Corpus of Electronic Texts Edition
Eochair-Sgiath an Aifrinn (Author: Geoffrey Keating)

Chapter 13

AN TREAS CAIBIDIL DEUG. In a dtráchtar go hathchumair ar an réim is cóir do dhuine do choimeád ag deunamh faoisidine.

O tá an fhaoisidin cómh éigeanteach sin ionnus nach bhfuil teacht as ina heugmais, ná slánughadh ar aonduine doghnídh peacadh marbhthach andiaigh an bhaistidh, acht maille re n-a dheunamh, ní fuláir do gach aon duine a fhios do bheith aige cionnus dodheunfaidh í, agus creud iad na coinghill dlighthear dóibh do bheith innte, agus creud an t-órdughadh is inleanta innte. Adeirid, iomorro, cuid de na dochtúiribh go bhfuilid sé coinghill deug 'san bhfaoisidin, agus cuid eile naoi gcoinghill. Gidheadh, ionnus nach measgfainn meabhair an aithrighigh, bíodh a fhios aige go bhfuil iomlánughadh na faoisidine i gcúig gcoingheallaibh, cialluighthear anns na cúig lithreachaibh atá 'san bhfocal so ‘Iúdas.’ Ionann, iomorro, ‘Iúdas’ in Eabhra agus ‘faoisidin’ i nGaoidheilg. Agus is córaide a thuigsin gurab ionann Iúdas agus faoisidin an fhioghair léightear 'san gcúigeadh caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh na Mac-Aibei, mar a léightear go ndeachaidh Iúdas tionól sluaigh do theagmháil re Timoteus, captaoin Chloinne Amon, agus ar mbeith dóibh leath ar leath ar gach taobh de'n abhainn, adubhairt Timoteus re n-a shluagh (ar fhaicsin Iúdas dó) — ‘Dá dtriallfadh (ar sé) Iúdas tar sruth anall, ní fheudfadh cathughadh leis; gidheadh dá ngeabhadh meatacht é, lingfeam air, agus bhéarfam buaidh air.’ Leis sin tug Iúdas fá deara caismearta catha do choimhsheinim, do léir-thionól a shluaigh, agus do thriall féin i bhfíorthosach an tsluaigh go dána, agus tug ucht ar Timotheus agus ar a mhuinntear, agus do chuir ina raon madhma agus míochosgair iad, ionnus gur fhágadar a meirgidhe agus a n-arm, agus gur theitheadar fá thearmann do bhí lámh leo. Go fáithchiallach, cia hé an Iúdas úd acht an fhaoisidin;


p.92

agus cia hé an Timotheus acht an Diabhal; agus cia an sluagh úd do bhí ag Timotheus acht daosgar-shluagh na ndubhailceadh agus na doibheus; agus cia an sluagh úd Iúdais acht na subháilcidhe agus na soighníomha; agus cia hé an sruth úd acht sruth deorchaointeach an doilgheasa agus na faoisidine; agus gibé aithrigheach do thaigeóradh buaidh do bhreith ar Timoteus — eadhon, ar an diabhal — ní fuláir dhó dul tar sruth deorchaointeach na haithrighe anonn le ceannas feadhna na faoisidine, nó dá ngabhadh meatacht nó diúideacht é do chuirfeadh toirmeasg ar gan an fhaoisidin do dheunamh, is áirighthe dhó go dtiocfadh Timoteus — eadhon, an diabhal — tar sruth an doilgheasa anall d'imirt neirt, bruide, agus báis air.

Atáid, iomorro, dá shúil ag an gcaptaoin so — eadhon, ag an bhfaoisidin — mar atá súil re faicsin roimhe, agus súil re faicsin ina dhiaigh, agus, dá raibh ceachtar de'n dá shúil so d'easbuidh air, ní bhiadh infheadhma chum buadha do bhreith. An chéad shúil re a bhfaiceann roimhe — eadhon, an tuirse chroidhe dlighthear do'n aithrigheach do bheith air trés na peacadhaibh dochuaidh thairis in a dtárla sé; óir ní fhéidir an faisidin do bheith ionghabhtha ná sochar ar bith do bheith innte acht muna raibh tuirse inntinne ar an aithrigheach le linn a dheunta (amhail adubhramar thuas); an dara súil, cheana, le a bhfaiceann ina dhiaigh, rún an leóirghníomha do dheunamh, óir ní foghnann an faoisidin acht muna raibh do rún ag an aithrigheach leóirghníomh do dheunamh, fá n-a dhithchioll, in gach lot d'á ndeárnadh d'á chomharsanaibh, dá raibh sé ar gcumas dó.

Ag so, i Laidin, na cúig coinghill tuigthear as na cúig leitreachaibh atá 'san bhfocal so ‘Iúdas,’ mar atá - ‘Integra, uera, dolorosa, accelerata, et satisfactoria.’ Ionann sin re a rádh agus a bheith iomlán, fírinneach, doilgheasach, deithfreach, lóirghníomhach. Ionann a bheith iomlán agus gan aon pheacadh do cheilt ar a gcuimhneóchadh an t-aithrigheach. Ionann a bheith fírinneach agus gan cumasg leithsgeul ná breug do chur innte. Ionann a bheith doilghiosach agus gan teacht le gáire ná le subhachas chuiche. Ionann a bheith deithfreach agus gan a chur ar cháirde. Ionann a bheith leóirghníomhach agus rún aisig do bheith ag an aithrigheach in gach gné in a ndeárnadh foghlach nó lot ar chlú, nó ar chorp, nó ar chuid a chomharsan, do réir mar órdóchas an t-oide faoisidine dhó é.

Ag so, cheana, an t-órdughadh dleaghthar do choimeád 'san bhfaoisidin, má doghnídh duine go minic í — a smuaineadh, a labhairt, a ghníomh, agus a fhaillighe do chur síos go hathchumair do'n tsagart. Gidheadh má's duine dodhéanas a fhaoisidin go hanamh é, dlighidh a pheacaidhe ar na cheithre modhaibh so d'fháisnéis go hiomlán nó go fóirleathan, do réir an úird so síos — eadhon, é féin do chionntughadh, ar dtús, i gcoir na gcúig gceudfadha; an dara feacht, ins na seacht bpeacaidhe marbhthacha. An treas feacht i mbriseadh na n-aitheantadh — mar atáid, Deich n-Aitheanta Dé agus Cúig


p.93

Aitheanta na hEagluise. An ceathramhadh feacht, in gach gné in a ndeárnadh faillighe ins na neithibh so síos, eadhon, i Seacht n-Oibreachaibh na Trócaire Corpardha agus i Seacht n-Oibreachaibh na Trócaire Spioradálta, agus i neamhthaithidhe na Sacraiminteadh, agus i neamhchur le Seacht dTíodhlacaibh na Spioraid Naoimh, agus i neimhchreideamh an aon airteagal de Dhá Airteagal Deug an Chreidimh, agus i neamhshaothrughadh na n-Ocht Sein-Bheannachta, agus i neamhchoimeád na dTrí Subháilceadha Dhiadha agus na gCeithre Subháilceadha Sonnrádhacha, agus in gach faillighe eile d'á ndéin duine ó sin amach. Agus, gibé dobhiadh in ainbhfios aon choda dhíobh so, dogheabhadh a mhúnadh dhó 'san Teagasg Críostaighe.

Tuig, a léightheóir, gurab uime nach tráchtaim níos fóirleithne ioná so ar Ord na Faoisidine, go measaim go míneóchar gach nidh dhíobh so go líonmhar do'n aithrigheach leis an oide bhfaoisidine eagnaidhe. Adhbhar eile fós atá agam, do bhrígh nach d'aontoisg chum na faoisidine do mhínughadh do thráchtas uirthe annso, acht tré n-a beith éigeantach do gach aon duine re h-ucht Chuirp Chríost do chaitheamh, ar a bhfuilim ag trácht do'n chor so, an mhéid go mbeanann ris an Aifrionn.