Corpus of Electronic Texts Edition
Eochair-Sgiath an Aifrinn (Author: Geoffrey Keating)

Chapter 6

AN SEISEADH CAIBIDIL. In a dtráchtar ar na neithibh éigeantacha atá 'san Aifrionn leath amuigh d'á shubstaint.

Ar dtús is é chialluigheas an cromadh doghnidh an sagart ós cionn na haltóra andiaigh Confiteor do rádh dhó an umhlacht do thaisbéan Críost d'á athair re hucht na Páise, an tan adubhairt — ‘Maiseadh (ar sé), munab í do thoil-se corn na Páise do dhul thorm-sa, déantar do thoil-se.’

Is é chialluigheas ‘Introitus,’ nó dul isteach 'san Aifrionn, an fháisdine dorinneadar na faidhe agus na hAithreacha ar theacht Críost i gcolainn.


p.41

Is é chialluigheas Kyrie Eleison, furtacht d'iarraidh ar Dhia; óir is ionann Kyrie Eleison agus a rádh — ‘A Dhia déan trócaire orainn.’

Léightear ar Gemenian Naomhtha, ar mbeith i gcath dhó agus é i ngábhadh, go ndubhairt Kyrie Eleison, agus gur chuir cúig ríogha ar teitheadh.

Adeirtear Kyrie Eleison naoi n-uaire, d'á chur i gcéill gurab é iarramaoid bheith i gcaidreamh na naoi n-órd ainglidhe atá ar neamh.

Is é chialluigheas Gloria in Excelsis caintic na síothchána — eadhon, gurab tuar síothchána idir Dhia agus na daoine an tAifrionn.

Is é chialluigheas an chéad fhilleadh doghnídh an sagart ar an bpobal ag rádh Dominus Vobiscum, an beannachadh dorighne Bóas ar a mheithil féin, do réir mar léightear 'san dara caibidil de Leabhar Ruth; óir amhail fa hathair muinntire Bóas ós cionn na meithle, is mar sin is athair muinntire ós cionn an phobail (is muinntir do Dhia) an sagart. Mar an gcéadna, is é chialluigheas an freagradh dobheir an pobal ag rádh — Et cum spiritu tuo, an nidh léightear ag Pól, 'san gcaibidil ndeighionaigh de'n dara h-eipistil do sgríobh sé chum Timotheus, ‘Guidheamaoid (ar sé), ó tá an Tighearna ad' bheul go raibh ad' spiorad, agus go gcómhnuidhe do shíor ionnta.’

Is é chialluigheas na hOrthana an Phaidir, agus ní cóir do bheith ionnta acht seacht n-orthana roimh an Eipistil, an chuid is lugha dhe, do bhrigh nach fuil acht seacht n-athchuingeadha 'san bPaidir.

Is é chialluigheas an t-Amen, ‘Déantar díbh amhuil do iarrabhar,’ do réir Eóin 'san gcaibidil ndeighionaigh in Apocalipsi.

Is é chialluigheas an t-Eipistil dligheadh na Sean-Reachta. Cialluigheas sí fós seanmóir Eoin, do bhrigh go raibh sé ina mheádhon idir an SeanReacht agus an Nuaidh-Fhiadhnaise: dá réir sin. Léightear an Eipistil ar uairibh as na Fáidhibh; feacht eile as an Reacht Nuadh. Is ina suighe dlighid an pobal an Eipistil d'éisteacht, do bhrigh gurab aiceacht í, do réir Leabhair Esdras.

Is é chialluigheas an Gradúal — eadhon, an nidh adeirtear idir an Eipistil agus an Soisgeul doilghios na h-aithrighe.

Is é chialluigheas an t-Alleluia, thig ina dhiaigh sin, an gáirdeachus do ghealladh dhúinn andiaigh doilghiosa na h-aithrighe, do réir Mhatha, 'san gcúigeadh caibidil — ‘Is beannuighthe (ar sé) lucht an doilghiosa, óir dogheabhaidh gáirdeachus do chur orrtha.’

Is é chialluigheas an Soisgeul, seanmóir Chríost féin: agus do réir mar adubhramar thuas, is é chialluigheas an Soisgeul do léaghadh ar an gcuirr gclí de'n altóir, mar tháinig Reacht Dé ó'n gCineadh Iudaigheach chum na gCineadhach eile.


p.42

Is é ádhbhar fá ndligheann an sagart a aghaidh do bheith budh thuaidh 'san teampoll ag léigh an tSoisgéil, do bhrigh gurab anaghaidh na n-olc atá sé, agus gurab ó'n áird thuaidh thig gach uile olc, do réir mar adeir Ieremias, 'san cheud chaibidil, ‘O'n áird thuaidh (ar sé) thiocfas an uile olc ar áitightheóiribh na talmhan.’ Tuig a léaghthóir, gurab budh thuaidh is cóir do'n tsagart a aghaidh do bheith re léigheadh an tSoisgéil, do bhrigh gurab soir dhligheas éadan nó aghaidh na h-eagluise in a m-bí an Soisgeul dá léigheadh bheith, do réir orduighthe na hEagluise féin.

Léightear, iomorro, ag S. Tomás, 'san g-ceathramhadh h-airteagal de'n 11 ceist de'n chéad chuid de'n dara roinn d'á Dhiadhacht, ag freagradh do na cúigh argóntaibh, cúig reasúin fá ndlighthear do na Críostaighthibh a n-aghaidh do bheith soir ag deunamh úrnaighthe dóibh. An chéad adhbhar dhíobh, do bhrigh gurab ó'n áird shoir gluaistear na flaithis, d'á dtigid torrthadha agus plannduidhe, agus gach sochar eile d'á dtig as an dtalamh do bheith ann. An dara réasún, do bhrigh gurab 'san áird shoir atá Párrthus mar ar cuireadh na céad chomaoineacha ar an sinsear ór' fhásamar, .i. Adhamh. An treas réasún, do bhrigh gurab ainm do Chríost an áird shoir do réir mar adeirthear Oriens ex alto — eadhon ó'n áird shoir anuas. An ceathramhadh reasún, do bhrigh gurab chum na háirde shoir dorinne Críost an Eiséirghe, do réir mar léaghtar 'san Sgrioptúir, gur ab E dochuaidh suas ar Neamh chum na h-áirde shoir. An cúigeadh reasún, do bhrigh gurab ó'n áird shoir thiocfas Críost do dhéanamh an Bhreitheamhnuis, amhail tharngair Matha, 'san 14 caibidil, ag labhairt ar Chríost — ‘Tiocfaidh (ar sé) amhail soinnéan as an áird anoir.’

Ag so síos dá ádhbhar eile fá ndligheann an sagart, nó gach Críosthaighe, a aghaidh do bheith soir ag deunamh urnaighthe; an chéad adhbhar díobh, do bhrigh gurab anoir thig solus na gréine ar dtús mar sin gurab ó ghréin na fírinne thig solus na ngrás chugainn. An dara hádhbhar, do bhrigh gurab 'san áird shoir atá an Talamh Naomhtha, agus gurab ar an dTalamh Naomhtha dhlightheas gach aon a aghaidh do bheith do thuar Talaimh Naomhtha na mBeó. Annsan Aird Shoir, iomorro, do bhídís an Cineadh Iudaigheach ag guidhe Dé, do réir mar léightear 'san 16 caibidil in Exodus. Atáid, cheana, dá ádhbhar ris an nidh gceudna; adhbhar dhíobh do sheachnadh adhartha do dhéanamh do'n ghréin nó do'n rae: óir fá ró-chlaon an Cineadh Iúdaidheach chum adhartha do dhéanamh do dhéithibh boghra, balbha; an dara hádhbhar, do bhrigh go raibh a adhradh agus an reacht ag dul uatha 'san áird shiar de'n roinn Iarthair — eadhon, an Eoruip.

Dlighidh an sagart a lámha do bheith druidte le chéile, d'á chur i gcéill gurab cóir do'n tsagart a bheul agus a ghníomh do theacht le chéile. Dlighidh fós an sagart, mar aon leis an bpobal, do bheith ina sheasamh re linn


p.43

an tsoisgéil do léigheadh dhóibh. Is é chialluigheas sin, go ndlighid bheith ullamh éasgaidh chum an tSoisgéil do choimeád agus do chaomhna do lámh agus do bheul. Dlighthear solus do bheith ar lasadh re linn an tSoisgéil do léigheadh, d'á chur i g-céill go dtiubhair an Soisgeul solus an chreidimh dúinn; agus, fós, d'á chur i gcéill gurab é Críost soisgeultar dúinn — Solus na Fírinne, shoillsigheas an uile dhuine thig ar an domhan so amhail adeir Eoin 'san gcéad gcaibidil. Dlighidh, fós, an sagart, re léigheadh an tSoisgéil, fioghair na croise do bhuain ar a éadan, ar a bheul, agus ar a ucht. Ar dtús ar an éadan, dá chur i gcéill nach dligheann náire do bheith air ag admháil an tSoisgéil, óir is é an t-éadan ionad an náire; ina dhiaigh sin, ar an mbeul, d'á chur i gcéill go ndligheann sé an Soisgeul do sheanmórughadh go dána; an treas feacht, ar a ucht, d'á chur i gcéill go ndligheann an sagart creideamh a chroidhe do bheith ag toigheacht re seanmóir a bhéil; agus is iad sin na reasúin atá ag na tuatadhaibh fá ndéinid an nidh ceudna. Is é ádhbhar fá ndéanann an sagart agus an pobal iad féin do choisreagadh tar éis an tSoisgéil, d'á ndídion féin ar an nDiabhal d'eagla go ruagfadh sé an síol soisgeulda uatha as a gcroidhthibh.

Is é fáth fá dtiubhair an sagart póg do'n leabhar andiaigh léighte an tSoisgéil, d'á chur i gcéill gurab cóir dó an Soisgeul do sheanmórughadh do dhruim grádha Dé agus a chomharsan.

Adeirtear, fós, an Chré ós árd, ionnus go dtuigfeadh an pobal suim an chreidimh atá 'san gCré; agus, ag rádh na mbriathar so ‘Incarnatus est,’ dlighidh an sagart agus an pobal a leigeann ar a nglúinibh i gcuimhniughadh teachta Chríost i gcolainn; agus andiaigh ‘Incarnatus est’ éirghid ina seasamh nó go n-abair an sagart ‘Dominus bhociscum,’ agus bheith ar a nglúinibh do'n phobal as sin gus an Soisgeul léightear i ndeireadh an Aifrinn.

Is é chialluigheas an tOffertórium (eadhon, an Ofráil), Críost do bheith arn-a ofráil do'n Athair Neamhdha. Is é doghnidhthear annso an abhlann do chur ar an gcorporas agus an fíon 'san gcailís. Cuirtear, fós, uisge 'san bhfíon ag cuimhniughadh an uisge tháinig as taobh Chríost 'san bPáis, do tharngair Esechiel, 'san 47 caibidil, an tan adubhairt — ‘Dochonnarc (ar sé) uisge ag buinniughadh as thaoibh dheas an Teampoill, agus gach aon duine gus a ráinig an t-uisge sin fa slán é,’ agus is ar Chorp Chríost do ghoir sé an Teampall annso go fáidheamhuil.

Is é chialluigheas an t-ionnladh doghnidh an sagart, an t-ionnladh dorinne Críosd as chosaibh na nApstal.

Is é chialluigheas ‘Orate Fratres,’ impidhe cabhra an phobail, d'á chur i g-céill gurab mór fhóghnas guidhe na bhfíreun ar son a céile, do réir S. Seumas, 'san gcúigeadh caibidil.


p.44

Is é chialluigheas an ortha darab ainm ‘Secreta,’ an dísliughadh agus an folach dorinne Críost air féin tamall roimh an bPáis.

Is é chialluigheas an Phreafáid do rádh ós árd, an taisbéanadh follus caithréimeach dorinne Críost air féin Domhnach na Pailme re h-ucht na Páise.

Is sé chialluigheas an ‘Sanctus’ do rádh trí h-uaire, Trí Pearsana do bheith 'san Tríonóid.

Is é chialluigheas ‘Dominus’ do rádh aon uair amháin, Aondacht na Nadúire Diadha.

Dá n-abradh LúitearCailbhin nach é Críost do órduigh an tAifreann agus, dá réir sin, nach cóir cion do bheith air, bíodh a fhios aca go bhfuil dá nidh 'san Aifrionn mar atá substaint an Aifrinn féin agus neithe eile atá taoibh amuigh d'á shubstaint, amhail atáid orthana agus preafáide (amhail adubhramar); agus an mhéid úd bheanas ris an nidh úd atá d'á shubstaint, is follus gurab é Críosd féin d'órduigh é, amhail léightear 'san 22 caibidil ag Lúcás, do dháil an tSuipéir; agus an mhéid bheanas ris an dara cuid de'n Aifrionn, is iad na Pápadha naomhtha do bhí i dtús na hEagluise ann d'órduigh iad. Agus dá n-abradh an t-eiriceach nachar chóir comaoin ar bith do chur ar an órdughadh d'fhágaibh Críost ar rádh an Aifrinn, bíodh a fhios aige go bhfuil sompla againn 'san tSeanReacht as a dtuigimíd gurab toil le Dia comaoin agus bárr duthrachta do chur ar oifig dhiadha iodhbartha an Aifrinn, do réir mar léightar 'san 16 caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh Paralipomenon go dtug Dia réim agus órdughadh d'áirighthe do Mhaoise do dheunamh íodhbartha, agus gur chuir Dáibhidh agus Solamh bárr agus comaoin leis an réim sin i moladh agus i n-onóir do Dhia, agus go moltar tríd sin iad. As an sompla sin is iontuigthe gurab toil le Dia gach comaoin agus gach bárr dúthrachta dár chuireadar Prionnsadha na hEagluise leis an tsubstaint úd an Aifrinn.

Dá n-abradh Cailbhin nach dlighthear dhúinn Dia do ghuidhe acht in ár spioradaibh amháin, is dearbhtha nach fíor dhó é, óir is cneasda dhúinn glóir agus onóir do thabhairt do Dhia ar trí modhaibh — mar atá do spiorad, do chorp agus do mhaoin saoghalta, do bhrigh go gcuiridh Sé comaoin oruinn ar na trí modhaibh ceudna sin. Dá bhrigh sin ní dhlighthear do na h-eiricigh locht d'fhagháil ar na sagartaibh tré bheith ag feacadh a nglún, agus ag claonadh a gceann, agus ag bualadh a n-ochta, agus ag síneadh nó ag leathadh a lámh 'san Aifrionn; óir is é Dia thug cuirp dóibh; dlighthear dóibh umhlacht agus onóir do Dhia leis na corpaibh ceudna: agus, fós múinidh Pól, 'san dara caibidil de'n chéad Eipistil go Timotheus, go ndlighthear do na Críosduighthibh, re deunamh urnaighthe dóibh, a lámha do


p.45

thógbháil suas agus a gcinn do bheith nocht aca. Ní bhfuair Críost féin locht 'san bpuibliocán tré bheith ag bualadh a ochta, do réir mar léightear san 18 caibidil ag Lúcás. Dorinne fós Críost guidhe, agus E ar A ghlúinibh, ar Sliabh Olibhet, re h-ucht na Páise, do réir mar léightear 'san 22 caibidil ag Lúcás. As na h-ionadaibh-se is iontuighthe nach dlighthear locht d'fhagháil ar na sagartaibh fá bheith ag tógbháil a lámh nó ag bualadh a n-ochta, nó ag sléachtain 'san Aifrionn.

Biodh a fhios agat, a léightheóir, gurab iad so síos anmanna na bPápadh le'r cuireadh comaoin ar an Aifrionn: —.

Celestinus Pápa do órduigh ‘Introitus,’ ‘Gradual,’ agus ‘Offertorium’; 424 bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear so.

Greagóir Mór do órduigh Kyrie Eleison agus Alleluia, agus beagán dé'n Chanóin; 600 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.

Simacus do chuir Gloria in Excelsis ann; 501 bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear so.

Telesphorus d'órduigh trí hAifrinn do rádh Lá Nodlag; 134 bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear so.

Gelasius do chuir Tractus agus Prefáid ann; 484 bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear so.

Innocentius do chuir an Pax ann; 407 bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear so.

Damasus do chuir Confiteor agus an Chré ann, agus is é fós do chuir Epistileacha agus Soisgéil ann, do chomhairle Ieronimus Naomhtha; 347 bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear so.

Alecsander Pápa do chuir ‘Qui pridie quam pateretur’ ann, agus d'órduigh an t-uisge do chur i bhfíon na cailíse. Is é fós do thionnsgain an t-uisge coisreagtha do dheunamh; agus d'órduigh do na sagartaibh a dhéanamh Dia Domhnaigh chum a chroithte ar an bpobal d'á mbeannughadh; 121 bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear so.

Sixtus d'órduigh ‘Sanctus’ do rádh trí h-uaire, agus gach nidh d'á bhfuil ina dhiaigh go Canóin. Agus is é fós d'órduigh gan lámh tuata do bhuain ris an gcailís; agus is é mar an gceudna d'órduigh an Corporás do bheith de lin-eudach; 129 bliadhain andiaigh Chríost do'n fhear so.

Sergius d'órduigh an ‘t-Agnus Deí’ 'san Aifrionn; 692 bliadhain andiagh Chríost do'n fhear so.

Tuig, a léightheóir, nach bhfuil aon duine do na Pápadhaibh so do áirmheas acht duine do bhí i n-árd-fhlaitheas na hEagluise, agus i seilbh Chathaoireach Pheadair; agus, d'á bhrigh sin, dlighidh an uile Chríosduighe a ndlighthe agus a n-órduighthe do choiméad, do bhrigh gurab uachtaráin iad ar an uile dhuine de na Críostuighthibh i gcoitchinne, amhail adeir


p.46

S. Augustin, 'san dara caibidil de'n chéad leabhar do sgríobh sé anaghaidh Eipistleach Paramenian — ‘Is íochtaráin (ar sé) an Chríosduigheacht go h-uile do'n ti atá ina shuidhe 'san gcathaoir,’ .i. Cathaoir Pheadair.

Adeir fós S. Ieronimus, ag labhairt ar árdfhlaitheas an Phápa, mar a sgríobhann anaghaidh na n-éiriceach d'ár bh'ainm Luciferani — ‘Is ar locht dhighnite an árdshagairt atá slainte na hEagluise.’ Ionann sin re a rádh agus gurab ar churam an Phápa (is árdshagart ann) bhíos dlighthe agus orduighthe do dheunamh 'san Eagluis, agus gidhbé nach éisdfidh ris na dlighthibh so doghnidh na Pápadha agus an Eagluis, is eagal do go luidhfidh air an bhreath rug Críost, mar a n-abair 'san 18 caibidil ag Matha, gurab meas pagánaigh nó puibliocánuigh is cóir do bheith ar gach n-aon nach éisdfidh ris an Eagluis.

Is follus dó réir a ndubhramar gurab ionghabhtha na neithe atá 'san Aifrionn leath amuigh d'á shubstaint, agus gurab somholta sleachtain na sagart.