Corpus of Electronic Texts Edition
Eochair-Sgiath an Aifrinn (Author: Geoffrey Keating)

Chapter 10

AN DEACHMHADH CAIBIDIL. In a dtráchtar ar an gcuid eile de'n Chanóin go soiche ‘Domine non sum dignus, etc.’

Is é chialluigheas na cúig crosa doghnídh an sagart, ag rádh ‘Hostiam puram’ —

Ar dtús is é chialluighid na trí céad chrosa dhíobh na trí neithe dorinne Críost d'ár neartughadh anns na Trí Subhailcibh Diadha — eadhon,


p.72

Creideamh, Dóthchas agus Grádh. Oir do neartuigh Sé sinn in ár gcreideamh leis an Eiseirghe, in ár ndóthchas leis an Aifrionn, agus in ár ngrádh leis an bPáis.

Is é chialluighid an dá chros déighionacha, an dá phríomh-chomaoin eile do chuir Críost orruinn. An chéad chomaoin díobh, an diadhacht do thathughadh ris an daonnacht. An dara comaoin, mar thug Sé grása fóirleathna do gach aon le'r bh'áil bheith ionamhuil chum a nglactha.

Is é ádhbhar fá mbuaileann an sagart agus an pobal a lámha ar a n-uchtaibh, ag rádh ‘Nobis quoque peccatoribus,’ dá chur i gcéill go ndlighid na peacaigh, de dhrnim aithrighe, a bpeacaidhe d'admháil do Dhia.

Is é chialluighid na trí crosa doghnídhthear, ag rádh ‘Sanctificas,’ na trí guidhe dorinne Críost re hucht na Páise. An chéad ghuidhe dhíobh, ar son A eascarad, an tan adubhairt — ‘A Athair, maith dóibh so, óir ní feas dóibh creud doghnídhid.’ An dara guidhe, ar A shon Féin, agus ar son A dheibhléan, an tan adubhairt, do réir Matha 'san 27 caibidil — ‘O Mo Thighearna! agus O Mo Dhia Féin! creud fá'r thréigis Mé?’ An treas ghuidhe, ar son A Anma Féin amháin, an tan adubhairt — ‘Ad' láimh-se, a Thighearna, tiomnaim Mo Spiorad Féin.’

Is é chialluighid na trí crosa doghnidhthear ag rádh ‘Per ipsum,’ na trí huaire do bhí Críost san gcrois — eadhon, ó'n seiseadh huair de'n ló go soiche an naomhadh huair.

Is é chialluighid an dá crois doghnídhthear ina dhiaigh sin, an dá nídh tháinig as taoibh Chríost, mar atá fuil agus uisge.

Is é chialluigheas léigean na h-abhlainne ar an gcorporas, cur Corp Chríost 'san eisléine.

Is é chialluigheas an tógbháil bheag doghnidhthear ar an abhlainn andiaigh an choisreagtha úd adubhramar fá dheireadh, an tógbháil dorinne Muire ar a Mac andiaigh a léigthe as an gcrois.

Dá uair, iomorro, tóigthear an tSacraimint 'san Aifrionn; ar dtús, an tan taisbeántar do'n phobal í, is é chialluigheas an tógbháil sin, mar do tógbhadh Críost 'san gcrois; an dara huair, mar do chuir Muire Críost ina hucht, amhlaidh adubhramar.

Is é chialluigheas trí hanmana na n-Apsdal adeirthear an tan doghnídh an sagart é féin do choisreagadh leis an bpaiténa, d'á chur i gcéill gach naomh dá dtáinig riamh gurab de thrí dhrongaibh é — eadhon, gurab duine pósta é, nó gurab duine maighdine é, nó gurab duine aontumhadh é. Mar sin, iomorro, dobhádar an triúr úd; mar do bhí Peadar pósta, agus Pól ina mhaighdin, agus Aindreas ina aontumhadh.

Is é chialluigheas an pax dobheir an sagart do'n phaitena, dá chur i


p.73

gcéill gur cheannaigh Críost ár síothcháin go daor ar an gcrois.

Is é chialluigheas an briseadh doghnídhthear ar an abhlainn, ag rádh ‘per eundem,’ an briseadh dorinne Críost ar an arán d'á roinn ar na hAbstalaibh 'san tsuipéar, mar a dtug Sé a Chorp féin fá ghnéithibh an aráin dóibh. Is é ádhbhar fá a ndéantar trí coda de'n abhlainn, dá chur i gcéill go raibh Críost i dtrí reachtaibh ar an saoghal so; ar dtús, go saoghalta, so-mharbhtha roimh an bPáis; ina dhíaigh sin, go domharbhtha, deallraidhtheach tar éis na heiséirghe; an treas feacht, go diamhair, do-fhaicsiona i lámhaibh na sagart i sacraimint na haltóra. Adhbhar eile fós fá ndéantar trí chuid de'n abhlainn, dá chur i gcéill go bhfuil Corp fáthrúnda diamhairchiallach Chríost ina thrí codcaibh. An chéad chuid díobh, Eagluis Fhlaitheamhnais Dé, dárab ainm Eagluis na mBuadh, agus doghnídhthear an tSacraimint d'ofrálughadh mar tuilleadh buidhe agus mar altughadh ris an Eagluis sin. An dara cuid, Eagluis an tSaoghail so, dárab ainm Eagluis an chathaigh, agus doghnídhthear an tSacraimint d'ofrálughadh ar son na coda so, mar gheall fuasgailte. An treas cuid, na Naoimh atá i bPurgadóir, agus doghnídhthear an tSacraimint d'ofrálughadh ar a son so, mar leóirghníomh ar son a bpéine.

Is é ádhbhar fá mbristear ós cionn na cailíse í, ionnus, dá mbeidís bruaireach ar bith ar lorg an bhriste, go dtuitfeadh 'san gcailís.

Is é chialluigheas an chuid curthar 'san chailís firéin Eagluise an tSaoghail so, dá chur i gcéill, an chuid bhíos ar an saoghal so, gurab éigin dóibh Corn na Páise d'ól; agus cialluighid an dá chuid eile, Eagluis na mBuadh agus na marbh bhíos i bPurgadóir.

Is é cialluighid na trí crosa doghnídhthear, ag rádh ‘Pax Domini sit semper vobiscum,’ na trí lá do bhí Críost 'san uaigh.

Is é fáth fá n-abarthar ‘Agnus Dei’ trí huaire, i gcuimhniughadh na dtrí n-olc do mhaith Críost dúinn — mar atá, peacadh an tsinnsir, peacadh marbhthach, agus peacadh sologhthach.

Is é chialluigheas ‘Sacro Sancto Commixtio,’ tathughadh Anma Chríost re n-A Chorp 'san Eiseirghe, agus doghnídhthear trí crosa, dá chur i gcéill gurab do chumhachtaibh na dTrí bPearsana atá 'san Trionóid tháinig an tathughadh sin do dheunamh.

Ní tabharthar an ‘Pax’ in Aifrionn na Marbh, do bhrigh gurab do thuar síothchána bheirthear é, agus gurab idir na beódhaibh amháin iarrthar an tsíothcháin do bheith, ó's eatorra is gnáth easaonta do bheith. Na mairbh, iomorro, ní bhí cúis ná caoi easaonta eatorra. An chuid aca bhíos i bPurgadóir, ar an ádhbhar sin ní righthear a leas ‘Pax nó síothcháin do thúar dhóibh.’


p.74

Is é chialluigheas ‘Domine non sum dignus,’ go ndligheann an sagart re hucht an Tighearna do theacht go sacraiminteamhuil d'á thigh féin — eadhon, d'á chorp féin (do shlánughadh a bhuachalla féin) — eadhon, a anam féin agus a choguas do sgríobhadh agus do sgiamhghlanadh, ionnus go mbadh fiú é Mac Dé theacht d'áitiughadh a anma. Agus, de bhrigh nach féidir an glanadh sin do dheunamh acht maille ris an bhfaoisidin do dheunamh de ghníomh, nó maille re rún faoisdineach do bheith ag duine, maille re comhmbrughadh croidhe, agus ní féidir dó gan an fhaoisidin do dheunamh. Mar an gceudna adeirim go ndligheann an uile Críostaighe, re hucht Chuirp Chríost do chaitheamh, a pheacaidhe go léir d'admháil, d'innsin, d'fhaisnéis, agus do fhoillsiughadh 'san bhfaoisidin, agus é féin mar sin d'ullmhughadh agus do ghlanadh chum na Sacraiminte do chaitheamh go dlisdeanach, do réir mar adeir Pól 'san aonmhadh caibidil deug de'n chéad eipistil chum na gCoirinnteach, mar a n-abair, ‘Dearbhadh an duine é féin (ar sé), agus tigeadh mar sin do chaitheamh an aráin so; óir gibé itheas agus ibheas go neimhfiúntach é, is damnughadh do féin itheas agus ibheas gan dochar do Chorp an Tighearna.’ Agus is amhlaidh fhéadfas duine é féin do dhearbhadh maille re faoisidin do dheunamh go haithrigheach do láthair sagairt ag á mbeidheadh úghdarás ó'n Eagluis aige, do réir mar tá sé d'fhiachaibh ar gach aon Críostaighe 'san mbith, do réir mar chruthócham 'san gcaibidil so rómhainn síos.