Corpus of Electronic Texts Edition
Eochair-Sgiath an Aifrinn (Author: Geoffrey Keating)

Chapter 14

AN CEATHRAMHADH CAIBIDIL DEUG. In a dtráchtar ar na deich réasúnaibh atá ag an Eaglais Chatoilice as nach tabhraidh Corp Chríost do na tuatadhaibh fá ghnéithibh an fhiona.

An chéad adhbhar, ar eagla na fola do dhortadh le taisdiol lámh na dtuathadh.

An dara hadhbhar, d'eagla go ngeabhadh an fíon glaodhamhlacht chuige, amhail oighreadh nó cuisne.

An treas adhbhar, d'eagla go ngeabhadh an fíon truailleadh nó éideacht chuige.

An ceathramhadh adhbhar, teirce an fhíona i mórán de ríoghachtaibh, amhail atá an talamh so (Eire), in a bhfuilid mórán d'ionadaibh aimhriata i gcéin ó bhailtibh cuan nach bhfaghthaoi fíon dobhearthaoi do'n aithrigheach dobheidheadh anns na hionadaibh allta sin.

An cúigeadh hadhbhar, go mbíd mórán de dhaoine éisdealbhacha ann ar a mbiadh déistin fá'n bhfíon d'ól as aon chorn ris na daoinibh ar a mbiadh easláinte gráineamhla — mar atá bolgach, nó cláimhe, nó gearba, nó a n-ionnamhla eile d'easláintibh.

An seiseadh adhbhar d'eagla go mbeith ceann anbhfann ag an aithrigheach, agus go n-íbheadh iomad de'n fhíon, agus go mbeith ar meisge ag fágbháil na haltóra dó.


p.94

An seachtmhadh adhbhar do sheachnadh neamhchadhais do bheith ar an Sacraimint, óir, dá mbeith an fíon d'á thabhairt dóibh mar Shacraimint, agus iomad de dhaoinibh maithe agus de fhodhaoinibh do bheith ag chaitheamh an Sacraimint, agus malairt fhíona do bheith aca — mar atá fíon maith ag na daoinibh maithe, agus droichfhíon ag na fodhaoinibh — dob' fhéidir an tan do dhlighfeadh an fodhuine bheith ag bualadh a uchta agus ag guidhe Dé go dúthrachtach, gurab ag ithiomrádh dobhiadh sé, ag á rádh gurab mó bhiadh a ghean ar dhuine mhaith nó shaidhbhir ann, ó is é an duine saidhbhir dogheibh an fíon is feárr tré chomaoin do chur ar an sagart, agus ó's aige féin nach raibh breith ar chomaoin do chur ar an sagart nach faghann acht an fíon is measa.

An t-ochtmhadh adhbhar go bhfuilid mórán de dhaoinibh ann nách féadann fíonn d'ól go bráth, agus do bhrigh nách fágbhann Dia an duine i nglas 'san mbeatha so gan dáil cabhra ar chor éigin ina chionn, is follus nach bhfuil Sacraimint na fola éigeantach re a chaitheamh do'n aithrigheach i bpéin pheacaidh mharbhthaigh.

An naomhadh hadhbhar, do sheachnadh iomaid cosdais do dheunamh; óir do budh deacair do'n tsagart ag á mbeith míle aithrigheach uair gacha míosa ag caitheamh comaoineach a riar uile d'fhíon ar a chosdus féin.

An deachmhadh hadhbhar, mar ghreannughadh ar na heiricibh, adeir go bhfuil d'fhiachaibh ar gach aon aithrigheach Sacraimint na Fola do chaitheamh fá ghnéithibh an fhíona.

Ag so cuid d'argúntaibh na n-eiriceach as a gcuirid rómpa a chruthughadh go bhfuil d'fhiachaibh ar an uile thuata Sacraimint na hAltóra do chaitheamh fá ghnéithibh an fhíona.

Ag so an chéad argúin bheanaid siad as an seiseadh caibidil ar fhichid ag Matha, mar a n-abair Críost 'san tSoisgeul, re linn an tSuipéir — ‘Ibhidh uile de so’ — eadhon, de'n chailís.

Mo fhreagra orra annso, gurab ag labhairt ris na hAbstalaibh (d'á ndeárnadh Sé Féin an tráth sin sagairt) do bhí Sé, agus nach ris na tuathadhaibh do creid d'A sheanmóir roimhe sin. Agus is córaide a thuigsin mar so, go n-abair Sé Féin (andiaigh na mbriathra úd re a ndubhairt riú uile an corn d'ól) briathra fá n-ab' ionntuigthe gurab ris na hAbstalaibh do labhair — ‘Agus (ar Sé) d'ibhidear go léir as an gcorn,’ ag ciallughadh na muintire do bhí ag caitheamh an tSuipéir maille ris, agus ní léightear 'san tSoisgeul go raibh maille fris acht an Dá Abstal Deug amháin do bhí ina sagartaibh. Ar an adhbhar-soin níor furáil sé an fhíon do chaitheamh acht ar an Dá Abstal Deug do bhí ina Sagartaibh, agus gach sagart eile dobhiadh ina bpearsannaibh sin. Agus is é adhbhair fá'r órduigh do na hAbstalaibh an tSacraimint do chaitheamh fá ghnéithibh aráin agus fhíona, do bhrigh gurab íodhbairt í fa dual d'ofrálughadh fá ghnéithibh aráin agus fhíona,


p.95

agus gurab ris na sagartaibh bheanas íodhbairt do dheunamh, agus go rabhadar-san ina sagartaibh an tráth sin.

Atáid, iomorro, dá nidh 'san Aifrionn, mar atá íodhbairt agus sacraimint. An íodhbairt, dlighidh sí Páis Chríost d'eisiomplárughadh dúinn; dá bhrigh sin, ó do bhí Corp Chríost agus A Fhuil sgartha le chéile 'san Pháis, dlighidh, mar an gceudna, íodhbairt Chuirp Chríost agus A Fhola do bheith dealuighthe re chéile 'san Aifrionn. Ionann sin re a rádh agus an Corp, do bhrígh na mbriathar coisreagtha - eadhon, ‘Hoc est enim Corpus Meum,’ do bheith fá ghnéithibh an aráin, acht gé bhíos A Anam agus A Fhuil ina choimhdeacht, agus an Fhuil do bheith fá ghnéithibh an fhíona, do bhrigh na mbriathar gcoisreagtha — eadhon, ‘Hic est enim calix Sanguinis Mei,’ etc. — maille ris an gCorp agus ris an Anam do bheith ina choimhdeacht.

An dara nidh atá 'san Aifrionn — eadhon, Sacraimint — agus an mhéid gurab Sacraimint é is leór a chaitheamh fá ghnéithibh an aráin amháin, agus is mar sin caitheas gach aon é, leath amuigh de'n Aifrionn idir shagart agus tuata, agus dá n-abradh Cailbhin nó Luitear go ndéin an sagart leathchumaidh ar an dtuata, an mhéid go gcaitheann féin Corp Chríost fá ghnéithibh an aráin agus an fhíona agus nach tabhair do'n tuata acht fá ghnéithibh an aráin amháin, bíodh a fhios aca go dtabhair an sagart annso do'n tuata an oiread agus dobheir do féin (an mhéid bheanas ris an Sacraimint) leath amuigh d'aicídibh tura an fhíona, óir ní thabhair do féin acht an Corp, Fuil, Anam, agus Diadhacht Críosd, agus dobheir na neithe ceudna do'n tuata. Ar dtús, dobheir an Corp gan amhrus dó, agus do réir Phóil, 'san seiseadh caibidil chum na Rómhánach is Corp Beo dáiltear ann. Ag so mar adeir Pól — ‘Iar n-eiséirghe (ar sé) do Chríost ó mharbhaibh ní fhuil anois ag fághail bháis ó so amach, ní dheunaidh an bás tighearnughadh air.’ Agus, ó nach bhí corp beó gan anam, is iontuigthe go mbí an t-anam ann, agus do réir na bhfisigeadh nó na leagha ní bhí corp beó gan fuil, agus dá bhrigh sin bí an fuil ann. Bí fós an Diadhacht ann, do réir Damascenus, 'san ceathramhadh leabhar do sgríobh ar an gCreideamh gCoitcheann, ‘An nídh do ghlac an Diadhacht (ar sé) aon uair amháin, ní thréighfeadh sí go bráth é.’ Agus is follus gur ghlac an Diadhacht corp daonda ó Mhuire, do réir Lúcáis, 'san chéad chaibidil, agus ó nach sgarfaidh an Corp ceudna ris an Diadhacht go bráth, do réir Damascenus, ní bhíonn sgartha re Sacraimint Chuirp Críost, acht bí táithte ris an tan beirthear do'n tuata é, agus gach uile tráth. Ar an adhbhar sin na cheithre neithe chaitheas an sagart ar an altoir dobheir do'n tuata na neithe ceudna — eadhon, Corp, Fuil, Anam, agus Diadhacht Chríost. Ar an adhbhar sin, ní dhéin an sagart leathchumaidh ar an dtuata.


p.96

Ag so, cheana, argúin chuireas Lúitear agus a lorgaireadha síos as a gcuirid rómpa a chruthughadh gurab saobh, éigcneasta doghníodh an Eagluis Chatoilice gan an Fhuil do thabhairt fá ghnéithibh an fhíona do na tuatadhaibh, amhail dobheirid an Corp fá ghnéithibh an aráin dóibh, agus adeirid go bhfuil d'fhiachaibh ar gach n-aon, i bpéin a shlánuighthe, an Corp agus an Fhuil do chaitheamh.

Ag so an barántas dobheirid ar a son féin as an mBíobla, mar a n-abair Críost ag Eóin 'san seiseadh caibidil — ‘Muna n-ithear libh Feóil Mhic an Duine (ar Sé), agus muna n-ibhthear libh A Fhuil, ní bhiadh an bheatha maille ribh.’

Ag so mo fhreagradh ar Lúitear, ar an adhbhar gurab é nidh in a gcuireann sé brigh, mar a n-abair Críost, ‘Muna n-ibhthear libh Mo Fhuil,’ etc. Bíodh a fhios aige an coimhcheangal úd ‘agus’ gurab ionann é, de mhódh labhartha na n-Eabhrach, agus an t-iar bheurla so ‘nó.’ Ag so suidheamh ar sin ó Mhaoise, 'san 21 caibidil in Ecsodus, mar a n-abair — ‘An mac mhuirfeas a athair agus a mháthair cuirthear chum báis é.’ Ionann sin re a rádh agus — ‘Gibé muirfeas a athair nó a mháthair cuirthear chum báis é.’ Oir is follus nach é is ciall do'n chomhrádh úd gan an mac do bhásughadh acht muna marbhadh an t-athair mar aon ris an máthair. Mar an gceudna is ionntuigthe na briathra úd Chríost amhail adéaradh, ‘Muna n-ithidh sibh Feóil Duine, nó muna n-ibhidh sibh A Fhuil, ní bhiadh an bheatha maille ribh.’

Ag so ionad eile ag Eóin, 'san gcúigeadh caibidil deug, ag neartughadh leis an tuigsin so bheanmaoid as briathraibh Chríost 'san seiseadh caibidil úd. Ag so, mar adeir Críost, 'san gcúigheadh caibidil reamhráidhte — ‘Muna thiginn agus muna labhrainn, ní bhiadh peacadh aca.’ Ionann sin re a rádh — ‘Muna dtigeadh nó muna labhradh Críost ní bhiadh peacadh orra.’

An dara freagradh dobheirim ar Lúitear — eadhon, an tí chaitheas Corp Chríost fá ghnéithibh an aráin amháin go gcóimhlíonann an aithne úd, do bhrígh an tan chaithtear an Corp nach Corp gan Fuil chaithtear ann, do réir mar do shuidheadh linn thuas. Ar ar adhbhar sin, ó's Corp in a bhfuil Fuil caithtear linn, cóimhlíontar an aithne úd Chríost linn, mar a n-abair A Chorp agus A Fhuil do chaitheamh. Oir ní abair Críost 'san text reamhráidhte a chaitheamh fá ghnéithibh an fhíona.

Ag so an treas freagradh dobheirim ar Lúitear — eadhon, adeir Críost 'san seiseadh caibidil ag Eóin na mbriathra so — ‘Gibé íosas (ar Sé) an t-arán so biadh beó go síorruidhe.’ Is ionntuigthe as na briathraibh so nach fuil d'fhiachaibh ar an dtuata, i bpéin a shlánuighthe, an Fhuil d'ól fá ghnéithibh an fhíona, óir má dogheibh sé an bheatha mharthanach trés an arán amháin d'itheadh, do réir an ghealladh úd tug Críosd, is follus nach fuil d'fhiachaibh air, i bpéin a shlánuighthe, an fíon d'ól, agus d'á réir sin gurab


p.97

olc thuigeas Lúitear briathra Chríost ag Eóin 'san seiseadh caibidil, mar a mheasann gur cheangail Críost ar gach aon duine chum na Fola do chaitheamh fá ghnéithibh an fhíona.

Ag so síos neartughadh leis an bhfírinne so, do réir mar léightear 'san dara caibidil de Ghníomharthaibh na n-Abstal ag Lúcás, mar a n-abair, dá chur i gcéill go dtugthaoi Comaoin fá ghnéithibh an aráin do na tuatadhaibh gan an fhuil fá ghnéithibh an fhíona do thabhairt leis dóibh — ‘Dobhadar (ar sé) ag buanughadh i bhfoghluim na nAbstal agus i mbriseadh an aráin.’ Is é, iomorro, chialluigheas le briseadh an aráin annso, mar do dáiltí Corp Chríost fá ghnéithibh an aráin do na tuatadhaibh. Gidheadh, tabhair dod' aire nach luaidheann Lúcás fíon annso, agus, dá réir sin, in aimsir na nAbstal, go dtabharthaoi Corp Chríost fá ghnéithibh an aráin do na tuatadhaibh, agus gan an Fhuil fá ghnéithibh an fhíona do thabhairt leis dóibh. Ar an adhbhar sin níor thuigeadar na hAbstail go raibh d'fhiachaibh ar gach aon duine i bpéin a shlánuighthe Fuil Chríost do chaitheamh fá ghnéithibh an fhiona.

Léightear fós ag Lúcás 'san gceathramhadh caibidil ar fhichid ar ndul do Chríost leis an ndís deisgiobal go Caisleán Emaus, gur roinn Sé an t-arán orra, gidheadh ní tigthear tar an bhfíon. Measaid, iomorro, cuid de na doctúiribh gurab é A Chorp Féin tug Sé fá ghnéithibh an aráin do na Deisgioblaibh reamhráidhte.

Is follus as gach reasún dá dtugamar anaghaidh Lúiteir nach éigeantach do na tuatadhaibh Fuil Chríost do chaitheamh fá ghnéithibh an fhíona i gComaoin choisreactha na haltóra.

Bíodh a fhios agat, a léightheóir, gurab é adhbhar fá dtugthar an fíon do'n tuata andiaigh Chuirp Chríost do chaitheamh, d'eagla go mbeith an tSacraimint nó aon chuid di ag leanmhain d'á charbad no d'á fhiaclaibh, ionnus go mbéarfadh an fíon an chuid sin do leanfadh d'á bheul de'n taobh istigh, síos ina chorp mar aon ris an gcuid eile, agus is cuma do'n duine fíon nó uisge d'ól, óir ní cuid de'n tsacraimint ceachtar dhíobh, agus dá sluigeadh an t-aithrigheach an tSacraimint go hiomlán, gan fíon gan uisge d'ól ina dhiaigh is féidir leis gan ceachtar dhíobh d'ól.