Corpus of Electronic Texts Edition
Eochair-Sgiath an Aifrinn (Author: Geoffrey Keating)
Chapter 4
An Ceathramhadh Caibidil.
Thráchtas go mórálta, no go fáithchiallach, ar an Aifrionn,
agus ar shanasán an fhocail chéadna.
Ní thigid mínightheóiridhe an Bhíobla ná lucht sgrúdaighthe
na Sgrioptúra le chéile timcheall sanasáin nó bunadhais an
fhocail so Missa eadhon, Aifrionn. Adeirid, iomorro, cuid
aca gurab ó'n bhfocal Laidne eadhon, Missa est, atá ar cur,
adeirthear é, do bhrigh (ar siad), go gcuirthear Iodhbairt an
Aifrinn chum an Athar Uile-chomhachtaigh. Adeirid cuid eile
dhíobh nach ó'n bhfocal Laidne Missa est tháinig ar
dtús, acht ó'n bhfocal Eabhra, Misach eadhon, íodhbairt.
Is é réasún na droinge so ris, do bhrigh gurab'é Peadar
agus S. Seamus S. Seán adubhairt an tAifrionn ar
dtús, agus gurab
anns an teangain Eabhra adubhradar é, agus na deisgiobail
do bhí aca ag timpireacht dóibh sul do sgaradh ó chéile
fá chríochaibh éagsamhla na cruinne leis na hAbstalaibh
iad, rugsad leo an t-ainm dochluinidís ag na hAbstalaibh ar
an Aifrionn ina mbeulaibh eadhon, Messiah (Mashiach), mar
is follus ar feadh na hEorpa idir an chléir; acht, gidheadh
doghnidh focal Laidne dhe ag buain choda dhe, d'á chur i
n-oireamhuin do'n Laidin. Ní chuireann aon nidh ina
aghaidh so a rádh, go mbeidheadh ainm cinnte fá leith i
mbeurla nó i dteangthaibh gacha críche, i n-eagmais an
anma choitchinn úd eadhon, Messiah, mar atá Aifrionn i
nGaoidheilg, Liturgia i nGréigis, agus Mass i mbeurla
Sacsonach. Agus is í baramhuil na droinge deighionaighe is
mó mheasaim do bheith fírinneach. Bíodh a fhios agat, a
léightheóir, go bhfuilid trí teangtha anns an Aifrionn,
már atá Eabhra, Gréigis, agus Laidion: Eabhra .i. Hosanna;
Gréigis, cheana, Kyrie Eleison; agus Laidion, urmhór an
Aifrinn ó shoin amach. Is é fáth, iomorro, fa'r órduigh
an Eagluis so
p.34
mar chuimhniughadh ar an íodhbairt fhola úd
dorinneadh ar altóir na croiche air ar sgríobhadh na trí
teangtha so, de dheoin Dé tré dhiamhairchéill.
Ag so an fáthrún fá'r dheonaigh an Spiorad Naomh a sgríobhadh
eadhon na trí háidhmhillte, nó na trí hanágha do bhí, do
réir an tSean-Reachta, andiaigh na croiche, mar atá mallacht,
leimhe, agus bruid, do bhrigh go raibh a bhara fá Chríost
'san gcroich na trí haidhmhillte sin d'iompodh chum trí sochar,
mar atá beannacht, eagna, agus saoirse. Cialluighthear anns na
trí teangthaibh úd in ar sgríobhadh, gairm agus teidiol
Chríost ar an gcroich. Is uime sin do dheonaigh an Spiorad
Naomh a sgríobhadh ann; An Eabhra, iomorro, an teanga naomhtha;
an Laidion teanga na n-árd-fhlath; agus an Ghréigis, teanga na
n-eagnuidheach. Agus do bhrigh gurab sompla agus cuimhniughadh
ar Iodhbairt na Páise Iodhbairt an Aifrinn, d'órduigh an Eagluis
na trí teangtha úd do bheith 'san Aifrionn, ag cuimhniughadh na
dtrí sochar gcéadna d'fhág Críost ag na fíreunchaibh, agus
fós d'á chur i gcéill go dtig na trí sochair úd do'n
Aifrionn eadhon, beannacht, eagna, agus saoirse, gibé fíreun
éistfeas é. Tabhair dod' aire do réir S. Tomáis, 'san
seiseadh h-airteagal de'n 73 ceist, de'n treas chuid de
Summa a Dhiadhachta go bhfuilid trí neithe chialluigheas
an íodhbairt so an Aifrinn go fioghaireamhuil, mar atá
Iodhbairt Mheilcisideic, agus na híodhbartha fola, agus an
phlúir neamhdha. Tuig fós go bhfuilid trí neithe eile i
Sacraimeint na hAltóra. An chéad nidh an Sacmeint
tur eadhon, arán agus fíon; agus ar an mhodh so chialluigheas
Iodhbairt Mheilcisideic. An dara nidh Sacraimeint agus an
nidh féin, mar atá fíor-Chorp Chríost, agus is ar an modh
sin chialluigheas an uile íodhbarta fola an tSean-Reachta. An
treas nidh atá ann, ar a ngoirthear an nidh amháin, mar atá
déanmhus neith na Sacraimeinte, agus is ar an modh so
chialluigheas an plúr neamhdha; óir amhuil dobhiodh blas
gach neith dobhiodh do mhian ar dhuine ar an bplúr neamhdha,
ionnus an tí air a mbiodh mian mairtfheola, gurab blas
mairtfheola dogheabhadh air, agus an tí air a mbíodh mian
feola cearc, dogheobhadh sé blas feola cearc ar an bplúr;
agus mar sin do gach mian eile ó shin amach; agus mar an
gceudna do dhéanmhus neithe na Sacraimeinte so eadhon, do
na grásaibh oibrigheas 'san bhfíreun, atáid na huile mhiana
somholta ionnta.
Adeir an t-ughdar céadna gur chiallaigh an t-uan cásga an
tSacraimeint so ar na trí modhaibh reamhráidhte. Ar dtús is
amhlaidh do caithtí leó an t-Uan Cásga mar aon le h-arán
slím, do réir mar adeir Maoise 'san 12 caibidil in Exodus
Iosfaidhear (ar sé) feoil agus arán slím, ag labhairt
ar an modh in ar chóir do'n chineadh Iudaigheach an t-Uan
Cásga do chaitheamh. Mar an gceudna caithtear linn-ne go
sacraimeinteamhuil feoil an Naomh-Uain neamh-urchóidigh, mar
aon le haicidibh an aráin tslím
p.35
.i. na habhluinne. An dara feacht ar a gcialluigheann an
tSacraimeint so an t-Uan
Cásga; óir mar do dhíon fuil na híodhbartha úd an Uain,
in-allód an pobal uile ar aingeal an éirligh, is mar sin
dhíonas fuil an Uain so ar an altóir na Críostuighthe ar
aimsiughadh an aidhbherseóra. An treas mhodh, do bhrigh go
dtugthaoi an t-Uan Cásga d'á chaitheamh do'n phobal mar
íodhbairt an ceathramhadh lá deug do'n éasga, d'á reimh-fhioghrughadh
go raibh a dtarngaire an fíor-Uan fiorórdha
do marbhadh do'n phobal anns an bpáis ar úrlár na croise,
an ceathramhadh lá deug do rae.