Corpus of Electronic Texts Edition
Eochair-Sgiath an Aifrinn (Author: Geoffrey Keating)

Chapter 15

AG SO AN CUIGEADH CAIBIDIL DEUG. In a dtráchtar ar an modh ar a ndlighthear do'n t-aithrigheach Corp Chríost do chaitheamh.

Léightear ag Maoise 'san dara caibidil deug in Ecsodus, an modh ar a n-ithtí an t-Uan Cásga le Cloinn Israel. Ag so síos trí coinghill do'n


p.98

modh sin. Ag so an chéad choingheall díobh — Fá héigeann do gach aon re h-ucht a chaithmhe bheith ina sheasamh. An dara coingheall, maide do bheith ina láimh. An treas coingheall, luibh dárab ainm fiaidhleitiús do chaitheamh mar abhlann leis. Agus do bhrigh gurab fíoghair do'n tSacraimeint so na h-Altóra an t-Uan Cásga, ní fuláir do'n aithrigheach na trí coinghill ceudna úd do bheith aige re hucht na Sacraiminte do chaitheamh. Ar dtús, ní fuláir dho seasamh do dheunamh do thoil agus do rún a láib na locht, do réir mar léightear 'san naomhadh caibidil deug de'n treas leabhar de Leabhraibh na Ríogh ar Elias. An tan, iomorro, do bhí Elias ag teitheamh roimh an mbainríoghain urchóidigh — eadhon, Iesabel — ag dul go Sliabh Oireb dó, do chodail ar an slighe, agus tháinig an t-aingeal d'á mhusgladh, do thabhairt furtachta agus lóin chum na sligheadh dhó. ‘An bhfaice (ar an t-aingeal) láimh red' cheann an toirtín fá luaith aráin? Eirigh (ar sé) agus ith nídh dhe, is fada an ród atá rómhad.’ Tabhair dod' aire, a léightheóir, mar adubhairt ris ‘Eirghe’ ar dtús agus annsin an t-arán do chaitheamh. Mar an gceudna, adeirthear rinne ‘Eirghe as suan na locht,’ agus annsin Corp Chríost do chaitheamh. Tuig cheana go fáithchiallach, gurab é an t-Elias úd an t-aithrigheach, agus gurab í an bhainrioghan aingidhe úd an antoil, agus gurab ionann an díbirt úd dorighne Iesabel ar Elias as a dhúthaigh agus an díbirt doghnídh an antoil ar dhuine ó dhúthaigh Fhlaithis Dé. Is ionann, mar an gceudna, an codladh úd dorighne Elias agus an codladh nó an suan doghnídh an duine ina pheacadhaibh. Ionann, fós, an t-arán fuair ag á cheann agus Sacraimint na hAltóra. Ionann Sliabh Oireb gus a raibh Elias ag triall, agus Flaitheas Dé is ceann chomhsanta dhúinne.

An dara nídh, ní fuláir Maide an Chreidimh do bheith i láimh an aithrighigh, do chongnamh d'á dhá chois nádúra — eadhon, d'á thoil agus d'á thuigsin, óir ní tualaing iad-san ar aon d'iomchar fírinne na Sacraiminte so, acht muna raibh Colamhuin an Chreidimh do chongnamh riú.

An treas nidh dligheas an t-aithrigheach do bheith aige mar abhlann leis an Sacraimint so, fiaidhleitiús — eadhon, an aithrighe, in a bhfuilid trí codcha, do réir mar adubhramar. Agus is córaide dhúinn an aithrighe do bheith againn mar abhlann ris an Sacraimint so, nó fós ag á fhromhadh róimpe, gurab í amháin is íocluibh sláinte dhúinn d'ár dtabhairt ó bhás an pheacaidh go beatha na ngrás, do réir mar do shuidheadh linn thuas. Agus, ó's biadh spioradálta Sacraimint na hAltóra, agus nach téid biadh ar bith i soileas na sláinte acht do dhuine beó, agus nach féidir linn bheith beó go spioradálta acht maille re híocluibh na haithrighe do fhromhadh, ní fuláir dhúinn a fromhadh, ionnus go rachadh an biadh úd, .i. Corp Críost i sochar dhúinn; agus is córaide dhúinn sin do dheunamh an tan chaithtear linn i


p.99

bpeacadh marbhthach é, nach é amháin doghnídh linn gan sochar do dheunamh dhúinn, acht gurab damnadh dhúinn a chaitheamh, do réir mar adeir Pól 'san t-aonmhadh caibidil deug de'n chéud Eipistil chum na gCoirinnteach, mar a ndubhairt — ‘Gibé itheas agus ibheas go neimhdhlisdeanach, ithidh agus ibhidh damnughadh do féin, gan dochar do Chorp an Tighearna.’ Adeir, fós, 'san caibidil céadna — ‘Gibé ar bith íosas an t-arán so, agus íobhas an corn so an Tighearna go neimhfhiúntach, budh cionntach é tré Chorp agus tré Fhuil an Tighearna’ — eadhon, dogheabhaidh peannaid tríd sin, amhail do mhuirfeadh Críost, do réir Ambrós.

Adeir Pól 'san seiseadh caibidil chum na nEabhrach, ag labhairt ar an droing théid go neimhfhiúntach do chaitheamh an Sacraiminte — ‘Crochaid (ar sé) arís ionnta féin Mac Dé.’ Creud is iontuigthe as na briathraibh so acht gurab é meas Phóil ar an ndroing théid go neamhghlan do chaitheamh Chuirp Chríost gurab lucht dúnmharbhtha nó diamharbhtha do dheunamh ar Chríost iad.

Is córaide dhúinn toidheacht go humhal, eaglach, ionnraic do chaitheamh na Sacraiminte so, an sompla tugsad na hAbstail dúinn mar go rabhadar féin fáiteach fá bhuain re Corp Chríost ar mhéid a n-onóra air, do réir mar léightear ar Marcús Soibhsgeulaidhe gur gheárr sé órdóg a láimhe amach d'eagla go n-aibeóradh sé Aifrionn; óir do mheas nacharbhfiú é féin bheith ag glacadh Chuirp Chríost. Mar an gceudna adubhairt Peadar, an tan tháinig Críost chuige gus an loing iasgaireachta in a raibh — ‘A Thighearna (ar sé) druid uaim, do bhrigh gurab duine peacach mé.’ Léightear fós ag Matha, 'san ochtmhadh caibidil, mar adubhairt an centurion re Críost, an tan do thogair dul d'á thigh do leigheas a bhuachalla — ‘A Thighearna (ar sé) ní fiú mé do theacht fám' chleith,’ etc.

Is follus fós, 'san treas chaibidil deug ag Eóin, nach déin chaitheamh na Sacraiminte maith ar bith do'n tí bhíos neamhghlan ag á chaitheamh, acht go ndéin olc rómhór dó, do réir mar adeir 'san gcaibidil ceudna sin, go ndeachaidh an diabhal i gcorp Iúdais, iar gcaitheamh Chuirp Chríost 'san tSuipéir dhó, tré bheith neamhghlan dó ag caitheamh Chuirp Chríost. Adeir S. Tomás, 'san iomun dorighne do Chorp Chríost gurab bás do na peacadhaibh Corp Chríost do chaitheamh, amhail is beatha é do na fíreunchaibh an tan chaithidh é.

Dá bhfiafruigheadh duine cionnus is féidir a thuigsin go ndiongnadh an tSacraimint, bhíos ionann innte féin do ghnáith, olc do'n pheacach agus maith do'n fhíreun, mo fhreagra air go ndéin an mhairtfheóil, bhíos ionann innte féin, dochar d'fhear an fhiabhruis agus sochar do'n duine slán. Mar an gceudna do Chorp Chríost téid sé i ndioghbháil do'n tí ar a mbí fiabhrus an pheacaidh agus téid i sláinte do'n fhíreun.


p.100

Léightear ag Plinius gurab falláin do'n duine ‘amigdolum’ re n-a ithidh, agus gurab nimh do'n fhaolchoin é. Mar an gceudna, is falláin Corp Chríost do na daoinibh dobheir a mbeatha as go maith, agus is nimh do'n fhaolchoin — eadhon, do'n pheacach — é. Is cosmhail Corp Chríost i gcáilibh ris an gcloich dárab ainm ‘diaseses,’ óir atá íoc gacha heasláinte dá mbí ar dhuine, an feadh bhíos beó, innte; gidheadh, ní dhéin furtacht ar chorp duine andiaigh a bháis. Mar an gceudna do Chorp Chríost, íocaidh gach easláinte nó gach easbuidh spioradálta d'á mbí ar an té bhíos leath amuigh de pheacadh mharbhthach (iar ndeunamh faoisidine agus aithrighe), ghidheadh ní théid i bhfoghnamh ar bith do'n tí chaitheas é i bpeacadh marbhthach.

Is cosmhail, fós, Corp Chríost ris an gcloich dárab ainm ‘esgites’ — cloch sin dogheibhthear i nead an fhiolair, agus ní mó ioná oiread gráinne pise bhíos innte. Dearbhthar léi an nimh is easláinte do'n othar. Má's nimh is easláinte do'n othar, ní fhéadfaidh ar chor ar bith le biadh ná le digh ná le nidh eile dá mhillse, an chloch do shlugadh in a chorp. Gidheadh, muna nimh is cúis easláinte dhó, féadfaidh a chaitheamh go soiréidh. Mar an gceudna do Chorp Chríost, an tan chaitheas an t-othar — eadhon, an t-aithrigheach — E, maille re rún peacaidh marbhthaigh, ní fhéadann a shlugadh go spioradálta ina anam, ná a chaitheamh go cóir, acht gídh chaitheas i mbeul agus i ngoile an chuirp é. Gidheadh, an tan nach peacadh marbhthach is easláinte dhó, sluigthear leis go hiomlán i ngoile na hanma é. Ní heugcosmhail, iomorro, an nimh ris an bpeacadh; óir bí an nimh omh, fuar, marbhthach. Mar an gceudna do'n peacadh, bí sé cómh fuar sin go múchtar leis teasghrádh Dé agus na gcomharsan; bí fós cómh omh sin nach loisgfeadh teine ifrinn go síorruidhe aon pheacadh amháin marbhthach, agus is cuid do na h-adhbharaibh fá mbíonn pian síorruídhe ar an anam in ifrionn sin.

Atáid trí hadhbhair fá n-a daoire do'n droing téid go neamhghlan do chaitheamh Chuirp Chríost ioná do'n Chineadh Iúdaigheach le'r crochadh Críost. An céad adhbhar díobh, do bhrígh gurab in A Chruth Féin, mar Dhia agus mar Dhuine chaithid na peacaigh E, agus do réir Phóil 'san seiseadh caib. chum na n-Eabhrach is ionann Corp Chríost do chaitheamh go neamhghlan agus Críost do athchrochadh. Ní mar sin do'n chineadh Iudaidheach ní in A Riocht féin do chrochadar Críost, do réir mar adeir Pól 'san dara caibidil de'n chéad Eipistil chum na gCoirinnteach — ‘Dá n-aitheantaoi (ar sé) Righ na Glóire leó, ní chrochfadaois go bráth E.’ An dara hadhbhar, do bhrigh gurab mó comaoin Chríost ar na peacachaibh úd ioná ar an gCineadh Iúdaigheach, an mhéid gur dheónuigh Sé A Chreideamh agus A Reacht agus a Shacraiminte socharacha féin do theacht ó'n gCineadh Iúdaigheach chuca. An treas adhbhar, do bhrígh gurab uaisle an staid in a mbí Corp Chríost dá chaitheamh ag na peacachaibh ioná an staid in a raibh d'á chur chum báis ag


p.101

na hUidhilibh; óir Corp domharbhtha, glórmhar, chaithid na peacaigh, agus Corp neamhghlórmhar, somharbhthach, do chuireadar na hUidhil chum báis. Ar na hadhbharaibh sin, is cionntaidhe na peacaigh théid go neamhghlan do chaitheamh Chuirp Chríost ionáid na hUidhil.

Léightear ar sagart soisgeulta d'áirighthe go raibh sé ag rádh Aifrinn, agus ar mbeith do dhuine caondúthrachtach eile ag éisteacht an Aifrinn, re hucht Chuirp Chríost do chaitheamh do'n tsagart (ar mbeith do'n tSacraimint ar an bpaiteana), dochonnairc an fear craibhtheach úd Críost i gcruth naoidhne ar an bpaiteana, agus an tan do bhí an sagart ag tógbháil na Sacraiminte suas de'n phaiteana, chum a chaitheamh, dochonnairc an fear úd an Naoidhin ag filleadh a dhroma ris an sagart, agus ag cur A lámh i mbruach an phaiteana, d'á thoirmeasg ar an sagart E Féin do chaitheamh, agus fa minic an duine craibhtheach ceudna ag faicsin an nidh sin. Ina dhiaigh sin thárla an sagart i gcomhluadar agus ag cómhlabhairt ris an fear úd, agus adubhairt ris — ‘A chompánaigh ionmhuin (ar sé), is mór atá ina iongnadh orm méid an docamhail bhíos orm ria chaitheamh na Sacraiminte.’ ‘Guidhim thú (ar an fear eile) déin leasughadh ar do bheatha agus ceartuigh thú féin, óir dochonnarc-sa go ró-mhinic an toirmeasg bhíos ag á chur ort,’ agus d'innis an sgeul reamhráidhte dó. Gabhas bíodhgadh an sagart trés an nidh sin, agus dorighne aithrighe dhiochrach dhuthrachtach ina pheacadhaibh. Agus i gcionn aimsire ina dhiaigh sin, iar mbeith do'n tsagart ina fhíreun, do bhí sé ag rádh Aifrinn, agus thárla an fear ceudna do láthair an Aifrinn, agus dochonnairc sé Críost i gcruth naoidhne ar an bpaiteana idir lámhaibh an tsagairt (re linn na Sacraiminte do chaitheamh dhó), agus é maille re gean gáire, agus le forbhfaoilteachus ag táthadh a lámh re chéile, agus ag feitheamh gnúise an tsagairt, agus dochonnairc ag lingeadh go luathgháireach i mbeul an tsagairt isteach é, agus fós níor mhothuigh an sagart docamhal 'san mbith air féin fá n-a chaitheamh amhail do chleachtadh roimhe sin.

Is iontuigthe as an sgeul so nach maith le Dia duine neamhghlan do bheith ag caitheamh Chuirp Chríost.

Is móide is iontuigthe fírinne na neithe so an nidh léightear 'san seachtmhadh caibidil ag Matha, mar adubhairt Críost, ag labhairt ar na peacachaibh théid go neamhghlan do chaitheamh Chuirp Chríost — ‘Ná tabhraidh (ar Sé) an nidh naomhtha do na madradhaibh.’ Ionann sin re a rádh agus ‘A shagarta, ná dáilidh an nidh naomhtha so — eadhon, Corp Chríost — do na daoinibh madramhla bhíos i bpeacadhaibh marbhthacha.’ Adeir fós Críost ris na sagartaibh gan na liaga loghmhara dárab ainm ‘Margarita’ do chur i bhfiadhnuise na muc, dá chur i gcéill nach dlighthear A Chorp Féin do thabhairt do na peacachaibh bhíos ag á measga féin


p.102

i muilleach na mailíse agus i lathaigh na locht, agus an tan caithtear mar sin é ní caithtear go spioradálta socharach é. Agus is córaide a thuigsin mar so go léightear fíoghair ro ghaolmhar do'n nidh so 'san gcuigeadh caib. deug in Ecsodus, mar a n-abair nachar fhear Dia aon rud de'n phlúr neamhdha do Chloinn Israel an feadh do mhair aoinnidh de mhin na hEigipte aca ar an bhfásach, iar dteacht trés an Mhuir Ruaidh dhóibh. Mar an gceudna do'n pheacach chuireas roimhe teitheadh ó Pharaoh — eadhon, an diabhal — as an Eigipt — eadhon, as staid an pheacaidh agus na hurchóide — trés an Mhuir Ruaidh — eadhon, trés an ndoilgheas intinne ar fhásach na haithrighe, ní bhfaghadh an plúr neamhdha — eadhon, Corp Chríost — re a chaitheamh go spioradálta, an feadh mhairfeas aon rud de mhin na mailíse nó de phlúr an pheacaidh mharbhthaigh i gciste nó i gcliabh an chogúais aige.

Ag so dá sgeul as a dtuigthear go ndéin Dia dioghaltas ar an ndroing théid go neimhfhiúntach do chaitheamh Chuirp Chríost: —

Léightear ar dtús go bhfacaidh sagart d'áirighthe ag teacht do chaitheamh Chomaoine chuige féin neach dorighne a fhaoisidin ris roimhe sin, air nach raibh aithreachas 'san mbith, ná doilgheas, ná rún a pheacaidhe do thréigeann. An tan do mhothaigh an sagart mar sin é, adubhairt ris fanmhuin ó'n gCorp Naomhtha do ghlacadh. Adubhairt sean go dásachtach nach bhfanfadh, agus go gcaithfeadh an Corp Naomhtha d'fhagháil mar aon re cách. ‘Ní misde (ar an sagart) go ndéinigh Dia breitheamhnus eadrainn araon.’ Agus leis sin tug an sagart an tsacraimint dó, agus ní ráinig leis a shlugadh síos ina chorp an tan do bhris dorus ar a bhraghaid agus tháinig an tSacraimint tré n-a bhrághaid amach, agus fuair bás mar sin. Is iontuigthe as an sgeul so, go ndéin Dia díoghaltus go minic ar an saoghal so féin ar na daoinibh théid do chaitheamh na Sacraiminte go neimhfhiúntach.

Ag so an dara sompla. Léightear i Leabhar na bPápadh go raibh drong d'áirighthe 'san Róimh lé'r caitheamh Corp Chríost i Ló Cásga, agus tug iad féin 'san ló ceudna do chraosól agus do mheisge, agus do dhroch-chomhairle, agus dorighne Dia díoghaltus orra an lá sin féin, ionnus go dtárla dorta fola as a mbeulaibh dóibh, agus do bhí de bhreuntas agus de dhomboladh ar an bhfuil gur múchadh iad go hobann. Agus an lá ceudna tháinig díle fearthana agus tuile adhbhalmhór tar fhonn agus tar fhearann na muinntire sin, ionnus gur sgriosadh de gach feur agus gach geamhar agus gach sochar eile dá raibh air; agus tháinig sgáileadha na droinge ceudna i riochtaibh dragún ar an bhfearann, agus ní leigidís duine ná ainmhidhe ann gan marbhadh. Thárla do dhuine naomhtha do-bhí 'san gcathraigh do bheith ag guidhe Dé go minic, maille re dúthracht, ar son na droinge sin, agus tháinig aingeal do labhairt ris, agus adubhairt ris —


p.103

‘Innis damsa (ar sé) creud dob' indeunta ris an tí do chuirfeadh aonmhac impire i bpriosún dorcha in a mbiadh breuntas dofhulaing?’ Adubhairt an duine naomhtha gurab teasgadh ball budh dhual do thabhairt ar an tí dodheunfadh an t-olc sin. ‘Maiseadh (ar an t-aingeal) creud an bhreith dobhearthá ar an tí do chuirfeadh an chómhra in a mbiadh Corp Chríost cumhdaighthe (i bhfiaghnaise an tsluaigh) i láib nó i lathaigh, agus do mheasgfadh i gcamra breun truaillighthe é?’ ‘Is é so mo bhreitheamhnas (ar an duine naomhtha) ar an tí dodheunfadh sin, gurab eiriceach agus gurab ceallairgtheach é, agus gurab'é a losgadh budh dhual.’ ‘An é nach deárnadar (ar an t-aingeal) a ionamhuil so, an ndrong ar a bhfuilise ag guidhe? Oir do chuir siad i Ló Cásga Corp Chríost i gcómhraibh — eadhon, ina gcorpaibh agus do mheasgsad an Corp ceudna sin i meisge, i gcraos agus i gcampa iliomaid cean agus peacadh ó sin amach. Agus dá bhrigh sin, ní bhfuil tairbhe dhuitse ná do dhuine eile 'san domhan bheith ag guidhe ar a son, óir atáid damanta an feadh bhias Dia ag caitheamh na glóire síorruidhe.’ Ar gclos an sgeul sin do mhórán dá raibh 'san gcathraigh, do chuir siad druim re dubhailcibh, agus agus tugsad ucht ar aithrighe, agus doronsad leóirghníomh ina lochtaibh.