Corpus of Electronic Texts Edition
Eochair-Sgiath an Aifrinn (Author: Geoffrey Keating)

Chapter 5

An Cúigeadh Caibidil. Thráchtas ar dhiamhairchéill chuladh an Aifrinn, agus ar na neithibh bhéanas leis an altóir.

Bíodh a fhios agat, a léightheóir, gurab cosmhuil ris an riocht in a raibh Críost i n-aimsir na Páise, do réir eudaigh agus innill uile, an cruth in a mbí an sagart le linn Aifrinn (nidh nach iongnadh; óir is ag aithris ar Chríost in aimsir na Páise bhíos an sagart 'san Aifrionn), do réir mar d'órduigh Pól 'san 11 caib. de'n chéad eipisdil do sgríobh chum na gCoirinnteach — ‘Gacha mhionca (ar sé) íostaoi an t-arán so, nó ibhthí an corn foillseochaidh bás an Tighearna.’ Ionann sin re a rádh agus go mbiadh d'fhiachaibh ar na sagartaibh íodhbarta an Aifrinn d'ofrálughadh d'fhoillsiughadh Iodhbartha na Páise, agus d'á chur i gcuimhne do na Críostaighthibh, ionnus go mbudh cuimhin leo gurab de shochar na Páise tháinig an cineadh daonda d'fhuasgladh ó bhruid an aidhbherseóra.

Ar dtús is é chialluigheas an chéad bhall de'n chulaidh — eadhon, an Mict (Amice) an brat do cuireadh um shúilibh an Tighearna an tan do bhíodar na hUidhil ag gabhail de bhasaibh air, ag iarraidh air a innsin dóibh cia do bhuailfeadh é.

Is é chialluigheas an léine Aifrinn, an t-earradh fada bán amadáin do cuireadh air an tan do bhí Sé d'á chur idir Phiolait agus Ioruaith.

Is é chialluigheas an crios, an teud cruaidh-righin cnáibe le'r ceangladh caol a chúim ris an gcolmhuin cloiche, an tan bhí sé d'á sgiúrsáil.

Is é chialluigheas an manipeil, an cuibhreach do cuireadh ar a lámhaibh.

Is é chialluigheas an stóil bhíos ina crois, fá bhrághaid an tsagairt, an chroch fá héigean do Chríost d'iomchar go háit a chéasda.

Is é chialluigheas an cochall, an t-eudach purpair do cuireadh ar Chríost le'r buaineadh a chroiceann de iar mbeith créachtnuighthe dó d'éis a sgiursaighthe.


p.36

Go fathrunach ag so a gciall sud.

Cialluigheadh an micht daonnacht Chríost, óir mar fholuigheas an micht an sagart, is mar sin fholuigheas daonnacht Chríost a cheann — eadhon a dhiadhacht, óir mar is é an ceann cuid is uaisle agus is aoirde de'n duine is í a dhiadhachta cuid is uaisle agus is aoirde de Chríost; d'á réir sin ní héagcosmhuil an ceann agus an diadhacht do shamhlughadh le chéile.

Is é chialluigheas an stóil, an ghnáthchuing umhlachda agus fhómóis do bhí do ghnáth ag Críost d á Athair.

Is é chialluigheas an léine Aifrinn d'árab nadúir bheith geal an ghlaine do bhí i gcorp Chríost do ghnath.

Is é chialluigheas an crios, cuibhreach an chumainn le'r ceangladh an nádúir dhiadha agus an nádúir dhaonda i n-aon phearsain Iosa.

Is é chialluigheas an manipel, an tuarasdal do thuill Críost 'san chroich, do réir mar do tharngair Dáibhidh 'san 125 Sailm, ag rádh — ‘Tiocfaidh (ar sé) agus ar mbeith ag teacht dóibh, dobhéaraid, maille le lúthgháir, a ndórnáin leó.’ Agus is é do tharngair Dáibhidh annso go dtiúbhradh Críost, ar mbreith buaidhe ar an ndiabhal i mbás na croise, na hAithreacha as an bpríosún, maille re na ndórnánaibh ina lámhaibh, mar cheannach láimhe, a gcaithréim na mbuadh dorug Sé ar a namhuid.

Is é chialluigheas an cochall, an grádh do-fhaisneise do bhí ag Críost do'n chineadh daonda.

Go mórálta cialluighidh an micht, an creideamh; an léine, glaine an chogúais do Dhia agus do dhuine; an crios, geanmnuigheacht chuirp agus inntine; an stóil fómós do na huachtaránaibh; an manipel, deisgréid chum eidirdhealbhtha idir olc agus maith: agus an cochall, carthuine, nó grádh deagh-thoile do Dhia agus do dhuine.

Is é chialluigheas an altóir, an chros chéasda; an chailís, an tuamba; an paiteana, an leac; an corporas an eisléine; an abhlann anma, Corp Críost; an fíon, an fhuil do ling as a thaoibh; an t-uisge curtar annsan gcailís, an t-allus do chuir Críost de.

Atáid neithe bheanas re honóir an Aifrinn, nach bhfuil éigeantach, fhuigfeam do'n chor so gan teacht társta, mar atá dias cléireach do bheith ag friothólamh an tsagairt, agus, an chuid is lúgha dhe, dias do bheith ag éisteacht an Aifrinn, agus a samhuil eile sin nach bhfuil éigeantach anois.

Ag so do na neithibh doghnídh an sagart re rádh an Aifrinn. Ar dtús nighidh sé a lámha re ndul 'san gculaidh dhó, dá chur i gcéill go ndligheann sé a choguas do bheith glan nighte aige ria ndul do dhéanamh Iodhbartha an Aifrinn. Agus is ag cuirr dheis na haltóra doghnidh sé sin, do bhrigh go gcialluigheann an churr dheas stáid na naomhthachta agus na neamhurchóide


p.37

in a raibh Adhamh, ár gcéad athair, sul dorinne sé peacadh, amhuil chialluigheas an churr chlé stáid an pheacaidh iar mbriseadh chánach an ubhaill. Cialluigheas fós an churr dheas an cineadh Iudaigheach, agus an churr chlé an cineadh eile. Agus is é adhbhar fá dtéid an sagart ó'n gcuirr dheis gus an gcuirr chlí, d'á chur i gcéill go dtáinig creideamh agus reacht Chríost ó'n gcineadh Iudáigheach chum na gcineadhach eile; agus is uime sin bheireas an sagart an leabhar Aifrinn leis o'n gcuirr chlí gus an gcuirr dheis i ndeireadh an Aifrinn d'á chur i gcéill go bhfoillsighthear an creideamh so againn-ne arís ar an gcineadh Iúdaigheach i bhfoircheann na n-aimsear. Cialluighidh fós an nídh céadna an t-athnuadhadh dorinne Críost ar an gcineadh daonda, ó stáid an pheacaidh go stáid na ngrás. Cialluighidh lár na haltóra bás Críost; óir mar is é lár na haltóra is meádhon di, mar sin is é bás Críost is meádhon idir an dá reacht, agus fós gurab i meadhon na talmhan fuair bás. Na cúig uaire fhilleas an sagart ar an bpobal 'san Aifrionn is é chialluighid ná cúig uaire do thaisbeán Críost é féin lá na heiséirghe. Is é adhbhar fá ndéin an sagart é féin do choisreagadh re hucht an Aifrinn, d'á chur i gcéill go ndligheann an uile Chríostuighe re hucht deaghoibre do dhéanamh, fioghair na croise do chur ar a éadan, ar a ucht, agus ar a ghuailnibh, ag rádh — ‘I n-ainim an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh’: óir dlighidh an Críostuidhe an uile nidh d'á mbiaidh aige do dhéanamh ria ndul i gcath dó. Dlighidh an díolmhunach dá nidh do beith aige ria ndul i gcath dhó, mar atá suaitheantas agus comhairc; agus do bhrigh gurab ag cathughadh ris na trí heascáirdibh atá ag an nádúir dhaonda bhíos an sagart: agus fós nach bhfuil acht cathughadh i mbeatha gach aon duine ar an saoghal so, do réir Phóil 'san seiseadh caibidil chum Epheiseas, agus do réir Iób, 'san seachtmhadh caibidil, mar a n-abair nach bhfuil acht díolmhuineas i mbeatha an duine ar an dtalamh, do bhrigh (amhail adubhramar) gurab do chathughadh ris na trí heascáirdibh reamhráidhte — mar atá an diabhal, an saoghal, agus an cholann — théid an sagart ria ndul do rádh an Aifrinn dó; an mhéid go gcuireann úrnaighthe an Aifrinn anaghaidh an aidhbherseora, agus íodhbairt luachmhór an Aifrinn anaghaidh sainte an tsaoghail, agus an trosgadh nó an chéadlongadh, anaghaidh ainmhiain na colna, agus d'á mhúchadh. Is uime sin doghnidh an sagart é féin do choisreagadh, do bhrigh go bhfuilid an dá nidh úd atá éigeantach chum chathaighthe 'san choisreagadh.

Ar dtús atá suaitheantus an chaptaoin nó an chinn fheadhna leanas an sagart ann, mar atá fioghair na croise, is suaitheantas díleas do'n tsagart, agus i gcoitchinne do'n uile Chríostaidhe. Atá fós comhairc dhíleas na sagart agus na n-uile Chríostaidheadh i gcoitchinne


p.38

ann mar atá — ‘I n-ainm an Athar agus an Mhic agus an Spiorad Naoimh’; agus tuigthear sin as briathraibh Mhatha, 'san 28 caibidil mar adubhairt Críost ris na hAbstalaibh — ‘Re n-imtheacht díbh (ar sé) baistigh na huile chineadhacha i n-ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.’ Cialluighidh, fós, an coisreagadh na glanrúin is óirdéarca atá annsan gcreideamh mar atá fathrún na Tríonóide agus fathrún teachta Chríost i gcoluinn, agus A pháis, agus maitheamh na bpeacaidhe, óir an tan adeirtear ‘I n-ainm an Athar,’ 'san uibhir uathaidh, cialluighthear aondacht na nádúire diadha, do réir a substainte; acht gidheadh atáid Trí Pearsanna 'san Trionóid, agus gurab Dia gach pearsa dhíobh, agus dá mbiadh ina iongnadh ar aon duine cionnus b'fhéidir a rádh gur Dia gach Pearsa dhíobh, agus nach bhfuil ionnta uile acht aon Dia amháin gibé, cheana, ag a mbiadh slabhra trí lúb ina laimh, is fíor go bhfuil an slabhra aige, gibé aca de na trí lúbaibh bhios ina laimh, gion go bhfuil ann acht aon tslabhra amháin; mar an gceudna, gibé ainmneochas aon Phearsa amháin de thrí Phearsannaibh na Trionóide, feudfaidh a rádh go fírinneach gurab Dia gach pearsa dhíobh, gion go bhfuil ionnta uile acht aon Dia amháin.

Agus is uime sin adeirtear an focal so, ‘I n-ainm,’ agus nach é adeirtear, ‘I n-ainmnibh an Athar, agus an Mhic, etc., do bhrigh nach bhfuil acht aon tsubstaint agus aon chomhachta ionamhla ag na Trí Pearsannaibh.’ Is é adhbhar fá'n abarthar — ‘I n-ainm an Athar’ ar an éadan, d'á chiallughadh gurab é an tAthair is tosach do'n Tríonóid, an mhéid go bhfuil agus gurab uaidh do geineadh an Mac, agus uatha araon an Spiorad Naomh. Is uime, fós cuirtear an lámh ar an éadan, ag rádh, ‘I n-ainm an Athar,’ d'á chur i gcéill gur fhan an tAthair ar Neamh do ghnáth; óir mar is é Flaitheas Dé cuid is aoirde de'n chruinne, is é an t-éadan cuid is aoirde de'n duine; is uime adeirthear ‘agus an Mhic,’ ar an imleacán, d'á chur i gcéill go dtáinig Sé i mbroinn Mhuire, agus fós d'á chur i gcéill gurab ris an Mac amháin bhuaineas bheith ina gheanamhain; agus is uime adeirtear ‘agus an Spioraid Naoimh,’ idir an dá ghualainn, do bhrigh gurab meádhon idir an Athair agus an Mac an Spiorad Naomh, amhail is meádhan an raon atá idir an dá ghualainn do'n aga idir an éadan agus an imliocán, agus do bhrigh go gcialluigheann cros an choisreagtha Páis Chríost, dlighidh an Críostaighe a chúig méir do thógbháil suas, i gcuimhniughadh na gcúig gcréacht.

Is uime fós dobheir an Críostaighe a lámh ó'n ngualainn chlí gus an ngualainn ndeis, do bhrigh go dtáinig de shochar na Páise na Críostaighthe do theacht ó thaoibh chlé an pheacaidh go taobh dheas na ngrás. Atá, fós, ina ghnáthughadh ó aimsir Chríost a leith 'san Eagluis na Críostaighthe dá gcoisreacadh


p.39

féin do réir mar léaghtar ag na sean-úghdaraibh do bhí i dtús na hEagluise ann. Ag so mar adeir Mairsilius, 'san ochtmhadh caibidil de'n eipistil do sgríobh sé chum phobail Bhurduis — ‘Congbhuidhthear linn (ar sé) fioghair na croise maille re comhartha agus maille re beul.’ Ionann sin re a rádh agus comhartha na croise do dheunamh le na lámhaibh agus leis na briathraibh réamhráidhte do rádh — eadhon, ‘I n-ainm an Athar, agus an Mhic,’ etc. Adeir Ieronimus 'san eipistil ro sgríobh sé chum Eustochius, ‘Re tionnsgnamh an uile ghníomha (ar sé) agus an uile aistir deunadh an lámh fioghair na croise.’ Adeir Tertullianus, 'san leabhar do sgríobh chum Coróine an Ridire — ‘Re linn an uile aisdir agus dighnithe (ar sé), re ndul agus re teacht, re linn dulta i n-eudach agus i mbrógaibh, re ndul chum buird agus chum leaptha nó chum suighte; nó gibé nidh eile bhíos againn d'á dheunamh, cuirtear linn comhartha na croise inár n-éadanaibh.’.

Is é so an comhartha ar a dtig Eoin, 'san seachtmhadh caibidil de Leabhar na dTaisbeánta, mar a n-abair, doghníodh an t-aingeal moghaidh an Dé beó do chomharthughadh le comhartha Dé ina n-éadanaibh.

Tig Criosostomus leis an nidh so, 'san 48 Homilia ag sgríobhadh ar Mhatha, mar a dtiubhar do theagasg do'n Chríostaidhe é féin do choisreagadh — ‘Comharthuigh thú féin (ar sé) le comhartha na croise; agus cuimhnigh méid an mhaslaidh tugsad na hUidhil do Chríost ár dTighearna, re linn A bheathadh agus A pháise.’.

Adeir S. Aibhistín 'san 19 Seanmóir do sgríobh sé ar na Naomhaibh — ‘Ní dlighthear (ar sé) nidh ar bith do choisreagadh gan crois.’ Ionann sin re a rádh agus ‘gan comhartha na croise.’ Tuig, a léightheóir, gion go bhfuilid briathra soillseacha ag an Soisgeul, in a luaidhtear Críostaighe do ghnáthughadh an choisreagtha le láimh, maiseadh gurab inmheasda go gcleachtadh Críost a dhéanamh, agus gurab uaidh fuaradar na hAbstail mar ghnáthughadh a dhéanamh.

Adeir, iomorro, Abdias fa deisgiobal do Philib Abstal, agus do bhí go minic i gcaidreamh na nAbstal, do réir mar léightear aige féin, 'san leabhar do sgríobh air Chathughadh na nAbstal, gur ghnáthughadh ag na nAbstalaibh re linn miorbhuile do dheunamh comhartha na croise do dheunamh le na ndeas-lámhaibh.

Léightear 'san treas leabhar de Leabhraibh Annalach Zonoras go raibh gorta mór idir na Turcachaibh i gcionn 590 bliadhan iar ngein Chríost, ionnus go mbiodh iomad díobh ag faghail bháis: gidheadh, thárla Críostaighe 'san tír thug do theagasg do dhroing aca a gcoisreagadh, agus gach aon díobh do coisreagadh é féin ní bhfaghadh bás leis an ngorta sin.

Léighthear fós, i Sgathán na Sompladh gur cheannsaigh S. Proinnsias maille re comhartha na croise, confadh agus fraoch feirge faolchon do


p.40

bhí ag foghlughadh foirne na cathrach dárab ainm Engubi, agus dorinne síth agus cairdeas idir an gcoin agus cathruightheoiridhe na cathrach reamhráidhte.

Léightear, 'san leabhar ceudna, go raibh bean-riaghalta ag siubhal lubhghuirt na mainistreach in a raibh a gcoimhthionól, agus gur ghabh mian leitiúis í, agus, le fromhadh na luibhe sin di, dochuaidh an diabhal ina corp; agus is é mheasas Greagóir Naomhtha, le ar sgríobhadh an sgeul sin 'san gceathramhadh caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh na Comhagallmha, gurab é ádhbhar fá'r ghabh an diabhal sealbh innte, tré gan fioghair na croise do chur ar an luibh sul do hitheadh léi í.

As gach nidh dá ndubhramar anuas, is iontuigthe go ndligheann gach Críosduidhe re hucht deaghoibre do dheunamh, é féin do choisreagadh ó thús, agus go h-áirighthe an sagart re h-ucht an Aifrinn do rádh, amhail adubhramar thuas.

Is é chialluigheas an toigheacht amach doghnidh an sagart 'san gcoisreagadh (d'á ngóirthear bhestéir) chum an Aifrinn do rádh an toigheacht amach dorinne Críost as broinn Mhuire chum a ofrálaighthe féin do'n Athair in Iodhbairt na Páise.

Is é adhbhar fá n-abair an sagart an Faoisdin Choitchionn, dárab ainim Confiteor, do bhrigh go ndligheann gach aon re hucht Chuirp Chríost do chaitheamh fromhadh do dhéanamh air féin, do réir mar adeir Pól 'san 11 caibidil de'n chéad Eipisdil do sgríobh gus na Coirinntibh — ‘Dearbhuigheadh duine é féin (ar sé), agus mar sin itheadh sé de'n arán úd agus ibheadh sé de'n chailís; óir gibé itheas agus ibheas go neimhdhlisdineach, is damnughadh dó féin itheas agus ibheas, gan dochar do Chorp an Tighearna.’