Corpus of Electronic Texts Edition
Eochair-Sgiath an Aifrinn (Author: Geoffrey Keating)
EochairSgiath an Aifrinn
An reimhthionsgnamh
Chum an leightheora
p.1
Is anns an aimsir so an díthchreidimh agus aindiúide Chailbhin cholluidhe
agus a chloinne, agus Luther loitbheartaigh agus a lorgairidhe dearbhthar
fírinne na faistinne dorinne Isaias anns an seiseadh caibidil mar a
n-abair sé ris an bpobal Eabhrach Eistigh (ar sé), agus ná tuigidh;
feuchaidh taisbeánadh agus ná tabhraidh aithne air. Agus má tá, do réir
litre an Scrioptúra gurab ris an gcineadh Iudaigheach adubhradh na briathra
so, maiseadh go fáith-chiallach, is i nEiricibh na h-aimsire so do fíoradh
suim na faistine; óir dochluinid an fhírinne go fromhtha d'á fáisnéis ag
searmóntaibh soisgealda na hEagluise Catoilice, agus fós d'á suidheamh
le briathraibh barántamhla an Bhíobla agus d'aitheasgaibh úghdarásacha na
nAithreach Naomhtha, agus de réasúnaibh réidhe, ró-shoillseacha, agus ní
thuigid siad í. Chidhid iomad míorbhal agus taisbeántadh eile, agus ní thiubhraid
aithne orra gurab ó Dhia thigid; agus do dalladh a gcroidhthe an mhéid sin
ionnus go rugadar bárr ainbhfeasa ar gach droing d'Eiricibh d'á dtáinig
ann fria rae míle agus chúig ceud bliadhan, mar gur chuireadar rómpa
an t-Aifrionn do bhí ar bun an feadh sin do chur ar gcúl contrárdha
d'órdughadh aonta na hEagluise, dárab ainm, do réir Phóil, 'san treas
chaibidil de'n chéad Eipistil do sgríobh chum
Timotheus colamhuin
agus fundaimeint na fírinne, d'ár gheall Dia fanmhuin ina fochair go
fóircheann an bheatha, do réir Matha 'san gcaibidil dheighionaigh,
agus
Eoin 'san 14 Caib. Adeir fós Tertullianus, do mhair de thaoibh istigh de
dhá cheud bliadhan andiaigh Chríost, nach féidir leis an Eagluis Chatoilice
dul ar earáid ná ar seachrán, agus fós is é sin rádh coitcheann na
nAithreach is eagnuidhe agus is tromdha d'á dtáinig ó aimsir Chríost go
p.2
soiche so. Agus dá n-abradh Luther nó Calvin, nó a lorgairidhe gurab
aca féin atá an Eagluis Chatoilice sin, is follus nach fíor dóibh é; óir
is ionann Catoilice agus coitcheann, agus is neamh-choitcheann an Eagluis
atá aca-san arna connlughadh i gcúlairibh cumhanga
de'n roinn beag so
na hEorpa, agus is lúghadh de cheithre rannaibh na talmhan. Ní hionann
agus ár nEagluis-ne ghabhas leis an Aifrionn atá anois ag a ghnáthughadh
i n-urmhór na hEorpa go h-iomlán cian de bhliadhnaibh, agus i mórán
d'ionnadaibh de Ríoghachdaibh na hAisia, agus na hAifrica, agus 'san
India Shoir, agus i mórán d'oileánaibh eile ar ceadna.
Is iomdha fós comhartha dileas d'á dhearbhadh gurab í ár
nEagluis-ne an Naomh-Eagluis Chatoilice; agus is maith an
comhartha ar sin naomhacht ár n-úghdar agus ár nAithreach,
agus mar thigid siad le chéile ar aon tuigse 'san uile nídh
bhuaineas le n-ár gcreideamh. Ní h-ionann agus Luther agus
Calvin bhíos go minic bunoscionn le chéile, mar is follus de
thaoibh na h-abhluinne coisreagtha, mar a mbí, do réir Luther,
substaint chuirp Chríost mar aon re substaint an aráin, agus
mar nach féidir a bheith de chomhachtaibh Dé féin, do réir
Chailbhin.
Is maith fós an comhartha ar ár nEagluis-ne gurb í is Naomh-Eagluis
ann, a mhionca doghnidhthear agus dorinneadh míorbhuilighe
móra maille ria, amhail is follus as stáraibh increidthe na
n-úghdar is eagnuidhe tháinig riamh 'san Eagluis, mar atá
Ambrosius, Aubhistín, Hieronymus, Gréagóir, agus iliomad eile
ó shoin amach.
Is maith fós mar an gceudna an dearbhughadh gurab í ár nEagluis-ne
amháin is Eagluis fhírinneach ann, méid na cosmhulachta atá
idir bheatha Chríost (ar mbeith 'san saoghal so dhó) agus na
nAithreach sinnseardha d'á ngéileann an Eagluis Chatoilice,
mar atáid na Pápaidhe do bhí ann i bhfíor-thosach na hEagluise,
agus gach úghdar naomhtha d'ár ghabh léi ó shoin i leith.
Oir is le h-úmhlacht agus ní le h-uabhar, le fulang agus ní
le fóiréigean, le h-eagna agus ní le h-armaibh, le crabhadh
agus ní le cloidheamhaibh, le naomhthacht agus ní le neart
tsluaigh do plannduigheadh go príomhamhuil an Naomh-Eagluis
Chatoilice le Críost. Is ar an módh gcéadna sin do craobhsgaoileadh
an creideamh Catoilice leis na pápadhaibh
reamhráidhte, agus go h-áirighthe na trí Pápaidhe deug ar fhichid do bhí
andiaigh Chríost ag
ollmhughadh na hEagluise. Ní bhfuair neach díobh bás le hadhairt
acht iad uile do mharbhadh, agus d'fhulang martra ag cosnamh
an chreidimh Chatoilice. Ní mar sin do na hEiricibh, is le h-uabhar agus
le h-aimhneart, le cloidheamh agus le cogadh, le bruid
agus le bás
d'imirt ar dhaoinibh eile, mar is follus as mórán de stáraibh
nuaidhe in a dtráchtar ar na h-áraibh agus ar na h-uireasbhadhaibh
móra tháinig de Luther agus d'á lorgairidhibh do thiubhairt
in ionadaibh iomdha 'san Ghearmáin,
p.3
ag imirt fóirneart agus
fóir-éigean ar na Catoilicibh chum gabhála leis an seachrán
do bhí aca féin d'á shíolchur agus d'á sheanmórughadh,
agus fá córa gan aonta do thabhairt dóibh.
Neamhghlaine an tsíl do curtaoi leo, mar atá cogal an chraois
le ar cuireadh an trosgadh ar gcúl; piseán na póite le ar
múchadh an measardhacht leo; deasa fiadha na drúise le ar
cuireadh an gheanmnuidheacht i ndearmad leo mar is follus as na
cheithre sleachtaibh do lean Luther agus a lucht
leanamhna, thug
iad féin go h-iomlán do chraosól agus do charbhus, mar atáid
íotaigh na hAlban, súmairidhe na Saxon, agus potairidhe na
bPleimeanach, agus glugairidhe na nGearamáine; agus má's fíor
an soisgeul mar a n-abair Matha 'san seachtmhadh caibidil gurab
ar toradh an chrainn aithnighthear an maith nó olc é; agus
fós mar a n-abair nach tiubhair droch-chrann toradh maith uaidh
ná crann maith droch-thoradh uaidh; is dearbh d'á réir sin
gur droch-chrainn Luther agus Calvin agus a lorgairidhe, do
bhrigh gurab droch-thoradh thugadar uatha, amhuil adubhramar shuas,
mar gur síolchuireadar craos i n-áit an troisgthe, bun-os-cionn
do'n Scrioptúir; drúis i n-ionad na geanmnuightheachta; agus
craosól i n-ionad na measardhachta.
Is mór fós an dearbhadh gurab againn-ne atá an Eagluis fhírinneach,
mar atámuid ina seilbh ó aimsir Chríost diaigh i ndiaigh; óir
ní tháinig lá ná mí ná bliadhain ó aimsir Chríost go soiche
so nach faghthar i leabhraibh n-a hEagluise cia an Pápa, glún ar
ghlún do bhí i gcomharbus Pheadair i n-árdfhlaitheas na hEagluise
do shíor, gan cur ar gcúl, claonadh ná claochlodh. Agus dá
n-abradh Luther nó Calvin gur claonadh creideamh na gcéad
bPápadh le Pápa éigin d'á dtáinig ina ndiaigh, a shlán
fútha ainm nó sloinne an Phápa sin do thabhairt uatha go
fírinneach; nó dá n-abradaois go breugach gurab le linn an
treas Phápa, air a raibh Innocentius d'ainm, tháinig claochludh
an chreidimh, a shlán fútha a bheag nó a mhór d'éiriceacht
ná d'éaráid d'fhághail i laoidh nó i litir d'ár sgríobh
an fear sin riamh, agus fós budh duine naomhtha ro-fhoghlumtha
é.
Atáid trí coinghil ar an bhfíor Eagluis, mar atá aondacht,
coitchinne, agus naomhthacht. An chéad nídh atá innte aondacht
eadhon, bheith ina h-aon Eagluis amháin, do réir Phóil
'san 4 caib. chum Ephesianum Aon chreideamh amháin (ar sé)
atá ann. Agus is ionann sin re a rádh agus gurab aon Eagluis
amháin atá ann; óir ní hEagluis gan creideamh, agus ní
creideamh gan Eagluis. Tig S. Aibhstín leis so 'san dara
caib. de'n dara leabhar do sgríobh ar aondacht na hEagluise
Aon Eagluis amháin (ar sé) d'ár ngoireadar ár sinnsir
Catoilice atá ann, ionnus ó'n ainm sin féin go bhfoillseochadaois
go bhfuil 'san uile áit. Adeir Críost féin
'san 10 caib. ag Eoin, ag tairngire ar aondacht na hEagluise
Biadh (ar sé) aon chró agus aon aodhaire amháin ann.
Gidheadh ní h-aon
p.4
chreideamh amháin atá ag na hEiricibh;
óir ní mór gurab lia ceann aca ioná creideamh.
Ní h-ionann agus ár nEagluis-ne chreideas do réir an aoin-chinn
d'fhág Peadar aice eadhon, an Pápa d'fhág Sé ina
h-árdfhlaitheas ós a cionn go fóircheann na saoghal, amhail
do fágadh Críost é féin, do réir mar léightear 'san 21
caib. ag Eoin A Shiomoin Pheadair (ar Sé), an ionmhuin leat
me? Sásaidh m'uana féin; sásaidh mo chaoirigh féin, d'á
chur i gcéill gurab do Pheadar thug Sé uachtarántacht agus
coiméad an tréada go h-uile; agus do chuir Peadar an
uachtarántacht so i ngníomh an tan d'éirigh ina sheasamh ameasg
na coda eile de na hAbstalaibh, agus do labhair leo mar
árd-aodhaire coitcheann, do réir
mar leightear 'san dara caib. de Ghníomharthaibh na nAbsdal, agus fós
mar d'órduigh go barántamhuil dlighe 'san gcéad chomhairle choitchinn do
bhí ag na hAbstalaibh i Ierusalem, d'á chur i gcéill
gurab é féin budh h-árdaadhaire dhóibh, do réir mar léightear
'san 15 caib. de Ghníomharthaibh na nAbstal. Agus fós is do
Pheadar do gheall Críost eochraca an fhlaithis neamhdha,
agus is air fós do gheall Sé a Eagluis féin d'áitiughadh, do
réir Mátha 'san 16 caib., mar a n-abhair Is tusa
Peadar (ar sé), agus is ar
an gcarraig so áiteochad Mo Eagluis féin, agus is duit bhear
eochracha an fhlaithis neamhdha. Is ionann an charraig ar i
n-áiteochadh an Eagluis agus Peadar, agus is ionann na h-eochracha
úd an fhlaithis neamhdha agus an cumas sgaoilte nó ceangailte
thug Críost do Pheadar mar árd-chomharba ina ionad féin ós
cionn na h-Eagluise go coitcheann. Do gheall fós Críost do
Pheadar nach rachadh claonadh ná claochlódh ina chreideamh
go bráth, agus adubhairt ris (ar mbeith daingean dó féin ina
chreideamh) a dhearbhraithreacha eadhon, na Críostuighthe
i gcoitchinne, do dhaingniughadh ina gcreideamh, d'á chur i
gcéil gurab de do righne Sé ceann feadhma agus baránta buidhne
in gach nídh do bhuainfeadh re na gcreideamh. Ag so mar
adubhairt, ag labhairt le Peadar (do réir mar leightear 'san
22 caib. ag Lúcás) Do ghuidhe-sa (ar sé) ar do shon ionnus
nach rachadh do chreideamh i n-eaguibh. Agus ar bhfilleadh dhuit
daingnidh ina gcreideamh do dhearbhráithreacha féin. Tuig,
a leightheoir, gurab iontuigthe dhuit as an uachtarántacht so
d'fhág Críost ag Peadar re h-ucht dulta ar neamh Dhó, mar go
ndearnadh Sé biocáire dhe ar an dtalamh, nó comharba
coitcheann ós cionn na hEagluise go h-uile; gurab í toil
Chríost an rim céadna sin do choiméad i bhflaitheas na
hEagluise maille re h-aon chomharba do bheith i n-árd-fhlaitheas
na hEagluise go h-uilidhe. Agus fós is córaide dhúinn a thuigsin
mar so gurab í an Eagluis bean Chríost, agus d'a réir sin
gurab í an aiceacht d'fhág Sé aice dhlightheas sí do choiméad
do shíor; agus is í an aiceacht sin aon cheann amháin feadhma do
p.5
bheith ag a follamhnughadh agus ag a stiúradh go hiomlán.
Is móide is ionntuigthe gach nídh dhíobh so méid an ghrádha
do bhí ag Críost do'n Eagluis, do réir mar leightear 'san 4
caib. de na Cainticibh, agus fós mar do dhearbhaidh Sé féin
méid an ghrádha céadna, mar gur fhulaing Sé bás ar son na
hEagluise sin, do réir Phóil 'san 5 caib. ad Ephesians.
Is córaide fós an aiceacht so do choiméad go bhfuil sé d'á
chur i ngníomh ag prionnsadhaibh na hEagluise, agus go n-abair
Tertullian anns an 22 caib. de'n leabhar do sgríobh ar an
teitheadh dleaghthar do dhéanamh le linn inghreama do bheith
ar dhuine tré n-a chreideamh. Ní rachaidh (ar sé) creideamh
Pheadair ar gcúl go bráth. Agus neartuigh sé fírinne na
neithe so i mbriathraibh Lúcáis 'san 22 caib. mar adubhairt
Críost gur ghúidh Sé a Athair ar son Pheadair, ionnus nach
rachadh a chreideamh i mbáthadh. Adhmuid na hEiricidh féin do
shochair na guidhe so, go raibh an creideamh gan lot gan
leónadh ag a coiméad ag lucht ionaid Pheadair eadhon, ag
na Pápadhaibh do bhí 'san Róimh ar feadh cheithre cheud
bliadhan, agus ní fhéaduid a áitiughadh nó a chruthughadh gur
truaileadh an chreidimh so i n-aon Phápa d'á dtáinig ó
shoin i leith. Dá bhrigh sin caithfid a admháil go bhfuil
an creideamh so gan truailleadh ag an bPápa, agus d'á réir
sin gurab é an teagasg dobheir uaidh is ionchoiméadta anns
na neithibh bhuaineas re creideamh, óir is é is aoin-stiúrthóir
ar an Eagluis agus fós ní bhfuil gné
uachtarántachta 'san mbith is mó sochar agus onóir ioná
an t-árd-fhlaitheas d'árab ainm Monarchia eadhon, aon
árd-fhlaitheas amháin ós cionn na flaitheasaibh. Ar dtús
is follus nach bhfuil uachtarántacht ann is mó onóir ioná
so. Is dearbh fós gurab í is socaruidhe ann, óir is móide
dobheirtear na cineadhacha chum creidimh cumas do bheith
ag aon duine amháin ar na Críostaighthibh i gcoitchinne. Is
lughaide fós bheidheas imreasán ná easaontacht idir na
Críostuighthibh aon aodhaire amháin do bheith ós a gcionn
ag a mbeidheadh ar a chumas smacht do dheunamh orra, agus is
móide sochar coitcheann na hEagluise é, ionnus dá
mbeidheadh aon phunc creidimh nó malairt caileandair, nó a
ionshamhail eile sin d'imreasán eadtorra go mbeidheadh aon
duine amháin d'á ngéilfidís leath ar leath. Ní fuláir
fós aon cheann amháin do bheith ann do ghairm na
gcomhairleadh i gcoitchinne ina ndeuntar críochnughadh
dlightheamhuil ar na neithibh bhuaineas re beusaibh nó re
creideamh na gCríostuightheadh. Ní fuláir fós aon
cheann amháin do bheith ar an Eagluis, ionnus go mbeidheadh
corp misticthe na hEagluise ar aon bheusaibh amháin go
h-iomlán.
Is uaisle gan imreasán an soisgeulta so againn-ne ioná
Eagluis an tsean-rachda; maiseadh is ar aon árd-fhlaith
amháin do bhíodar ag stiúradh do ghnáth eadhon, árd-easbog
Ierusalem. Is ionntuigthe dhúinn gurab
p.6
córa aon árd-fhlaith amháin do bheith ag riaghlughadh na hEagluise
soisgeulta ioná sin eadhon, Pápa na Róimhe, ag a bhfuil
diaigh in diaigh sealbh cathaoireach Pheadair; óir d'fhág
Peadar féin Linus Pápa i n-a seilbh thar éis, mar a raibh
Peadar cuig bliadhna fichead i bhFlaitheas,
nó gur crochadh ann é, do
réir mar adeirid na sean-ughdair do bhí i bhfior-thosach na
hEagluise ann, mar atá St. Dionysius 'san eipisdil do sgríobh
chum Timotheus agus Hieronymus, mar a sgríobhann ar na daoinibh
oirdhearcacha, agus St. Ambrosius 'san seiseadh seanmóir, agus
Eusebius 'san leabhar do sgríobh ar na h-aimsearaibh, agus
Irenaeus 'san treas chaibidil de'n treas leabhar agus
St. Aibhistín 'san dara caibidil de na cheithre seanmóiridhe
fichead do sgríobh ar na naomhaibh, gurab i bPeadar amháin
do fíoradh aondacht na h-uile aodhaireadh. Adeir Cyprianus
'san 45 Eipisdil chum Cornelius gurab í an Eagluis Rómhánach
is máthair agus is préamh do'n Eagluis Chatoilice. Adeir
St. Ambrosius, ag sgríobhadh ar an dtreas chaibidil de'n chéad
Eipisdil do sgríobh Pól chum na gCoirinnteach, nidh as a
dtuigthear gurab ag an bPápa atá uachtarántacht ar an
Eagluis go h-iomlán. Acht gidheadh gur le Dia (ar sé)
an uile go h-iomlán, goirtear teach Dé de'n Eagluis d'árb
stiúrthóir an Pápa Damasius. Tig Isodorus leis an nidh
céadna so 'fan Eipisdil dheighionaigh do sgríobh chum
Eugenius, Easpog Toledo. Acht gidheadh atá (ar sé) dignit
agus comhacht na hEagluise arn-a dháil do'n uile Easpog
Catoilice, maiseadh atá arn-a thoirbheirt go leithleachuis
d'Easpog na Róimhe go prímhléideach, amhail ceann ós
cionn na mball, ar marthain go síorruidhe.
Tig S. Bearnárd leis an nídh céadna 'san t-ochtmhadh caibidil de'n dara
leabhar do sgríobh chum Eugenius. Is é an Pápa (ar sé)
prionnsa na nEaspog agus Peadar i gcomhachtaibh; agus ní
h-é amháin is árd-aodhaire ar a chaorchaibh, acht fós
is árd-aodhaire ar an uile aodhairibh. Adeir S. Aibhistín
'san t-ochtmhadh caibdil de'n dara leabhar do sgríobh
ar ghrásaibh Chríost agus ar pheacadh an tsinnsir nach
féidir an Eagluis Rómhánach do mhealladh. Adeir fós
Eusebius, 'san chéad eipisdil, ag labhairt ar an Eagluis
Romhánaigh Ag so (ar sé) an Eagluis gan truailleadh
in ar coiméadadh riamh an creideamh Catoilice.
Is follus do réir na n-ughdar so, agus iliomad úghdar eile
nach luaidhtear linn do'n chor so, gurab í ár nEagluis-ne
an aon Eagluis fhírinneach, agus gurab ag na Pápadhaibh
diaigh i ndiaigh atá sealbh árd-fhlaithis na hEagluise
céadna: agus is uime tugadh na h-eochracha do Pheadar ionnus
go mbiadh cur agus cumas aige féin agus ag a chomharbuibh ar
an Eagluis i gcoitchinne. Is córaide dhúinn a thuigsin mar
so, mar adubhairt Críost 'san 28 caib. ag Matha, go dtugadh
na h-uile
p.7
chomhachta ar neamh agus ar talamh dhó, an tan
adubhairt, ag labhairt ris na hAbstalaibh Do dáileadh
(ar sé) na huile chomhachta dhamhsa ar neamh agus ar talamh;
agus mar adubhairt arís ag Eoin 'san 20 caib. Amhuil do
chuir m'athair mise (ar sé), mar an gceudna cuirim-se sibhse;
agus arna radh sin, do shéid fútha, agus adubhairt
riú Glacaidh an Spiorad Naomh. An dream ag a maithfidhe
a bpeacaidhe dhóibh atáid maithte aca.
etc. Is iontuigthe as an dá áit so go bhfuil árd-fhlaitheas
'san uile nidh bhuaineas le creideamh, agus go prionsapálta
ag an bPápa is comharba coitcheann ag Peadar i dtalmhain, amhuil
adubhramar shuas; óir is maille re comhachtaibh ar
talamh agus ar
neamh do cuireadh Críost, mar adubhairt Sé féin thuas 'san
23 caib. ag Matha, agus gurab ar an gcrích gcéadna sin do
chuir seision Peadar, agus cách uile ó shoin anuas. Ní
féidir a mheas nach maille re comhtachaibh ar talamh agus ar
neamh do chuir iad; agus créad is iontuigthe as sin acht go
bhfuil árd-fhlaitheas aca amhuil adubhramar, agus gurab é
Pápa na Róimhe atá i seilbh an árd-fhlaithis sin. Is
córaide so do chreideamhuin, go n-admhuid drong mhór de na
hEiricibh go rabhadar Pápaidhe i seilbh an árd-fhlaithis úd
Pheadair, agus nach feudaid áitiughadh go ndeachaidh aon
Phápa d'á raibh ann ó aimsir Pheadair aleith chum
éiriceachta.
Ag so fós mar adeir Luther, ag admháil uachtarántacht do
bheith ag Pápadhaibh na Róimhe ós cionn na hEagluise go
h-iomlán, do réir mar leightear 'san 60 Conclúid do sgríobh
chum an Phápa d'ár bh'ainm Leo. Is cóir (ar sé), maille
re cadhus nó reverence, géille 'san uile nidh do'n
uachtarántacht Pápamhuil. Adeir sé fós in eipisdil
d'áirighthe nidh thig leis an nidh gcéadna. Admhuim (ar sé)
go bhfuil an iomad de Chríostamhlacht maith; agus fós admhuim
go bhfuil an Scrioptúir agus
na h-eochracha fírinneacha re maitheamh
na Bpeacaidhe ag an bPápamhlacht.
Ag so síos sompla as a dtuigfidhear gurab le Peadar do bhuain
stiobhardacht coitcheann do dheunamh ar an Eagluis, agus mar an
gceudna le luchd a ionaid. Oir is é Peadar do chuir Martialis
do'n Ghasguinn, agus is é Clement, an dara Pápadh andiaigh
Pheadair, do chuir St. Denys go Párís na Fraince; agus
Stiabhna,
an ceathramhadh Pápadh ar fhichid, do chuir Bonifacius Moguntinensis
do'n Ghearmáin; agus Celestinus, an 44 Pápa, do chuir Pádruig
go hEirinn; agus Gréagóir Mór, an 65 Pápa, do chuir
S. Aibhistín Manach go Sacsaibh; agus mar sin do mhórán de
Pápadhaibh eile do chuir oiliomad de dhochtúiribh eagnuidhe fá
chríochaibh éagsamhla na cruinne nach áirmhighthear linn de'n
chor so; agus is follus do réir a ndubhramar nach bhfuil ann
acht aon Eagluis amháin, agus gurab'é comharba Pheadair stiúras
an flaitheas sin.
Do labhramar ar aondacht na hEagluise go soiche so.
An dara coingheal, an Eagluis do bheith coitcheann, do réir mar adeir
p.8
Daibhí Rí 'san 18 Sailm, ag tairngire na n-Abstal agus na
hEagluise. Dochuaidh (ar sé) foghar na druinge úd 'san uile
talmhain. Ionann an focal úd dochuaidh, do réir na nEabhrach, agus
atá chum teachta. Ader fós Daibhí Rí, 'san 71 Sailm, ag tairngire
go mbiadh árd-fhlaitheas coitcheann ag an Eagluis ar feadh na
talmhan. Biadh sí i bhflaitheas (ar sé) ó mhuir go muir, agus
ó'n abhainn go teórannaibh cruinne na talmhan. Adeir Isaias
'san treas chaibidil Biadh aithne ormsa (ar sé) ag an uile
dhuine ó bheag go mór. Tig Eoin leis an nidh so 'san seiseadh
caibhidil, agus Pól 'san chéad chaibidil ad Colossianos, agus
'san deachmhadh caibidil chum na Rómhánach, agus dá n-abradh
Luther nó Calvin nach bhfuil an creideamh so aguinn-ne, aca
féin, ná ag na Turcachaibh, agus dá réir sin nach creideamh
coitcheann é, bíodh a fhios aca nach é adhbhar fá ngoirtear
coitcheann de go mbí sé anaoin-feacht agus in aon uair i
gcríochaibh an domhain; acht is uime adeirthear coitcheann ris,
do bhrigh nach bhfuil críoch anns an gcruinne acht críoch in
a bhfuil, in a raibh, nó in a mbiadh sé. Agus fós ní bhfuil
aon rioghacht de thrí ronnaibh an domhain nach raibh sé ann,
mar is follus as imtheachtaibh na nApstal, do réir Abdias: óir
do craobhsgaoileadh an creideamh le Peadar agus le n-a
dheisgiobalaibh 'san Iodáill agus 'san bhFrainc agus 'san
Ghearmáin: le S. Seam do'n Easbáin; le S. Aindreas do'n
Thracia;
le Philip do'n Scythia; le Maitias do'n Aethiopia; le Simon agus
le Marcus do'n Egypt; le Parthalán do'n India Shoir, agus
mar sin do chách anns na ríoghachtaibh eile ó shoin amach. Agus
dá mbiadh ina cheist ar Luther nó ar Chailbhin cia an creideamh
do craobhsgaoileadh leó-san, bíodh a fhios aca gurab'é an
creideamh do ghabhas leis an Aifrionn do craobhsgaoileadh leó ann,
do réir Irenaeus naomhtha, do mhair go grod andiaigh na nAbstol,
agus do bhí go minic i gcaidreamh na muinntre do bhí ag éisteacht
re seanmóiridhibh na nAbstol. Ag so iomorro mar adeir 'san
treas chaibidil de'n treas leabhar, ag labhairt ar an aimsir úd
na nAbstal. Dobhí (ar sé) iodhbairt an Aifrinn an tan sin d'á
ofrálughadh 'san uile áit. Agus dá n-abradh Luther nó Calvin
nach cóir Eagluis coitcheann do ráidh le n-ár nEagluis-ne,
do bhrigh go bhfuil sí arn-a cíorbadh, bíodh a fhios aca nach
lughaide is córaide bile do thabhairt ar an gcrann mhór bhíos
ar an mágh go dteasgfaidhe a dhó nó a thrí de na foigheugaibh
dobhiadh ar dhe, mar an gceudna ní lughaide dleaghthar Eagluis
choitcheann do ghairm de'n Eagluis Rómhánaigh go bhfuilid a dó
nó a trí d'fhoigheugaibh arna dteasgadh dhi, mar atáid
Múraighe, Turcaighe, agus Eiricidhe. Is córaide fós a thuigsin
nach é an creideamh do craobhsgaoileadh leis na hAbstalaibh
an creideamh d'á ngéilleann Luther agus Calvin; óir adeirid
so nách ó
p.9
naomh ná ó Abstal, ná ó duine 'san mbith fuaradar
féin creideamh, acht gurab'é an Spiorad Naomh do sheol dóibh
é; agus go raibh daillchíach agus dorchadus ar an bhfirinne nó
gur thoil le Dia iad féin do thoghadh chum soluis an chreidimh
do thabhairt do na cineadhachaibh. Is uime sin fós
adeir Luther 'san leabhar do sgríobh ar chur an
Aifrinn ar gcúll, Admhuidhim ar dtús (ar sé) do'n droing atá
ar tí bheith ag creimeadh orm gurab contrárdha d'órdughadh na
hEagluise atáim ag teagasg an Aifrinn do chur ar gcúl.. Agus
adeir 'san dara h-airteagal do'n leabhar do sgríobh anaghaidh Rí
na Sacson nach bhfuil suim aige féin dá mbiadh míle S. Aibhistín
agus míle St. Cyprianus ina aghaidh. Adeir fós 'san leabhar do
sgríobh ar an Aifrionn bpríomháideach nach bhfuil suim aige
féin anns na Pápadhaibh tré bheith ag bagairt na hEagluise
agus na n-aithreach air, do bhrigh nachar bh'iongnadh leis é
féin do bheith ina bhreitheamh orra, agus fós ar na faidhibh
agus ar na hAbstalaibh agus ar na hAingealaibh le bréithir
Chríost. Tig Calvin leis so 'san 18 caib. de'n 4 leabhar
d'á Institute. Adeir fós Luther anns an gcaibidil ro sgríobh ar
na hAithreachaibh 'san dara leabhar Comhagallamha ro sgríobh:
agus Calvin 'san dara caibidil agus 'san ceathramhadh leabhar
d'á Institute go ndeachaidh an Eagluis go léir i mbáthadh
agus ar seachrán no go dtángadar féin. Gidheadh adeir Cyprian
'san 76 eipisdil, briathar fá n-a b'iontuigthe nach cóir géille
do'n mhuinntir so thréigeas úghdarás na hEagluise agus
barántus na nAithreach. Ní féidir a ghabháil mar easpog
(ar sé) an té dobheir táir agus tarcuisne ar seanchuimhne
soisgealda abstalda, agus nach leanann lorg aon duine eile acht
thionnsgnas uaidh féin. Is follus fós gur contrárdha d'á
chéile do bhí an craobhsgaoileadh dorinneadh leis no hAbstalaibh
agus creideamh Liútair agus Chailbhin. Oir adeir S. Seam
(Eipisdil Chatoilice Absdail Sheumais), 'san dara caibidil, gur
marbh an creideamh gan deagh-oibreachaibh; agus adeir Pól 'san
13 caib. de'n chéad Eipisdil chum na gCoirinteach nach foghnann
sé gan an grádh mar aon ris. Gidheadh adeir Calvin gur leór
an creideamh amháin ina aonar. Leightear arís ag Matha 'san
19 caib. agus 'san 20 caib. gur cóir aitheanta Dé do
choiméad. Adeir Luther nach cóir a gcoiméad, agus nach féidir a
gcoiméad. Adeir S. Seam 'san 20 caibidil gur leor do dhuine chum
Eiriceachta do dheanamh dul ar seachrán i n-aon phunc amháin de'n
reacht. Gidhb'é (ar sé) choiméadas an reacht go h-iomlán go
h-aon phunc, agus chaillfeas an t-aon phunc sin de, atá cionntach
'san iomlán. Adeir Chrysostomus, ag cur gluaise ar an gcéad
chaibidil chum Galatas, briathra thig leis an nidh céadna.
Gidhb'é ar bith (ar sé) chuireas bun-os-cionn aon phunc
d'á laighead de'n chreideamh fholláin truaillighthear
p.10
an t-iomlán leis. D'á bhrigh sin is follus gurab Eiricidhe an drong
adubhramar, agus gach n-aon doghnídh lorguireacht nó leanmhuin orra,
tré bheith bun-os-cionn do'n Scrioptúir, amhuil do h-aithriseadh
linn thuas.
Is follus as na h-ionadaibh so, agus as mórán
d'ionadaibh eile, nach ionann an creideamh do craobhsgaoileadh
leis na hAbstalaibh agus leis na soisgeulaibh agus na seachráin
do síol-chuireadh leis na saobh-ughdaraibh le a bhfuil ár
gcointinn de'n chor so. Measaim fós gurb'é an connlughadh atá
ag a dheanamh anois ar an Eagluis Rómhánaigh do tharngair Eoin
'san seiseadh caibidil de Leabhar na Taisbeantadh, mar a n-abar I
bhfóircheann na h-aimsear (ar sé) connlóchfar na flaithis
i gcosamhlacht leabhar druidte. Ionann sin re a rádh agus go
mbiadh an Eagluis arn-a connlughadh i samhuil leabhair iata. Ná
measadh an t-Eiriceach gurab ionann dáil do chonnlughadh na
hEagluise againn-ne agus d'á Eagluis féin; óir do bhí ár
nEagluis-ne craobhsgaoilte ar feadh na cruinne, mar is follus
as stáraidhibh inchreidte: agus fós is iomdha comharthadh ar
sin mar atáid cealla agus ceoláin teampuill agus mainistreacha,
agus iomad de shéaduibh uaisle éagsamhla i gcríochaibh eile
an domhain. Agus dá n-abradh Luther nó Calvin nach luighde
is maith a nEagluis féin go mbiadh sí arn-a connlughadh i
gcluid nó i gcúlaire de'n chruinne, éisteadh sé ris an
gealladh thug Dia do Abraham 'san 22 caib. de Genesis
Beannochadh (ar sé) ad' shíol uile treabha na talmhan, agus biadh
líonmhar ar mhuir agus ar tír, agus anns an árd-thuaidh agus
anns an árd-fhoir, agus anns an Aifric, agus biadh do shíol
mar ghainimh na talmhan. Beannochad ionnad-sa agus ad' shíol
uile treabha na talmhan. Agus d'eagla go measadh Luther nó
Calvin gurab i nEagluis an tsean-reachta do bhí comhlionadh na
gealladh so, bhíodh a fhios aca nachar craobhsgaoileadh
creideamh an chinidh Iudaigh, agus d'á réir sin nach é
creideamh an tseanreachta do gealladh do chraobhsgaoileadh ann.
Agus is córaide a thuigsin mar so, go n-abair Pól 'san
gcúigeadh caibidil chum Galatas, ag míniughadh an bhoill úd
'san tsean-reacht gurab'é an nidh chialluigheas an síol úd
do bheannochadh na huile treabha eadhon, Críost.
Ag sin do'n chreideamh Chatoilice do bheith coitcheann nó Catoilice.
An treas choingheal atá ag an Eagluis mar atá bheith naomhtha.
Is fíor gurab í ár nEagluis-ne atá naomhtha, mar is follus
as gcruadhas crábhaidh ár nOrd Riaghalta, le a gcoiméadtar an
reachd soisgeulda, agus i maighdeanas na n-ógh, agus i bhfuil
na máirtíreach atá d'ár nEagluis-ne. Ní mar sin d'Eagluis
na nEiriceadh agus ní féidir a bheith naomhtha, ar a mhionca
bheirid miona móra, doghnídh méirdreachus, craos, agus
droich-bhearta eile. Atáid fós dhá phríomh-locht anns na
hEiricibh as nach féidir dóibh bheith naomhtha. An chéad
locht díobh, méid
p.11
an aindlighe doghnídh ar na sinnsearaibh
tháinig rómpa an mhéid go mbreathnuidhid nach raibh an
creideamh aca, agus d'á réir sin gur damnuigheadh iad uile;
óir adeir Pól 'san gcúigeadh caibidil chum na nEabhrach nach
féidir toil Dé do dheanamh gan creideamh; agus adeir sé 'san
gceathramhadh caibidil chum Ephesus nach bhfuil ann acht aon
chreideamh amháin. Adeir Luther agus Calvin gurab iad féin
fuair an creideamh sin ó'n Spiorad Naomh, agus nach raibh sé
ag aon neach d'á sinnsearaibh. Créad is iontuigthe as so
acht gurb'é a mbreathnughadh
ar a sinnsearaibh gurab Eiricidhe iad agus go ndeachadar go
hIfrionn. Gidheadh is é adeir Dia do dhéanamh ris an droing so
mhalluigheas d'á sinnsearaibh go ndlighid bás d'fhághail,
amhluidh leightear 'san 20 caib. in Exodus. Gidhb'é do
dheunfaidh (ar sé) mallughadh ar a athair nó ar a mháthair
cuirtear chum báis é. D'á réir so dlighthear bás do
thabhairt do na hEiricibh an mhéid go ndéanuid mallughadh ar
na sinnsearaibh ó'r fhasadar. An dara locht, méid na maslughadh
dobheirid do Dhia, an mhéid go ndéanuid breugach é; óir
adeirid gurab aca féin atá an creideamh, agus nachar frioth
fios na fírinne le droing ar bith d'á dtáinig ó aimsir Chríost.
Gidheadh atá sin contrárdha do'n ghealladh thug Dia do'n
chine-daona, do réir mar léightear 'san 31 caib. ag Jeremias
Fáigh. Biadh m'aithne-se (ar sé) ag an uile dhuine ó bheag
go mór. Tuig má's fíor an nidh adeir Luther agus Calvin nach
fíor an nidh adeir Dia ag labhairt i mbeul an faidhe; gidheadh
fágaim fá breathnughadh an leightheora cia córa a mheas an
fhírinne do bheith ag Jeremias nó ag Luther nó ag Calvin.
Do gheall Críost ag Eoin 'san 14 caib. go gcuirfeadh an Spiorad
Naomh chum na nAbstol. Seolfad dóibh an uile fhirinne (ar sé),
agus fanfad ina bhfochair go síorruidhe. Adeir Críost 'san 28
caib. ag Matha Biadh mise (ar sé) mar aon libh go síorruidhe
nó go fóircheann an tsaoghail..
Is follus as na comhráidhtibh so go raibh an Spiorad Naomh ag
deunamh treoradh do'n Eagluis agus d'á stiúradh i bhfírinne
an chreidimh; go bhfuil agus go mbiadh go deire an domhain gan
cead do bhreugaibh Luther ná Calvin. Adeirid fós gurab
cruadhálach leathrannach Críost mar nachar thoil leis sochair
a pháise ná solus an chreidimh fhírinnigh do bheith ag aon
duine ó aimsir na nAbstal nó go dtángadar féin. Adeirid
gurab aindlightheach Críost an mhéid gur cheil Sé solus an
chreidimh fhírinnigh ar na máirtíreachaibh do dhoirt a bhfuil
d'á ghrádh, agus na maighdeana do choiméad a n-óigheacht ina
onóir, agus ar na coinfeasóiribh d'fhulaing go minic bruid
agus braighdeanas ar A shon, an mhéid gur cheil Sé fírinne
an chreidimh orra, do réir Liútair agus Chailbhin.
Is leor a ndubhramar de na trí coinghiolaibh úd na hEagluise.
Gidheadh dá n-abradh Calvin nach bhfuil Eagluis so-fhaicsiona
ann ag a mbiadh aon
p.12
árdfhlaith amháin ós a cionn, acht gurab
Eagluis do-fhaicsiona i neulaibh neimhe atá ann, cionnas
dobhearadh freagradh ar Chríost mar a n-abair 'san 18 caib. ag
Matha Dá ndeárnadh do bhráthair aindlighe ort (ar sé),
cionntaigh é idir thú féin agus é, agus muna ngabhadh sin
greim de, tabhair duine nó dias do láthair, agus muna
n-éisteadh riú sin, innis do'n Eagluis é, agus muna n-eisteadh
ris an Eagluis, bíodh meas Págánaigh nó poibliocánaigh agat
air. Fiafraighim annso de Chailbhin, dá mbadh Eagluis do-fhaicsiona
i neulaibh neimhe dobhiadh ann, créad an toisg fá n-aibeoradh
Críost casaoid do dhéanamh ria; óir dob diomhaoin Dó a rádh
re duine casaoid do dhéanamh ris an Eagluis nach tiubhradh
freagradh, nach faicfeadh, agus nach cluinfeadh; agus do bhrigh
go gcaithfeam a rádh gurab diomhaoin an chomhairle thug Críost,
nó gurab breugach an nidh adeir Calvin. Is córuide dhúinn a
rádh gur breugach an nidh adeir Calvin ioná gur diomhaoin
comhairle Chríost. Tig leis so an tairngire dorighne Solamh i
bpearsain na hEagluise, amhail leightear 'san chéad chaibidil
de na Cainticibh, mar a n-abair, Atáim dubh (ar sé), gidheadh
atáim áluinn. Ionann sin re a rádh agus go mbeidís peacaigh
agus fíréin 'san Eagluis. Má táid peacaigh agus fíréin
innte is follus go bhfuil so-fhaicsiona; óir ní do'n Eagluis
an dream atá i n-Ifrionn, agus ní bhfuilid peacaigh i
bhflaitheas Dé. Ní admhann Luther ná Calvin purgadóir do
bheith ann: ar an adhbhar sin caithfid a admháil go bhfuil
Eagluis eile ann in a bhfuilid peacaigh mar aon le fíreunaibh
agus is í sin cruinniughadh na gCríostuightheadh atá so-fhaicsiona
ionnta féin; agus ar an adhbhar sin, gan chead do
Luther ná do Calvin, atá an Eagluis sofhaicsiona ann.
Ag so síos suidhiomh as a n-áiteocham anaghaidh Chailbhin
go bhfuilid fíréin agus peacaigh 'san Eagluis. Leightear 'san
25 caib. ag Matha fáithsgeul ar na chuig mhaighdeanaibh leamha
agus ar na chúig mhaighdeanaibh chríonna, as a dtuigthear linn
go bhfuilid peacaigh agus fíréin anns an Eagluis, gan chead
do Chailbhin, adeir nach bhfuil duine ar mbith de'n Eagluis
acht fíreun, agus dá mionca doghnídh duine peacadh marbhthach,
go múchtar solus an creidimh ann, agus dá brigh sin go mbí
ina gheug arn-a theasgadh de chorp na hEagluise. Is follus
anns an gcúigeadh caibidil ag Matha go bhfuil an Eagluis
so-fhaicsiona, mar go samhluigheann sé í re cathair do bhí
arn-a suidheaghadh ar sliabh; óir is suras an chathair sin
d'fhaicsin, mar sin is furasda an Eagluis samhluighthear léi
d'fhaicsin. Is follus fós, i mbriathraibh Phóil, go bhfuil
an Eagluis so-fhaicsiona, mar a n-abair 'san gceathramhadh
caibidil ad Ephesus, Do chuir Dia (ar sé) abstail agus
faidhe, aodhaireadha agus teachtairidhe agus stiúrthóiridhe
do chríochnaighthe an obair timpireachta
p.13
d'áitiughadh chuirp Chríost. Is follus as na briathraibh so go
ndeárna Dia baill agus geuga de'n Eagluis de'n droing úd do bhí
sofhaicsiona ionnta féin, agus d'á réir sin go bhfuil
an Eagluis dárab geuga iad so-fhaicsiona
innte féin. Adeir Pól 'san 15 caib. chum Titus
nidh as a dtuigfeam go bhfuil órdughadh sofhaicsiona 'san
Eagluis, mar go ndubhairt re Titus Orduigh (ar sé) ar feadh
na cathrach sagairt agus easbuig, d'á chur i gcéill gurab iad
na heasbuig fa huachtaráin ós cionn na hEagluise eadhon,
na Críostuighthe do bhí sofhaicsiona ionnta féin. Thug
Peadar an fuagradh céadna do'n chléir go huile, mar leightear
'san gcúigeadh caibidil de Ghníomharthaibh na n-Abstal. Is
follas i mbriathraibh S. Aibhistín, 'san 36 caib. de'n dara
leabhar ro sgríobh anaghaidh Chrysogonus go bfuil an
Eagluis so-fhaicsiona. Atá (ar sé) deallraightheach a solus do'n
uile dhuine. Tig Chrysostomus leis so 'san gcathramhadh Homilia
ro sgríobh ar an seiseadh caibidil ag Isaias. Is fusa (ar
sé) an ghrian do mhúchadh ioná an Eagluis do dhorchughadh.
Is follus as na h-ionadaibh so gur breugach an dá nidh adeir
Calvin an chéad nidh go mbiadh an Eagluis do-fhaicsiona idir
neullaibh; an dara nidh go dtréigfeadh an duine a chreideamh
gach uair do dhéanadh peacadh marbhthach, agus dá réir sin
nach biadh aon duine 'san éagluis acht fíreun. Dá
nabradh Luther no Calvin nach bhfuil an focal so Aifrionn
'san mBíobla, agus d'á réir sin
nach ceart cion do bheith air, mo fhreagradh orra ar dtús nach
bhfuil an focal so Tríonóid 'san mBíobla; acht gidheadh atá
an nidh chialluighthear leis ann; mar an gcéadna gion go bhfuil
an focal so Aifrionn 'san mBíobla; atá an nidh chialluighthear
leis ann, do réir mar leightear ag Lucas 'san 22 caib. de dháil
an tsuipéir do na hAbstalaibh; agus muna gcreideann Luther agus
Calvin an focal so Tríonóid, agus gan é 'san mBíobla acht
an nidh chialluighthear leis, is iongnadh dhóibh nach creidid an
focal so Aifrionn, tré gan a bheith 'san mBíobla acht an nidh
chialluighthear leis, do réir mar a gcruitheocham 'san chéad
chaibidil de'n tráchtadh so.
An dara freagradh bheirim ar an droing gcéadna, gurab leór
sean-chuimhne sinnseardha agus ughdarás na hEagluise, d'árab
ainm do réir Phóil, 'san treas chaibidil de'n chéad
Eipistil chum Timotheus fundaimeint na fírinne d'á
dhíon gurab ionghabhtha an t-Aifrionn. Agus dá n-abradh
Eiriceach 'san mbith d'ár lean an drong úd nach cóir aon
nidh do chreideamhuin acht an nidh atá 'san Scrioptúir, mo
fhreagradh air nach cóir aon nidh do chreideamhuin ar aon
chor acht an nidh atá 'san Scrioptúir sgríobhtha nó na
neithe tuigthear as an Scrioptúir, mar atá sean-chuimhne
shinnsear, d'árb ainm traditio, ar a bhfuil an oiread measta
ag Pól agus atá ar an Scrioptúir sgríobhtha, do réir mar
léightear 'san
p.14
dara caibidil de'n dara Eipistil do sgríobh
sé chum Thessalonicenses, mar a n-abair A bhráithreacha
(ar sé) déanaidh seasamh agus congbhaidh an tsean-chuimhne
sinnsear d'fhoghluim sibh maille re comhrádh agus maille
re sgríbhinn. Créad is iontuigthe as an ionad so Phóil
acht go raibh an oiread measa aige ar shean-chuimhne dogheibhtear
de chomhrádh béil agus do bhí ar an Scrioptúir sgríobhtha. Adeir
Pól 'san treas chaibidil de'n
dara Eipistil chum na gCoirinteach gurab iad an pobal fa h-eipistil
do Chríost, agus nach le dubh do sgríobh í acht le Spiorad Dé bheó,
agus nach i leacaibh cloch do sgríobh í acht i gcláraibh colluidhe an
chroidhe. Adeir Pól,
'san t-ochtmhadh caibidil chum na n-Eabhrach, nidh as a
dtuigthear gurab mór de'n Scrioptúir do dáileadh do na
daoinibh ina mbeulaibh. Do b'fheárr (ar sé) mo dhlighe
ina n-intinnibh dóibh,
agus sgríbheochad ina gcroidhthibh iad. Tig leis so an nidh
adeir Pól 'san dara caibidil do sgríobh sé chum Timotheus.
Na neithe (ar sé) dochualaidh tú uaim-se, maille re h-iomad
a bhfiadhain, aithin do na daoinibh dísle iad, bhíos ionamhuil
chum a dteagasg do chách. Adeir Críost 'san 16 caib. chum
Eoin go raibh mórán aige féin le rádh nach feudfadaois do
bhreith leó de'n chor sin, d'á chur i gcéill go seolfadh an
Spiorad Naomh dóibh féin agus do'n Eagluis ina ndiaigh gach
nidh éigeantach do bhuainfeadh le creideamh na gCríostuightheadh,
agus fós is uime sin adeir Críost féin 'san 13 caib. ag Marcus,
ag gealladh na neithe gcéadna, an tan dobheartaoi na
gCríostuighthe chum ceiste tré na gcreideamh, nach laibheoraid,
acht gurab' é an Spiorad Naomh laibheoraidh ionnta. Tig leis so
fós an nidh adeirid na hAbstail 'san 15 caib. d'á nGníomharthaibh,
ag a mhaoidheamh gurab ó'n Spioraid Naomh fuaradar na dlighthe
do hórduigheadh leó. Dochonnarcus (ar siad) do'n Spiorad
Naomh, agus d'órduigh dúinne gan ualach ar bith do chur orraibh
acht na neithe éigeantacha so. Bheirid Pól buidheachas 'san
gcúigeadh caibidil de'n chéad Eipistil ro sgríobh chum na
gCoirinnteach, tré mar do choiméadadar na h-aitheanta thug sé
féin dóibh; gidheadh ní leightear gur sgríobh aon fhocal
chúca riamh roimh an Eipistil so, ná fós gur fhág sé aon
fhocal sgríobhtha aca; ar an adhbhar sin is follus gurab de
chomhrádh béil d'fhág sé na haitheanta sin aca, agus d'á
réir sin go dtugadaois fógartha agus aitheanta Dé i gcoiméad
do na Críostaighthibh de chomhrádh béil. Ní bhfuil fós anns
an Scrioptúir aon áit d'á rádh go follus gurab d'fhuil Mhuire
go cinnte do ghabh Críost daonacht, acht amháin adeir gurab
ó Mhuire do ghabh Sé daonacht, agus ní innsean cia aca ó
shíol Mhuire nó ó n-a fuil; gidheadh creidid na
hEiricidh féin gurab d'fhuil ró-ghlain Mhuire do ghabh an
mhórdaonacht. Is iontuigthe
as so go gcreidid na hEiricidh féin nidh nach bhfuil 'san
Scrioptúir. Ní bhfuil 'san Scrioptúir aon áit adeir go
follus rinn gurab aon
p.15
phearsa amháin atá ag Críost in a bhfuilid
dhá nádúr, mar atá nádúr dhiadha agus nádúr dhaonda, in
a bhfuilid dhá thoil eadhon, toil dhiadha agus toil dhaonda;
gidheadh adeirid na hEiricidh (nidh nach iongnadh) go bhfuil
siad ag Críost; agus ar an adhbhar sin creidid siad nidh nach bhfuil
anns an Scrioptúir. Creidid siad baiste leinibh, creidid siad
go bhfuil trí pearsanna
anns an Tríonóid, agus nach bhfuil ionnta acht aon substaint
amháin, gidheadh ní bhfuilid briathra foillsigheacha anns an
mBíobla as a dtuigthear na neithe úd, ná mórán de neithibh
eile nó go gcuireann an Eagluis gluais orra, ó's léi féin do
bhuaineas dlighe Dé do mhíniughadh; agus atá fioghair
ró-ghaolmhar
do so ag Matha anns an 21 caib. mar a leightear an
tan do bhí Críost go caithréimeach ag dul go Ierusalem
Domhnach na Phailme, ar mhuin asail, go dtug fá deara ar na
hAbsdalaibh a matalaidhe do chur faoi ar an asal sul dorachadh
d'á mharcuigheacht, d'á chur i gcéill nach dlighthear do na
tuataibh dul do mharcuigheacht ná do mhíniughadh an Bíobla
nó go gcuirid préaláididhe agus príomh-úghdair na hEagluise
cumhdach air dóibh. Adeir fós Daibhidh Rí, anns an 18 Sailm,
d'á tharrngaire, go síolróchuidhe an creideamh leis na
hAbsdalaibh agus leis an Eagluis ina ndiaigh. Rachaidh (ar sé)
a bhfoghair ans an uile thalamh, agus rachaidh a mbriathra i
gcríochaibh cruinne na talmhan.
Tuig, a léightheoir, gurab' é tharrngair Daibhidh annso go
rachaidh briathra na droinge adubhramar go ciumhsaibh cruinne
na talmhan, agus nach é adubhairt go rachaidh a sgríbhin, d'á
chur i gcéill nach le Scrioptúir amháin doghnidhthear
craobhsgaoileadh ar an gcreideamh, acht fós de chomhrádh béil
d'á ngoirtear sean-chuimhne sinnsear.
Adeir Eoin anns an treas Eipistil Chanonda nidh as a dtuigthear go
mbí cion aige ar an teagasg do bhuainfeadh le creideamh dobheiread
uaidh de chomhrádh béil. Ag so mar adeir Ar mbeith
do mhórán agam re a sgríobhadh, níorbh'áil liom a chur i
bpáipeur ná i ndubh chugaibh, óir atá dóigh agam (ar sé)
teacht mar a bhfuiltí, ag labhairt libh beul ar bheul, ionnus go
mbiadh sibh lán de gháirdeachus. As na hionadaibh so, agus as
mórán d'áitibh eile anns an Scrioptúir agus anns na haithreachaibh,
is iontuigthe gurab ionghabhtha sean-chuimhne sinnsear
mar an Scrioptúir anns na neithibh bhuaineas re creideamh. Agus
fós caithfidh lorgairidhe Liútair agus Chailbhin fiadhnaise do
dheanamh leis so d'á n-aimhdheoin, de bhrigh go bhfuilid puinc
d'á gcreideamh ris nach bhfuil Scrioptúir sgríobhtha aca,
mar atá saoire do dhéanamh Diadomhnaigh, comaoin do ghlacadh
uair anns an mbliadhain, Soisgeul Lúcáis do bheith ina
Sgrioptúir, agus gan Soisgeul Nicodemuis, Mharcuis ná Thomáis
do bheith ina Soisgeul, lá Cásga do bheith ar an Domhnach,
agus saoire do
p.16
dheunamh Lá Nollag, agus Lá Féile Coille, agus Lá
Chínn an Dá Lá Dheug, agus Féile na nAbstal, agus fós is
punc de chreideamh na Protestants gurab' é rí gacha críche
is ceann ar Eagluis na críche sin, gidheadh a shlán fútha
aon áit do thabhairt as an Scrioptúir le a n-áiteochaidh
aon nidh dhíobh so thuas, agus go háirighthe ris an nidh ndeighionach
so. Is fíor nó is follus go bhfuil an Soisgeul contrárdha dho,
mar tugadh an monadh dochum Críost, agus mar a ndeárnadh
Sé eidirdheallughadh idir uachtarántacht cille agus tuaite,
an tan adubhairt Tabhair do Caezar a chuid féin (ar sé),
agus do Dhia an nidh is leis féin, d'á chur i gcéill nach
leis na rioghthaibh saoghalta acht cuid cuirp agus maoin na
n-íochtarán, agus gur le Dia a gcoguais agus a n-anmna, agus
d'á réir sin a gcreideamh; nó má théidh an rí i
mbarántacht nó i seilbh choguas ná creideamh na n-íochtrán,
ní thuigim créad an chuid de dhuine, do réir theagaisg
Chríost, dobhearaidh uaidh féin do Dhia. Is córuide so do
thuigsin mar so an nidh leightear anns an 19 caib. de'n dara
leabhar de Pharalipomenon, mar a gcuirthear i gcéill
eidirdhealughadh do bheith eidir uachtarán cille agus tuaite;
agus so an nidh leightear in Amarsas bhúr sagairt agus bhúr
n-easboig biaid ina n-uachtaránaibh anns na neithibh bhuaineas
re Dia. Biaidh fós Sabadias mac Ismael, atá ina dhiuic ar
theach Judah, ina uachtarán ar na neithibh, nó na hoibreachaibh
bhuaineas le hoifig an riogh. Is tuigthe dhuit, a leightheoir,
as na háitibh reamhráidhte go bhfuilid comhachta speisialta ag
na préaláidibh Eagluise ris na neithibh bhuaineas re cogús nó
re creideamh, gan buain, gan barántacht ag na rioghaibh riú.
Is iontuigthe dhuit fós as na neithibh reamhráidhte de chreideamh
na Protestants ris nach bhfuil Scrioptúir aca sgríobhtha, agus
fós atá go follus bonnoscionn do'n Sgrioptúir; ar an adhbhar
sin ní dlighthear aithfir do bheith oruinn-ne fá neithibh d'ár
gcreideamh do bheith ris nach bhfuil Scrioptúir sgriobhtha
againn, agus fós nach bhfuil aon phunc d'ár gcreideamh contrárdha
d'aon áit de'n Scrioptúir sgríobhtha; acht cheadna is saobh an
chiall ó'n droing úd, mar chuirid rómpa aitheach go n-iomad
ceann do dheanamh de'n NaomhEagluis Chatoilice is bean phósda
do Chríost, an mhéid go gcuirid rómpa ceann do chur airthe
anaghaidh gach críche anns an domhan mhór. Is líonmhar fós do
líon olc agus urchóid anns na Protestants, an mhéid go gcuirid
rómpa dlighthe d'órdughadh in a mbiadh gairm méirligh nó
tréatúra do thabhairt ar Dhia Uile-chomhachtach. Agus dá mbiadh
ina iongnadh ar aon cionnus, ag so an módh do chuireadar
rómpa tréatúireacht do dhéanamh do'n Aifrionn dárab
substaint Críost, do réir mar chruitheocham anns an tráchdadh
so shíos, agus is Dia Críost, do réir na Protestants; ar an
adhbhar sin doghnídh tréatúir do Dhia an mhéid go ndéinid
tréatúir do'n Aifrionn.
p.17
Measaim, a léightheóir, nach bhfuil acht aigne iarnuidhe, no
meanmna marmoir, nó inntinn adamaint, nó croidhe cloiche, nach
geabhadh cailge ó ghoimh an ghlóir so (nidh nach iongnadh); óir níor
frith i gcairt ná i gcroinic, i litir nó i leabhar, ó thús
an domhain riamh sgeul is truaighe agus is diombaidhe 'ná a
rádh go ndéantaidhe dlighthe ina n-órdóchaidhe fógradh
méirligh, nó tréatúra, do bheith andiaigh Iosa Críost,
d'a dhíbirt agus d'a dhiothchuir i ndiamhraibh agus i
ndroich-bheilghibh, amhail ceithearnach coille, agus broid agus bás
d'imirt ar gach n-aon d'á ngeabhadh ris. Acht, cheana, gidh
atáid ráidhte na Protastúin comh follus soin ina mbréig,
ionnus nach fiú iad freagra do thabhairt orra; thairis sin, ó
dochuadhdar thar chiumhsaibh na córa, agus thar fóir na
fírinne, do mheas mé freagra foirfe fulláin do thabhairt
orra, do chosnamh agus do choiméad cirt agus córa an Chreidimh
Chatoilice, agus go h-áirighthe anns an bpunc príonsabálta
in a bhfuil ar n-imreasán riú eadhon, i dtaoibh an Aifrinn,
ionnus (tar éis mar chruitheóchas mé de shean-chuimhne
sinnsear, agus de bhriathraibh an Bhíobla, gurab maith an
tAifrionn) go mbudh follus as sin gach aon nach gabhann leis
an Aifrionn gurab eiriceach é.
Ag sin do reimhthionnsgnamh an tráchdadh sin; agus aitchim ar
gach léightheóir léighfeas é, fá Dhia do ghuidhe fá'n
dtráchtadh so do dhul i nglóire Dé agus i sochar do na
gCríostaighthibh. Agus is móide atá féidhm againn Dia do
ghuidhe, a throime fhearas Sé A fhearg orruinn, do réir mar
chuireas aindlighthe na haimsire so i gcéill dúinn é, mar
go gcuirid dealbhóiridhe an dlighe an manach agus an méirleach,
an bráthair agus an bitheamhnach, an sagart agus an sladuighe,
an cléireach Catoilice agus an ceithearnach coille i gcómhmheas
agus i gcómhchlann a chéile, agus aon smacht amháin
orduighthear do dhéanamh orra leath ar leath. Gidheadh
má's cúis bhruide ná bháis ar dhuine bheith ina shagart
nó ina bhráthair, nó cuing chrábhaidh do ghabháil, is
éagcóir méad an mholta thug Críost d'Eoin Baisde; nó má's
lochd ar dhuine bheith ina shagart, is éagcóir do bhí cion
ag Dia ar Mhaoise agus ar Aarón agus ar Mheilcisideic do bhí
ina shagart anns an SeanReacht, agus Críost féin, do réir
Dáibhidh anns an 109 Sailm.
Seathrun Céatuin, Sagart agus Dochtúir Diadha, ughdar na
hoibre so; agus má tá nidh ar bith inbhéime ann, gabhadh
gach léaghthóir mo leithsgeul, do bhrigh nach tré mhailís
acht tré dhearmad atá ann.