Corpus of Electronic Texts Edition
Eochair-Sgiath an Aifrinn (Author: Geoffrey Keating)

Chapter 12

AN DARA CAIBIDIL DEUG. In a dtráchtar agus in a suidhtear an faoisidin do bheith éigeantach ria caitheamh Chuirp Chríosd, agus is ar dhá mhodh chruitheócham sin, mar atá le fioghaireachaibh as an mBíobla agus le somplaidhibh míorbhuileacha.

Léightear ag Lúcás, 'san cúigeadh caibidil deug, fíoghair ró ghaolmhar ar an bhfaoisidin, mar a dtráchtar ar an millteán mic do chaith a chuid d'oighreacht a athar go díobhlasach diombhaileach: agus ar mbeith in uireasbaidh mhóir dó i gcoigcrích, agus é ag muicidheacht, doluidh an oiread sin de ghorta air ionnus go mbíodh i gcuibhreann na muc fá'n meas. Lá n-aon dó amhlaidh sin do thuig gurab olc do chaith sé a chuid, agus gurab olc dorighne aimhréir a athar do dheunamh, agus oirbheart do thuilleamh, i ndeunamh póite agus striapachais agus iliomaid d'olcaibh eile ó sin amach. Agus do ghabh aithreachas é agus adubhairt, ‘Eireóchad (ar sé) agus rachad d'ionnsuidhe m'athar, agus adéarad ris, ‘A athair, do pheacaidh mé i bhfiadhnuise Dé agus ad' láthair-se. Anois ní fiú mé do mhac-sa do ghairm díom. Gidheadh, deunaidh formálaidhe mar gach fear tuarasdail eile dá bhfuil in do theaghlach dhíom.’’ Leis sin, do ghlac an t-athair go luathgáireach é, agus thug fá deara ar a stiobhard a nighe agus earradh áluinn ionaonuigh do chur uime agus gáirdeachus agus ceól do dheunamh ina thimcheall. Go fáithchiallach, cia hé an millteán mic úd acht an peacach? Agus cia hé an t-athair acht Dia, nó an t-oide bhfaoisidine i bpearsainn Dé? Agus gibé peacach le'rab mhaith Dia do ghabháil leis, agus a níghe ó n-a pheacadhaibh


p.83

agus earradh áluinn, ionaonaigh neimhthiomhlaighthe na ngrás do chur uime, deunadh an gníomh aithrighe dorighne an millteán mic úd; ar dtús gabhadh aithmhéile agus tuirse inntinne é fá n-a aimsir do chaitheamh go holc, agus éirgheadh as láib na locht agus trialladh d'ionnsuidhe an athar faoisidine agus abradh ris — ‘A athair, ní fiú me mac Dé nó do mhac-sa do ghairm díom. Gidheadh gabh liom mar fhormalaidhe i moghsaine nó in óglachus peannaide na haithrighe.’

Is follus as réim na fioghaireach so go ndlighthear an admháil agus an fhaoisidin do dheunamh ris an athair bhfaoisidine sul sgaoiltear glas an pheacaidh de'n aithrigheach.

Léightear fíoghair eile ar stáid aithrighe an pheacaigh ag Eóin, 'san t-aonmhadh caibidil deug ar aithbheódhadh Lasaruis. Ag so, iomorro, na cheithre neithe chialluigheas na cheithre lá do bhí Lasarus marbh. Cialluighidh an chéad lá peacadh an tseinsir; na trí lá eile, na trí sáruighthe doghníodhmaoid ar na trí reachtaibh — eadhon, reacht na nádúire, reacht Maoise, agus reacht an tSoisgéil. Cialluighidh fós na cheithre lá úd, na cheithre modha ar a ndéin duine peacadh — eadhon, ó chroidhe, ó bheul, ó obair, agus ó fhaillighe. Dorighneadh, iomorro, seacht neithe timcheall Lasaruis do aithbheódhadh doghníodhthar timcheall an pheacaigh do aithbheódhadh go spioradálta de dhruim na haithrighe. An chéad nidh, do músgladh Lasarus as suan an bháis le cumhachtaibh Dé. Mar sin músgaltar an peacach as suan na locht le séideadh forfhógarthach grása an Spioraid Naoimh le bhfuráiltear air maith do dheunamh. An dara nidh, an chomhshólás, thug Críost do na mnáibh, an tan adubhairt go n-éireóchadh Lasarus, agus nach raibh acht suan air. Mar sin adeir Críost go foluightheach ina inntinn ris an bpeacach, dá chur i gcéill dó nach dligheann dul in eadóchas ar ghrásaibh Dé (an gcéin bhíos beó) tré pheacadh d'á mheud d'á ndéin, má doghnídh aithrighe ann. An treas nidh, an caoi dorónnsad na mná, tré bhás Lasaruis, an tan dochonnarcadar Críost. Mar sin dligheas an t-aithrigheach caoi do dheunamh maille re haithmhéile agus le comhbhrughadh croidhe an tan doghnídh Críost fiosrughadh folaightheach ar ag bualadh doruis a choguais, agus ag teacht ar uaigh a anman dá aithbheódhadh ó bhás spioradálta. An ceathramhadh nídh, d'fhuráil Críost an tuambadh d'osgladh. Mar sin fhuráileas ar an aithrigheach uaigh a anman d'osgladh — eadhon a bheul — d'fhaisnés a chean agus a pheacadh. An cúigeadh nidh dorinne Críost - guidhe chum A Athar tar cheann Lasarus. Mar an gceudna, doghnídh an t-athair faoisidine guidhe ar son an aithrighigh, ag rádh na mbriathar so — ‘Dominus sit in corde tuo,’ etc. — eadhon, ‘Go raibh an Tighearna id' chroidhe agus id' bheul, ionnus go dtiocfadh leat go fiúntach, cneasda do pheacaidhe d'fhaisnéis.’ An seiseadh nídh dorighne Críost — éigheamh, ag radh, ‘A Lasaruis (ar Sé), tar amach.’


p.84

Mar an gceudna, i ndeireadh na faoisidine, adeir an sagart, ‘Misereatur tui,’ etc. — eadhon, ‘Go ndeárnadh Dia na n-Uile-Chumhacht trócaire ort, agus, iar maitheamh huile pheacadh dhuit, go dtreóraighe Sé thú 'san Bheatha Mharthannaigh.’ An seachtmhadh nidh, andiaigh Lasarus d'aithbheódhadh agus do theacht amach, ar mbeith do'n eisléine ceangailte uime, adubhairt Críost ris na hApstalaibh a sgaoileadh agus leigean dó imtheacht. Mar sin adeir Críost go laetheamhuil ris na sagartaibh sgaoileadh do Lasarus — eadhon, de'n aithrigheach — ó gheibheannaibh an pheacaidh, tar éis mar doghníodh sé féin aithbheódhadh air, ó bhás an pheacaidh.

Is follus as na seacht bponcaibh reamhráidhte so an réim díreach is innleanta 'san aithrighe.

Tabhair dod' aire go friochnamhach, a léightheóir, an ceathramhadh ponc, mar a n-abair go dtug Críost fá deara an tuamba d'fhosgladh, dá chur i gcéill go ndligheann an uile aithrigheach a bheul d'fhosgladh, d'fhaisnéis a pheacaidhe 'san bhfaoisidin.

Léightear fíoghair ro ghaolmhar re réim na haithrighe 'san naomhadh caibidil de Ghíomharthaibh na n-Abstal, ar iompodh Phóil ó bheith ina pheacach chum bheith ina shoightheach toghtha ag Críosd. Atáid, iomorro, trí neithe is iontugtha dhúinn d'ár n-aire 'san bhfilleadh úd dorighneadh ar Phól chum creidimh agus aithrighe — Ar dtus, troime na hurchóide do bhí ann féin, mar gur chuir roimhe go dian, dibhfeirgeach inghreim agus foirleanmhuin, bruid, agus bás d'imirt ar gach n-aon dogheabhadh le Críosd mar Thighearna. An dara nidh, doimheastacht na maitheasa do bhí i nDia, mar go dtug solus de Neamh do Phól, d'á dtáinig aithrighe do dheunamh dó. An treas nidh, is iontugtha dhúinn, d'ár n-aire, éasguidheacht na hUidhil agus an fómós thug Pól do Chríost, an tan adubhairt, ag freagradh do'n fhiafraidhe dorinne Críost de — ‘A Thighearna, creud fhuráileas tú orm do dheunamh?’ Is é chialluighid na briathra so, go raibh Pól chomh ullamh sin fá thoil Dé do dheunamh, ionnus gibé ar bith nidh adearadh ris do dheunamh go ndiongnadh é fá n-a dhíthchioll. Na trí neithe thárla do Phól teagmhaid siad do'n uile aithrigheach. Ar dtús, is trom a urchóid. An dara nidh, dogheibh sé séideadh soluis de Neamh go folaightheach ina inntinn do mhusgladh a mheanman do dheunamh aithrighe. An treas nidh, éasguidheacht fhóghmóis do thabhairt do'n oide faoisidine 'san mbreith aithrighe, ag rádh ris, amhail adubhairt Pól le Críost — ‘A Thighearna, creud fhuráileas Tú orm do dheunamh?’ Agus dá mbeith ina cheist ar an aithrigheach annso creud an teagasg dob' ionntugtha do'n oide faoisidine dhó, ag cur na ceiste úd Phóil, éisdeadh re Críost ag freagradh do Phól ag á theagasg dhó creud dob' inndeunta dhó, agus tuigfidh as an teagasg sin Chríost creud an réim is inleanta do'n uile aithrigheach. Ag so teagasg Chríosd, ag freagradh do cheisd Phóil, ‘Imthigh


p.85

isteach do'n chathraigh (ar Sé) agus inneósaidh Ananias duit creud is inndheunta dhuit.’ Dála Phóil, do bhí dall ó'n tsoighnéin do buaileadh air, agus do thriall go Cathraigh Damascuis, agus do bhí innte trí lá agus trí oidhche gan bhiadh gan chodladh, agus i bhfóircheann na haimsire sin tháinig an t-aingeal chum Ananiais sagairt, agus adubhairt ris dul d'fhiosrughadh Phóil go tigh Iúdais d'á theagasg creud dob' inndeunta dhó. Iar dteacht, iomorro, do Ananias 'san tigh in a raibh Pól, agus iar n-a aithne do Phól, do leig ar a ghlúinibh é, i bhfiadhnuise Ananiais. Iar bhfáisnéis a pheacaidhe dó, tógbhas Ananias a lámh ós cionn Phóil, agus leis sin do thuiteadar na bruit bhí ar a shúilibh ó'n tsoighnéin Dé, agus dochonnairc go soiléir an tionadh ina thimcheall.

Guidhim tú, a léightheóir eagnuidhe, a thabhairt dod' aire go friochnamhach gurab í réim an teagasg sin Chríosd choiméadas an Eagluis Chatoilice d'á shéoladh do'n uile pheacach cionnus do dheunadh aithrighe.

Tuig, a léightheóir, gion go bhfuilid briathra soillseacha 'san gcaibidil úd do haithléigheadh linn, in a luaidhtear Pól do shléachtain d'fháisnéis a pheacaidhe do láthair Ananiais go measaid úghdair bharántamhla do sgríobh ar an sgrioptúir go ndeárnadh sé gach nidh dhíobh.

Ag so an réim ceudna úd choiméadas an Eagluis mar a n-abair — ‘Eirigh isteach, a Phóil — eadhon, a pheacuigh atá dall ó'n pheacadh — do'n chathraigh — eadhon, go tigh na faoisidine — agus dogheabhair Ananias — eadhon, an t-oide faoisidine — inneósas duit id' bhreitheamhnas aithrighe creud is inndeunta dhuit.’ Agus, fós, is amhail do bhí Pól dall trí lá agus trí oidhche, gan biadh gan digh, ag ciallughadh na dtrí rann atá 'san aithrighe — mar atá comhbhrughadh croidhe, admháil fhírinneach an bhéil, agus leóirghníomh 'san bhfolmhach. Dlighidh an t-aithrigheach na neithe ceudna do dheunamh, óir dorighne Pól féin iad. Ar dtús, do ghoil sé ar feadh na dtrí lá úd agus na dtrí n-oidhche, dá chur i gcéill go raibh tuirse chroidhe air. An dara feacht do fhaisnéis sé a pheacaidhe do Ananias, dá chur i gcéill go ndligheann an uile aithrigheach a pheacaidhe d'fháisnéis d'á oide faoisidine. Dorighne mar an gceudna an treas nidh, óir do bhí ag deunamh leóirghníomha ina lochtaibh ar feadh a rae, agus i ndeireadh a bheathadh do dhoirt a fhuil ag iomlánadh an leóirghníomha sin. Mar an gceudna dlighidh an uile aithrigheach leóirghníomh fulláin do dheunamh ina gcionntaibh.

Is é do chialluigheas an tógbháil láimhe dorinne Ananias ós cionn Phóil, re hadmháil a pheacaidhe dhó, an tógbháil láimhe doghnídh an sagart ós cionn an aithrighigh re tabhairt na habsolóide dhó.

Is é chialluighid na bruit úd do thuit de shúilibh Phóil, daillchiach agus dorchadas an pheacaidh thuiteas d'anam agus de choguas an aithrighigh, do bhrigh na habsolóide.


p.86

Is é, mar an gceudna, chialluigheas an radharc fuair Pól, an solus spioradálta dogheibh an t-anam ó ghrásaibh Dé.

Is follus as na briathraibh so anuas gurab í réim budh mhaith le Críost do choiméad 'san aithrighe na trí puinc so dorinne Pól ar a theagasg — mar atá, comhbhrughadh croidhe do bheith air, agus a pheacaidhe d'admháil do'n tsagart, agus leóirghníomh do dheunamh ina lochtaibh.

Léightear 'san gcúigeadh caibidil de'n cheathramhadh leabhar de Leabhraibh na Ríogh fíoghair as a dtuigthear an réim is indeunta 'san aithrighe — eadhon, mar dochuaidh Naaman, do bhí ina lobhar d'iarraidh teagaisg ar Eliseus cionnus do glanfaidhe ó'n lubhra é, agus mar d'orduigh Eliseus do Naaman dul go sruth Iordain, agus é féin do nighe seacht n-uaire ann, agus go mbiadh glan.

Go fáithchiallach, cia hé an Naaman úd acht an t-aithrigheach. Agus cia hé an lobhar acht an peacadh. Acht cia h-é an t-Eliseus acht an sagart faoisidine. Agus cia h-é an sruth Iordain acht an sruth dearchaointeach na haithrighe. Agus creud fá ndubhradh re Naaman é féin do nighe fá sheacht, acht dá chur i gcéill go ndligheann an t-aithrigheach é féin do nighe ó na seacht bpeacaidhe marbhthacha.

Agus is córaide so do thuigsin mar so, mar adeir Dia, 'san 28 caib. in Deuteronomi, go raibh a bhara fá Chloinn Israel raon madhma agus teithmhe do ghabháil chuca fá seacht slighthibh, agus gurab an aon ród amháin do lingfidís anaghaidh a namhad, do bhreith buadha orra. Ionann, iomorro, na seacht slighthe úd agus na seacht bpeacaidhe marbhthacha, agus is ionann an t-aon ród amháin in a mbearadaois buaidh agus aon raon na haithrighe, amhail adubhramar thuas.

Is fíoghair fós do'n fhaoisidin an nidh léightear ag Daniel, 'san treas caibidil deug, mar a n-abair go ngnáthuigheadh Súsanna í féin do nighe agus do fhothragadh go minic i dtobar áluinn do bhí ina hubhall-ghort féin. Agus, lá n-aon dá ndeachaidh d'á fothragadh féin anns an dtobar sin, do chuir uaithe an dá innilt coimhdeachta do bhí aice re ndul 'san tobar dí. Cia h-í an Súsanna so acht anam na haithrighigh. Agus cia an tobar acht an fhaoisidin, óir dobheir sí fhionnfhuaradh do'n anam do mhúcadh teasa na hanntoile, agus glanann í, amhail ghlanas uisge an tobair an corp foithrighthear ann. Tabhair dod' aire amhail do chuir Súsanna an dá comhail choimhdeachta uaithe re ndul 'san tobar di. Mar sin dhligheas an t-aithrigheach re ndul i dtobar déarach na faoisidine dó, dhá nídh do ruagadh as a inntinn — mar atá, eagla péine Ifrinn agus glóir diomhaoin. Oir ní d'eagla péine Ifrinn ná d'fhonn molta do fhagháil 'san tsaoghal dhligheas duine faoisidin do dheunamh, acht de ghráin ar an bpeacadh, agus de ghrádh agus d'eagla Dé, agus de mhian A réire agus A thoile do dheunamh.


p.87

Léightear 'san gceathramhadh caibidil deug de Lebhiticus, an dream do glantaoi ó'n lubhra, gur bh'éigin dóibh teacht do láthair na sagart, agus go mbeárradaois na sagairt a bhfionnfadh go léir díobh. Mar sin dligheas an lobhar — eadhon, an peacach — teacht d'ionnsuidhe na sagart soisgeulta, do bhuain fionnfaidh an peacaidh dhíobh le deimheas na faoisidine. Ní heugcosmhail, iomorro, an fionnfadh agus an peacadh le chéile: óir mar is líonmhar an fionnfadh is líonmhar an peacadh, agus, mar is de'n leith amuigh de shubstaint an duine ina iomarcadh bhíos an fionnfadh, mar an gceudna do'n pheacadh, is nídh é atá de'n leith amuigh de shubstaint an duine.

Léightear 'san gceathramhadh caibidil de Leabhar Ester, anuair do breathnuigh Assuerus Righ (ar fhuráileamh Aman) an Cineadh Iúdaigheach, do bhí fá n-a smacht féin, do dhíthcheannadh, go dtug Mardocheus, captaoin de'n chineadh cheudna, do comhairle do bhainríoghain darbh' ainm Ester earradh áluinn ionaonaigh do chur uimpe, agus dul do láthair an ríogh, do chur impidhe air fá grásaibh do dheunamh ar an gCineadh Iúdaigheach. Ar ndul di amhlaidh sin, agus an tan chonnairc an rígh inneall agus éagcosg na mná do líon d'á searc agus d'á síorghrádh, agus dorighne grása ar an gCineadh Iúdaigheach ar a furáileamh.

Go fáithchiallach cia hé an t-Assuerus úd, acht an Dia Athair. Agus cia hé an t-Aman úd acht an t-aidhbherseóir. Cia an Cineadh Iúdaigheach, acht na peachaigh. Cia hé an Mardocheus, acht an Spiorad Naomh. Cia an bhaintighearna, acht an fhaoisidin. Cia an earradh áluinn ionaonaigh úd, acht grádh Dé agus na comharsan, dlighthear do bheith i mbun bhfaoisidine.

Léightear 'san deachmhadh caibidil de'n dara leabhar de Leabhraibh na Ríogh gur chuir Dáibhídh Rígh teachta uaidh do fhiosrughadh Hanon (Righ Chloinne Ammoin) do thabhairt comhshóláis dó, iar mbeith ag deunamh cumha dhó andiaigh a athar. Agus is é do mheas Hanon gurab do bhrath a thíre féin thangadar na teachta, agus rug go heasaontach ortha, agus thug fá deara a n-éadaighe do ghearradh ó mhaolaibh a más síos, agus leath a bhfeasóg do bhuain díobh, agus do leig uaidh go dochrach dian-nocht amhlaidh sin iad. An tan dochualaidh Dáibhídh sin, do chuir sgeula ina gcoinne, d'á fhógradh dhóibh gan teacht ina radharc, acht dul go Gleann Iericho, agus fanmhuin ann go bhfás d'á bhfeasógaibh, agus go mbeith d'éadaighibh aindiongmhála umpa.

Go fáithchiallach cia hé an Dáibhidh Rígh úd, acht Dia Athair. Cia hé an Hanon úd acht an Diabhal; agus cia an dream d'á ndeárnadh Hanon cleasana acht na haithrighigh d'á ndéin an Diabhal amadáin go minic, an mhéid go gcuireann d'fhiachaibh orra le diúideacht a bhfaoisidin do chíorrbhadh, agus leath a bpeacaidhe go minic do cheilt innte. Tig de sin nach leigean Dia Athair d'á láthair iad, acht cuiridh teachta uaidh d'á fhogradh dhóibh fanamhuin i ngleann Ierico na haithrighe nó go bhfásaid a bhfeasóga


p.88

go hiomlán; ionann sin agus go ndéanaid fáisnéis iomlán ar a bpeacaidhibh ina bhfaoisidin.

Léightear 'san gceathramhadh caibidil deug in Ecsodus, ria ndul do chloinn Israel trés an Mhuir Ruaidh do'n Eigipt, gurab í treabh Iudais an chéad threabh thug ucht rómpa ar an mhuir, d'á chur i gcéill gurab í an fhaoisidin chialluighthear leis an treabh úd Iudais, do réir mar chruitheocham ina dhiaigh so, is tosach agus tionnsgadail ar oibriughadh na haithrighe. Go fáithchiallach, iomorro, is í an threabh úd Israel na peacaidhe, agus is í an Egipt staid an pheacaigh, agus is é Pharaoh an Diabhal, agus is í an Mhuir Ruaidh, tonn déor- chaointeach na haithrighe. Agus is é an fásach in a ndeachadar, príosún peannaide na haithrighe.

As na hionadaibh so, agus i mórán d'ionadaibh eile 'san Sgrioptúir nach airmhighthear linn do'n chor so, is inchreidthe go bhfuil an fhaoisidin ionghabhtha agus fós éigeantach chum slánuighthe an duine andiaigh pheacaidh ghníomhaigh nó mharbhthaigh do dheunamh.

Agus bíodh a fhios ag Cailbhin agus ag Lúitear, adeir gurab ionghabhtha an chéad chuid de'n aithrighe — eadhon, tuirse chroidhe — agus an treas chuid — eadhon, leóirghníomh — nach mó dearbhaid na fíoghracha so reamhráidhte ceachtar díobh sin do bheith éigeanteach ioná an faoisidin; agus dá réir sin, is le mailís agus le míorún as a riocht sheunaid an fhaoisidin do bheith éigeantach; agus saoilim gurab ó n-a Mhaighisdir féin — eadhon, an Diabhal — fuaradar an teagasg sin, do bhrigh go bhfacaidh sé nach raibh aon ród eile ag na peacachaibh chum dulta go Flaitheas Dé acht ród na haithrighe de dhruim na faoisidine.

Léightear 'san naomhadh disting de Sgathán na Sompladha sgeul as a dtuigthear gurab olc do'n tí nach creideann an fhaoisidin do bheith éigeanteach — ‘Dobhí (ar sé) prionnsa mór d'áirighthe tug a bheatha as go ró olc, agus ar mbeith d'á mhnaoi ag cur impidhe air fá fhilleadh ar Dhia fá Cháisg, agus fá n-a fhaoisidin do dheunamh go hiomlán ina pheacadhaibh go háirighthe uair san mbliadhain, do fhreagair seisean í, agus adubhairt — ‘Ní dána me (ar sé) ar fhaoisidin do dheunamh leis na sagartaibh so, d'eagla go gcuirfidís breathamhnas aithrighe ró mhór orm.’ ‘O! (ar an bhean) maiseadh cionnus fhéadfas tú pianta Ifrinn d'iomchar?’ Adubhairt seisean, ag fochmhuid fúithe-se — ‘An dóigh leatsa (ar sé), a bhean leamh, go bhfuil Ifrionn, ná Diabhal, ná beatha ar bith eile ann tar éis na beatha so? Ní bhfuil go deimhin (ar sé), acht is iad na sagairt so aguinne do chúm a mbeith ann, ionnus go mbiadh eagla rómpa féin.’ O dochonnairc, iomorra, an bhean nachar bhféirrde di féin bheith ag á theagasg, do leig dhó fhanmhuin ina dhíthchreideamh agus ina amaideacht féin. Gidheadh níor bhfada ina dhiaigh sin go dtáinig sluagh doáirmhighthe de dheamhnaibh isteach do'n tseomra in a rabhadar araon, agus do thógbhadar an prionnsa leó go hobann,


p.89

idir corp agus anam, agus do theilgeadar é d'á ilphianadh i bhfódhomhain agus i bhfíríochtar Ifrinn.’

Léightear 'san gceathramhadh disting de'n leabhar cheudna sin sompla as a dtuigthear nach bí cuimhne ag an nDiabhal ar an bpeacadh innseas duine 'san bhfaoisidin iomlán. Feacht n-aon do bhí 'san Róimh bean uasal ró-chráibhtheach, agus do bhí sí aimrid nó seasg seal d'á h-aimsir, agus do mheudaigh sí féin agus a fear tríd sin ar a n-urnaighthibh agus ar a ndéirc, agus ar a dtrosgadh, agus ar a n-oilithre, agus tugsad móide fá dheaghoibreachaibh iomdha do dheunamh dá dtugadh Dia clann dóibh. Acht, cheana, iar sin do thárla gein mhic eatorra; agus iar dtúismeadh an mhic do ghabh spiorad crabhaidh an fear, agus dochuaidh de thoil a mhná ar an bhfásach do thabhairt bheatha dithreabhaigh suas. Dála na mná, iomorra, do hoileadh an mac go múirneach léi ar a cíochaibh féin, agus do bhí in a chaomhthach leaptha aice go bheith ionnuachair dó, agus, maille re séideadh an aidhbherseóra, do ghríos an mháthair é do dheunamh corbuidh ria féin, agus do thárla torrach uaidh í, agus, ar mbreith mic di, dochuaidh leis ós íseal, agus do theilg i ndíg do bhí lán de lathaigh é, ionnus gur bháthadh é, agus níor bhfeas do aon duine sin acht di féin amháin. Agus ina dhiaigh sin do ghabh uathbhás an bhean trés an ndroichbheart dorighne sí, agus ní dheunadh cómhnaidhe acht ag caoi agus ag deunamh urnaighthe agus déirce agus troisgthe ag iarraidh trócaire agus maithmheachais ar Dhia — óir fa ró-nár léi an peacadh sin d'fhaoisidin — i ndóigh go ndiongnadh Dia trócaire uirthe. Ar mbeith seal d'á haimsir amhlaidh sin di, tháinig an Diabhal, i gcruth chléirigh, do'n Róimh, agus dochuaidh do láthair na n-oifigeach, do bhí 'san bhaile, agus adubhairt riú — ‘Is de thrócaire Dé (ar sé) nach leagthar an chathair so ó mhullach go lár, óir atá bean innte do rug clann d'á mac féin agus do mharbh an ghein iarn-a bhreith,’ agus thug sé ainm agus sloinneadh na mná do na hoifigeachaibh, agus do mhúin dóibh an t-ionad in a raibh, agus do gheall féin an sgeul do shuidhiughadh uirre. Dála na n-oifigeach, do ghabhadar an bhean, agus do hinniseadh di an choir do bhí ag á cur uirre. Do ghuidh sise iad um dul léi d'ionnsuidhe an Phápa, go ndiongnadh sí a faoisidin go hiomlán ris. Thángadar na hoifigidh léi annsinn do láthair an Phápa, agus, iarna rochtain di, dorinne a faoisidin go hiomlán ris, maille re deorchaoine, agus andiaigh absolóide d'fhagháil di, do rugadh do láthair an bhreitheamhuin í, mar a raibh an t-aidhbherseóir, i gcruth dhaonda, ar a cionn ar tí dearbhtha uirre. Ar dtoigheacht di do láthair, d'fhiafruigh an breitheamh de'n Diabhal creud do bhí aige re cur anaghaidh na mná, agus nácharbhfeas do féin a cionntadha. Adubhairt an Diabhal, ag á fhreagradh, gur dearbh leis féin í beith glan ó'n uile choir, agus nachar dhóigh leis go ndeárnadh sí peacadh riamh. Agus leis sin d'éirigh an Diabhal ina dhoighir mhorgaighthe tré mhullach tighe na cúirte amach. O dochonnairc


p.90

an breitheamh sin tug fá deara an bhean do leigean amach d'ionnsuidhe a tighe féin.

Is iontuigthe as an sgeul so gach peacadh chuireas duine síos 'san bhfaoisidin iomlán go dtabhair an diabhal i ndearmad é.

Léightear fós 'san ionad ceudna go raibh bean d'áirighthe thárla i gcoir na colna, agus do bhí do mhéid a náire trés an bpeacadh sin gur cheil sí ina faoisidin é. Gidheadh, do bhí de ló agus d'oidhche ag guidhe Dé go dúthrachtach, maille re deorchaoineadh, d'á iarraidh ar Dhia an peacadh sin do mhaitheamh di. Lá n-aon dá raibh an bhean so 'san teampoll ag guidhe Dé go dúthrachtach, agus tug an sagart feuchain thairis agus dochonnairc deamhan i gcruth adhfhuathmhar ós a cionn ag sgigeadh agus ag fochmhuid fúithe. ‘Cuirim ort de gheasaibh in Ainm Iosa, a dheamhain (ar an sagart), a innsin dham creud is adhbhar fochmhuide dhuit?’ ‘Is é adhbhar m'fhochmhuide (ar an deamhan) an bhean so ag á snaigh agus ag á seargádh féin le caoi agus le trosgadh, agus gurab áirighthe di dul go hifrionn. Oir saoilidh an oinmhid dhithchéilligh go bhfaghadh maitheamh ar an bpeacadh trom úd dorinne sí, agus gan a chur i bhfaoisidin — nidh nach fhéidir di d'fhagháil dá mbeidheadh ag caoi go lá an bhreitheamhnuis.’ Iar gclos an uirghioll sin do'n tsagart, do ghabh ag greasacht na mná dá fhuráileamh uirre an peacadh sin do fhaoisidin. An tan do thuig an bhean gur bhfíor gach nidh dá ndubhairt an deamhan, do leig ar a glúinibh í, i bhfiadhnuise an tsagairt, agus dorighne a faoisidin iomlán ina peacadhaibh uile, maille re deorchaoineadh, agus tug an sagart absolóid di. Dála an deamhain, an tan dochonnairc go dtáinig dá uirghioll féin an bhean d'fóirighthin ó'n diabhal, do ghabh aithmhéile mhór é, agus do sgread agus do sgreach go garg, agus do ling ina ghal bhreun dhorchadh tré mhullach an teampoill suas. Is ionntuigthe as an sgeul so nach bhfuil aon modh eile aguinn in a bhfeudfamaoid dealughadh ris na peacadhaibh marbhthacha doghníodhmaoid andiaigh ár mbaistidh acht an fhaoisidin.

Léightear i mBeatha an Abadh Egidius Naomhtha gurab re na linn do bhí Searlus Mór ina Rígh ar an bhFraingc, agus go dtigeadh go minic ag cur impidhe ar an Abaidh guidhe chum Dé ar a shon fá pheacadh ró-throm dorighne sé, nách leigeadh an náire dhó d'innsin do'n Abaidh ná d'aon duine eile ina bhfaoisidin, do mhaithfeadh dhó é, agus má's fíor, is corbadh dorighne re n-a dheirbhshiúr féin. Dála an Abadh, iomorro, lá n-aon dá raibh ag rádh Aifrinn, agus é ag guidhe Dé go duthrachtach ar son an ríogh, táinig aingeal de Neamh d'á ionnsaidh, agus do leig sgríbhinn ar an altóir, agus is é do bhí 'san sgríbhinn an peacadh sin dorighne an rígh, agus maithfeachus ó Dia chuighe ar choingheall go ndiongnadh sé an peacadh sin dorighne d'fhaoisidin, agus muna ndiongnadh gan maithfeachus do bheith aige ar chor ar bith. Iar gcríochnughadh an Aifrinn do'n Abaidh naomhtha, do thógaibh an sgríbhinn agus


p.91

do léighidh í, agus dochuaidh go luathgháireach mar a raibh an rígh, agus dorug leis i bhfód fá leith é, do thaisbeán an sgríbhinn reamhráidhte dó. Airna fhaicsin sin do'n righ, do ghabh machtnughadh meanman é, agus d'fheac a ghlún gan cáirde, agus do fháisnéis an peacadh sin agus gach peacadh eile ar ar chuimhnigh sé do'n Abaidh, maille re deorchaoineadh, agus fuair absolóid, agus is mar sin do fóireadh é.

Is ionntuigthe as an sgeul so nach bhfuil furtacht ar dhuine ó'n bpeacadh marbhthach acht maille re faoisidin go hiomlán do dheunamh, de dhruim dhoilghiosa, agus maille re rún aisig do bheith aige 'san bhfolmhach dorighne d'á chomharsannaibh.