Corpus of Electronic Texts Edition
Eochair-Sgiath an Aifrinn (Author: Geoffrey Keating)

Chapter 9

AN NAOMHADH CAIBIDIL. In a dtráchthar agus in a suidheochamh anaghaidh Chailbhin agus a chloinne nach é amháin chialluighid na briathra úd .i. ‘Ag so Mo Chorp Féin,’ fioghair nó samhuil Chuirp Chríost, acht gurab'é an Fíor-chorp Féin chialluighid.

Adeir Eoin, ag labhairt ar an Sacraimeint so 'san seiseadh caibidil, ‘Ag so (ar sé) an t-arán do thoirnigh do Neamh, ionnus gibé chaithfeas cuid de nach faghadh bás.’ Adeir fós, 'san gcaibidil cheudna, ‘Ag so an t-arán fírinneach thuirn do Neamh dobheir beatha do'n domhan.’ Is follus


p.55

as na briathraibh so, nach ag arán dorinneadh de mhin chruithneachta agus d'uisge, arna niomhfhuineadh, do bhí do bhuaidh beatha do thabhairt d'on domhan, acht ag an Arán mBeó do thúirling do Neamh, amhuil adeir Críost féin 'san gcaibidil cheudna — ‘Mise (ar Sé) an t-Arán Beó do thoirnigh do Neamh.’ Adeir fós 'san áit ceudna — ‘An t-Arán dobhéar-sa uaim (ar Sé) is í M'fheóil féin í dháilfead ar son beatha an domhan.’ Adeir fós 'san áit cheudna — ‘Go fírinneach is biadh Mo Chorp-sa agus is deoch M'Fhuil.’ Tig Lúcás 'san 20 caibidil, agus Marcus 'san 14 caibidil, agus Matha 'san 26 caibidil, le h-Eóin ar an nidh ceudna; agus dá mbiadh ina iongnadh ar aon duine creud fá dtabhair Críost arán d'ainm ar Shacraimint A Chuirp Féin, atáid trí réasúin chuige sin. An chéad réasún, do bhrigh go dtabharthar 'san Sgrioptúir ainm an neith ar a ndéintear an claochlódh ar an nidh in a gclaochluighthear é, amhail léightear 'san seachtmhadh caibidil in Ecsodus, gur sloigeadh le slait Aaron slata na ndraoithe, ghidheadh is follus gurab in a natharchaibh neimhe dobhádar na slata an tan dorinneadh an gníomh sin; agus is uime sin goirthear slata díobh, do bhrigh gurab i n-a slataibh dobhádar sul do chlaochluidheadh iad; mar an gceudna adeirim re Corp Chríost gurab uime adeirthear arán ris do bhrigh gurab ina harán do bhí an abhlann sul do chlaochluigheadh i gCorp Chríost í. An dara réasún, do bhrigh go n-anaid aicídighe an aráin do bhí ann roimhe an gcoisreagadh timcheall Chuirp Chríost tar éis an choisrigthe, mar atá fíoghair agus caindigheacht, dath agus blath an aráin. An treas réasún, do bhrigh go ngoirthear arán 'san Sgrioptúir do'n uile nidh fhoghnas dúinn de thaobh ár n-anmann agus ár gcuirp, do réir mar adeir Mátha 'san seiseadh caibidil, ag trácht ar an bPaidir, ‘Tabhair dúinn andiu ár n-arán laetheamhail.’ Agus is é chialluigheas maille ris an ‘arán laetheamhuil,’ gach nidh bhíos ina riachtanus oruinn; agus nachar leigidh Dia go mbiadh Críost chómh éigcríonna sin agus nach iarrfadh do Féin ná dhúinn-ne acht arán tur; agus, ó's nidh E Féin in a raibh sochar, ní h-iongnadh E do ghairm aráin de Féin. Tig Eoin leis so, 'san gcaibidil cheudna, mar a ndubhairt — ‘An tí chaithfeas an t-arán so biaidh beó go síorruidhe.’ Is follus nach raibh riamh ná anois arán (do réir substainte aráin) ag á mbíodh de bhuaidh duine do chongbháil bheó go síorruidhe. Ar an ádhbhar sin, ó's ag Corp Chríost amháin atá an bhuaidh sin, is ar Chorp Chríost amháin do labhair Eoin 'san gcaibidil úd.

Is iomdha fioghair ag an tsacraimint so 'san Sgrioptúir. Ar dtús 'san 16 caibidil in Ecsodus, do'n phlúr neamhdha, mar a n-abair an pobal ag deunamh iongantuis um an bplúr an cheud oidhche do fearadh é, ‘Manhú?’ — eadhon, ‘Creud é so?’ Adeir Maoise, agá bhfreagradh, ‘Ag so an biadh do chuir Dia do Neamh chugainn.’


p.56

Mar an gceudna, dá bhfiafruigheadh Cailbhin nó a chlann, ria faicsin na Sacraiminte so, ‘Creud é so?’ adeir Eóin, ag freagradh dóibh, 'san seiseadh caibidil, ‘Ag so (ar sé) an t-arán thug an Tighearna daoibh mar oileamhain.’ Is é so fós an plúr do gheall Eoin 'san dara caibidil in Apocalipsi, an tan adubhairt, ‘Dobhéar (ar sé) an plúr atá i bhfolach do'n tí bhearas buaidh.’ Is é, iomorro, chialluigheas an plúr úd atá i bhfolach Corp Chríost atá i bhfolach fá aicídibh an aráin.

Léightear 'san 26 caibidil in Ecsodus go mbídís aráin choisreagtha ar an altóir 'san tSein-Reacht, agus fa sompla sin do'n abhlainn choisreagtha bhíos ar altóir an Aifrinn, agus is córaide dhúinn a thuigsin mar so go n-abair úghdar Eabhrach d'ár bh'ainm Rabbi Iúda, gurab é fa h-ainm do'n arán choisreagtha so arán na ndealbh, d'á chur i gcéill go raibh a gcinneadh dealbha do bheith 'san aráin d'árab sompla an t-arán úd 'san tSeinreacht.

Agus is é chialluighid na dealbha úd dealbh na Diadhachta agus dealbh na daonnachta bhíos i Sacraimint na h-altóra.

Ba fhíoghair mar an gceudna do'n tsacramint an toirtín fá luaith fá cosdus d'Elias ar feadh dá fhichead lá re ndul go Sliabh Oiréib dó, óir amhuil rug sin as (do Elias) gan caitheamh do dhul ann ag dul ar an sliabh dhó, is mar sin bheireas sacraimint na h-altóra as (dúinn-ne) gan chaitheamh do dhul innte go dul ar Sliabh an Fhlaithis Neamhdha dúinn andiaigh na beatha so.

Fa fioghair mar an gceudna do'n tSacraimint so an íodhbairt aráin agus fíona dorinne Melchisedech. Fa fíoghair, fós, do'n tSacraimint so an fleadh do h-ollmuigheadh le Assuerus Rígh dochum bainnse Esther, amhuil léightear 'san dara caibidil de Leabhar h-Esther; Amhuil, iomorro, dorighne Assuerus Rígh fleadh chum Esther do phósadh, mar an gceudna doghnidh Críost fleadh na h-altóra chum anman na bhfíreun do phósadh ris féin, do réir mar adeir Sé Féin anns na Cainticibh ag labhairt re h-anam an fhíréin. Is ag tairngire an tsacraimint so do bhí an nidh dorinneadh 'san tSeinReachda, léightear 'san 49 caibidil i nGenesis, mar a n-abarthar (ag tairngire Chríost do bheith fá ghnéithibh an fhíona) — ‘O a mhic (ar sé) atá ag ceangal do bhromaigh do'n fhineamhuin agus ag ceangal d'asail do chrann na fineamhna.’ Is amhlaidh, iomorro, thuigeas úghdar Eabhrach d'ár bh'ainm Rabbi Cana na briathra so ag cur gluaise ar an gcaibidil gceudna, gurab'é chialluigheas an fhineamhan, aicíde an fhíona, agus gurab é chialluigheas an bromach ceangailte úd Diadhacht Chríost, agus ní h-éagcosmhail a samhlughadh re chéile; óir mar nach téid cuing ná bréadach ar an mbromach, mar an gceudna, ní théid cuing umhlachta ar an nDiadhacht ag creatúir 'san gcruinne.


p.57

Is é chialluigheas an gheug úd do luaidhmear, aicíde an aráin d'á mbí an t-asal — eadhon, Corp Chríost — ceangailte; agus ní h-éagcosmhuil Corp Chríost do shamhlughadh re h-asal, óir mar iomcharus an t-asal eire nó ualach mór, is mar sin do iomchair Críost eire mhór 'san gcroich chéasda — eadhon, peacaidh an chinidh dhaonda uile, amhuil adeir Isaias 'san 53 caibidil — ‘Do chuir Dia (ar sé) ár bpeacaidh go léir i gceann a chéile annsúd,’ ag labhairt ar pháis Chríost. Do thairrngir Dáibhidh 'san 71 Sailm Sacraimint Chuirp Chríost, an tan adubhairt — ‘Beidh (ar sé) sacraimint 'san talmhain, i mbeannaibh na sléibhteadh, agus áirdeóchthar a thoradh ós crannaibh Liobáin.’ Ag sin ciall na bhfocal Eabhrach do réir an fhriotail nó an translation dorinneadh leis na seachtmhogha fear friotail. Ag so friotal Hieronimus, ‘Beidh (ar sé) cuimhne cruithneachta san talamh i gceannaibh na sléibhteadh.’ Ag so friotal na Caldaice ar na briathraibh ceudna, agus is foillsighthe labhras ar shacraimint na haltora ioná an dá fhriotal shuas — ‘Beidh (ar sé) íodhbairt aráin 'san talmhuin i gceannaibh na sléibhteadh’ — eadhon, ós mullaighibh na sagart 'san Aifrionn an tan thógbhaid an tsacraimint ós a gcionn. Is follus, iomorro, gurab ainm do'n tsagart sliabh, do réir Micheas Fáidh, 'san gceathramhadh caibidil — ‘Is sliabh Críost (ar sé) ós na sléibhtibh.’

Fa fioghair mar an gceudna do'n tSacraimint so na hAltóra an dá phroinn thug Críost uaidh ar an bhfásach — an cheud phroinn díobh, ionar shásuigheadh ar an sliabh na cúig míle fear le cúig bhairgheanaibh beaga eorna agus le dá iasg, ionnus gur chuir Sé an oiread sin do rath ar an mbeagán an tan sin go raibh dhá chliabh deug brúirigh d'fhuighleach aca. Mar do chuir, iomorro, Críost líonmhaireacht agus rath ar an bproinn so ó n-a roinn, is mar sin chuireas Dia líonmhaireacht ar Bhairghín na Beathadh — eadhon, ar Chorp Chríost an tan dáiltear do'n phobal é. Fa fioghair mar an gceudna, do'n tSacraimint so an dara proinn thug Críost uaidh, do réir mar léightear ag Marcus, 'san 8 caibidil, mar a n-innstear gur shásaigh Críost 4,000 fear le seacht mbairgeanaibh agus le beagán éisg. Ag so fioghair, mar an gceudna, do'n tsacraimint so, an nidh léightear 'san naomhadh caibidil de Leabhar Genesis mar a n-abair — ‘Cuirfead Mo bhogha féin i neulaibh neimhe, mar chomhartha daingean na síotha eadram féin agus macaibh na ndaoineadh.’ Ionann sin re a rádh agus go gcuirfeadh Dia a Mhac Féin fá ghnéithibh aráin agus fíona i Sacraimint na hAltóra mar chomhartha síothchána idir É Féin agus na Críosduighthibh.

Dá bhfiafruigheadh Cailbhin — Cionnus budh fhéidir nach rachadh caitheamh i gCorp Chríost ó bheith ag á shíor-chaitheamh ar an altóir? Mo fhreagra air — nachar bhfusa le Dia cronnóigín mine agus crúisgín ola na mná thug an toirtín fá luaith aráin do Elias do chongbháil ar feadh na h-aimsire


p.58

cruaidhe gan caitheamh do dhul ionnta, agus iad go laetheamhuil ag á chaitheamh ar chuid agus ar dhinéir, amhail léightear 'san 17 caibidil de'n treas leabhar de Leabhraibh na Ríogh, ioná Sacraimint na hAltóra do bheith ag á chaitheamh go laetheamhuil, agus gan caitheámh do bheith ag dul innte.

Is iomdha sompla eile againn as staraibh inchreidthe na hEaglaise, mar a léightear gur chuir Dia líonmhaireacht agus bail ar biadhaibh go minic, agus ní h-é amháin acht do chuireadar mórán de dhaoinibh naomhtha líonmhaireacht agus rath go minic ar bhiadhaibh do bhí aca féin maille re chomhachtaibh Dé.

Léightear ag Greagóir Mór, 'san treas leabhar de Leabhraibh na hAgallmha gur bheannaigh naomh d'ár bh'ainm Tulas aon bhairghean amháin aráin, agus gur chuir de líonmhaireacht agus de rath air gur shásuigh sé iomad de lucht oibre cian de laethibh ar mbeith ag córughadh teampoill S. Labhráis dóibh.

Léightear i mBeathaidh S. Doiminic go raibh sé uair gan aige acht dá bhairghin bheaga, agus gur shásuigh dá fhichid bráthair ar trí proinnibh agus go raibh nidh budh mó d'arán anns na brúireachaibh do bhí d'fhuigheall aca ioná do bhí ar dtús 'san dá bhairghin.

Leightear 'san gceathramhadh chaibidil de'n cheathramhadh leabhar de Leabhraibh na Ríogh gur shásuigh Eliseus le dá bhairghin deug céad fear de mhacaibh na bhfáidheadh; agus mar an gceudna, mar gur chuireadar an drong sin (do bhí i n-a ndaoinibh) bail agus líonmhaireacht ar na biadhaibh do bhí aca féin maille re comhachtaibh Dé. Ní hiongnadh Críost, is Dia fíre, do chur líonmhaireacht ar A Chorp Féin, ionnus go mbudh fhéidir do na Críosduighthibh bheith ag á chaitheamh do ghnáth agus gan caitheamh do dhul ann.

Ag so sompla nádúrtha as a dtuigfeam gurab fhéidir neithe do bheith ann anns nach téid caitheamh ó bheith ag á gcaitheamh do shíor, mar atá solus na gréine, óir bídh sé do ghnáth ag á chaitheamh agus ní théid caitheamh ann do shíor. Mar an gceudna bídh an t-eagnuidheach ag tabhairt fhoircheadail agus foghluma uaidh agus ní lughaide aige féin an fhoghluim sin; ní lughaide fós uisge an tobair a dtógthar d'uisge as an sruth bhíos ag sníghe uaidh; agus mar an gceudna do Chorp Chríost.

Dá n-abradh Cailbhin nachar bhféidir do Dhia Féin substaint aráin do chlaochlodh i substaint Chuirp Chríost. Bíodh a fhios aige gurab lugha an creideamh atá aige ioná creideamh an Diabhail, do réir mar adeir Matha 'san gceathramhadh chaibidil (ag aithfriotal uirghill an Diabhail re Críost) — ‘Má's Tú Mac Dé (ar sé) abair ris na clochaibh úd do bheith ina n-aránaibh.’ Is follus as na briathraibh so go n-admhuigheann an Diabhal go mbudh fhéidir le Mac Dé substaint chloiche do chlaochlodh i susbstaint aráin.


p.59

Acht gidh séanas Cailbhin nach fhéidir le Dia arán do chlaochlodh i substaint Chuirp Chríost, agus is iongnadh an daille croidhe thárla do Chailbhin as ar mheas sé nachar bhféidir le Dia substaint aráin do chlaochlodh i substaint Chuirp Chríost agus go ndéintear go laethamhuil claochlódh an aráin do ithtear leis na daoinibh i bhfuil agus i bhfeoil do bhreathnughadh gach aon duine ag á bhfuil eolus i léigheas nó anns na neithibh nádúrtha.

Is follus nach deacra so do dheunamh ioná mar do chruthaigheadh an domhan de neimhnidh, amhuil léightear 'san gcéad chaibidil de'n Bhíobla, nó mar do dhealbhadh Adhamh de lathuigh na talmhan, nó Eubha de'n asna tháinig as taobh Adhaimh; nó mar claochluighthear an síol i ngeamhar, agus an geamhar i ndéis, agus an déas i síol; nó mar claochluighthear luaith na raithnighe i ngloine.

Ag so sompla iongantach atá i n-Eirinn ar chlaochlódh — eadhon loch atá i Leath Chuinn, dárab ainm Loch n-Eathach, agus an tan cuirtear cuaille cuilinn ann, ina sheasamh, agus fágthar ann é go ceann seacht mbliadhna, claochluighthear in iarann an chuid bíos i dtalmhain de, agus an chuid bhíos fá uisge de ina chloich, agus an mhéid bhíos ós cionn uisge dhe i gcrann adhmuid ina chruth féin, do réir mar léightear ag Cambrensis 'san leabhar do sgríobh d'Iongantaibh na hEireann.

Ag so sompla eile aguinn as an mBíobla mar a ndeárnadh claochlódh agus comh mór le claochlódh an aráin i gCorp Chríost, mar atá an claochlódh dorinneadh ag bhainis (Eoin) i gCána, mar ar hiompuigheadh an t-uisge chum bheith ina fhíon; nó mar do claochluigheadh bean Loit i liagán saluinn, do réir mar léightear 'san naomhadh caibidil deug in Genesis; nó mar do claochluigheadh le Maoise na srotha uisge i bhfuil, do réir Dáibhidh, 'san 104 Sailm; nó mar do claochluigheadh le slait Maoise an charraig in uisge, do réir mar léightear 'san bhficheadh chaibidil de Leabhar na nUibhreach; nó mar do claochluigheadh an tslat le slait Maoise i náthair nimhe, agus an náthair nimhe ceudna i slait arís, an tan do bhí ag deunamh conspóide nó coimhmeasda re draoithibh na hEigipte; nó mar do claochluigheadh cuid d'fhuil ró-ghlain Mhuire i substaint Chuirp Chríost i mbroinn na maighdine, amhuil léightear ag Lúcás 'san gcéad chaibidil, an tan adubhairt Muire — ‘Déantar dhamhsa (ar sí) do réir do bhreithre-se.’.

Is cneasda, iomorro, a thuigsin mar go raibh de bhuadhaibh ag briathraibh Maoise, do bhí ina shagart do'n tSeinReacht, substaint slaite do chlaochlódh i substaint nathrach nimhe, go bhfuil de bhuadhaibh ag na briathraibh coisreagtha do fháguibh Críost ('san tsuipéir) ag na sagartaibh Soisgeulta claochlódh do dheunamh ar arán na h-abhluinne i substaint Chuirp Chríost.


p.60

Léightear fioghair ró-uaigneach bheanas ris an tSacraimint so 'san 27 caibidil de Ghenesis ar chloinn Isaac — eadhon, Esau agus Iacob, dorugadh d'aon toirrcheas, acht gidh fa thaosga do thuismeadh Esau ioná Iacob. Is amhlaidh, iomorro, do bhí an fear fa hóige dhíobh ina mhuirnín ag a mháthair. Rebeca fa h-ainm do mháthair na cloinne sin, agus fa h-annsa léi an mac fa h-óige díobh (Iacob) ioná an mac fa sine (Esau). La n-aon d'ár iarr a n-athair — eadhon, Isaac (agus é féin, in a sheanóir dhall) ar Esau dul do sheilg agus proinn agus tomaltus d'ollmhughadh dhó de'n tseilg do dhéantaoi leis. Dála Esau, dochuaidh roimhe go lúthgháireach do dheunamh na sealga, do bhrígh gur gheall a athair a bheannacht do thabhairt dó iar gcaitheamh na proinne dobhéaradh chuige de'n tseilg, óir do bhí an t-athair re bruinne mbáis an tan sin. Níor chian dochuaidh (Esau) an tan do labhair Rebeca re n-a múirnín mic (Iacob), agus adubhairt ris luathas do dheunamh agus beannacht a athar do ghreamughadh roimhe Esau do dhul do sheilg, agus d'innis dó an modh ar a ndiongnadh sin — eadhon, meannán d'ollmhughadh dhó go maith agus a thabhairt d'á athair, agus a innsin gurab é féin Esau. ‘Dob' eagail damh-sa, a mhatháir (ar Iacob) dá n-aithneochadh m'athair mé, gurab mallacht dobhéaradh in ionad a bheannachta dham.’ ‘Bíodh sin ormsa,’ ar an mháthair. d'ollmuigh siad an phroinn as a haithle sin, agus thug siad go hIsaac í. ‘Caith dom' sheilg-se, a athair,’ ar Iacob. ‘Cia thú?’ ar Isaac. ‘Mise do chéad mhac, Esau,’ ar Iacob. ‘Maiseadh, is sé guth Iacob atá ann (ar Isaac). Crom chugam a leith (ar sé) go bhfeicim an tú atá ann.’ Is amhlaidh dorinne Rebeca ris roimh teacht do láthair, croicinn chlumhacha do bhí aice d'fhuagháil ina thimcheall, agus is uime do chuir sí an clúdadh sin air do mhealladh Isaac, ionnus an tan do ghlacfadh a athair é go meásfadh gurab'é Esau do bhí ann, do bhrigh gurab cneas clumhach fionnfadhach do bhí ag Esau, agus gurab cneas slím lom do bhí ag Iacob.

Cia h-é (go fáithchiallach) an tIsaac úd acht an Críosduidhe nach faiceann Corp Chríost, agus ina chreideamh atá dorcha (do réir na ndochtúireadh sgolárdha); agus cia h-é an Iacob i riocht Esau acht Corp Críost i riocht an aráin. Agus cia na croicinn fa'r dísligheadh Iacob acht gnéithe an aráin fá ndíslighthear Corp Críost; agus, amhuil do mealladh na ceudfadha eile ag Isaac acht an éisdeacht amháin, is mar sin mealltar an Críosduidhe de thaoibh Chuirp Chríost fá ghnéithibh an aráin; óir dá bhfiafruighthí de na ceudfadhaibh eile creud atá 'san tSacraimint úd na h-altóra, adéaradh an lámh ag á tadhall gurab arán é; adéaradh an beul ag á fromhadh gurab arán é, do bhrígh gurab blas aráin dogheibh air; adéaradh an tsúil ag á feicsin gurab arán é, do bhrigh gurab dath aráin dochídh air; adéaradh an tsrón an nidh ceudna, do bhrigh gurab boladh aráin dogheibh air. Gidheadh, ní dóibh so is chóir creideamhain anns na


p.61

neithibh bheanas re creideamh, acht do'n chluais, do bhrigh gurab í ceudfadh na h-éisdeachta í, agus gurab ris an éisdeacht bhaineas an creideamh (do réir Phóil 'san deachmhadh caibidil chum na Rómhánach), agus gurab é nidh dogheibhtear leis an éisdeacht briathra Chríost, agus gurab é deirid briathra Chríost ag labhairt ar Shacraimint na hAltóra, do réir Lúcáis, 'san 22 caibidil — ‘Ag so (ar Sé, ar mbeith do ghnéithibh an aráin in A Láimh) Mo Chorp Féin.’ Dá bhrigh sin, is é is cóir dúinn cion do thabhairt ar cheudfadh na h-éisteachta seach na ceudfadhaibh eile ós innte gabhtar briathra Chríost adeir rinn gurab é A Chorp Féin bhíos againn dáríribh ar an altóir; agus, muna ndeunam sin, meallfuidhear sinn amhuil do mealladh Isaac.

Ag so sgeula míorbhuileacha ó n-a b'iontuigthe Corp Chríost do leith fá gnéithibh aráin ar an altóir: —.

Léightear go raibh dochtúir naomhtha i bPáirís, d'ár bh'ainm Húgo, ar a raibh do mhian Críost d'fheicsin in A Chruth Dhaonda ar an altóir, agus lá n-aon dá raibh ag rádh Aifrinn, andiaigh na h-abhluinne do choisreagadh dó, dochonnairc sé an abhluinn ar gclaochlódh i gcruth naoidhin niamh-chruthuighe; agus, mar dochonnairc sin, do ghabh uamhan agus imeagla é roimh an dtaisbéanadh sin. Leis sin dorinne an leanbh gáire, agus adubhairt — ‘A Húgo (ar Sé), creud as nach gcaitheann tú Mé anois?’ ‘A Thighearna (ar Hugo), ní dána mé ar do chaitheamh ná ar bain riot an gcéin bhías Tú ad' Chruth Dhaonda mar sin, agus guidhim Thú um dhul 'san riocht in a ngnáthuighim do chaitheamh.’ ‘Rachad,’ ar Críosd, ‘gidheadh do chaillis-se an luaighidheacht speisialta do bhiadh agad fá a chreideamh go mbeidhinn-se fá ghnéithibh an aráin; óir ní h-é a chreideamhain do dheuna tú ó so suas, acht bíodh a fhios agad go dearbhtha go mbiaidh Mé ann; agus is í an dúil chúirialta do bhí agad am' fhaicsin-se am' chruth féin do chuir an sochar sin amugha ort.’ Léis na briathraibh sin do rádh do Chríost, do dhísligh E Féin fá ghnéithibh an áráin, agus do chaitheadh le Húgo mar sin E. Is inchreidthe as an míorbhuil so go mbí Críost go foluightheach fá ghnéithibh an aráin ar an altóir.

Léightear fós ar mbeith do Lúdo bhícus Naomhtha, Rí Fraince, lá ag éisdeacht Aifrinn, i dteampoll mór Phairíse, agus an tráth ceudna dobhadar Aifrinn aga rádh i séipéalaibh eile 'san teampoll, agus tárla do dhuine uasal de mhuinntir an ríogh bheith ag éisdeacht aifrinn i séipéal díobh; agus ar dtógbháil an tSacraimint suas do thaisbéan Críost E Féin 'san abhluinn i gcruth leinbh do'n duine uasal reamhráidhte, agus leis sin dochuaidh an duine uasal maille re deithfir mar a raibh an rígh d'fhaisnéis na míorbhuile sin dó, agus d'iarr leis é d'fhéachuin an leinbh. ‘Ní rachad (ar an righ), óir, mar is deimhin leat-sa Críost do bheith ar an altóir


p.62

sin agad féin i lámhaibh an tsagairt, mar an gceudna is deimhin liom-sa go bhfuil Críost ar an altóir so agam féin i lámhaibh an tsagairt.’ Is inchreidthe as an sgeul so go mbí Corp Chríost dáríribh 'san abhluinn ar an altóir.

Léightear ag Cesarius, 'san ochtmhadh caibidil de'n naomhadh leabhar, go raibh bean d'áirighthe agá raibh iomad beach agá n-oileamhuin, agus thárla dóibh aimsir in a mbídís ag fagháil bháis, ionnus nach gabhadh leigheas air bith greim dhíobh. Tug comharsa d'áirighthe do theagasg do'n mhnaoi sin dá gcuireadh sí Corp Chríost fá chuirceóig díobh, nach eugfadaois na beich. Dála na mná, do leig uirthe Corp Chríost do chaitheamh agus do fholuigh ina brollach é, agus do chuir ina dhiaigh sin fá chorcóig d'á raibh ina gardha é. I gcionn aimsire ina dhiaigh sin táinigh d'fhios na cuirceóige, agus is amhlaidh fuair seipéal déanta do chéir maille re h-oibriughadh na mbeach, agus altóir 'san t-seipéal agus Corp Chríost ar an altóir. Arna fhaicsin sin do'n mhnaoi do ghabh bíodhga í, agus dochuaidh mar a raibh an sagart, agus do innis an sgeul ó thús go deireadh dó, agus tháinig an sagart maille ris an bpobal d'ionnsuidhe an ionaid sin, agus fuaradar an séipéal amhuil adubhairt an bhean, agus na beich ag timpearacht do'n tSacraimint, agus an tan do thóg an sagart an seipéal idir a lámhaibh, re triall gus an eagluis, dobhádar na beich do ghnáth ag deunamh dordáin dó nó go ndeachaidh isteach 'san teampoll, agus níor cealgadh aonduine do'n chuideachtain leó ag teacht no ag imtheacht dóibh. As an sgeul so is iontuigthe gurab é Corp Chríost dáríribh bhíos 'san abhlainn iarn-a choisreagadh.

Léightear 'san leabhar dárab ainm ‘Scala Coeli’ go raibh bráthair in ionad d'áirighthe do bhí muinteardha re duine uasal do bhí 'san áit cheudna, agus do bhí múirnín mic ag an duine uasal d'á dtugadh an bráthair breugáin go minic, ionnus gur tharraing gean an leinbh go mór air. Lá n-aon dá ndeachaidh an bráthair do rádh Aifrinn, agus an leanbh mar aon ris amhail do ghnáthaigheadh, agus do bhí an leanbh ina fhochair ag éisdeacht an Aifrinn; agus, an tan do bhí an bráthair ag tógbháil an Chuirp Naomhtha suas, dochonnairc an Leanbh Críost i gcruth naoidhin idir a lámhaibh, agus do bhí an leanbh agá fheuchain amhluidh sin go mbeith ag caitheamh an tSacraimint do'n bhráthair agus annsin dochonnairc an leanbh an bráthair ag slugadh an naoidhin ina bheul go h-obann. Do ghabh bíodhga an leanbh arna fhaicsin sin, agus do rith go dian as an eagluis amach, agus dochuaidh i bhfolach in ionad dhiamhair. Iar gcríochnughadh an Aifrinn do'n bhráthair, dochuaidh féin agus drong de muinntir an duine uasail do iarraidh an leinbh, agus arn-a fhagháil dóibh, do sgread go h-árd, agus adubhairt — ‘A mhuinntir chroidhe m'athar (ar sé), gabhaim bhúr gcoimirce.’


p.63

‘Creud is eagal duit?’ ar siad. ‘An bráthair so dom' ithe, amhail do ith sé an leanbh ó chianaibh 'san Aifrionn.’ Agus do innis an sgeul dóibh amhuil adubhramar. Is iontuigthe as an sgeul so, agus as mórán de sgeulaibh eile do fheudfamaois do chur síos annso go mbí Corp Chríost dáríribh 'san abhluinn, idir lámhaibh an tsagairt, ar an altóir.

Bíodh a fhios agat, a léightheóir go bhfuilid ceithre modha ar a ndéantar claochlódh ar na neithibh, do réir S. Tomáis, an Dochtúir Ainglidhe. An chéad modh díobh, nidh do thabhairt ó neimhnidh chum bheith ina nidh, agus is é sin claochlódh tháinig ar an domhan mhór arn-a chruthughadh. An dara modh, claochlódh aicíde in aicíd eile, mar atá claochlódh teasa i bhfuacht gan milleadh na substainte in a mbíd, mar atá teas do bheith i láimh, agus an teas sin do chlaochlódh i bhfuacht gan milleadh na láimhe. An treas módh, claochlódh substainte leathrannach mar a dtig malairt ar roinn de'n tsubstaint — eadhon, ar an bhfoirm — agus gan a dhul ar an roinn eile — eadhon, ar an ádhbhar. Ag so sompla air sin — eadhon, an tan iompuighthear feoil i gcrumhaibh; óir téid claochlódh ar roinn de'n tsubstaint so na feóla — eadhón, ar an bhfoirm, ar an tsubstaint eile — eadhón, i bhfuirm cruimh — gidheadh anaidh an roinn eile (eadhon, an t-adhbhar) go hionann in gach cuid díobh. An ceathramhadh claochlódh, in a gclaochluighthear substaint iomlán idir ádhbhar agus foirm, i substaint iomlán eile, amhuil dognídhthear 'san chlaochlódh choisreagtha so, mar a n-iompuighthear substaint aráin, idir ádhbhar agus foirm, i substaint Chuirp Chríost.

Ag so síos cuid d'argúntaibh Chailbhin, mar a gcuireann roimhe a áitiughadh nachar bhféidir le Dia Féin (le n-A Uile-chomhachtaibh) substaint Chuirp Chríost do chur fá ghnéithibh an aráin, ‘Do bhrigh (ar sé) nach féidir le Dia aon nídh amháin do chur in dá áit in aoinfheacht.’ Mo fhreagra ar Chailbhin — gurab breugach an nídh adeir, agus gurab fallsa a réasún ris, mar is follus 'san chaibidil déigheanaigh de Leabhar na dTaisbeánta ag Eóin, mar a n-abair go bhfacaidh féin aon chrann amháin in dá áit in aoinfheacht. Agus dá réir sin, is breugach an reasún úd Chailbhin, mar a n-abair nach féidir le Dia aon nidh amháin do chur in dá áit in aoinfheacht. Ag so briathra Eóin 'san gcaibidil úd — ‘Dochonnarc (ar sé) abhann uisge na beathadh go deallruightheach amhuil criosdal ag buinniughadh i h-Ionad Suidhte Dé, agus crann na beathadh ar gach taoibh de'n abhuinn, ag tabhairt dá thoradh dheug uaidh.’

Is iontuigthe as na briathraibh so gurab féidir le Dia aon nidh amháin do chur in dá áit in aoinfheacht, mar gur chuir Sé an t-aon chrann ar gach taobh de'n abhainn in aoinfheacht.

Is móide fós is inchreidthe an fhírinne so, mar go léightear 'san gcúigeadh caibidil de'n gceathramhadh leabhar de Leabhraibh na Ríogh go raibh Eliseus


p.64

i ndá áit in aoinfheacht, an tan do aontuigh Giesi cumhaidh nó breab do ghlacadh ó Naaman; agus mar léightear ag Matha, 'san treas caibidil, gur thuirling an Spiorad Naomh i gcruth choluim ar crann i sruth Iordan, acht gidheadh do bhí do ghnáth ar Neamh mar aon ris an Athair.

Léightear ag Lúcás, 'san treas caibidil gur labhair an tAthair as an neull ós cionn Chríost, ar mbeith i sruth Iordan do Chríost, agá fhaisnéis gurab é A Mhac dhil féin E; gidheadh atá an tAthair do ghnáth ar Neamh gan a thréigean riamh.

Tig Crisostomus leis an bhfírinne sin, 'san treas leabhar ro sgríobh ar dhighnit na sagartachta, mar a n-abair go bhfuil Críost in A shuidhe, mar aon ris an Athair, ar Neamh, agus in aoinfheacht ar talmhain dá thadhall i lámhaibh na sagart.

Léightear 'san 28 caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh na Ríogh gur thaisbeán Samuel é féin do dhruing ar an saoghal so re linn bheith i bpriosún na n-aithreach dó.

Léightear 'san naomhadh caibidil de Ghníomharthaibh na nAbstal gur labhair Críost as an neull re Pól, an tan A dubhairt — ‘A Sháuil, a Sháuil (ar sé), creud fá ndeuna inghréim no foileanmhain orm.’

Is follus an tráth so go raibh Críost ar Neamh, do réir Chailbhin, agus 'san neull ag labhairt re Pól do réir na Sgrioptúra so. Dá réir sin caithfidh Cailbhin a rádh gurab breugach é féin nó an Sgrioptúir.

Léightear fós ag Pól 'san 15 caibidil de'n chéad Eipistil chum na gCoirinteach gur thaisbeán Críost E Féin andiagh A bháis do mórán de na Deisgioblaibh, agus fá dheireadh dho féin.

Léightear fós ag S. Antoninus ina Chroinic, go raibh Ambrós Naomhtha in aoinfheacht agus in aonuair ag éisteacht Aifrinn, 'san chathraigh d'árab ainm Millán, 'san Iodáil, agus ar adhnacadh Mhairtín Naomhtha 'san chathraigh d'árab ainm Turenn 'san bhFrainnc, agus do dheónaigh Dia d'Ambrós Naomhtha a leathlámhán do dhearmad láimh re h-altóir an teampoill in ar h-adhluiceadh Mairtín, d'á dhearbhadh nach taidhbhse ná aisling dochonnairc an mhuinntear do bhí do láthair adhlaicthe Mhairtín, acht gurab é Ambrós féin ina chorp cholluidhe do bhí ann. 'San chathruigh úd Milláin, iomorro, fa h-easbog Ambrós, agus is innte do bhíodh do ghnáth.

Ag so sompla muinnteardha do neartuigh leis gach nídh d'á ndubhramar anaghaidh mhíréasúin Chailbhin

Dá mbeith cheana seanmóiridhe ag á mbiadh guth árd ag seanmóir do láthair míle fear, féaduigh aonghuth amháin do chur ina gcluasaibh go coitchionn in aoinfheacht; agus dá réir sin, cuiridh aon nidh amháin (eadhon an t-aon ghuth amháin) in ionadaibh éagsamhladh in aoinfheacht (eadhon i


p.65

gcluasaibh iomdha na druinge bhíos ag éisteacht ris.) Agus mar go gcuireann an seanmóraidhe an t-aon nidh amháin so in ionadaibh eugsamhla in aoinfheacht le comhachtaibh na nádúire, is eugcóir adeir Cailbhin nach feudfadh Ughdar na Nádúra aon nidh amháin — eadhon, A Chorp Féin — do chur in ionadaibh eugsamhla.

Agus dá mbeith nach biadh an oiread so de shuidhiughadh nó de shomplaidhibh ar an bpunc so Corp Chríost (bheanus re n-ár gcreideamh) againn, is é dhlighthear dhúinn gan ansgrúdadh do dheunamh, acht ár dtuigsin do chuibhreach agus a chreideamhuin go soiréidh, go mbudh fíor gach nidh dá mbeith 'san Sgrioptúir, agus an tan nach dtuigfimís (do réir reasúin) go mbeidís soidhéanta, gan leanmhain ar cúirialtacht ceasd acht éigheamh mar dorinne Pól, amhail leightear 'san t-aonmhadh caibidil deug chum na Romhánach, mar a ndubhairt — ‘O, a áirde shaidhbhris, eagna, agus eolais De! Creud é diamhracht do bhreitheamhnuis, agus creud é deacracht do shlighte do leanmhuin!’ Agus mar go n-admhann Pól go ndeachaidh de féin a fhios do bheith aige creud fá go ndeárnadh Dia mórán de neithibh, agus cionnus dorinne Sé iad, ní h-iongnadh go rachadh de Chailbhin agus de'n uile dhuine, níos mó ioná chuaidh de Phól.

Is mar sin de thaoibh Chuirp Críosd 'san abhlainn; mar dochuaidh de Chailbhin gan a fhios do bheith aige cionnus chuireas Dia ann é, níor cneasda dhó (do dhísliughadh a ainbhfeasa féin) a rádh nachar bhféidir le Dia a chur ann; acht is é do dhlighfeadh do dheunamh, amhail adeir Pól, 'san deachmhadh caibidil de'n Dara hEipistil chum na gCoirinnteach, go ndligheann duine a thuigsin do chuibhriughadh, do thabhairt géille agus creideamhna do chumhachtaibh Chríost, agus ar dtús is córaide sin do dhéanamh, mar léightear ag Lúcás, 'san ochtmhadh caibidil deug — ‘Na neithe atá doidhéanta ag daoinibh, go bhfuilid soidhéanta ag Dia,’ amhail is follus i mórán d'áitibh de'n Sgrioptúir, go ndeárna Dia gníomhartha le n-A chumhachtaibh féin nach féadfadaois (daoine) do dheunamh, mar atá Maighdean do bhreith mic gan truailleadh a hóghachta, amhail do thairngir Isaias 'san tseachtmhadh caibidil; agus mar tháinig Críost imeasg na nApstal 'san árus druidthe in a rabhadar gan osgladh doruis nó fuinneóige, do réir Lúcáis 'san 24 caibidil; nó mar tháinig Críost as an dtuamba do bhí iadhta séaluighthe (idir corp agus anam) gan osgladh an tuamba, do réir Matha, 'san 28 caibidil, agus Marcuis, 'san 16 caibidil. Ní h-é, iomorro, Críost do thógaibh an leac de'n tuamba, acht aingeal do thuirling de Neamh (iar n-eiséirghe Chríost) le ar tógbhadh an leac, agus le ar briseadh séala Caezar do bhí uirre. No mar dochuaidh Corp Chríost ar Neamh, do réir Phóil, 'san gceathramhadh caibidil de'n Eipistil chum na nEphesianach. Nó mar do shiubhail Críost ar uachtar na mara, do réir Mhatha, 'san gceathramhadh


p.66

caibidil deug. Nó mar do ghabh sruth Iordan — eadhon, an t-uisge — anaghaidh áird, agus mar do éirigh i gcosamhlacht sléibhe do gach leith, ag leigean phobail Dé thairis, do réir Iorua, 'san treas chaibidil. Nó mar do thoirmeasg Dia an teine do bhí 'san tsóirn gan gníomh do dheunamh air an dtriúr leanbh, do réir Daniel 'san treas caibidil. Agus mar go ndeárnadh Dia na míorbhaileadha so, agus mórán míorbhail eile do bhí doidheunta ag daoinibh, nach luaidhtear linn de'n chor so, is éigcneasda do Chailbhin a mheas nach féadfadh Críosd (atá in A Dhia Fhírinneach) aon nidh amháin do chur in dá áit in aoinfheacht, tar cheann nach feudfadh duine do chomhachtaibh daonda a dheunamh.

Adeir Cailbhin nach féidir nídh mór do chonnlughadh i nídh beag istigh, agus dá réir sin nach féidir Corp Chríost do chonnlughadh i mbairghin bhig aráin is lugha go mór ioná Corp Chríost. Mo fhreagra ar an reasún so, go bhfuil sé breugach, do réir Eóin 'san gcéad caibidil mar a n-abair na briathra so — ‘Dorinneadh (ar sé) Colann de'n Bhréithir.’ Ionann sin re a rádh, agus dorinneadh Duine de Dhia, agus do réir Lúcáis, 'san gcéad caibidil, is i mbruinn Mhuire dorinneadh so, an tan adubhairt — ‘An ghein dorugadh uaibh-se (ar sé) is ó'n Spiorad Naomh atá sé,’ agus d'á bhrigh gurab Dia an Spiorad Naomh, an nídh do gabhadh ó'n Spiorad Naomh chum A gheineamhna, ní gar nach Dia é; agus dá réir sin atá gan críoch gan foircheann, do réir mar adeir Ieremias ag labhairt i bpearsain Dé, 'san 23 caibidil — ‘Líonaim (ar sé) neamh agus talamh.’ Adeir Pól, 'san seachtmhadh caibidil deug de Ghníomharthaibh na nApstal (dá chur i gcéill go bhfuil Dia in gach aon áit) — ‘Ní fada ó gach aon againn E (ar sé), óir is ann mhairimíd, gluaistear sinn, agus atámuid.’ Adeir Dáibhidh, 'san 138 Sailm (dá cur i gcéill go bhfuil Dia 'san uile áit) — ‘A thighearna (ar sé), cá háit a dteithfead ód' ghnúis? Dá dtriallaidh ar Neamh, ataoi annsin. Dá ndeachaidh go h-Ifrionn, ataoi-se do láthair annsin. Má chuirim cleiteach orm féin moch-tráth, agus go rachainn in aigéan na mara, gan amhrus béaraidh Do lámh as mé, agus greamóchaidh Do dheas-lámh mé.’

Is follus as na h-ionadaibh so go bhfuil Dia 'san uile áit, agus go líonann Sé neamh agus talamh, agus mar gur chonnluigh an Dia so E Féin i mbruinn maighdine, is follus go bhféadfadh níos lugha ioná sin do dheunamh, mar atá corp beag daonna do chonnlughadh i mbairghín aráin.

Léightear 'san gcéad caibidil de Leabhar na dTaisbeánta ag Eóin nidh as a dtuigfeam go follus go bhféadann Dia nidh mór do chonnlughadh de'n leith istigh de'n nídh beag. Ag so cheana mar adubhairt — ‘Dochonnarc (ar sé) i meadhon seacht gcoinnleóireadh samhail Mhic an Duine, ag á rabhadar seacht reultanna in A dheas-láimh.’


p.67

Is follus, de rádh gach uile fheallsamhan dár thrácht riamh ar na h-áirdreannaibh, nach bhfuil aon reult de na seacht bplainéidibh ná 'san bhfiormaimint go léir comh beag re láimh aon duine d'á dtáinig riamh nó fós dá n-abrainn chomh beag ris an gcnoc is mó 'san domhan. Agus mar go n-abair Eoin anns na briathraibh réamhráidhte, go bhfacaidh sé féin na seacht reultanna úd fa mó ioná seacht gcnuic ró-mhóra, ag á gconnlughadh i nglaic aonduine amháin, is follus go bhféadann Dia nidh mór do chonnlughadh de'n leith istigh de nidh beag; agus, dá réir sin, gurab breugach réasún Chailbhin.

Ag so sompla nádúrtha ar an nidh gceudna: —

Is follus, do réir Cleomedes; 'san dara leabhar ro sgríobh ar na Soighneánaibh, go bhfuil oiread na talmhan sé huaire deug ar thrí fichid agus ceud 'san ngréin, agus go ngabhthar sgáile iomláin na gréine i sgathán bheag, agus mar go gconnluighthear sgáile an chuirp ro-mhóir sin na gréine i sgathán beag, creud as nach creidfamaois go mbudh fhéidir le h-Ughdar na Nádúire corp beag daonda do chonnlughadh fá ghnéithibh na h-abhlainne.

Adeir Cailbhin dá mbeidheadh Corp Chríost fá ghnéithibh na habhlainne, le briseadh na habhlainne go mbrisfidhe Corp Chríost; agus, dá bhrigh sin, nach bí Corp Chríost ann. Mo fhreagra ar Chailbhin, go bhféadthar gnéithe an aráin do bhriseadh, agus gan Corp Chríost do bhriseadh, do bhrigh gurab go spioradálta sacraiminteamhail bhíos Corp Chríost ann. Ag so sompla le n-a ndearbhthar an fhírinne so. An tan, iomorro, gearrthar meur, nó cos, nó lámh de dhuine, ní gearrthar aonrud d'á anam; acht gidheadh bhíos an t-anam go hiomlán in gach cuid díobh agus 'san chorp go léir, mar an gceudna do Chorp Chríost, bíos 'san abhlainn go léir agus in gach cuid dí.

Ag so sompla eile is foillsighthe ioná súd as a dtuigfidhear go bhféadann Corp Chríost bheith 'san abhlainn go hiomlán agus bheith go hiomlán in gach aon bhlodh dí an tan bristear í — eadhon, amhail bhíos dealbh an duine go hiomlán 'san sgathán slán, agus an dealbh ceudna in gach aon bhlodh dhe an tan bhristear é, ionnus iar ngabháil bhriste do'n sgáthán nach gabhann an dealbh dochídhthear ann briseadh chuige acht bhí go hiomlán an gach aon bhlodh dhe. Mar an gceudna, an tan bristear gnéithe na habhlainne, ní ghabhann an corp bhíos fúithe briseadh chuige, acht bídh go hiomlán in gach n-aon bhlodh dí, amhail bhíos an dealbh go hiomlán in gach n-aon bhall de'n sgathán bhriste.

Léightear fíoghair ar an nídh so 'san treas chaibidil in Ecsodus, mar a bhfuil sgríobhtha go bhfacaidh Maoise lasair mhór i muine coille, agus gan a bheag nó a mhór de'n mhuine ag gabháil loisgthe chuige. Mar sin do


p.68

Chorp Chríosd, acht, gidheadh ghabhaidh gnéithe na habhlainne briseadh chuca i lámhaibh an tsagairt, ní ghabhann Corp Chríost bhíos fútha a bheag nó a mhór do bhriseadh chuige.

Adeir Cailbhin dá mbeith Corp Chríost fá ghnéithibh an aráin go dtiocfadh as sin do'n tí do chaithfeadh aon abhlann amháin nach biadh aige acht aon chorp amháin Chríost ar iomchar, agus an tí do chaithfeadh a sé nó a seacht nó dá mheud do chaithfeadh de na habhlannaibh, go mbiadh Corp Chríost ar iomchar aige anaghaidh gacha habhlainne díobh.

Mo fhreagra ar Chalbhin, an tí do chaithfeadh n-uimhir do-áirmhighthe d'abhlannaibh, nach caithfeadh acht aon chorp amháin Chríost.

Ag so fíoghair ró-ghaolmhar do so 'san mBhíobla. Léightear 'san 16 caibidil in Ecsodus, an tan, iomorro, do bhídís Clann Israel 'san oidhche ag tiomsughadh an phlúir neamhdha, do thiomsuigheadh duine dhíobh aon chronnóg amháin agus duine eile dhá chronnóig, agus duine eile deich gcronnóga, agus mar sin do gach aon aca do réir a chleasa nó a mhaitheasa féin chum cnuasaigh do dheunamh: gidheadh, re hucht an phlúir do chaitheamh dóibh, an tí do thionóladh na deich gcronnóg (nó groibín) ní bhfaghadh aige féin acht aon chronnóg amháin (‘Gamor,’ iomorro, fa hainm do'n tomhas do bhí aca); agus an tí nach tiomsuigheadh acht aon chronnóg amháin, do bhíodh aon chronnóg (nó groibín) aige comh maith agus do bhíodh a chronnóg ag fear-thiomsuighthe na ndeich gcronnóg.

Mar an gceudna do Chorp Chríost fá ghnéithibh an aráin, an tí ghlacas deich n-abhlanna ní chaitheann acht aon Chorp Chríost amháin fá ghnéithibh an aráin; agus an tí nach caitheann acht an aon abhlann amháin, caitheann an t-aon Chorp ceudna sin.

Is córaide a thuigsin gurab fíoghair fhírinneach do Shacraimint na hAltóra an plúr neamhdha úd. Ag so seacht modha in a bhfuilid ró-chosmhail re chéile: —

An céad mhodh díobh, gurab 'san oidhche do fearthaoi an plúr neamhdha; mar an gceudna, gurab in oidhche an chreidimh (atá ina eólus dorcha ann féin, amhail adubhramar shuas) dáiltear Corp Chríost dúinne.

An dara modh, gurab ar an bhfásach do fearthaoi an plúr; mar an gceudna, guráb ar fhásach an tsaoghail so dáiltear dúinne Corp Chríost.

An treas mhodh, gurab ar feadh na sé hoidhche do bhíodh an plúr neamhdha d'á fhearthainn, agus ní fearthaoi é 'san tseachtmhadh hoidhche; mar an gceudna re linn na sé n-aimseara so aguinne 'san tsaoghal so, is chum sochair luaighidheachta na sé n-aimsir sin dáiltear Corp Chríosd fá chúm na habhlainne dhúinn; gidheadh an seachtmhadh haimsear, ní bhiadh againn go sacraiminteamhail i bhfolach fá ghnéithibh an aráin, acht dochídhfeam é go follus aghaidh ar aghaidh in A ghlóir féin ar Neamh.


p.69

An ceathramhadh modh, do réir mar adubhramar thuas ag míniughadh na bhfioghrach in a dtráchtar ar na cronnógaibh (nó groibínibh) agus ar lucht a dtiomsuighthe.

An cúigeadh modh, ar ollmhughadh an phlúir, óir an tan cuirthí re teine é do bhíodh ina bhiadh tirm, daingean, inithte, agus an tan do cuirthí ris an ngréin é, do leaghadh, agus ní bhfaghthaoi ina bhiadh inithte é. Mar an gceudna, an tan curthar Sacraimint Chuirp Chríost re teinidh ghrádha Dé agus na gcomharsan bhíos ar lasadh i gcroidhe an fhíréin, doghnídh biadh daingean dileas ioncaithmhe de, agus teid i n-oileamhain spioradálta dhó; agus dobheir brígh agus beódhacht dó le a gcathaigheann anaghaidh na ndubháilceadh agus na ndroch-rún; gidheadh, an tan chuirid lucht an dhíomuis agus na ndroch-airghean re gréin na glóire diomhaoine é, leaghaidh sé, agus ní théid i bhfuil ná ina oileamhuin spioradálta dhóibh.

An seiseadh modh, ní coimeadthaoi aon nídh de'n phlúr neamhdha tar oidhche mar lón; mar an gceudna do'n tSacraimint so, ní dlighthear lón ná tairbhe shaoghalta do dheunamh dhe, ná cisde nó ionnmhus do dheunamh mar gheall air.

An seachtmhadh modh dogheabhthaoi blas gacha bídh do bhíodh de mhian ar dhuine ar an bplúr neamhdha, amhail adubhramar thuas; mar an gceudna do'n tSacraimint so, dogheibhthear grása agus maith uaidh in a bhfuil gach uile bhlas agus mian spioradálta.

Atáid gnéithe eile in a dtig an plúr neamhdha agus Corp Chríost le chéile.

An chéad ghné, gurab maille re hoibriughadh na n-aingeal dorinneadh an plúr neamhdha, agus is uime sin ghoireas Dáibhidh, san 77 Sailm, ‘Arán na n-Aingeal,’ de. Mar an gceudna, is maille re hoibriughadh na n-aingeal — eadhon na sagart — doghnídhthear Corp Chríost.

An dara gné, nach de thalamh nó d'uisge dorighneadh an plúr neamhdha, amhail doghnídhthear do ghnáth na biadha coitcheanna, acht a theacht de Neamh. Mar an gceudna do'n tSacraimint so, is de chumhachtaibh Chríost atá ar Neamh cuirthear 'san abhlainn choisreagtha é.

An treas gné, is sobhlasda dogheibhidís na fíréin re a chaitheamh an phlúr, agus fa dombhlasda do na droch-dhaoinibh é. Mar an gceudna, is sádhail sobhlasda do na deaghdhaoinibh an tSacraimint so, agus is damanta, drochbhlasda do na droch-dhaoinibh é, do réir S. Tomáis, 'san iomun dorinne ar Chorp Chríost.

An ceathramhadh gné, do coiméadadh cuid de'n phlúr neamhdha i n-Airc dhothruaillighthe iomad de cheudaibh bliadhan. Mar an gceudna coiméadtar an tSacraimint so, in Airc dhothruaillighthe na hEagluise do shíor,


p.70

d'oirchill ar na Críostuighthibh, agus mar chuimhniughadh ar na grásaibh dorinne Dia orra 'san bPáis, amhail do choiméadadar an pobal Iúdaigheach an plúr (amhuil adubhramar) mar chuimhniughadh ar na grásaibh dorinne Dia orra ar an bhfásach.

An cúigeadh gné gurab é an plúr neamhdha fá lón do Chloinn Israel ar feadh dá fhichead bliadhan dobhádar ar an bhfásach, go rochtain Tíre Tairngire dóibh. Mar an gceudna is í an tSacraimint so lón spioradálta d'anmannaibh na bhfíreun an gcéin bhíd ar fhásach an tsaoghail so go dul i dTír Thairngire (an Flaitheas Neamhdha) dhóibh.

Is iontuigthe as na somplaidhibh so gurab fíoghair agus aithghein do'n tSacraimint so an plúr neamhdha, agus, ó's éigin an nídh féin do bheith níos uaisle ioná a fhíoghair nó a aithghein, do réir Phóil agus mar is follus i gCríost fá huaisle ioná Melchisedec fá haithghein dó, agus 'san bPáis, dob uaisle ioná íodhbairt Abraham fá haithghein di, caithfimíd admháil gurab uaisle an tSacraimint so ioná an plúr neamhdha fá haithghein di, agus is iontuigthe nach féidir gurab uaisle an tSacraimint so ioná an plúr neamhdha; acht muna bhfuil nidh éigin substainteach innte is uaisle ioná an t-arán, agus ó nach bhfuil nidh eile substainteach innte is uaisle ioná an t-arán acht Corp Chríost, caithfimíd admháil go bhfuil Corp Chríost 'san tSacraimint, nó go gcumaidh Cailbhin nó a chlann ainn nó sloinneadh substainte eile is uaisle ioná substaint an aráin do bhí innte in éagmhais Chuirp Chríost, nídh nach ráinig leó do chumadh fós.

Adeir Cailbhin, dá mbeidheadh Corp Chríost 'san abhlainn, go mbudh fhéidir go dtuitfeadh an abhlainn ar lár, agus go dteagmhaidh i mbeul con nó gadhair í. ‘Ní cneasda so do rádh (ar sé), ar an adhbhar sin ní cneasda a radh go bhfuil Corp Chríost 'san abhlainn.’

Mo fhreagra ar Chailbhin, dá dteagmhaidh sin i gcás, nach misde Corp Chríost é, agus nach geabhaidh truailleadh ar bith uaidh, amhail mar nach gabhann an gath gréine truailleadh ó bheith ag taithneamh ar an abhlach truaillighthe bhíos lán de chnumhaibh neamhghlana, nó an liag loghmhar ó'n lathaigh in a mbí, nó an t-ór ó'n dtalamh fá mbí i bhfolach. Freagra eile ar Chalbhin — Biodh a fhios fós ag Cailbhin gur chuir Críost Féin A Chorp in ionad budh truaillighthe ioná corp con nó madraidh — eadhon, i gcorp Iúdáis do bhí ina dhuine dheamhnaidhe pheacach do réir mar léightear 'san 14 caibidil ag Marcus, agus 'san 26 caibidil ag Matha, agus 'san 22 caibidil ag Lúcás; óir do bhí sé de'n dá Absdal deug an tan thug Críosd A Chorp Féin dóibh d'á chaitheamh 'san tSuipéar. Agus mar nach lughaide do bhí Corp Chríost fá ghnéithibh an aráin do caitheamh le Iúdás, eisean do bheith ina pheacach dheamhnaidhe ag á chaitheamh, is mar sin nach lughaide do bhiadh


p.71

Corp Chríost 'san abhlainn, go gcaithfidhe le coin nó le gadhar é, agus nach rachadh i dtruailleadh ar a shon.

Atáid, iomorro, trí modha ar a gcaithtear an tSacraimint so —

An chéad modh díobh go sacraiminteamhuil amháin. Ionann sin ré a rádh agus an tan bhíos toil duine chum a chaithmhe, agus nach é féin theasduigheas uaidh, agus is uime sin adeir S. Augustín — ‘Creid (ar sé), agus do chaithis é.’

An dara modh go gníomhach amháin. Ionann sin ré a rádh agus a chaitheamh gan grádh do'n tSacraimint, agus i riocht go mbudh biadh corpordha é, nó ó chúis eile shaoghalta, nó do sheachnadh gotha d'fhagháil ó'n bpobal nó a ionamhuil eile sin, agus is mar sin chaithtear le coin nó le madradh, nó le heiriceach, nó leis gach ndroing eile chaitheas go neimhdhlisteaneach é.

An treas modh ar a gcaithtear é, go sacraiminteamhuil agus go gníomhach — eadhon, de thoil agus de gníomh, agus mar sin ghlacaid na firéin é, an tan chaithid é.

Atá iongantus eile 'san tSacraimint so — eadhon, an t-oibriughadh bhíos 'san arán agus 'san bhfíon roimh an gcoisreagadh go bhfanann andiaigh an choisrigthe i ngnéithibh an aráin agus an fhíona — mar atá sásughadh ocruis agus tart do mhúchadh agus a samhail eile sin. Gidheadh ní hiongnadh sin óir ní h-í an tsubstaint bhíos gníomhach acht na haicídighe agus ó anaid na haicídighe in a mbí an gníomhughadh, ní hiongnadh iad do dheunamh an gníomha (d'á gcumhachtaibh féin) bhíos ionnta; agus, ó sé is gníomhughadh d'aicídibh an aráin sásughadh ocrais, agus d'aicídibh an fhíona tart do mhúchadh, nó a n-ionamhuil eile, ní hiongnadh iad d'á dheunamh sin andiaigh substainte an aráin agus an fhíona do dhealughadh riú.

Tuig, a léightheóir, gach nídh dá ndubhramar re Corp Chríost fá ghnéithibh an aráin go n-abraim an nídh ceudna re Fuil Críost fá ghnéithibh an fhíona. Is leór a ndubhramar dá cruthughadh gurab breugach Cailbhin de thaoibh na Sacraiminte so na hAltóra, mar a n-abair nach bí Corp Chríost fá ghnéithibh an aráin.