Corpus of Electronic Texts Edition
Eochair-Sgiath an Aifrinn (Author: Geoffrey Keating)

Chapter 11

AN T-AONMHADH CAIBIDIL DEUG. In a dtrachtar go bhfuil an Fhaoisidin éigeantach, ionghabhtha, agus gurab ris na Sagartaibh dleaghthar a deunamh.

Adeir Eoin 'san chéad caibidil d'á chéad Eipistil Catoilice — ‘Dá ndeárnam (ar sé) ár bpeacaidhe do fhaoisidin, is díleas agus is ceart Dia chum ar bpeacaidhe do mhaitheamh dhúinn, agus glanfaidh sin ó'n uile urchóid.’ Adeir Solamh, 'san 28 caibidil de Leabhar na Seanfhocal, ‘An tí cheileas a cheana (ar sé) ní bhfaghadh treóir do dheunamh dó. Gidheadh, gibé aidmheóchas a cheana dogheobhadh trócaire do dheunamh air.’ Léightear ag Lúcás, 'san 19 caibidil de Ghníomharthaibh na nAbstal, go ndeárnadar mórán d'á dtáinig chum chreidimh le na linn féin faoisidin agus foillsiughadh ar a bpeacaidhibh. Adeir S. Séamus, 'san seiseadh caibidil, leis na daoinibh iad féin do dheunamh faoisidin le chéile; dá chur i gcéill nach leór do dhuine a pheacaidhe d'admháil agus d'innsin do Dhia amháin, acht go ndligheann a bhfaoisidin agus a bhfoillsiughadh do dhuine. Oir, bíodh gur leór faoisidin


p.75

do dheunamh le Dia amháin an tan do bhí Sé in A Dhia thur gan daonnacht ní háil leis anois, ó tharla in A Dhuine é, gan an peacach d'á chionntughadh féin do dhuine, do réir an úghdaráis d'fagaibh Críost ag an Eagluis, ámhail léightear ag S. Augustín, 'san dara caibidil do sgríobh ar Fhiosrughadh na n-Easlán. ‘Atáid drong ann (ar sé) shaoileas gurab leór dóibh chum a slánuighthe dá ndeárnaid a bpeacaidhe d'fhaoisidin le Dia amháin ar nach bhfuil aoinnidh ina fhoilcheas.’ Ní háil leó, nó is nár leó, nó ní fiú léo, iad féin do thaisbéanadh do na sagartaibh, tar cheann gurab iad na sagairt do hórduigheadh le Fear an Dlighe do Chumadh — eadhon, le Críosd — dochum idirdhealaighthe do dheunamh idir lubhra agus lubhra. Gidheadh is beithte dhóibh so dul go humhal fá breathnughadh an tí d'árbbhfiú leis an dTighearna bhiocaire do dheunamh de, eadhon, an t-athair faoisdne. Agus is córaide sin do dheunamh an nidh léightear ag Epiphanius, 'san 29 caibidil — ‘Is í an tsagartacht (ar sé) ríogh-chathair Dáibhidh 'san Naoimh-Eaglais.’ Adeir Críost, 'san deachmhadh caibidil ag Lúcás, ag labhairt ris na sagartaibh — ‘Gibé éisteas libhse (ar sé) éistidh sé riomsa, agus gibé dobheir táir nó tarcuisne orraibh, dobheirid an nidh ceudna ormsa.’ Léightear fós, 'san seachtmhadh caibidil in Deutoronoimí, gur órduigh Dia gibé dorachadh in uaill ar na sagartaibh, agus ná tiubhradh ómós dóibh, do bhreith an bhreitheamhan, a chur chum báis.

As na háitibh so is iontuigthe go ndleaghthear géille do na sagartaibh anns na neithibh bheanas re cogúas, go háirighthe i maitheamh na bpeacadh curthar síos 'san bhfaoisidin leis an aithrigheach, doghníodh é féin d'ísliughadh do'n tsagart go húmhal, ag á bhfuil ar a bhréith pardún a anma do thabhairt dó, do réir mar chruitheócham 'san gcaibidil so síos.

Ní h-é, iomorro, fáth fá n-órduighthear do'n aithrigheach a pheachaidhe d'fhaisnéis do'n tsagart d'eagla nach biadh a fhios ag Dia acht muna n-innistidhe do'n tsagart iad, acht is é adhbhar fá n-órduighthear é, ionnus go gcluinfeadh an Diabhal an t-aithrigheach ag á chionntughadh féin ina pheacadhaibh, amhail adeir S. Auguistín, 'san treas seanmóir do sgríobh ar an bhfásach chum a bhráithreach, mar a dtráchtann ar an bhfaoisidin.

Adhbhar eile, fós, fá ndleaghthar an fhaoisidin do dheunamh ris na sagartaibh, do bhrigh go mbeanann re honóir Dé an peacach dá chionntughadh féin do láthair an oide faoisidine, ionnus ina dhiaigh sin an tan dodhéanadh Dia trócaire ar an aithrigheach, de dhruim na faoisidine, go bhféadfadh an t-iode faoisidine trócaire Dé do mhaoidheamh go caithréimeach ar na Críostaighibh.

Agus is ina fhioghair so atá an nidh léightear 'san seachtmhadh caibidil de Leabhar Ioshue, mar ar fhuráil Ioshue ar Achan an slad dorinne d'aisíoc. ‘A mhic (ar sé), tabhair glóir do'n Tighearna Dia Israel, agus


p.76

déan faoisidin agus foillsiughadh damhsa creud dorighnis?’ Do fhreagair Achan agus adubhairt — ‘Go fírinneach (ar sé) do pheacaigh mise i bhfiadhnaise an Tighearna Dia Israel, mar so agus mar so,’ ag admháil an tslaid agus gach uile uilc dá ndeárnaidh. Tabhair dod' aire, a léightheóir, mar adubhairt Iosue re hAchan faoisidin do dheunamh ris féin mar onóir do Dhia, dá chur i gcéill go mbeanann re h-onóir Dé an t-aithrigheach do fhaisnéis a chionnta do'n oide faoisdine.

Gidheadh, dá bhfiafraigheadh LúiterCailbhin nó a lorgaraidhe — Cia re a ndligheann an t-aithrigheach a fhaoisidin do dheunamh? Bíodh a fhios aca de bhrigh gurab glais agus géibhiona na péacaidhe in a gcuibhrighthear an t-anam, do réir Solamh 'san gcéad caibidil deug de Leabhar na Seanfhocal — ‘Gabhaidh (ar sé) a urchóid féin an drochdhuine, agus cuibhrighthear le teudaibh a pheacaidhe féin é.’ Agus gurab chum na droinge ag á bhfuil na heochracha dleaghthar dul do sgaoileadh na gcuibhreach sin an pheacaidh. Agus, ó 'sé Peadar, agus gach aon dá bhfuil 'san órd shagartacht in a raibh sé, an dream ag á bhfuilid na heochracha so, do réir an ghealla thug Críost do, amhuil léightear ag Mátha 'san séiseadh caibidil deug, ‘Is duitse (ar sé), a Pheadair, dobhéarsa eochracha an Flaithis Neamhdha.’ Uime sin, is do na sagartaibh atá d'Ord Pheadir dleaghthar dul do sgaoileadh an ghlais sin an pheacaidh. Agus fós mar léightear ag Eoin 'san bhficheadh caibidil go dtug Críost go follus cumhachta sgaoilte glais an pheacaidh do na hAbstalaibh go coitchionn, agus do na deisgioblaibh, agus dá réir sin do na heasbogaibh, agus do na sagartaibh, an méid gur abhcomharbadha do na habstalaibh agus do na deisgioblaibh iad, mar a n-abair — ‘Glacaidh (ar sé) an Spiorad Naomh, an dream úd ag á maithfidhe a bpeacadha, biaid maithte aca,’ etc.

Atáid, iomorro, dá ghné eochrach ann, mar atáid eochracha eoluis, nó feasa, nó foghluma, le a mbiadh a fhios ag an sagart cionnus do dheunaidh sé idirdealughadh idir pheacadh agus neimhpheacadh, idir, fós, mhinpheacadh agus mórpheacadh. An dara gné eocharach — eadhon, eochracha úghdaráis — eadhon, dlighe chumhachta do bheith ó Cheann na hEagailse, nó an tí ag á mbeith cumhachta fá cheann na hEagluise le n-a dtabhairt dhó.

Dá mbeith ina iongnadh ar aon duine cionnus suightear a ionamhuil so d'úghdarás do bheith ag an Eagláis, bíodh a fhios aige go léightear ag Mátha, 'san 28 caibidil, gur tugadh na huilechumhachta ar Neamh agus ar talamh do Chríost, agus gur mar sin do chuir an t-Athair uaidh é. Léightear fós ag Eóin, 'san bhficheadh chaibidil, mar a n-abair Críost gurab amhlaidh do chuir an tAthair E Féin ar talmhain do chuir seisean na hApstail agus na Deisgiobail. Ionann sin re a rádh agus maille re cumhachtaibh


p.77

do bheith ar Neamh agus ar talmhain aca. Agus is coráide a thuigsin mar so, mar d'fhuráil Sé Féin orra an Spiorad Naomh do ghlacadh, agus mar adubhairt — ‘Gach dream d'á maithfidís sin a bpeacaidhe go mbeidís maithte aca,’ etc. Agus 'san caibidil so thug Sé dlíghe agus cumhachta do na hApstalaibh faoisidin d'éisteacht, amhail thug dóibh, 'san 18 caibidil ag Mátha cead coinnealbháthadh do dheunamh, mar n-abair — ‘Gach nídh d'a maithfidh i dtalmhuin bíodh maithte, agus gach nídh d'á gceangaltaoi (ar sé) i dtalmhuin, bíodh ceangailte ar Neamh,’ etc. Gidheadh, is 'san 26 caibidil ag Matha, i ndáil an tSuipéir, thug Sé cumhacht an úird uaidh. Agus do bhrigh gurab ar Mhátha ris na hApstalaibh agus ris an Eagluis i gcoitchinne do dháil Chríost na h-úghdaráis so, dá réir sin ní fuláir na úghdaráis ceudna do bheith ar bun 'san Eaglais do ghnáth, do bhrigh nach bhfuil teacht as ina n-éagmuis aice. Agus, ó nach raibh ar bhreith do na hApstalaibh marthainn do shíor, níor chneasda dóibh an t-úghdarás fuaradar gan a fhágbháil ag na chomharbadhaibh atá i seilbh Ard-fhlaithis na hEagluise ina ndiaigh, mar atá Pápaidhe na Róimhe agus gach easbog agus gach sagart ag á bhfuil cumhachta uaidh agus úghdarás 'san Eagluis.

Agus dá n-abraidh Liútear nó Cailbhin gur baitheadh an t-úghdarás so in aoinfheacht ris na hApstalaibh, bíodh a fhios aca nach fíor dhóibh é, óir léightear 'san bhficheadh caibidil de Ghníomharthaibh na nApstal, mar thugsad na h-Apstal an t-úghdarás ceudna do bhí aca féin d'easbogaibh agus do shagartaibh eile futha féin. Ag so mar adeir Pól 'san caibidil ceudna, ag labhairt ris an drong úd — ‘Tabhraidh aire dhíbh féin (ar sé) agus do'n treud go léir, ionar chuir an Spiorad Naomh sibh mar easbogaibh d'fhollamhnughadh Eagluise Dé, do sholáthair Sé le n-A Fhuil Féin.’ Is follus as so, ó thugadh cumas follamhnuighthe dóibh ar na Críostaighibh, dá réir sin nach fuláir go mbeidís na cumhachta do bhí ag na hApstalaibh aca agus is córaide a thuigsin mar so, mar fhógras Pol do na Críostaighibh umhlacht agus fóghmós do thabhairt do na Prealáidibh, amhail léightear 'san tríomhadh caibidil deug de'n Eipistil do sgríobh Pól chum na n-Eabhrach. Adeir fós Pól, 'san treas caibidil de'n Dara h-Eipistil do sgríobh chum na gCoirinnteach gurab comharba agus lucht ionaid do Chríost préaláide na hEagluise, agus dá réir sin go bhfuil úghdarás Chríost ag na hAbstalaibh agus ag na prealáidibh.

Dá n-abradh Cailbhin nó Liútear gurab é Dia amháin mhaitheas na peacaidhe, agus dá réir sin nach féadaid na sagairt a maitheamh, bíodh a fhios aca tar a cheann sin gurab é Dia is Prímh-ghníomhaighthéoir ag maitheamh an pheacaidh, tairis sin gurab é an sagart is cúis uirliseamhuil do sgaoileadh glais an pheacaidh. Ag so sompla ar sin — eadhon,


p.78

Má tá gurab'é an rígh dobheir párdún a anma do'n bhraighe bhíos damanta 'san phríosún. Maiseadh tairis sin is é an séighleóir sgaoileas amach é, agus osglas an glas bhíos air. Mar an gceudna, ó dorinne Dia séighleóiridhe de na sagartaibh, is dóibh dobheir cumas sgaoilte an aithrigheach as príosún an pheacaidh le heochair úghdaráis na habsolóide, acht gé dobheir Dia pardún a anma dhó.

Agus dá n-abradh an t-éiriceach go bhféadfadh Dia Féin an glas sin do sgaoileadh de'n aithrigheach agus a leigean as príosún an pheacaidh, gan congnamh an tsagairt. Mo fhreagra, ar dtús, ar an éiriceach, go bhféadfadh an rígh dul ar a chosaibh féin ó'n gcúirt go soiche an phríosún, agus an bhraighe do leigeann amach, gan congnamh an tséighleóra, mar an gcéadna do Dhia. An dara freagra dobheirim air, gurab iomdha nídh dh'fhéadfadh Dia do dheunamh uaidh féin nach déanann Sé ar chor ar bith, mar atá, domhan eile do chruthughadh ann, nachar cruthuigheadh fós, agus créatúiridhe éagsamhla eile. Is iomdha fós, neithe eile do fhéadfadh do dhéanamh uaidh féin, nach deárnadh acht le congnamh nó cómhoibriughadh na ndaoineadh, mar atáid na míorbhailighe dorinneadh leis na hApstalaibh, agus le hiliomad naomh ó shoin a leith, d'fhéudfadh Dia do dheunamh uaidh Féin, nach deárnadh acht maille re cómhoibriughadh na Naomh agus na n-Abstal. Mar an gceudna, adeirim, re sgaoileadh ghlais an pheacaidh, tar cheann go bhfeudfadh Dia a sgaoileadh uaidh Féin, maiseadh ní sgaoileadh acht maille re cómhoibriughadh an tsagairt. Is córaide so do thuigsin mar léightear ag Matha, 'san ochtmhadh caibidil, an tan tháinig an lobhar do láthair Chríost d'á shlánughadh ó'n lubhra go ndubhairt Críost ris dul agus é féin do thaisbéanadh do na sagartaibh do sgaoilfeadh an glas do bhí air de. Ionann, iomorra, lubhra agus peacadh, agus is iontuigthe do na héiricibh nach dhíth cumhachta do bhuain do Chríost gan É Féin do sgaoileadh an ghlais do bhí ar an lobhar — eadhon, gan cead do bheith aige teacht imeasg an phobail — acht dá chur i gcéill tar cheann gurab É Féin shlánuigheas an lobhar — eadhon, an peacach — agus dobheir pardún a anma dhó, gurab ris an séighleóir — eadhon, an sagart — adeir Sé glas an pheacaidh do sgaoileadh le heochair an úghdaráis — eadhon, leis an absolóid.

Léightear, fós, ag Lúcás, 'san seachtmhadh caibidil deug, tar éis mar do leigheas Críost an dheichneabhar lobhar, go ndubhairt riu imtheacht agus iad féin do thaisbéanadh do na sagartaibh, d'á chur i gcéill gur thoil leis breathnughadh na sagart do bheith orra, agus iad féin do sgaoileadh ó'n ghlas do bhí orra.

Adeir, mar an gceudna, Pól, 'san deachmhadh caibidil chum na Rómhánach, go dtig sláinte na hanman d'fhaoisidin an bhéil.


p.79

Is é an nidh ceudna chialluighthear ag Matha, 'san 21 caibidil, mar a n-abar Críost ris an mbeirt ndeisciobal dul do sgaoileadh an asail nó an bhromaigh do bhí ceangailte 'san gcaisleán ar a gcomhair agus a thabhairt chuige féin. Go faithchiallach is iad deisciobail do chuir uaidh, na sagairt; agus is é asal nó bromach adubhairt do sgaoileadh, an Cineadh Iúdaigheach agus na cineadha atá ceangailte i gcuibhreach an peacaidh i gcaisleán an domhain so.

Is ag tuar Sacraiminte na Faoisidine do bhí an nidh léightear ag Matha, 'san treas caibidil, mar a n-abair an dream dothigeadh d'á mbaisdeadh chum Eóin go n-innistídhe a bpeacaidhe leó.

Ag so síos fiadhnaise na n-Aithreach Naomhtha do bhí i dtús na hEagluise ann, ag teacht leis an nidh gceudna, ag admháil na faoisidine do bheith ag á ghnáthughadh i bhfíorthús na hEagluise ag na Críostaighibh: —

Adeir S. Denis, 'san Eipistil do sgríobh go Demophilos nidh as a dtuigthear go follus go raibh an fhaoisidin re n-a linn féin ag á deunamh ris na sagartaibh.

Leightear, mar an gceudna, ag Origen, 'san ghluais do chuir ar an 37 Sailm go raibh an faoisidin ag á gnáthughadh re na linn féin. Ag so mar adeir — ‘Dlighidh tú, a dhuine, bheith go fríochnamhach, ag feuchain cionnus dodheunfaidh tú do pheacaidhe d'fhaoisidin, agus do liaigh do dhearbhadh, agus a fheuchain cia d'á ndligheann tú cúis do thinnis d'fhoillsiughadh dó.’

Adeir Basilius, mar ar sgríobh sé d'Ordughadh na Manach — ‘Dochídhtear (ar sé) nach fuláir do'n droing d'á dtugthar stiobhardacht na Sacraiminte a bpeacaidhe d'fhaoisidin.’

Adeir Ieronimus, 'san leabhar do sgríobh anaghaidh Montanus eiriceach, ‘Ní beag (ar sé) mar dhearbhadh gurab neamhbhuaigh eiriceacht na Montánach mar gurab nár leó a bpeacaidhe féin d'fhaoisidin do láthair an tsagairt.’

Adeir Ciprian, ag cur ghluaise ar Lebhiticus, mar a sgríobhann sé ar na Seacht gCéimeannaibh Maithfeachais na bPeacadh atá 'san tseachtmhadh caibidil — ‘Acht gé cruaidh agus gé saothrach é, maitheamh na bpeacadh maille ris an aithrighe, an tan ionnlas an peacach a leaba le n-a dheoraibh, agus bíd a dheora ina n-arán de ló agus d'oidhche aige agus an tráth nach nár leis an bpeacach faoisidin do dheunamh le sagart an Tighearna, agus leigheas d'iarraidh air.’

Is follus as na hionadaibh so gurab leis an bhfaoisidin fhéadas duine an dearbhadh úd iarras Pól do dheunamh air féin re hucht an tSacraimint do chaitheamh. Agus is follus fós asda nach foghnann aon dearbhadh eile acht an fhaoisidin, do réir mar adeir Solamh thuas, ní dhéantar treórughadh ar an tí cheilfeas a chionnta féin; agus, fós, atá fioghair


p.80

'san mBiobla ag teacht leis so. Léightear 'san 28 caibidil i Leabhar Deuteronomí, d'á chur i gcéill nach bhfuil againn acht aon raon amháin chum dulta ar Neamh, agus garab é sin ród na faoisidine. Ag so mar adeir, ag labhairt ris an bpeacach — ‘Fá sheacht ródaibh (ar sé) theithfeas tú, agus brisfighear díot fá uile ríoghachtaibh an dómhain nó na talmhan, agus aon ród amháin thriallfas amach i gcoinne heascarad.’ Ionann sin re a rádh agus gurab seacht róid na seacht bpeacaidhe marbhthacha in a mbí raon madhma agus móirtheithmhe ag na deamhnaibh ar an bpeacach, agus gurab i n-aon rian na haithrighe do dhruim faoisidine bheireas an peacach buaidh agus triallas ar Neamh.

Ag so síos sgeul miorbhailleach as a dtuigthear go bhfuil an fhaoisidin iomlán éigeanteach, do réir mar léightear 'san leabhar dárab ainm ‘Scala Coeli.’ Láithe n-aon dá rabhadar dias seanmóraidhe ag siubhal na slighe, agus fa h-oide faoisidine, iomorro, do'n Phápa duine dhiobh, agus fa duine neamhurchóideach naomhtha an fear eile, agus ar mbeith ag triall dóibh thárla i gcaisleán d'áirighthe iad in a raibh bean uasal dorinne corbadh re bráthair dí féin, agus do bhí náire uirre nach deárnadh an peacadh sin d'fhaoisidin ar feadh aon bliadhan deug, agus, ar bhfaicsin na mbrathar ndeóranta sin dí, do mheas a faoisidin do dheunamh riú, ó's aca nach biadh aithne uirre ó shoin amach go bráth. Tháinig sí d'á faoisidin chum fir aca, agus do sheasamh an dara bráthair i gcúlair eile de'n tigh, agus re hucht gach peacadh dá n-innsightheadh an bhean, dochíodh an bráthair do bhí ina sheasamh péist fhuathmhar ag teacht tar a beul, agus ag dul tar doras an teampoill amach, agus i bhfóircheann na faoisidine dochonnairc an bráthair dragún mór ag cur a chinn amach go minic tar beul na mná, agus do shúghadh sí chúice seal eile é. Gidheadh, an tan do loc an bhean an dragún do sgéith dochonnairc an bráthair na haithreacha nimhe reamh-ráidhte ag filleadh tar a n-ais, agus ag dul i mbeul agus i mbroinn na mná. Do bhí sí mar sin gan an peacadh do fhaoisidin go hiomlán, agus fuair absolóid. Do thrialladar na bráithre 'san ród rómpa, agus iar ndul trí mhíle ó'n mbaile amach dóibh, d'innis an bráthair óg an sgeul, amhail adubhramar, do'n bhráthair eile. Gabhas biodhgadh an bráthair iar gclos an sgéil sin, agus adubhairt gurab peacadh éigin do cheil an bhean ina faoisidin, agus d'fhilleadar tar a n-ais 'san gconair gceudna go luaith, agus fuaradar an bhean iar bhfagháil bháis ar a gcionn. Do ghabh tuirse mhór iad an tan sin, agus do leigsiad iad féin ar trosgadh agus ar urnuighthe do dheunamh go diochrach dúthrachtach, d'á iarraidh ar Dhia a fhoillsiughadh dhóibh creud tárla do'n mhnaoi sin. Agus i gcionn an treas lá dochoncadar an bhean ar marcuigheacht ar dhragún teinntighe d'á n-ionnsuidhe, agus fa huathbhásach an t-inneall do bhí uirre — eadhon, dá


p.81

n-athair nimhe fíochmhara, fíor-ghrána, timcheall a muinéil, agus iad ag díul a cíoch, agus dá phéist athfhuathmhara neamhchosmhla ar a súilibh, agus gríos dearg ag séide tar bheul na mná, agus dá mhadradh chíochracha chonfádhacha ag creim a lámh, agus dhá shaighid teinntighe tre n-a cluasaibh agus airce luachra ag snamh thar a brághaid. Gabhus bíodhga na bráithre ag á faicsin ar an módh sin. ‘Ní heagail daoibh, a chairde Dé (ar sí), óir is mise an bhean mhallaighthe úd dorighne a faoisidin an lá fá dheireadh, agus do bhrígh gur cheileas tré náire 'san bhfaoisidin peacadh trom dorighneas atáim damanta go síorruidhe.’ ‘Maiseadh,’ ar an t-oide faoisidine, ‘cuirim fá gheasaibh ort, as h-ucht Dé, an dá cheist chuirfead ort d'fhuasgladh dham. An chéad cheisd — creud chialluigheas éagsamhlacht na bpian sin ort?’ Do fhreagair an bhean, ‘Is é ádhbhar (ar sí) fá bhfuilid na hairce luachra so ar mo cheann, in éiric a ndeunainn d'fhoirneadh, do chíoradh, agus d'fholcadh go díomhaoin ar mo cheann. Agus i ndíol an ithiomráidh, agus na mbriathar mailíseacha do éistinn go toileamhuil, atáid na saighde teinntighe so trém' chluasaibh. Is uime atáid na haithreacha nimhe so fám' bhrághaid, ar son a mhionca do aomainn go toileamhail do lucht suiridhe agus soighneasa a lámha do chur fám' bhrághaid, agus tadhall neamhghlan do dheunamh ar mo bhrollach agus ar mo chíochaibh. Is uime, fós, atáid na madraidhe so ag creime mo lámha, tré na mhionca dobheirinn do chonnaibh agus do mhadraidhibh neith le a bhfeudfainn boicht Dé do riar. Agus is uime, fós, atá an dragún so fúm dom' losgadh tré na mhionca do dheunainn peacadh neamhghlan na drúise.’ ‘Guidhim thú (ar an bráthair) fuasgail dhamh an dara ceist — eadhon, cia hiad na peacaidhe is mó le ndamantar na daoine anois?’ Do fhreagair an bhean, agus is é adubhairt — ‘Is iomdha peacadh le a dtéid na daoine go h-ifrionn. Gidheadh, atáid ceithre gnéithe peacaidh ann le ndamantar na mná go líonmhar. An chéad ghné, peacadh na drúise. An dara gné, an geur-chórughadh dobheirid orra féin do tharraing geana agus grádha na bhfear orra. An treas gné, piseóga. An ceathramhadh gné, aindiúid bhíos orra fá'n bhfaoisidin do dheunamh go glan.’ Agus ansin do fhiafraigh an bráthair di an raibh furtacht ina cionn féin. ‘Ní bhfuil (ar sí) an feadh bhias Dia ag caitheamh na síorraidheachta.’ Agus ina dhiaigh sin do fhuadaigh an dragún leis í go h-obann i bhfodhomhain agus a bhfíríochtar ifrinn maille re h-iomad pian.

Is iontuigthe as an sgeul so go bhfuil an fhaoisidin iomlán éigeantach do'n aithrigheach chum dulta ar Neamh, agus d'á bhrígh sin is é an t-aon ród úd amháin do luaidh Maoise 'san bhfíoghair reamhráidhte í. Agus dá mbiadh nach biadh Sgrioptúr nó Aithreacha ag áitiughadh na faoisidine amhail atáid, do budh leór úghdarás barántamhuil na h-Eagluise dá shuidhiughadh go bhfuil sí éigeantach ionghabhtha, óir is í an Eagluis cheudna is riaghail


p.82

treóraighthe dhúinn in gach uile nidh bheanas re n-ár gcreideamh. Agus is uime sin adeir S. Augustín 'san gcúigeadh caibidil do sgríobh anaghaidh eipiostalach eiricigh dár bh'ainm ‘Fundamentum’ — ‘Ní chreidfinn do'n tSoisgeul (ar sé) muna bhéaradh úghdarás na hEagluise Chatoilice chuige mé.’

Atáid, iomorro, mórán do neithibh bheanas re n-ár gcreideamh ris nach fuil sgrioptúir sgríobhtha acht úghdarás na hEagluise, coimeádaid na Protestants — mar atá trí lá do choimeád ina saoire fá Cháisg agus trí lá fá Chíngcís, etc., amhail adubhramar shuas 'san Reimhthionnsgnamh, agus is iongnadh amhail doghníd siad an oiread so ar órdughadh na hEagluise, gan Sgrioptúir sgríobhtha ag á fhuráileamh orra nach déinid a bh-faoisidin agus go bh-fuil Sgrioptúir sgríobhtha, agus ráidhte na n-Aithreach Naomhtha, agus órdughadh na hEagluise Catoilice ag á fhuráileamh orra.