblaibh ag tógbháil a láimhe ós a gcionn re hucht dulta ar Neamh dhó, do réir mar léightear ag Lúcás 'san gcaibidil ndeighionaigh — ‘Ar dtógbháil A láimhe (ar sé) do bheannuigh iad agus do thriall uatha, agus dorugadh ar Neamh É.’

Léightear, fós, fíogharacha 'san mBiobla ar an nidh ceudna so. Ar dtús 'san naomhadh caibidil in Lebhiticus, mar a n-aithristear go ndeárnadh Maoise agus Aaron, iar gcríochnughadh na híodhbartha, an pobal do bheannughadh.

Léightear an nidh ceudna ag Solamh 'san ochtmhadh caibidil de'n treas leabhar de Leabhraibh na Ríogh.

Is é chialluigheas an Soisgeul Deighionach na comaoineacha do chuir Dia orruinn an mhéid gurbhfiú leis a Mhac Féin do chur i gcolann d'ár bhfuasgladh, agus A Fhuil agus A Fheóil féin do thabhairt dhúinn mar oileamhuin spioradálta.

Adeir S. Augustín 'san 118 eipistil do sgríobh chum Ianuariuis gurab ó na hAbstalaibh dofrith mar ghnáthughadh an t-Aifrionn do rádh ar céadlongadh, agus ní gan adhbhar do lean an Eagluis de sin ó shoin anuas. Ar dtús go n-abair Dia linn Flaitheas Dé d'iarraidh ó thosach, agus ina dhiaigh sin gach nídh saoghalta, agus do bhrigh gurab nidh diadha an t-Aifrionn, do réir mar suigheadh linn thuas, is cóir tús do thabhairt dó tar na biadhaibh shaoghalta; agus fós beanaidh re honóir na Sacraiminte caithtear 'san Aifrionn a chaitheamh ar céadlongadh, ó's ar céadlongadh is mó caondúthracht an duine chum crábhaidh; agus fós gurab ar céadlongadh is glainne bhíos ciall agus inntleacht an duine, agus is mó a shuaimhneas agus a thromdhacht agus nach andiaigh bídh nó díghe do chaitheamh. Dá bhrigh sin is maith an fáth do bhí ag an Eagluis fá'r órduigh an t-Aifrionn do rádh ar céadlongadh, óir dá mbiadh cead ag an dtuata an tSacraimint do chaitheamh tar éis bídh nó dighe, dobudh fhéidir gur re linn bheith ar baoithchéill dóibh ó mheisge nó ó chraos dorachadaois dá chaitheamh.

Biodh a fhios agat, a léightheóir, an t-uisge coisreagtha croithtear ar an bpobal andiaigh an Aifrinn go bhfuil ag á ghnáthughadh ó aimsir an chéad Phápa d'ar bh'ainm Alecsander do réir mar léightear ag Decretales 'san gceathramhadh disting de con. caibidil aqua; 106 bliadhna andiaigh Chríost do bhí an Alecsander so ann; agus fa hé an seachtmhadh Pápadh andiaigh Pheadair é. Agus fa fíoghair do'n uisge coisreagtha an nidh úd doghnídhthí le sagartaibh na Seinreachta, do réir mar léightear 'san


p.106

gcéad caibidil deug in Lebhiticus do croithtí leó, iomorro, do naomhadh an phobail, luaith laoigh tré na measgthaoi fuil.

Atáid trí h-adhbhair fá ndlighthear go speisialta Aifrionn d'eisteacht go dúthrachtach. An chéad adhbhar, do bhrigh go bhfuil sé d'fhiachaibh ar gach aon duine Aifrionn d'eisteacht, i bpéin peachaidh marbhthaigh, go háirighthe gach aon Lá Saoire agus Domhnach, má's féidir dhó a fhághail, acht muna raibh cúis dlisteanach aige, do réir mar léightear ag Decretales.

An dara h-adhbhar, áirde na neithe chialluigheas an t-Aifrionn, óir cialluighidh an t-Aifrionn íodhbairt Críost do réir S. Tomás, 'san gcéad alt de'n 83 ceist de'n treas rann d'á Dhiadhacht. Mar an gceudna adeir S. Augustín, 'san leabhar ro sgríobh ar Bheatha Phrosper — ‘Aon uair amháin (ar sé) do híodhbradh Críost ann féin, gidheadh doghnídhthear A íodhbairt go laetheamhail 'san tSacraimint so.’

An treas adhbhar, tré mhéid na dtairbheadh dogheibhthear ó n-a eisteacht, ar dtús doghnídh duine páirteach re sochar Pháise Chríost; doghnídh fós páirteach é le sochar an mholta bhríoghmhar bhíos i mbriathraibh an Aifrinn, agus an treas fheacht re guidhe caondúthrachtaigh an tsagairt fhíoraonda.

Tabhair dod' aire, a léightheóir, gurab córa dul d'fhios an Aifrinn ná d'ionnsuidhe ar thaisibh na naomh ná ar mhionn dá uaisle ar talmhain, mar atá an Chroch Naomh, nó Bainne Cíoch Mhuire, nó ionnar Chríost, nó Geibhionn Phóil, nó Bachall Pheadair, nó fós Coirp na n-Apstal féin, nó naomh eile d'á uaisle, ar dhá adhbhar. An chéad adhbhar, do bhrigh gurab ró uaisle an nidh atá 'san Aifrionn, mar atá Diadhacht agus Daonnacht Chríost, amhuil do suidheadh linn thuas, ionáid na neithe do luadhmar. An dara h-adhbhar, do bhrigh go bhfuil d'fhiachaibh orruinn i bpéin peacaigh marbhthaigh gach aon Domhnach agus Lá Saoire an t-Aifrionn d'fhios agus d'eisteacht, do réir órdaighthe na hEagluise, amhail adubhramar. Ní hionann agus na neithe eile do luadhmar, óir ní bhfuil d'fhiachaibh ar aon duine fiosrughadh do dheunamh ar na neithibh reamhráidhte, acht muna raibh móide air um dul d'á bhfios, no muna gceangaltar do leith aithrighe air é.

Tuig, a léightheóir, gurab leór gach nídh d'á ndubhramar do shubstaint an Aifrinn, agus do gach nídh éigeantach eile bheanas ris ó sin amach; agus biodh a fhios agat nach le dearmad do fhágbhamar an Phaidir gan mhíniughadh, acht do bhrigh go gcaithfidhmís trácht fada do dheunamh uirre, dobhiadh liosda re a léaghadh, agus fós a mhionca do mhínigheadh go fóirleathan le húghdaraibh eile í. Atáid fós poingc eile de'n Chanóin ar nachar leanamar d'á léirmhíniughadh nach righid na tuatadha a leas do mhínughadh dhóibh, agus d'á bhrigh sin d'fhágbhamar amuigh iad gan teacht tarsa.

Anois, cheana, ó críochnuigheadh linn suim an Aifrinn go soiche so, ní fuláir dhúinn a fhoillsiughadh agus a fhionnochtadh go cinnte creud an sochair


p.107

in a dtéid sé do bheódhaibh agus do mharbhaibh. Agus an mhéid bheanas ris na marbhaibh, do bhrígh go seunaid na héiricighe go hamhnáireach nach bhfuil ionad eile ann tar éis na beatha so (mar atá purgadóir) in a mbeith dáil cabhra i ndán do na fíreunachaibh ar a mbí sal na péine aimseardha tré nach deunaid leóirgníomh iomlán ina gceanaibh, do réir na breithe aithrighe cuirthear orra 'san mbeatha so. Cruitheócham 'san gcaibidil so síos go bhfuil purgadóir ann, agus dá réir sin go bhfuil ionad ann tar éis na beathadh so in a bhféadthar furtacht do thabhairt do na fíreunachaibh.