Ag so mar adeir Martialis anns an eipistil ro sgríobh chum pobuil Búrduise Tiodhlaicthear (ar sé) íodhbairt do Dhia an Cruthuightheóir ar an altóir, agus ní do dhuine ná do aingeal ofráltar í. Is follus i mbriathraibh an fhir so go raibh íodhbairt altóra ann le n-a linn féin. Acht gidh adeir Luther agus Cailbhin nach raibh íodhbairt ar bith ann ó do cuireadh Críost chum báis; gidheadh fágbhaim fá bhreathnughadh an léightheóra cia córa sgeul an fhir so do chreideamhuin, do bhí ina dhuine naomhtha, agus fa deisgiobal do Pheadar, agus dochonnairc Críost go minic, ná Luther agus Cailbhin do bhí mar dochualabhar féin.
Adeir Tertullian, anns an leabhar do sgríobh ag furáileamh na geanmnuidheachta do choiméad Cuiridh (ar sé) úghdarás na hEagluise eidirdhealughadh idir an lucht uird agus an pobal, óir doghníodhthar íodhbairt agus baiste ris an sagart. Agus dá n-abradh Luther nó Calvin gur ab idir uaisle agus anuaisle an phobail doghnidh sé eidirdhealughadh annso, agus idir fhear agus mhnaoi; nach idir sagartaibh agus tuatadhaibh, agus go mbudh sagart gach aon duine; amhail adeir sinn, éisteadh leis an úghdar gceudna, 'san leabhar ro sgríobh sé ar na maighdeanaibh Ní fhuilingthear (ar sé) do mhnaoi anns an Eagluis labhairt ná múnadh ná baisdeadh ná íodhbairt do dheunamh. Is follus i mbriathraibh an fhir so go raibh íodhbairt agus sagartacht speisialta ann le n-a linn féin; agus nach raibh coitcheann ag an uile dhuine; 160 bliadhan andiaigh Chríost do bhí an fear so ann.
Adeir Origenes, 'san 20 Homilia, ag cur gluaise ar Leviticus Atáid anois (ar sé) an Eagluis ag íodhbairt Chríost, an íodhbairt fhírinneach do bhí arna fhiogharughadh anns an tSeanReacht; 230 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so ann.
Adeir Cyprianus naomhtha 'san eipistil ro sgríobh chum Cecilius Ní híodhbarthar (ar sé) íodhbairt an Tighearna maille re naomhthacht dhlisdineach muna bhfreagraidh ár n-ofráil agus ár n-iodhbairt-ne do'n pháis; agus muna raibh sí cosamhuil ria i gcásaibh d'áirighthe; 250 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.
Adeir Athanasius, ag cur gluaise ar an eipistil ro sgríobh Pól chum na n-Eabhrach Is follus (ar sé) go bhfuil aon íodhbairt amháin againn anois; acht gidh, do bhí iomad 'san tSeanReacht. Is follus i mbriathraibh an fhir so go raibh íodhbairt ina aimsir féin ann; 330 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.
Adeir Hieronimus 'san dara ceist do sgríobh sé chum Hebedia Iodhbarthar linn (ar sé) a fhuil súd go laetheamhuil ina íodhbartaibh de gheugaibh fineamhna fíre; 400 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so, agus fa gabhal de ceithre ghabhlaibh na hEagluise é.
Adeir S. Aibhistín 'san deachmhadh leabhar ro sgríobh ar flaitheas Dé Do coisgeadh (ar sé) na híodhbartha bréige do'n fhíor-íodhbairt ró-mhór so. Agus dá n-abradh Luther nó Calvin gurab ar Iodhbairt na Páise thug sé an íodhbairt ró-mhór so, éistidís ris an bhfear gcéadna 'san 23 eipisdil do sgríobh chum Bonifacius, agus tuigfid as sin gurab ar Iodhbairt an Aifrinn labhras Nach anaoinfheacht amháin (ar sé) do íodhbarthar Críost ann féin, maiseadh thairis sin, ní headh amháin íodhbarthar é an uile fhéasda na Cásga 'san tsacraimeint, acht íodhbarthar é gach aon lá do na poibleachaibh; agus ní dhéanadh breug an tí dá bhfiafróchaidhe an ndéantaoi dó iodhbairt, dá bhfreagradh ag rádh go ndéantar.
Léightear i mbeatha S. Aindréas go ndubhairt sé na briathra so, ag rádh Iodhbarthar do Dhia Uile-chomhachtach an t-uan neamh-chaidheach gach aon lá. Agus dá n-abradh Luther nó Calvin nach bhfuil annso acht rádh na hEagluise, agus d'á bhrí sin nach cóir creideamhuin do, éistidís ris an bpríomh-ughdar barántamhuil, S. Aibhistín, agus tuigfid as a bhriathraibh go ndleaghthar teist n-a hEagluise do ghabháil. Ag so, cheana, mar adeir sé 'san eipisdil do sgríobh sé chum Hieronimus Ná déanadh (ar sé) aon duine breathnughadh anaghaidh ghnáthadh ró-bheannuighthe na hEagluise; óir atá a húghdarás chomh mór sin, ionnus nach féidir le haon duine leanfas di dul amughadh ná ar earáid; 400 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.
Rabbi Apprensas, ughdar Eabhrach, ag tarngaire ar Iodhbairt an Aifrinn I n-aimsir na tarngaire tiocfaidh duine darab ainm Messiah (ar sé) coisgfidh na huile íodhbartha, gidheadh ní choisgfidh íodhbairt an aráin agus an fhíona go bráth.
Adeir Alexander Pápa agus mairtíreach, an seachtmhadh Pápa andiaigh Pheadair, 'san ceathramhadh canóin Ní féidir (ar sé) aon nidh bheith anns na híodhbarthaibh is mó ioná Corp Chríost agus a fhuil; agus ní féidir íodhbairt is uaisle ioná í d'fhághail; acht do sháruigh sí an uile íodhbairt.
Adeir Isodorus, 'san chéad leabhar do mhúnadh na gCríostuightheadh Creidim (ar sé) gurab ó na hAbstalaibh féin dofrith íodhbairt d'ofrálughadh
Léightear 'san seiseadh agus 'san seachtmhadh caibidil ag Leviticus, go rabhadar cúig gnéithe íodhbarthadh ann; an chéad ghné ar a dtabhradaois iolosgadh, nó uilelosgadh, mar i ndéantaoi an beathadhach uile do losgadh ann; an dara gné híodhbartha, íodhbairt aráin tslím ar a gcraithti ola; an treas íodhbairt, íodhbairt na sítheólachta; an ceathramhadh híodhbairt, an peacadh gníomhach, nó an peacadh doghnídh duine re faill; an cúigeadh íodhbairt, íodhbairt an ghlanta. Tigid, iomorro, na cúig gnéithe íodhbarthadh so re chéile i n-íodhbairt Chríost; óir ar dtús fa huilelosgadh é, do bhrigh go raibh ar lasadh de theine an ghrádha 'san gcrann chéasda agus d'ofráil sé é féin go huile chum an duine d'fhuasgladh go hiomlán; an dara feacht, fa híodhbairt an aráin tslím é, mar is follus anns an abhluin ar a gcuirthear ola gáirdeachais na ngrás. An treas feacht, is íodhbairt sítheólachta é; óir re linn Pháise níor labhair aon fhocal garg, agus do tharraing síothcháin agus sítheóltacht ar neamh agus ar talamh. An ceathramhadh feacht, fa íodhbairt pheacadh eadhon, ar son pheacach é; do réir mar adeir Pól 'san 5 chaibidil de'n dara eipis. chum na gCoirinnteach Oir, gion go ndeárnadh sé peacadh (ar sé, ag labhairt ar Chríost), dorinneadh ar ár son-ne na peacach eadhon, díoluigheacht ar son peacach Dé.
An cúigeadh feacht, fa íodhbairt ghlanta é; óir do ghlan sé sinn go léir ó n-ár bpeacadhaibh, do réir mar adeir Eoin 'san chéad chaibidil de'n chéad eipisdil chanónta Glantar sinn (ar sé) le fuil Iosa, a mhac súd ó'n uile pheacadh. Agus dá n-abradh Luther nó Calvin gurab'é adubhairt Críost Déantar so libh, agus nach é adubhairt Iodhbarthar so libh. Bíodh a fhios aca, de mhodh labhartha na n-Eabhrach, go n-abarthar go minic an focal so déantar, ar son an fhocail so íodhbarthar, mar is follus as na hionadaibh so síos an Sgrioptúra. Adeir Dáibhidh 'san 65 Sailm Dodhéan duit (ar sé) bath mar aon le pocánaibh. Ionann sin re a rádh agus Dodhéan íodhbairt de bhuaibh agus de phocánaibh duit. Léightear fós 'san 9 caibidil de'n treas leabhar de leabhraibh na Riogh, mar a n-abair Dorighne Solamh ule losgadh. Léightear arís 'san 18 caib. de'n leabhar ceudna mar a n-abair Elias Dodhéan (ar sé) bó eile. Mar an gcéadna 'san 13 caib. de'n Leabhar na mBreitheamhan Má's áil leat uilelosgadh do dhéanamh. Léightear, 'san 23 caib. ag Leviticus na briathra so Déanaidh pocáin ar son bhar bpeacadh. As na h-ionadaibh so tuigthear go follus go n-abarthar an focal so déantar ar son an fhocail íodhbarthar. Oir dá mbudh i gcéill Luther nó Calvin do thuigfeamaois na h-áite reamhráidhte, dob' ionnan é agus tarbh nó pocán do dhéanamh do fáidhibh, do bhrigh nach féidir, do réir nádúra, bath do chruthughadh gan tarbh d'á ndéanamh.
Do bhárr ar gach suidhiomh dá dtugamar linn anuas éist, a léightheóir le teist ár n-eascarad Lúitear ag déanamh fiadhnaise linn ag admháil go bhfuil íodhbairt ann. Ag so mar adeir 'san ngluais ro sgríobh ar an 109 Sailm Créad é an fáth (ar sé) bhí ag an bhfear úd d'ofráil aráin agus fiona do láthair Abraham? Is é chialluigheas súd (ar sé) sagartacht Chríost 'san mbeatha aimseardha so go deireadh an domhain; agus fós go ndéantar leis é féin d'íodhbairt 'san Eagluis ar an altóir i sacrameint fholuightheach a chuirp rónaomhtha agus a fhola luachmhaire féin.
Is iomdha suidhiomh barántamhuil eile dobhéarainn anuas annso, acht go measaim gur leór gach teist d'a dtugas, mar aon le fiadhnaise Luther féin; ádhbhar eile fós d'eagla go mbeidhinn liosda do'n léightheóir.