Corpus of Electronic Texts Edition
Eochair-Sgiath an Aifrinn (Author: Geoffrey Keating)

p.19

Chapter 1

An Chead Chaibidil, In a dtráchtar ar an Aifrionn, agus in a suightear an tAifrionn do bheith ar bun ó aimsir na nAbstal, agus ó shoin anuas.

Adeir Pól anns an 13 caib. de'n Eipistil do sgríobh chum na nEabhrach, nidh as a dtuigthear an tAifrionn do bheith ag á gnáthughadh anns an Eagluis re n-a linn féin — ‘Atá againn (ar sé) altóir ar nach feudaid an dream ar a ndeuntar timchill-theasgadh nidh d'ithe.’ Agus is é ainm ghoireas sé de'n altóir sin, ‘Thusiastérion’ — eadhon, ‘íodhbairt cláir;’ agus do bhrigh nach raibh íodhbairt cláir eile ann, acht altóir an Aifrinn, is uirre do labhair sé. Adeir fós go follusach S. Deinis, do bheannaigh 'san bhFrainc, agus budh deisgiobal do Phól Abstal, 'san dtreas chaibidil de'n leabhar do sgríobh ar árd-fhlaitheas na hEagluise nidh as a dtuigthear go follus go raibh an tAifrionn re n-a linn ann. ‘An tan (ar sé) d'órdaigh ár bprionnsaidh-ne an tAifrionn do rádh ós árd, ní le céadfaidhibh osgailte do nochtadh, acht le comharthadhaibh ró óirdhearca do dháileadar iad.’ Adeir mar an gceudna Aurelianus naomhtha, fa choimh-dheisgiobal do Martialis, do bhí ina dheisgiobal ag Peadar, i mbeatha an Martialis so, na briathra so — ‘Ar mbeith (ar sé) do'n duine ró naomhtha so ag rádh Aifrinn, tárlaidh go hobann go ndeachaidh an Diabhal i gcorp iarla óig d'ár bh'ainm Arneus, ó chathraigh Taronic, agus ina mhnaoi d'ár bh'ainm Christiana.’ Is iontuigthe as mbriathraibh an fhir so go raibh an tAifrionn d'á rádh agus ar bun re n-a linn féin. Adeir Abdias, do bhí ina dheisgiobal ag Pilib Abstal, 'san seachtmhadh leabhar ro sgríobh ar chathughadh na nAbstal, mar a dtráchtann ar bheathaidh Mhatha soisgeulaidhe — ‘Le linn (ar sé) na huile eagluise do ghabháil leis an Aifrionn, do chongaibh Matha é féin lámh ris an altóir ar a ndeárnadh sé Corp Chríost d'ofrálughadh, agus d'fhulaing sé go luathgháireacht martra abstalda ann.’ Is follus i mbriathraibh an fhir so go n-abradh Matha Aifrionn; óir dochonnairc sé féin Matha go minic. Adeir Clemens, an treas Phápa andiaigh Pheadair, 'san 11 Canóin — ‘Gan amhrus (ar sé) ná habradh sagart ar bith Aifrionn ina phorróiste féin gan furáileadh an easbuig.’ Ocht mbliadhna agus trí fichid andiaigh Chríost do mhair an fear so.


p.20

Adeir Telesphorus, an t-ochtmhadh Pápa andiaigh Pheadair, 'san cheathramhadh canóin de Chanónachaibh na nAbstal — ‘Ní cneasta (ar sé) na hAifrinn do rádh roimh an treas uair de'n ló’; 127 bliadhna andiaigh Chríost do'n fhear so.

Adeir Higinus, an deachmhadh Pápa andiaigh Pheadair, gurab de dhruim na nAifrionn dlighthear na teampoill do choisreagadh.

Adeir Ignatius 'san eipistil do sgríobh sé chum an chinidh d'ár bh'ainm Sinormenses — ‘Ní dlighthear (ar sé) ofráil do dhéanamh gan easbog, ná íodhbairt do thoirbhirt, nó Aifrionn do rádh’; 103 bliadhna andiaigh Chríost do'n fhear so.

Adeir S. Ambrós, 'san leabhar do sgríobh ar na Sacraimeintibh, ainm an Aifrinn go minic; agus do chuir sé foirm an Aifrinn go follus síos 'san leabhar so; 380 bliadhan andiaigh Chríost do bhí an fear so ann.

Adeir Eusebius, 'sandara leabhar do sgríobh de Stáir na hEagluise, gurab'é Peadar adubhairt an chéad Aifrionn in Antiochia, 'san Syria, agus gurab'é S. Seamus adubhairt an chéad Aifrionn in Ierusalem, anns an Asia mBig, agus gurab'é Marcus adubhairt an chéad Aifrionn in Alexandria, anns an Africa; 330 bliadhan andiaigh Chríost do bhí an t-ughdar so Eusebius ann.

Adeir Hugo de Sancto Victore, 'san dara leabhar de na Sacraimeintibh gurab'é Peadar adubhairt an chéad Aifrionn anns an Antiochia; 1130 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.

Do chuir S. Aibhistín, 'san 59 Eipistil do sgríobh chum Paulinus, gach nidh bhuaineas le hord an Aifrinn síos go soiléir; 400 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.

Dobheir Leó, an chéad Phápa de'n ainm sin, ‘íodhbairt’ ar an Aifrionn anns an ochtmhadh Eipistil; 450 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.

Adeir Gréagóir, do réir mar léightear 'san leabhar d'árab ainm Decretales — ‘Guidheadh an sagart (ar sé) go mbiaidh Corp Chríost, glacthar anois fá ghnéithibh aráin agus fíona, uair eile d'á ghlacadh go follus, mar atá sé féin — eadhon, bheith ag filleadh air ina ghlóir féin i bhFlaitheas;’ 600 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.

Adeir Beda, ag cur míniughadh nó gluaise ar an dara caibidil de'n chéad eipistil do sgríobh Pól chum na gCoirinnteach — ‘Fa thoil leis an Spiorad Naomh (ar sé) onóir chomh mór-sa do thabhairt do'n tSacraimeint gurab túisge dorachadh Corp Chríost i mbeul an Chríostuidhe 'ná biadha fhóirimealacha.’ Is follus as briathraibh an fhir so go raibh Corp Chríost ag na Críostaidhthibh d'á chaitheamh ar céadlongadh lena linn féin; 720 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.


p.21

Adeir Haymo, easbog, ag cuir gluaise ar an 10 caibidil de'n chéad eipistil do sgríobh Póil chum na gCoirinnteach — ‘Coisreagthar (ar sé) ar dtús an t-arán, agus beannuighthear leis an sagart agus leis an Spiorad Naomh é, agus bristear ina dhiaigh sin é; agus annsin, bíodh gurab arán dochídhtear ann, go fírinneach is é fíor-Chorp Chríost bhíos ann’; 830 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so ann.

Adeir Anselmus, ag cur gluaise ar an nidh céadna 'san eipisttil céadna — ‘Ní h-iongnadh (ar sé) go ndeárnaidh Críost a fhuil agus a fheoil féin d'arán agus d'fhíon; óir doghníodh Sé go laetheamhuil 'san uile dhuine feoil agus fuil d'arán agus d'fhíon; óir an t-arán itheas duine doghnídhthear a iompógh chum feola; agus an fíon ibhthear leis do chlaochlodh, maille re h-oibriughadh an Chruthuightheóra, i bhfuil.’ Is follus i mbriathraibh an fhir so, anaghaidh Chailbhin, nach é amháin samhuil Chuirp Chríost, nó cuimhne air, bhíos 'san abhluin choisreagtha, acht go mbí Corp Chríost dáríribh idir fhuil agus fheoil ann, do réir mar chruitheocham 'san tráchtadh so in áit eile é; 1080 bliadhan andiaigh Chríost do'n fhear so.

Is iomdha teist barántamhuil eile d'fheudfamaois do thabhairt anuas do neartughadh linn, acht nach righthear a leas linn ar dhá adhbhar; an chéad adhbhar díobh go n-admhuid na h-éiricidhe féin go bhfuil an tAifrionn d'á ghnáthughadh ag an Eagluis Rómhánuigh re míle agus dhá cheud bliadhan; an dara adhbhar, go n-admhuid anns na gceithre ceud bliadhan roimhe sin budh foigse do Chríost go raibh an Eagluis cheudna sin glan gan truailleadh, ionnus gach nidh ar a dtángadar na hAithreacha d'aon inntin ar feadh na haimsire sin do bhuainfeadh re h-aon phonc de'n chreideamh, go mbíodh ionghabhtha mar an Scrioptúir, do réir mar léightear i meádhoin an leabhair dídheanta — eadhon, Apologia, do sgríobh i n-ainm Righ Sacson — .i. an Chéad Shéamus, i gcoinne Charthanóir Bellarmín, mar a n-abair gurab ionghabhtha mar an Scrioptúir gach nidh air ar chinneadar na nAithreacha Naomhtha do bhí ar feadh na 400 bliadhan úd ann. Agus is follus i dtús na caibidile so, go dtángadar d'aon mhéin ar an Aifrionn do bheith ag a ghnáthughadh agus do bheith ionmholta 'san Eagluis; agus, d'á bhrigh sin, ó thángadar d'aoin mhéin ar a bheith ionghabhtha, agus go n-abraid na h-éirichidhe gach nidh ar a dtángadar na hAithreacha Naomhtha d'aontoil do bheith ionghabhtha mar an Scrioptúir, is inchreidte dóibh, d'á bhrigh sin, go bhfuil an t-Aifrionn ionghabhtha, do bhrigh go dtángadar na hAithreacha reamhráidhte ar aon inntin agus d'aon toil ar a bheith ionghabhtha. Agus dá n-abradh LutherCalvin, nó a lorgairidhe, nach dtángadar na hAithreacha úd d'aon mhéin ar a bheith ionghabhtha, a shlán futha, ainm nó sloinneadh, laoidh nó litir, aon athar d'á raibh ar feadh na h-aimsire úd ann do thabhairt anuas d'á dhíomholadh nó d'á chur ar gcúl.


p.22

Is follus gurab foghluim dhiabluidhe an tAifrionn do chlódh agus do chur ar gcúl; ar dtús olcus na n-úghdar le ar tionnsgnamh a mhúchadh — eadhon, Luther, millteóir manaigh do bhlodh a chuing chrábhaidh le h-uabhar agus le antoil, d'ar chuir sé suas de cheann na hEagluise tré formad agus ainmhian, agus tré n-a dtug sé Caitríona, an bhean riaghalta, go h-aindlightheach as mainistir, d'á bheith ina leanán leaptha aige fein, contrárdha d'á móid araon agus do'n ghealladh thugadar do Dhia.

Calvin, cheana, do budh dhuine anuasal é, tugadh suas ar dhéirc ina sgoláire, agus, ar mbeith ina dhiaigh sin dó ina chanánach i dteampoll chaidrealta, 'san bPiocáirde, 'san bhFrainc, tug é féin chomh mór sin d'antoil na colna, ionnus an tráth nach fuigheadh mná chum peacaidh riú, do bhíodh buachaill aige ré a ndeunadh peacadh truaillighthe Sodomaic. Agus, ar n-a fhionnachtain sin d'easbog na h-áite, do gabhadh agus do cuireadh i bpriosún leis é, nó go dtugadh peannaid dó: agus, ar ndeunamh aithrighe dhó, do leig an t-easbog amach é; agus ar mbuain díograise mionn de gan teagmháil anns an choir cheudna arís. Dála Chailbhin, iomorro, níor chian do bhí amuigh an tan thárlaigh 'san choir chéadna arís é; agus, an tráth do bhraith daoine é ar tí sgeula do dheunamh air do'n easbog do ghaibh eagla an smachta céadna é, agus d'eulaigh sé gan fhios; agus ní dheárnaidh sé cómhnuidhe nó go ráinig sé an chathair d'arab ainm Geneva, do bhí ró bhuaidheartha re n-a bprionnsa féin; agus annsin do thionnsgain sé ar bheith ina eiriceach agus an tAifrionn do chur ar gcúl. Mar sin do gach millteóir eile do lean Luther agus Calvin do na barántaibh breugadh do sgríobhadh go sgigeamhuil ar an Eagluis Rómhánaigh, ní bhfuil ionnta acht cliar chuirpe cholaigh, do chlaon a gcuing chrábhaidh, agus do chuir druim re Dia, agus ucht ar imreas, agus mar dibhfeirg chum na hEagluise tré bheith ag a smachtughadh ina n-olcaibh ainmhianacha féin.

An dara feacht, is follus as foghluim Luther gurab ó'n Diabhal tháinig dó an tAifrionn do chur ar gcúl; óir do dheonaigh Dia dhó a sgríobhadh d'á láimh féin 'san gceathramhadh caibidil de'n leabhar do sgríobh sé ar an Aifrionn do chur ar gcúl, mar do bhí sé chúig bliadhna deug ag diospóireacht ris an Diabhal, d'á chothughadh air gur mhaith an gnás an tAifrionn; agus i bhfóircheann na haimsire sin, mar do chlaoidheadh ris an Diabhal é; agus mar do chruthuigh de réasúnaibh air nachar b'ionghabhtha an tAifrionn. Créad is iontuigthe as an admháil so Luther acht gurab foghluim dhiablaidhe do bhí aige, agus gurab ó'n Diabhal tháinig an tAifrionn do chur ar gcúl agus do chlodh. Dá bhfiafraigheadh LutherCalvin cia an áit 'san Scrioptúir ionar órduigh Dia an tAifrionn. Léightear leó 'san 22 caib. ag Lúcás, mar d'órduigh Críost Sacraimeint na haltórach do dheunamh fá ghnéthibh aráin agus fíona an tan adubhairt, ‘Déanaidh so mar chuimhniughadh


p.23

orm-sa.’ Agus is é nidh chialluigheas Sé annso an nidh dorighne Sé féin do dhéanamh; agus is é an nidh dorighne seisean an tAifrionn do rádh, do réir substainte an Aifrinn; óir trí neithe atá de shubstaint anns an Aifrionn. An chéad nidh dhíobh, an abhlann agus an fíon do coisreagadh. An dara nidh, iad araon d'ofrálughadh suas chum an Athar uile-chomhachtaigh. An treas nidh, caitheamh fola agus chuirp Críost fá ghnéithibh an fhíona agus an aráin. Agus do réir Lúcáis, 'san gcaibidil chéadna, dorighne Críost gach nidh dhíobh so. Ag so briathra Lúcáis ag labhairt ar Chríost — ‘Do ghlac an t-arán (ar sé), dorug buidheachas, do bheannuigh, do bhris, agus thug d'á dheisgioblaibh é, ag rádh — ‘Glacaidh agus ithidh, ag so mo chorp féin; glacaidh agus ibhidh, ag so m'fhuil féin; déanaidh so mar cuimhniughadh orm-sa.’’

Tabhair dod' aire, a léightheóir eagnuidhe, mar adubhairt Sé — ‘Déanaidh so,’ ag ciallughadh an Aifrinn adubhairt Críost an tan sin, do réir na dtrí nitheadh so adubhramar bhuaineas re substaint an Aifrinn — eadhon, an t-arán agus fíon do coisreagadh, d'ofrálughadh agus do chaitheamh; agus nach é adubhairt, mar adeir Calvin — ‘Ag so samhuil nó fioghar mo chuirp agus m'fheola-sa.’ Atáid, cheana, neithe eile diadha so-mholta 'san Aifrionn, bhuaineas re n-a onóir nach bhfuil d'á substaint. Do chuireadar an Eagluis do bhun crabhaidh agus caondúthrachta ann, théid in onóir do Dhia agus i soi-leas do bheodhaibh agus do mharbhaibh; mar atáid orthanna, solás, eipistleacha, soisgéil, preafaide, agus gach nidh eile d'á bhfuil anns an Aifrionn, leath amuigh de na trí neithibh úd bhuaineas re n-a shubstaint. Is iontuigthe mar an gceudna as na briathraibh reamhráidhte gurab ris na sagartaibh amháin, agus nach ris an bpobal gcoitcheann, bhuaineas an tAifrionn do rádh; amhuil is follus 'san 22 caibidil ag Lúcás, mar a n-abair sé gurab do na deisgioblaibh, do bhí ina sagartaibh an tan sin, d'órduigh Críost an tAifrionn do rádh ag cuimhniughadh a pháise. Tig Chrysostomus leis so 'san 30 Homilia dochum pobail Antiochia — ‘Tusa, a thuatha (ar sé), an tan dochídhfir an sagart ag ofrálughadh, ná meas gurab é an sagart amháin atá aga dhéanamh, acht gurab í lámh Chríost go do-fhaicsiona atá aga dhéanamh.’


p.24