Corpus of Electronic Texts Edition
Eochair-Sgiath an Aifrinn (Author: Geoffrey Keating)

Chapter 8

AN T-OCHTMHADH CAIBIDIL annso. In a dTráchthar ar Thosach na Canóine.

Bíodh a fhios agat, a Léightheóir, gurab ‘T’ an chéad litir de'n Chanóin agus cuma croise bhíos uirre i nGréigis nó i Laidin, agus do bhrigh gurab do dhruim na croise tháinig an Tighearna d'ár slánughadh, is í céad litir cuirthear i i dtosach an Canónach í; agus is ina fhioghair so d'órduigh Dia inallód do'n Chineadh Iudaigheach, gach aon ar a gcuirfidhe an litir úd mar chomhartha ina éadan, do réir Esechiel 'san naomhadh caibidil, go bhfóirfidhe é ar an díoghaltas do bhí ag Dia d'á dheunamh ar an bpobal.

Is é adhbhar fá gclaonann an sagart a cheann chum láir na h-altóra ag rádh ‘Té igitur,’ i gcuimhniughadh an chlaonta dorinne Peadar 'san dtuamba iar n-eiséirghe do Chríost. Adhbhar eile fós, dá chur i gcéill go ndligheann an sagart dul go ró umhal do dheunamh na h-íodhbartha sin.

Is é chialluighid na trí crosa doghnídhthear, ag rádh ‘Haec dona,’ trí codcha na h-aithrighe, mar atá comhmbrughadh croidhe, admháil fhírinneach beóil 'san bhfaoisidin, agus leóirghníomh 'san lot doghnídhthear — óir trí modha ar a ndeuntar an peacadh, ó chroidhe, ó bheul, agus ó ghníomh. Cialluighid fós na trí crosa úd na trí modha ar ar chrochsad na h-Uidhil Críost — mar atá do thoil, do bheul, agus do ghníomh. Cialluighid fós na trí modha ar a ndeárnadh fochmhuide fá Chríost ré h-ucht na Páise — an chéad modh, do láthair na n-easpog, i dtigh Chaiphas; an dara modh, do


p.50

láthair Phioláid ina thigh; an treas modh, i dtigh Ioruaidh. Cialluighid fós an cádhus agus an onóir dlighthear do thabhairt do na Trí Pearsannaibh.

Is é chialluigheas Memento na mBeó, guidhe an tsagairt ar na daoinibh bhíos beó, agus is é iarras dóibh, grása Dé do thoidheacht orra, agus a bpeacaidh do chur ar gcúl. Agus is ar an modh so dhligheas an sagart an ghuidhe sin do dheunamh — ar dtús, go ró speisialta ar a shon féin; an dara modh, go speisialta ar son druinge d'áirighthe, do réir a ghaoil nó a chumuinn riú; an treas modh, ar son na h-Eagluise go coitchionn.

Is féidir a fhiafraighe annso — Cia is feárr Aifrionn an tsagairt mhaith nó an drochshagairt le n-iomchrann an Eagluis? Mo fhreagra ar sin, go bhfuilid dá nídh san Aifrionn — mar atá guidhe an tsagairt féin, agus deanmhas neith nó brígh an Aifrinn féin, an mhéid gurab íodhbairt é. Do réir an chéad neith, ní fhuil foghnamh ar Aifrionn an droch-shagairt, do bhrígh go n-abair an Scrioptúir nach éisdeann Dia re guidhe an pheacaigh. Gidheadh an mhéid bhaineas ris an dara nidh, is comh-uasal ó'n tsagart mhaith agus ó'n droch-shagart é, do bhrigh gurab do chomhachtaibh na sagartachta atá aca araon (atá do-thruaillighthe innte féin) doghníd siad an íodhbairt. Is sompla follus air so gurab minic bhíos an t-ór dogheibhthear i gcisde an bhitheamhnaigh cómh-uasal ris an ór dogheibhthear i dtigh an righ; mar an gceudna, ní misde an leigheas dobheir an liaigh uadh, go mbeith féin easlán. Dearbhthar fírinne na neithe so ag ‘Decretales.’

Dá mbudh fhada leis an sagart dobhiadh sé ag cuimhniughadh gach aoin anns an Memento, tabhradh chum a chuimhne roimh an Aifrionn iad, agus abradh d'aon fhocal 'san Memento — ‘Cuirim gach aonduine ar ar chuimhnigheas roimh an Aifrionn fá'n nguidhe so’; agus dá mbiadh ina iongnadh ar aon duine, amhuil adubhramar thuas, gurab air féin dhligheas an sagart guidhe do dheunamh ar dtús, bíodh a fhios aige go bhfuil órdughadh 'san ngrádh, agus gurab é iarras, grádh an duine do bheith do Dhia ar dtús, do féin annsin, agus do'n chneas is goire dó ó sin amach. Dá bhrigh sin is córa do'n tsagart guidhe air féin ar dtús ioná ar chneas eile dá ghoire dó. Ag so sompla as an tSein-Reacht air sin. Léightear 'san 17 caibidil de'n treas leabhar de Leabhraibh na Ríogh mar adubhairt Elias ris an mbaintreabhaigh toirtín fá luaith aráin do dheunamh dó féin ar dtús de'n mhin do bhí aice, agus ina dhiaigh sin di féin agus d'á cloinn; mar an gceudna do'n tsagart, dlighidh ar dtús sochar an Aifrinn do tháthughadh ris féin, agus ina dhiaigh sin ris an tí is goire dhó i ngaol nó i gcumann. Gidheadh, má chuireann duine d'fhiachuibh ar an sagart go speisialta Aifrionn do rádh ar a shon féin, is ar son an tí sin go speisialta dhligheas an sagart Aifrionn do rádh, óir is mó théid an tAifrionn i sochar do'n tí


p.51

d'á n-abarthar go speisialta é ioná do'n tí cuirthear fá ghuidhe imeasg cháich; agus is uime sin atá ina ghnáthughadh so-mholta 'san Eagluis Chatoilice ag daoinibh cráibhtheacha Aifrionn do chur d'á rádh ar a son féin go speisialta.

Tabhair dod' aire go bhfuilid dá shochar dogheibhthear as an Aifrionn — mar atá cion impidhe agus leóirghníomh. Is é is cion impidhe ann, meudughadh grása agus sochar spioradálta d'fhagháil do na Críosduighthibh, agus téid an t-Aifrionn ar an modh so i sochar do'n uile dhuine bhíos abuidh nó ionamhuil chum a ghlacta. Is é, iomorro, is leóirghníomh ann, díoluigheacht dhlighfeas an fíreun do thabhairt uaidh i bpurgadóir maille re péin d'fhulang ann do réir mhéide nó chaindigheachta na coire nó an pheacaidh dorinne; agus, 'san gcéill sin, ní h-ionann sochar in a dtéid an tAifrionn do gach aon duine, agus fós ní fhuil d'á mhéid chuirfeas fá ghuidhe 'san Aifrionn go speisialta nach lugha-sa-chách doghnídhthear leóirghníomh i bpéin gach aon aca ann; óir an nidh ar a dtéid roinn, is lugha-sa-chách mír gach nduine dhe ioná dá bhfaghadh gach aon aca an t-iomlán, an tan nach bhí an t-iomlán gan chrích gan fhóircheann, mar nach bhfuil an leóirghníomh úd an Aifrinn. Ní h-ionann agus sochar na Páise, agus is córaide so do chreideamhuin dá mbeith leóirghníomh an Aifrinn gan chrích gan fhóircheann, níor bheag aon Aifrionn amháin do rádh ar gach n-anam d'á rachadh i bpurgadóir, nó ar a bhfuil d'anmannaibh ann go léir le chéile, gidheadh dochídhmid ghnáthughadh na hEagluise, dárab' ainm Fundament na Fírinne ag teacht anaghaidh so, an mhéid go dtabhair fá deara iomad Aifrionn do rádh ar aon anam amháin, nidh nach diongnadh sí dá mbeith sochar an Aifrinn doi-chríochnuighthe, mar nach bhfuil.

Dá n-abradh Cailbhin go raibh sochar neimh-chríochnuighthe ag Páis Chríost, agus, dá réir sin, nach righid na Críosduighthe a Leas Aifrionn, nó Paidir, nó Cré do rádh, nó deaghobair ar bith do dheunamh. Mo fhreagra air sin acht gé atáid sochair na Páise neamhchríochnuighthe, tairis sin nach slánuigheann gníomh, agus nach fóireadh Aifrionn gach aon duine, gidheadh ní do neamhchumhachtaibh i bPáis Chríost atá sin, acht nach tathuighid na peacuigh sochar na Páise riú féin maille re deaghoibreachaibh agus re haithrighe dheunamh ina bpeacthaibh.

Ag so dá shompla bhaineas ris an nidh so — Ar dtús, ní de neamh-chumas i solus na gréine atá nach diongnadh deallrughadh nó taithneamh i bpriosún dorcha, acht mar iadhtar dóirse agus fuinneóga an phriosúin mar an gceudna ní de neamh-chomhachtaibh i sochar na Páise atá gan deallrughadh nó grása do thabhairt do gach aon duine, acht mar chuirid na peacuidhe agus na droch-oibreacha daillchiach agus dorchadus ar an anmuin, ionnus nach soillsigheann solus na ngrás ann. An dara sompla, an


p.52

íoc luibh nó an deoch leighis in a mbiadh sláinte do thabhairt do'n othar, ní théid i dtairbhe dhó acht muna n-ibhidh í; mar an gceudna do'n chorn tsláin-íce úd na Páise ní théid i sochar do'n pheacach nó go dtathuighthear ris é maille re deagh-oibreachaibh na h-aithrighe agus le coimhlíonadh na n-aithneadh.

Agus dá n-abradh Cailbhin nach dlighthear do na sagartaibh íodhbairt do dheunamh do bhrígh go ndeárna Críost féin íodhbairt. Is dearbhtha nach fíor dó é, óir ní luighide is cóir do'n tsagart baisdeadh do dheunamh go ndeárnadh Críost baisdeadh, ná urnuighthe do dheunamh go ndeárnadh Críost urnuighthe, nó trosgadh go ndeárnadh Críost trosgadh; mar an gceudna ní luighide dlighthear do na sagartaibh íodhbairt an Aifrinn do dheunamh go ndeárnadh Críost íodhbairt an Aifrinn rómpa.

Agus dá n-abradh Cailbhin nach bhfuil feidhm ar an Aifrionn, do bhrígh nach déin duine ar bith (má's fíor do-san) leóirghníomh ar a shon féin nó ar son duine eile acht gurab é Críost féin in A aonar doghnídh leóirghníomh ar son gach aon duine, is dearbhtha nach fíor dó é. Oir bíodh gurab é Dia is Céad Ghníomhuightheóir coitcheann do'n uile deaghobair doghnídh duine, maiseadh is é an duine an dara ghníomhuightheóir speisialta bhíos ag congnamh le Dia, do réir Phóil 'san dtreas caibidil de'n chéad Eipistil chum na gCoirinnteach mar a n-abair — ‘Is lucht cunganta do Dhia sinn’ (ar sé). Adeir fós, 'san seachtmhadh caibidil de'n dara hEipistil chum na gCoirinnteach, nidh as a dtuigthear go ndéin duine leóirghníomh ar a shon féin — ‘Glanam (ar sé) sinn féin o'n uile shalchar.’ Adeir fós, 'san dara caibidil de'n dara hEipistil go Timotheus, briathra thig leis an nidh gceudna — ‘Glan (ar sé) ó mhailís do chroidhe féin,’ dá chur i gcéill go ndligheann agus go bhféadann duine, mar aon re congnamh Dé leóirghníomh do dheunamh ar a shon fhéin, maille re hAifrionn do rádh, nó do chur d'á rádh, ré h-urnaighthibh, re déirc, nó re trosgadh do dheunamh. Ar an adhbhar sin, is breugach adeir Cailbhin nach bhfuil feidhm ar an Aifrionn, agus is breugach a réasún an tan adeir nach déin duine leóirghníomh ar a shon féin nó ar son duine eile.

Is é chialluigheas an ‘Communicantes,’ cuimhniughadh na naomh, d'á iarraidh ar Dhia ina n-onoir soirbhiughadh do'n droing curthar fá ghuidhe an Aifrinn. Ag so sompla air sin as an tSein-Reacht 'san 32 caibidil i leabhar Ecsodus, ag Maoise. Ar mbeith ag guidhe do Mhaoise ar son an phobail pheacaigh — ‘Cuimhnigh, a Thighearna (ar sé) Abraham, Isaac, agus Iacob, t'óglacha féin.’ Mar an gceudna léightear, 'san dtreas caibidil i Leabhar Daniel, gur chuimhnigh Asarias (ar mbeith 'san tsorn teinntighe dhó) ar na trí hArd-aithreachaibh úd, ag iarraidh trócaire ar Dhia ar a son — ‘Ná beir (ar sé), a Thighearna, agus a Dhia, Do thrócaire uainn, ar


p.53

son Abraham, Do dhuine dil féin, agus Isaac, t'óglaoch féin, agus Iacob Do naomh féin.’ Léightear, mar an gceudna, ar Esechias, ar mbeith dó ag iarraidh cabhartha ar Dhia d'á dhíon ar an nguais in a raibh féin agus an chathair in a raibh gurab é so an freagra thug Dia air, amhuil léightear 'san ochtmhadh chaibidil de'n ceathramhadh leabhar de Leabhraibh na Ríogh — ‘Díonfad (ar sé) an chathair so, agus saorfad í, ar Mo shon féin agus ar son Dáibhidh, M'óglaoch féin.’ Dorinne Dia fós, amhuil léightear san 11 caibidil de'n treas leabhar de Leabhraibh na Ríogh, bagar ar Solamh tré n-a olcaibh — ‘Acht muna bhféachainn do Dháibhidh (ar sé), dodheunfainn dioghaltas ort. Gidheadh, ní red' linn se dodhéan é ar son Dáibhidh d'athair féin maiseadh teasgfad as laimh do mhic é; agus ní bhuainfead an ríoghacht go h-uile dhe féin, acht dobhéar aon treabh amháin dó, ar son Dáibhidh M'óglaoich féin.’ Is follus as na h-áitibh so gurab cóir dhúinn na naoimh atá ar neamh do ghuidhe, agus go ndéin Dia maith ar a n-impidhe dhúinn.

Is é chialluigheas ‘Hanc igitur’ an impidhe curthar ar Dhia d'á iarraidh air gean do bheith aige ar an íodhbairt.

Is é chialluigheas na cúig fhocail atá andiaigh ‘Benedictam’ — Cialluigheas an chéad fhocal díobh, impidhe do chur chum sinn-ne do bheith naomhtha; an dara focal, ár n-ainm do bheith sgríobhtha i Leabhar na Beatha; an treas focal, sinn do bheith fá bhrat Chríost; an ceathramhadh focal, ár mbeith do réir riaghlach an réasúin; an cúigeadh focal, gach nidh d'á ndiongnamaois do bheith ionghabhtha do láthair Dé. Ag sin an míniughadh dobheir S. Augustin ar na foclaibh so, do réir mar léightear ag ‘Decretales.’

Is é chialluigheas an ‘Fiat,’ an tan doghnídhthear dá chros ós cionn na h-abhlainne agus an fhíona, impidhe do chur ar Dhia fá chlaochlodh do dheunamh ar shubstaint an aráin agus an fhíona i gCorp agus i bhFuil Iosa, amhuil do chlaochlaidh an domhan ó neimhnidh chum bheith ina dhomhan, nó amhuil dorinneadh Duine de Dhia i mbruinn Mhuire do bhrigh an fhocail úd, ‘fiat,’ — eadhon, deuntar.

Is é chialluigheas an éirghe dhíreach dobheir an sagart ar féin ag rádh na mbriathar úd, an tógbháil dhíreach thug Críost ar an gcolainn ndaonda ó chromadh claon an pheacaidh.

Is é adhbhar fá dtógbhann an sagart a shúile suas an tan so, ag iarraidh cunganta ar Dhia. Fá ghnáth, iomorro, ag na fáidhibh in-allód (ar mbeith ag guidhe Dé dhóibh), a súile do thógbháil suas, amhuil léightear 'san ficheadh caibidil de'n dara leabhar, de Pharalipomenon, ar Iósophat go dtógbhadh a shúile suas ar mbeith ag guidhe Dé dhó. Tig Dáibhidh leis so, 'san 122 Sailm — ‘Do thógbhas (ar sé) mo shúile suas chugad, a Dhé áitighas ar Neamh.’


p.54

Is é adhbhar fá dtógbhann an sagart a lámha suas, ionnus gurab luaithide dogheabhadh cabhair é, do réir mar léightear 'san 17 caibidil in Ecsodus ar Maoise. Ag so an nidh adeirthear ann — ‘Iar dtógbháil a lámh suas do Mhaoise rug Israel buaidh.’ Gidheadh dá leigeadh a lámha síos a bheag nó a mhór dobhéaradh Amalech buaidh. Do budh duine lámhthrom, iomorro, Maoise, agus dochuaidh Aaron agus Hur fá n-a dhá láimh re h-ucht an chatha do chur, agus do chongbhadar suas a lámha go tráthnóna, agus is mar sin rug Iosua (fa ceann feadhna do Chloinn Israel) buaidh ar Amalec fa h-eascara dóibh.

Is é chialluighid na cúig crosa doghnidhthear ag rádh ‘Benedictam,’ do réir S. Tomáis, 'san gcúigeadh hairteagal de'n 83 ceisd de'n treas chuid d'á Dhiadhacht na trí deich do bhí anns na pinginnibh air ar díoladh Críost, re a gcialluighthear na trí céad chrosa agus pearsa Chríost féin agus pearsa Iúdais re a gcialluighthear an dá chros dheigheanacha.

Cialluighid fós na trí chéad crosa na trí dronga ré'r díoladh Críost — mar atáid, na Sagairt, na Dlightheóiridhe agus na Phairisínighe.

Cialluighid fós an dá chrois déigheanacha, Anam agus Corp Chríost do dhealughadh re chéile 'san bPáis, agus is uime sin curthar cros díobh fá seach ós cionn na h-abhluinne, agus cros eile ós cionn an fhíona fá leith.

Cialluighid fós na cúig prímhchreachta do bhí ar Chríost. Cialluighid mar an gceudna na Cúig Leabhair Mhaoise in a raibh an Reacht sgríobhtha. Agus fós cialluighid na cúig dronga do bhí ag follamhnughadh an Reachta sin — mar atáid breitheamhain, ríghthe, prionnsadha, fáidhe, agus sagairt.

Is é chialluigheas an sagart ag rádh ‘Benedixit’ go ndlighthear coisreagadh do dheunamh, re h-ucht proinne do chaitheamh, ar an mbiadh agus ar an ndighe.

Is é chialluigheas ‘Accepit’ dáil an tSuipéir féin, an tan adubhairt Críost, ag tabhairt gnéithe an aráin uaidh, ‘Ag so Mo Chorp Féin.’