Corpus of Electronic Texts Edition
Eochair-Sgiath an Aifrinn (Author: Geoffrey Keating)

Chapter 2

AN DARA CAIBIDIL. In a dtráchtar anaghaidh na nEiriceadh, agus in a suidhtear gurab sacraifis nó íodhbairt an tAifrionn.

Adeir Malachias anns an gcéad chaibidil — ‘O thurgabháil gréine go fuineadh is mór m'ainm-se idir na cineadhachaibh; agus íodhbarfuidhear agus ofrálfuidhear anns an uile áit am' ainm-se iodhbhairt ghlan.’ Adeir Damascenus, 'san 14 caib. de'n 4 leabhar ro sgríobh ar an gcreideamh gcoitchionn, gurab ar íodhbairt an Aifrinn do labhair Malachias go fáidheamhuil annso. Ag so briathra Damascenus — ‘Is í so an íodhbairt ghlan, neamh-fholamhail, adubhairt an Tighearna, i mbeul an fháidh, dodéantaoi do ofrálughadh dó féin ó thurgabháil gréine go fuineadh.’ Agus dá n-abradh LutherCalvin gurab í Iodhbairt na Páise do tharngair an fáidh, ní fíor dóibh é, óir níor hofráladh Iodhbairt na Páise acht ar Sliabh Calvary amháin; agus do b'í a bhfaisdine an íodhbairt úd d'ofrálughadh ó thurgabháil gréine go fuineadh. Mar an gcéadna, is íodhbairt ghlan do tharngair ann, agus níorbh'íodhbairt ghlan Iodhbáirt na Páise, ó dhortadh fola, gidheadh do bhí glan i dtaobh a substainte: ar an adhbhar sin, ní ar pháis Chríost do labhair an fáidh; agus ó nach bhfuil íodhbairt eile ann acht an tAifrionn is éigean admháil gurab ar an Aifrionn do labhair an fáidh; agus d'eagla go gcuirfeadh aon duine in iongnadh créad as a n-abramaois íodhbairt neamhghlan re Páis Chríost, ní hé is iontuigthe as go mbiadh Iodhbhairt na Páise caidheach nó salach, acht do dhéanamh deifreach idir í féin agus an íodhbairt anns nach ndeárnadh dortadh fola, mar dorighneadh innti-se anns an Sean-Reacht. Ní raibh íodhbairt ghlan ar bith ag na cineadhachaibh roimh Pháis Chríost, acht iad ag adhradh do dhéithibh boghra balbha, do réir mar adúbhairt Dáibhidh Rí anns an 95 Sailm — ‘Do bhí deamhain (ar sé) in uile dhée na gcineadhach;’ nó dá n-abradh LutherCalvin gur fíoruigheadh an fhaisdine leis an droing de'n chineadh Iudaigheach do sgaipeadh agus do sgannradh fá thrí rannaibh an domhain, do ghabh díbirt tré chogadh na nIudaigheach re cineadhaibh eile do bhí ag déanamh fóirneirt nó fóiréigin orra, ní fíor dóibh é, óir dothugsad an dream díbeartha sin iad féin ar adhradh do dhéithibh boghra balbha do nós na gcineadh eile, do réir mar adeir Dáibhidh anns an 105 Sailm, ag labhairt ar an droing sin — ‘Atáid (ar sé) arn-a gcomhchumsgughadh idir na cineadhachaibh, agus d'fhoghluim siad a n-oibreacha; agus dorighneadar óglachas dá mbréig dealbhaibh.’ Do tharngair fós Dáibhidh anns an 49 Sailm, ag labhairt i bpearsain Dé — ‘Cuirfidhear íodhbairt an tSean-Reachta ar gcúl, agus beidh aon íodhbart amháin ann do thaithneomhaidh le Dia. Ní ghlacfad (ar


p.25

sé) as do thigh-se laoigh náid pocáin dod' thréadaibh, acht toirbhir do Dhia íodhbairt mholta’ — eadhon, íodhbairt an Aifrinn. Agus is é do tharngair Sophonias 'san dtreas chaibidil — ‘An tráth úd (ar sé) dobhéar beul toghtha do na poibleachaibh; ionnus go nguidhfidís go leir ainm an Tighearna, agus go ndéanfaidís óglachus dó le h-aon ghualainn, no le h-aon chuing’; agus measaim gurab'é nidh chialluigheas an aon chuing so, aon chuing íodhbartha an Aifrinn. Léightear fós 'san dara caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh na Riogh, tarngaire ar shagartacht soisgeulta an Aifrinn, d'á chur i gcéill go mbiadh comhachta aige, agus go rachadh báthadh ar shagartacht an tSean-Reachta, an tan adubhairt — ‘Feacaidh (ar sé) tiocfaidh laethe in a sgaipfaidh mé do lámh agus lámh d'athar, agus dúiseóchaidh mé sagart díleas dham féin, dodhéanas do réir mo chroidhe agus m'anma féin, agus shiubhalóchas do láthair mo chuirp féin ó ló go ló.’ Tuig gurab ionann ‘lámh’ annso agus comhachta; óir cuirthear go minic an focal so ‘lámh’ 'san Scrioptúir ar son chomhachta; amhail adeir Dáibhidh 'san 118 Sailm — ‘Atá m'anam féin (ar sé) am' láimh féin do shíor.’ Ionann sin agus ‘ar mo chomhachtaibh féin.’ D'á bhrigh sin is é chialluigheas an text úd thuas go raibh Dia ar tí comhachta na sagart n-Iudaigheach do chur ar gcúl, agus ar tí na sagart soisgeulta do chur i gcomhachtaibh; agus ó nach féidir sagartacht do bheith gan sacrifice nó íodhbairt, agus gurab follus gur cuireadh íodhbairt an tSein-Reachta ar g-cúl, do réir Phóil, mar a n-abair sé nach le fuil tarbh nó pocán do fuasgladh sinn, acht le Fuil luachmhar an Uain neamh-urchoidigh, ní fuláir íodhbairt soisgeulta do bheith ann; agus, ó nach bhfuil íodhbairt soisgeulta ann acht an tAifrionn, is air do labhair Pól. Agus d'á n-abradh LutherCalvin nach fuil sagartacht fóir-imealach soisgéalta ann, acht sagartacht folaightheach spioradálta, agus 'san gcéill sin gurab sagart go comhchoitcheann an uile dhuine, idir fhear agus mhnaoi, éistid re Pól 'san gcúigeadh caibidil chum na nEabhrach, mar a ndeárnaidh sé eidirdhealughadh idir na tuatadhaibh agus na sagartaibh, an tan adubhairt — ‘An uile easbog (ar sé) tógbhathar as na tuatadhaibh, nó as na daoinibh eile, oideadhthar é ar son na ndaoineadh anns na neithibh in a mbíonn roinn againn re Dia; ionnus go n-ofráladh sé tiodhlaichthe agus íodhbarta ar son ár bpeacaidh, agus ar ár son féin, agus ar son an phobail.’ Is iontuigthe as na briathraibh so gurab í an oifig is tairbhidhe, tabhachtaidhe, bhíos ag an sagart nó ag an easbog (óir is ionann iad) íodhbairt d'ofrálughadh ar son a bpeacaidh, do réir Phóil. Agus, ó nach raibh le linn Phóil, ná ó shoin i leith, íodhbairt ann acht an tAifrionn, ní fuláir do Chailbhin a admháil gurab íodhbairt an tAifrionn, nó abradh dúinn ainm íodhbarta eile do bhí ann an uair sinn nó ó shoin i leith. Agus dá n-abradh

p.26

LutherCalvin nach cóir íodhbairt do bheith ann acht íodhbairt in a ndéantar dortadh fola, ní fíor dóibh é; óir léightear 'san 14 caibidil i Genesis go ndeárnaidh Meilcisideic íodhbairt aráin agus fíona; agus adeir Lúcás 'san 22 caibidil go ndeárnaidh Críost íodhbart d'á Chorp agus d'á Fhuil féin, fá ghnéithibh aráin agus fíona, anns an suipéar; ghidheadh níor dhoirt aon bhraon d'á Fhuil an tan sin. Léightear 'san dara caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh na Riogh, go ndeárnaidh bean d'ár bh'ainm Anna a mac féin, eadhon, Samuel, d'ofrálughadh do Dhia, agus níor doirteadh braon d'á fhuil an tan sin. Léightear ar Mhuire Mháthair gur ofráil sí a Mac féin 'san Teampoll do Dhia tré lámhaibh Shimeoin, sagart. Léightear, fós, 'san 12 caib. de'n Eipistil do sgríobh Pól chum na Rómhánach, gur ghuidh sé an pobal Rómhánach, d'á iarraidh orra a gcuirp féin do thabhairt mar íodhbairt do Dhia; gidh, ní tháinig thar dhortadh fola. D'á bhrigh sin, gan chead do Luther nó do Chailbhin, ní h-éigean dortadh fola do bheith 'san íodhbart.

Fá h-ionamhail, iomorro, do shagartacht Mheilcisideic sagartacht Chríost, do réir Dáibhidh 'san 109 Sailm — ‘Do dhearbhaidh an Tighearna (ar sé), agus ní budh aithreach leis é, is sagart tu-sa go síorruidhe, do réir uird Mheilcisideic.’ As so is iontuigthe, ó's do réir uird Mheilcisideic atá Críost, gurab íodhbairt do réir an uird chéadna dligheas Sé do dhéanamh; agus, ó's íodhbairt aráin agus fíona, gan dortadh fola, dorighne Meilcisideic, a mhacsamhuil sin dligheas Críost do gach sagart eile d'á ord do dhéanamh. Is córaide so do chreideamhuin an gealladh úd tug Dáibhidh do Chríost, nacharbh'fhéidir a bheith fírinneach i sagartacht Aaron, in a ndéantaoi dortadh fola 'san íodhbairt; óir is follus gur críochnuigheadh an sagartacht sin i mbás Chríost an tan adubhairt Consummatum est, agus is éigean an tsagartacht do tharngair Dáibhidh do bheith fírinneach, síorruidhe ann chum na faisdine do bheith fírinneach.

Níorbh' éagcosamhuil Críost agus Meilcisideic do shamhlughadh re chéile, óir fa righ agus sagart Meilcisideic, agus mar an gceudna do Chríost. Ionann, fós, Meilcisideic agus ‘righ an chirt,’ agus fa h-é Críost, dá-ríribh ‘Righ an Chirt.’ Adeir fós Pól go raibh Meilcisideic gan athair gan mháthair; ní h-é nach raibh athair agus máthair aige; acht níorbh'fheas annsan Scrioptúir cia fa h-athair nó fa mháthair dó; mar an gceudna do Chríost, ní raibh athair ag A Dhaonacht ar talmhain, ná máthair ag A Dhiadhacht ar Neamh. Dorinne Meilcisideic íodhbairt aráin agus fíona an mhéid gur sagart é; óir d'eagla go measfaidhe gurab proinn choitcheann thug sé d'Abraham do shásughadh a chuirp amháin, adeir an Scrioptúir, d'á chur i gcéill gur bh'feidhm sagairt dorinne — eadhon, iodhbairt do dheanamh amhail cuirthear síos 'san 14 caib. in Genesis, an tan adeirthear, ‘óir fa


p.27

hé sagart an Dé ró árd é’; ionnus dá mbudh biadh coitcheann do bhí sé do thabhairt uaidh go mbudh fhurasda do dhuine mar é — do bhí sé ina righ — a mhalairt féin d'fhágháil chum bidh choitchinn do dháil d'Abraham. As gach nidh dhíobh so is inmheasta gurab fioghair cosmhail do Chríost Meilcisideic, agus, mar an gceudna, go raibh íodhbairt Mheilcisideic ina fioghair ag tuar an Aifrinn.

Atáid trí neithe in a dtigid Iodhbairt an Aifrinn agus Iodhbairt na Páise le chéile; ar dtús is ionann an nidh íodhbarthar 'san Aifrionn agus do híodhbaireadh anns an bPáis, do réir mar adeir Lúcás 'san 22 caibidil — ‘Ag so (ar sé) mo chorp féin tiodhlaicfidhear ar bhur son; ag so m'fhuil féin doirtfidhear ar bhur son 'san gCrois.’ An dara nidh, amhail do bhí an Pháis i dtarngaire do Chríost do bhí an tAifrionn i dtarngaire do Mheilcisideic, do réir Malachias 'san gcéad chaibidil. An treas nidh ina dtigid le chéile go rabhadar fioghracha agus furfhogartha na Páise.

Acht, cheana, atá eidirdhealughadh eatorra i neithibh eile. Ar dtús, gur fá ghnéithibh coimhightheacha do íodhbair Críost é féin 'san suipeur, agus gurab ina chruth dhíleas féin do iodhbair Sé é féin 'san Pháis; an dara deifir atá eatorra, gurab é fa cúis do Iodhbairt na Páise le bás agus le dortadh fola Chríost, grása, fíor-aondacht, naomhthacht, agus sláinte mharthanach do ghreamughadh dúinn-ne; peacaidhe an domhain do chur ar gcúl; ár dtinneas-na d'iomchar; an diabhal do chlaoidh; an bás síorraidhe do ruagadh; an bheatha mharthanach do dháil dúinn; dóirse an fhlaithis neamhdha d'fhosgladh rómhainn, d'ár bhfuasgladh, agus leorghníomh folláin do dhéanamh 'san bhfolmhach éagcórach dorighne an céad athair ó'r fhásamar i bParathas.

Iodhbairt an Aifrinn, cheana, is é is feidhm di bheith ina cuimhniughadh ar an bPáis, ina seoidfine agus ina comhartha cumainn againn, d'ár dtathughadh le sochar na Páise agus ina sásughadh spioradálta d'ár n-anamnaibh, agus dobheir meudughadh grása do na fíreunachaibh, amhail dobheir beatha corpordha, fás agus meudughadh ar fhuil agus ar fheoil an tí chaitheas é; is mar sin doghnidh Iodhbairt an Aifrinn, atá ina bhiadh spioradálta, dobheir sé sásughadh agus meudughadh do na grásaibh bhíos i n-anam an fhíréin. Tig de fós giorradh do chur ar phiantaibh na n-anam i bpurgadóir. Feudaim a rádh gur híodhbaradh Críost ar trí modhaibh fhreagras do na trí reachtaibh, mar atá Reacht na Nádúire, Reacht Mhaoise, agus Reacht an tSoisgéil. An chead modh dhíobh, 'san gcéad reacht, do híodhbaireadh Críost go fioghartha i mbás Abel do marbhadh le Cáin, do réir mar adeir Eoin 'san 13 chaibidil in Apocalypsis — ‘Atá an t-Uan arn-a mharbhadh (ar sé) ó thús an domhain,’ ag ciallughadh bháis Abel do marbhadh i dtús an domhain, do fhurfhogradh go reamh-fhaicsionach íodhbairt na Páise. Mar an gceudna do híodhbaireadh go fáthach, fioghartha, é 'san


p.28

reithe do thaisbéan an t-aingeal do Abraham chum íodhbartha tar cheann Isaac, amhuil léightear 'san 22 caibidil in Genesis. An dara modh in i n-iodhbairthear é, do réir an dara reachta, ar úrlár na Croiche ina Pháis, amhail adeir Pól 'san gcúigeadh caibidil chum Ephesians, ‘Tug Críost (ar sé) annsacht dúinn, agus do thiodhlaic Sé é féin mar ofráil ar ár son agus mar íodhbairt do Dhia.’ Is ris an nidh gcéadna bhuaineas an nidh adeir Isaias 'san 35 caibidil, an tan adubhairt, ag labhairt go fáidheamhuil ar Críost — ‘Do híodhbaireadh é do bhrigh gur bh'í sin a thoil féin.’ An treas mhodh in a n-íodhbarthar Críost, do réir an treas reachda, go sacraimeinteamhuil, nó go fáth-rúnda, folaightheach, fá ghnéithibh coimhightheacha, mar atá fá ghnéithibh aráin agus fíona 'san Aifrionn, do réir mar do shuidheocham, agus mar do suidheadh linn go soiche so. Agus is ar an modh ndeighionach so ghnáthuigheas an Eagluis Críost d'íodhbairt, agus ní ar an dara modh; ní hionann agus mar adeirid na h-éiricidhe. Is gnáthach, iomorro, leis na hEiricidhibh an tan dochídhid aon nidh somholta ag an Eagluis Chatoilice d'á dhéanamh, nach feudaid do chur ar gcúl do Scrioptúir nó d'ughdarás, gabhaid ag fochmhuid agus ag fónomhaid faoi, do cheilt a nEiriceachta agus a n-ainbhfiosa féin, do mhealladh agus do bhreugadh tuatadh leanas d'á slighthibh seachránacha féin.

Is fíor gurab le linn a íodhbartha féin, agus ar dtús ar an dtreas mhodh so 'san Suipeur, do thionsgain Sé an nuadh-fhiadhnuise — eadhon, an treas reacht, dárab ainm Reacht Soisgéalta, agus gurab í sin an dara gné in ar híodhbaireadh é — eadhon, 'san bPáis do chríochnughadh an tSeanReachta amhail adubhramar thuas. Dá n-abradh LutherCalvin nach maith tuigthear linn an tarngaire dorighne Dáibhidh do shagartacht shíorraidhe Mheilcisideic tréna rádh dhúinn gurab re Críost bhuaineas sí, éistear leo le postadhaibh foirtille na fírinne, mar atáid aithreacha eagnaidhe úghdarásacha na hEagluise, agus dochluinfid uatha go follus gurab é Críost fa cuspóir comhráidh do Dháibhidh 'san rann reamhráidhte úd thuas do haithléigheadh linn. Ag so, cheana, mar adeir Cyprianus 'san treas Eipistil de'n dara leabhar — ‘Do híodhbaireadh (ar sé) le Críost an nidh do híodhbaireadh le Meilcisideic’ — eadhon, arán agus fíon; ionann sin re a rádh — agus a fhuil agus a fheoil féin. Adeir Damascenus 'san 14 caibidil de'n cheathramhadh leabhar — ‘Le harán agus le fíon (ar sé) do ghlac Meilcisideic (fa sagart do'n Dia ró árd) Abraham ar bhfilleadh dhó iar marbhadh na n-eachtrannach.’ Fa reimh-fhioghair an bhórd úd Mheilcisideic do'n bhórd ghlanrúnda so againn-ne, amhail fa iomháigh agus fa fioghair an tsagartacht úd Mheilcisideic do Chríost, an fíor-shagart síorraidhe amháin. Adeir Epiphanius, ag sgríobhadh anaghaidh Eiricidhe Melchidianus — ‘Cialluidh (ar sé) íodhbairt Mheilcisideic an té úd a dubhairt, ‘Mise an t-Arán


p.29

Beó’; agus cialluidh fós an Fhuil do buaineadh as A thaobh 'san gCrois.’ Adeir Ieronimus, 'san eipistil do sgríobh chum Marcella — ‘Do íodhbair (ar sé) Meilcisideic arán agus fíon i gcruth nó i bhfioghair Chríost.’ Adeir Ambrós, 'san dtreas chaibidil dhe'n chéad leabhar ro sgríobh do'n tSacraimeint so na h-altórach — ‘An tan tharlaidh an sagart Meilcisideic ar Abraham, iar mbreith mbuadha, agus do h-íodhbaireadh leis arán agus fíon dó.’ Adeir S. Aibhistín, 'san 17 caibidil de'n 17 leabhar do sgríobh sé ar Fhlaitheas Dé — ‘Anois (ar sé) ní bhfuil sagartacht ná íodhbairt in aon áit 'san domhan do réir uird Aaron, agus íodhbarthar fá'n sagart Críost 'san uile áit an nidh do dháil Meilcisideic.’

Adeir an fear céadna, ag sgríobhadh ar an 33 Sailm — ‘d'ordaigh Críost (ar sé) íodhbairt d'á Chorp agus d'á Fhuil féin do réir uird Mheilcisideic.’ Adeir Arnobius, do mhair i gcionn 300 bliadhan andiaigh Chríost, ag sgríobhadh ar an 109 Sailm — ‘Maille ré fáthrún aráin agus fíona (ar sé) dorinneadh sagart de Chríost go síorruidhe, do réir Mheilcisideic dorighne íodhbairt aráin agus fíona.’ As ráidhtibh na droinge adubhramar is follus (gan chead do Luther nó do Chailbhin) gurab ar sagartacht Chríost do labhair an fáidh; agus do bhrigh gur gheall sé a bheith síorruidhe, is increidte go mbeidh sí ar bun go deireadh an domhain. Agus, ó nach bhfuil sagartacht ann gan íodhbairt, agus nach raibh riamh, ní fuláir íodhbart do bheith ann do réir sagartachta Chríost agus Mheilcisideic; agus ní bhfuil íodhbairt eile ann acht an tAifrionn: nó, má tá, innseadh LutherCalvin nó a lorgairidhe é — agus, ar an adhbhar sin, is íodhbairt an tAifrionn. Adeir, cheana, Theophilactus, ag cur gluaise ar an gcúigeadh caibidil de'n Eipistil do sgríobh Pól chum na nEabhrach — ‘Is uime (ar sé) adeirthear gur sagart Críost go síorruidhe, do bhrigh go n-íodhbarthar é go laetheamhuil, agus go n-ofráltar é go síorruidhe mar íodhbart le sagartaibh Dé, iar mbeith do Chríost i n-aoinfheacht ina easbog agus ina shagart aca’; 880 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.


p.30