Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)
Alt 21
AN T-AONMHADH HALT AR FHICHID
'na gcuirthear síos gurab tré luas coimhleanga, reatha agus rionn-luais,
dhleaghair don Chríostaidhe triall i raon na haithrighe, agus
cionnus rithfeas, agus cia na neithe is indéanta dhó ré hucht na
coimhleanga, agus cia na neithe chuireas toirmeasg ar an rioth.
An chéad-ghoin
Léaghthar ag Pól san naomhadh caibidil don chéid-Eipistil ro sgríobh
gusna Coirintibh, currite ut comprehendatis rithidh i riocht go
ngreimeóchthaoi. Dá chor i gcéill nach é gach éin-rioth fhóireas
ré greamughadh nimhe; do réir mar adeir
10275] Pól san chaibidil chéadna,
omnes quidem currunt, sed unus accipit bravium rithid uile (ar sé),
gidh eadh, is aoin-fhear do-gheibh an geall. Dá chor i gcéill,
tar ceann go mbíd na huile chreidmheacha ag coimhling ré flaitheas
Dé do ghreamughadh, nach faghann é acht an tí do-ní buain-sheasamh i
10280]
saothrughadh na subháilceadh amháin. Dá bhríogh sin, ní foláir do
neach a fhios do bheith aige go cinnte créad an t-inneall dleaghair
don Chríostaidhe do chur air féin ré déanamh choimhleanga i raon na
haithrighe, ré glóir nimhe do ghreamughadh mar gheall.
An dara goin
10285] Tabhair dot aire ar dtús go bhfuilid trí neithe do-bheir ar neach
rioth go maith .i. eagla, muinighin, agus grádh. Óir dá raibhe neach
ag gabháil tré bhealach bhaoghail, do-ní deithbhir ré triall,
d'eagla ladrann nó mheirleach do bhreith air dá mhilleadh san
slighe. An dara ní do-bheir ar neach rioth do dhéanamh
10290] san slighidh,
dá raibhe dóigh ag an tí ritheas, tuarastal mór d'fhagháil dá
chionn. An treas ní do-bheir air rioth go héasgaidh, an tan bhíos
grádh agus mian air, a charaid d'fhaigsin. Mar an gcéadna go
spioratdha, an dream agá mbí eagla a n-easgcarad ar an saoghal orra,
do-níd deithbhir ré triall ar
10295] neamh. Tuig gurab iad easgcáirde na
hanma adeirim annso;
p.319
agus is ar na heasgcáirdibh se labhras Dáibhídh Rí mar a n-abair,
iniqui persecuti sunt me gratis do-rinneadar na milltigh
tóraigheacht oram gan adhbhar. Óir an tan bhíos an fíréan agá
bhuaidhreadh ag an saoghal, ag an gcolainn, nó agá n-oirnisibh,
10300]
bí lán do dheithbhir ré dealughadh riú, agus ré triall uatha ar neamh.
An dara ní chuireas d'fhiachaibh ar neach coimhling éasgaidh do
dhéanamh ré dol ar neamh, muinighin mhór as mhéad an tuarastail
ghealltar don aithrigheach ar neamh. Amhail léaghthar ag Dáibhídh
san .16. Salm, mar a n-abair, satiabor cum
10305] apparuerit gloria tua
budh sásuighthe mé an tan bhus léir dhamh do ghlóir-se. Agus atá
Isaias ag teacht leis aní se sa 40 caibidil, mar a n-abair, ag
labhairt ar an druing se agá mbí súil ré neamh do shealbhughadh
dhóibh do shochar
10310] a subháilceadh, agus go dtig dhe sin bríogh agus
beódhacht, meisneach agus meanma do ghabháil dóibh, a los na
buaidheartha bhíos 'na gcionn, go ndéinid dá bhríogh sin deithbhir
ré triall i raon na subháilceadh i ród na haithrighe go neamh. Ag so
mar adeir, qui sperant in Domino, mutabunt fortitudinem, assument pennas
10315]
ut aquilae, volabunt, et non deficient an dream chuireas a
ndóigh san Tighearna, do-ghéanaid malairt neirt, géabhaid ortha féin
eiteadha amhail iolar, do-ghéanaid eiteall, agus ní coirfidhear iad.
As so is iontuigthe go sporthar na fíréin leis an dóigh bhíos aca a
geall mhór do bhreith, trés an gcoimhling do-níd go
10320]
neamh.
An treas ní lé ngríostar neach ré déanamh luais, an fonn bhíos aige
ré faigsin a charad ar neamh. Gonadh 'na fhioghair so atá aní
léaghthar ag Eóin san .20. caibidil, mar a n-abair, currebant
ambo simul, sed praecucurrit Ioannes Petro do ritheadar
10325]
araon i
n-aoinfheacht, gidh eadh dobudh luaithe Eóin ioná Peadar. Agus
is é dob fháth ris sin, do bhríogh gurbh annsa ré hEóin Críost
ioná ré Peadar. Uime sin, do bhríogh gurab é Eóin budh teó grádh
do Chríost, dobudh túsga gus an dtomba é ioná Peadar. Gonadh uime
sin adeir S. Bearnard
10330] na briathra so, qui ardentius amat, currit
velociter et pervenit citius an tí is teó ghrádhuigheas, rithidh go
luath, agus tig ní
p.320
sa luaithe gus an áit 'na mbí a thriall. Mar an gcéadna dá gach
aon-duine ré triall san ród so na haithrighe, is é an tí is teó toil
do Dhia, agus is mó mian réna fhaigsin, is mó do-ní
10335] deithbhir agus
deithneas ré rochtain 'na láthair. Gidh eadh, fa-ríor, is contrárdha
dhó so an choimhling do-ní an ciontach i slighe na locht. Agus fós,
an ciontach is foiréignighe ré déanamh an uilc se, is é is luaithe ré
lorg Luicifeir do leanmhain go hifreann. Bíodh a fhiadhnaise sin
ar an meirdrigh
10340] do-ní cuairt mheinic i measg na meirdreach, agus ar
an bpótaire do-ní coinne ris na copánaibh san teach óla, agus ar an
sanntach téid ar an margadh do mhealladh a chomharsan, agus ar an
gcearrbhach do-ní cuinne ris na cártaidhibh; agus mar sin dá gach
druing oile pheacthach ó shoin amach. Gonadh orra
10345] labhras Dáibhídh
Rí mar a n-abair, veloces pedes eorum ad effundendum sanguinem is
cos-luaith iad súd ré dortadh fola .i. ré marbhadh na hanma, darab
suidheachán san chorp an fhuil. Gonadh 'na fhioghair so atá aní
léaghthar san chúigeadh caibidil don cheathramhadh leabhar do
Leabhraibh na Ríogh,
10350] mar a n-innistear gur lean Giezi Naaman, fá
lobhar, ré fagháil ionnmhusa uaidh. Ag so briathra an Bhíobla:
cucurrit Giezi post Naaman, et accepit ab eo talenta argenti do
rith Giezi i ndiaidh Naaman, agus do ghlac sé tailinnte airgid
uaidh. Mar an gcéadna do-ní Giezi, an sanntach. Bí ar lorg
Naaman .i. an
10355] duine shaidhbhir ar a mbí lubhra na n-ainmhian, dá
dtig é go diommbalach do spealadh a mhaoine saoghalta ré hól, ré
himirt, agus ré meirdreachas, ag bréagadh a ionnmhusa uaidh. Agus
do-chíthear linn go meinic, ar aithris Giezi, mórán do lucht
chluana 'na rioth i ndiaidh Naaman an tsaidhbhir, agus go mór-mhór na
10360]
n-ógán, ar a mbí an lubhra so na n-ainmhian, go sloigid
a maoine agus a n-ionnmhusa saoghalta uile uatha.
An treas goin
Atáid chúig neithe éigeantacha ré rioth do dhéanamh go maith. An
céid-ní dhiobh, é féin d'éadtromughadh ré hucht an reatha. Agus
is amhlaidh fhéadfas é féin d'éadtromughadh,
10365] ualach trom an
pheacaidh do chur dhe. Do bhríogh go n-abair
p.321
Greaghóir naomhtha go mbí do thruime san pheacadh go dtairrngeann
duine i bpeacadh oile. Ag so mar adeir, peccatum nisi cito per
poenitentiam deleatur, suo pondere ad aliud trahit muna sgriostar an
peacadh go luath leis an aithrighe, tairrngidh
10370] tréna thruime féin an
duine i bpeacadh oile. Is ag luadh na truime sin atá Iob san .21.
caibidil, mar a n-abair, in puncto ad inferna descendunt téid i
bpongc síos i n-ifreann. Dá chor i gcéill go mbí do thruime
san pheacadh go mbeireann an peacthach ré prap na súl, nó ré
aithghearr aon-uaire, i n-aigian ifeirn.
10375] Gonadh uime sin adeir Pól
Apstal, ag cor an duine ar a choimhéad, na briathra so léaghthar san
dara caibidil déag gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair, deponentes
omne pondus, et omne circumstans nos peccatum, curramus ad propositum
nobis certamen iar gcur an uile ualaigh dhínn, agus uile
thimcheallughadh
10380] an pheacaidh, déantar rioth linn gus an gcathughadh
atá arna ordughadh dhúinn. Agus is é ualach orduighthear dhúinn do
chor dhínn, mailís agus cealg agus bréig-riocht an pheacaidh; amhail
léaghthar ag Peadar san dara caibidil don chéid-Eip. Chanónta,
mar a n-abair, deponentes omnem malitiam, et omnem dolum, et
10385]
simulationem, et insidias, et omnes detractiones iarna gcur dhínn
(ar sé) na huile mhailíse agus na huile cheilge, agus bhréig-
riocht agus luigheachán, agus an uile ith-iomráidh. Dá chor i
gcéill gurab iad so an muirear millteach do-ní duine muirtill
míothapaidh; agus fós go dtig don mhailís an duine do bheith dall ó
dhoilbh-cheó
10390] an pheacaidh, do réir Sholaimh san dara caibidil, mar
a n-abair, excaecavit eos malitia eorum do dhall a mailís féin
iad. Agus an tí bhíos dall, ní feas dó cia an chonair 'na
dtriallann, d'easbaidh soluis. Óir adeir Eóin san dara caibidil
déag, qui ambulat in tenebris, nescit quo vadit an tí shiobhlas san
dorchadas, ní
10395] feas dó cia an chonair 'na dtriallann, nó cá
dtriallann; agus sin do theacht do throm an pheacaidh. Adeir
Solamh arís san chúigeadh caibidil do Leabhar na Seanfhocal ní thig
leis so, mar a n-abair, funibus peccatorum suorum quisque
constringitur cuibhrighthear gach aon lé téadaibh a pheacaidh féin.
Agus
10400] an tí bhíos dall, cuibhrighthe mar sin, ní fhéadann rioth do
dhéanamh i raon na haithrighe.
p.322
An dara ní is éigeantach do neach ré rioth san ród chéadna, an tan
cuirthear crios agus ceangal linn orainn féin mar inneall ré triall san
choimhling úd. Gonadh ag teagasg an duine do thaoibh
10405] aneithe se atá
Críost san dara caibidil déag ag Lúcás, mar a n-abair, sint lumbi
vestri praecincti, et lucernae ardentes in manibus vestris bídís bhar
bhfordhronna ceangailte, agus lóchrainn ar lasadh in bhar lámhaibh.
Do réir Ghreaghóir, ag sgríobhadh ar an áit se, is eadh chialluigheas
na fordhronna do bheith ceangailte,
10410] an tan chuibhrighthear mian-bhruith
na colna lé geanmnaidheacht. Ag so mar adeir, lumbos nostros
praecingimus, cum carnis luxuriam per continentiam coarctamus is ann
cheangailtear ar bhfordhronna linn, an tan fháisgthear linn barróg
ar mhian-bhruith na colna lé haontumha do dhéanamh.
10415] Agus is é so do-rinne Elias, an tan do chuir an crios leathair tar
a fhordronna, amhail léaghthar san cheathramhadh leabhar do
Leabhraibh na Ríogh; agus is amhlaidh do-rinne Eóin Baiste, amhail
léaghthar ag Matha san treas caibidil. Is follus gurab usaide do
neach rioth do dhéanamh, a éadach do cheangal go cunnail
10420]
'na thimcheall. Óir dá bhfágbhadh sgaoilte 'na dhiaidh é, do
theigéamhadh i laithigh, nó i ndris, nó i gcloich, nó i n-achrann
éigin oile é. Mar an gcéadna go fáthach, muna ndearna an duine a
mhiana féin do chonnlughadh lé crios caon-dúthrachta agus crábhaidh,
is eagail dó go dteigéamhaidh i laithigh na drúise,
10425] nó i ndriseógaibh
deilgneacha na saidhbhreas saoghalta, nó i gclochaibh slios-gharbha
na sainnte, nó i n-achrann urchóideach na n-olc oile ó shoin amach
é. Is ag cor na drúise i gcosmhaileas ris an laithigh atá aní
léaghthar ag Dáibhídh Rí mar a n-abair, eripe me de luto, ut non
infigar tógabh mé as an
10430] laithigh, go nach saileóchaoi mé. Is ag cor
an tsalchair bhíos i gcoir na drúise i gcéill atá Dia san dara
caibidil do Leabhar na hEólchaire mar a n-abair, ag labhairt ris an
drúiseach, quam vilis facta es nimis, iterans vias tuas, et maculata
est iniquitate tua créad é a dhearóile ataoi, ag triall id raonaibh
féin, agus a shailche
10435] atá ót olcaibh féin. Dá chor i gcéill go
ndéin láib na drúise duine lóduighthe leasg, ré triall i ród na
haithrighe. Agus is ag casaoid ar an lucht so go fáthach atá Peadar
san dara caibidil
p.323
don dara Eip. Chanónta, mar a n-abair, sus lota in volutabro luti
muc arna glanadh i n-únfairt laithighe. Dá chor i gcéill, amhail
10440]
bhíos an mhuc salach ó bheith dá húnfairt féin i laithigh, gurab
mar sin bhíos an peacthach, ó bheith dá únfairt féin i gcoir na
drúise, ionnus go dtig do throm an tsalchair sin nach bí inreatha i
rian na haithrighe.
An dara ní thoirmeasgas an rioth céadna, luaithreadh na
10445]
glóire díomhaoine. Gonadh uime sin adeir Críost ag Matha san deachmhadh
caibidil, excutite pulverem de pedibus vestris croithidh an
luaithreadh dá bhar gcosaibh. Dá chor i gcéill, an tí thogras dol
san choimhling úd, go ndleaghair dhó luaithreadh na glóire
díomhaoine do sgrios do mhianaibh a mheanman,
10450]
ar eagla go séidfeadh an díomas fá rosgaibh a réasúin iad, agus go dtiocfadh dhe sin a
dhalladh go spioratdha, ionnus nár léir dhó an ród inleanta
d'aimsiughadh. Óir ciodh suarrach ar fhéachain an lot do-ní,
millidh go mór eachtra an aithrighigh. Gonadh uime sin adeir S.
Bearnard, ag labhairt ar an nglóir ndíomhaoin,
10455]
leviter volat, leviter penetrat, sed non leve vulnus infligit inanis gloria is
éadtrom do-ní eitill, is éadtrom thollas, gidh eadh, ní héadtrom an
chréacht do-ní an ghlóir dhíomhaoin. As so is iontuigthe go
ndleaghair don aithrigheach bheith ar a choimhéad ar an nglóir
ndíomhaoin, lé ndéantar othar don
10460] anam, agus lé gcuirthear dá réir
sin ó bheith ionaistir i slighe na haithrighe é.
An treas ní thoirmeasgas an choimhling se, driseóga na saidhbhreas
saoghalta. Óir an tí bhíos ag rioth tré dhriseógaibh, is gnáth
oilbhéim nó tuiseal dá leagadh, dá thoirmeasg ó rioth
10465] do dhéanamh.
Mar an gcéadna, an tí theagmhas i ndriseógaibh na saidhbhreas
saoghalta, teagmhaidh leagadh go meinic dhó, ionnus nach bí inreatha i
raon na haithrighe. Is córaide an samhlughadh so do dhéanamh, mar
adeir Críost féin san treas caibidil déag ag Matha, san bhfábhaill-
sgéal luaidhtear ann,
10470] aliud cecidit inter spinas do thuit cuid
oile don tsíol idir na dreasaibh. Ionann sin ré a rádh do réir
Chríost agus idir na saidhbhreasaibh. Agus atá Ieremias san
chaibidil chéadna ag luadh aneithe céadna, mar a n-abair ris na
daoinibh shaoileas
p.324
síoladh na subháilceadh do dhéanamh, nolite serere super spinas
10475] ná
déantar libh síol-chur idir na dreasaibh. Dá chor i gcéill nach
slighe inleanta i raon na haithrighe lé síoladh na subháilceadh, triall
i gconair an chonáich shaoghalta.
An ceathramhadh ní thoirmeasgas rioth an aithrighigh, clocha dúra
díochoisgthe an chiontaigh, nach faomhann a leas do
10480] dhéanamh, agus
nach cuireann inneall reatha air féin i raon na haithrighe. Is i
bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san .5. caibidil ag
Isaias, mar a n-abair, ag labhairt ar an ollmhughadh do-rinne Dia
ar a fhíneamhain féin dominus plantavit vineam electam,
et sepivit eam, et elegit lapides ex ea do phlanduigh an tighearna
fíneamhain toghtha, agus do chuir fál uimpe, agus do thogh
10485] sé na
clocha aiste. Go fáthach, is é Dia nimhe an tighearna phlanduigheas
an fhíneamhain toghtha, mar atá cruinniughadh na bhfíréan; agus is é
fál chuireas 'na timcheall, buinne beannuighthe na ngrás bhíos dá
gcumhdach ó bheith 'gá bhfoghlughadh ag aimsighthibh il-chleasacha
an aidhbhirseóra, agus ag sáimh-chealgadh
10490] na saidhbhreas
saoghalta, agus ag cluanaireacht cheilg-mhian na colna. Agus is eadh
chialluighid na clocha úd chnuastar as an bhfíneamhain, na coirigh
chloch-aigeantacha bhíos go haindiúid amhnáireach ag leanmhain dá
lochtaibh féin, agus nach gabhann teagasg san mbioth greim dhíobh, ré taisteall
10495]
ná ré triall i raon na haithrighe, tré thruime chlochamhail
na coire bhíos 'na hualach ar an anam, do-ní líog láithreach dhíobh
lé gcomhnaidhid gan chorraighe i gcarcair na coire. Agus is móide
is indiommolta iad gurab dá ndeóin go droich-mhéin anaid ann, agus
nach é Dia is ciontach riú, agus gur fhoráil orra
10500] malairt chroidhe,
mar a n-abair san .36. caibidil ag Ezec., auferam vobis cor
lapideum et dabo vobis cor carneum béaraidh mé uaibh an croidhe
clochdha, agus do-bhéar croidhe
10505] colnaidhe dhaoibh. Dá chor i
gcéill nach é féin is ciontach ré croidhe dúr doi-theagaisg do bheith
ag an bpeacthach, agus go dtiobhradh croidhe colnaidhe dhóibh, ré
déanamh crábhaidh agus feadhma do Dhia, do bhríogh gurab é an croidhe
colnaidhe is maotha agus is sochma ré saothrughadh na subháilceadh,
agus dá réir sin ris an duine do dhéanamh ionaistir i raon na
haithrighe. Measaim gurab eadh do-ní an t-aidhbhirseóir amhail
do-ghéanadh duine díbhfeargach,
p.325
10510]
an tan do muirbhfidhe a charaid, oil i n-úir do dhéanamh, agus
leachtán cloch do dhéanamh ós a cionn; gurab mar sin do-ní an diabhal,
an tan mharbhthar an t-anam leis, oil i n-úir na hurchóide do
dhéanamh i n-anam an pheacthaigh, agus leachtán do dhéanamh dá
gach locht dá mbí ann, i gcuimhniughadh ar
10515] an éigin do-rinne Críost
ag buain anma an duine dhe i gcath-láthair bháis Chríost, an tan
do bhean sealbh na n-anam dhe, acht go gcoimhlíontaoi gach
ordughadh dar chuir síos i gcoimhlíonadh na sácramainteadh, agus ga
meirleachas pheacaidh mharbhthaigh do dhéanamh air. Agus go fáthach,
is é so mhaoidheas
10520] Dia ar na daoinibh san chaibidil réamhráitte, mar
a n-abair riú, anferam vobis cor lapideum, et reliqua béar an
croidhe clochdha uaibh. Dá chor i gcéill don tí rénar feirrde
éirghe a cumann an chealgaire úd, agus do-bheir ucht ar aithrighe do
dhéanamh, go sgriosann Dia an leachtán locht bhíos 'na chroidhe óna
choiribh,
10525] agus go bhfoirlíonann oil i n-úir na hurcóide bhíos
san anam, go ndéin rian réidh dhi, ó bheith 'na clár choimhréidh
chrábhaidh agus caondúthrachta dhi.
An cúigeadh ní thoirmeasgas an rioth, gainimh na leisge. Óir an tí
bhíos ag triall tré ród na gainmhe, ní fhéadann rioth
10530] do dhéanamh,
do bhríogh go mbíd a chosa ar uairibh 'gá slogadh san ghainimh,
agus seal oile 'gá srianadh siar uaidh. Go spioratdha, an tí bhíos
san leisge, bí láimh ré láib na locht. Amhail iomorra bhíos an
ghainimh láimh ré láib na mara, mar an gcéadna bhíos an leisge láimh
ré láib na locht oile. Agus amhail bhíd langach
10535] lobhair agus cuasa
san ghainimh, ré slogadh chos an tí bhíos ag triall innte, mar an
gcéadna bíd cuasa ceilge, agus langa lobhair locht san leisge, dá
dtig toirmeasg do chur ar rioth an aithrighigh bhíos ag triall go
neamh. Gonadh 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san dara caibidil
in Exodo, mar a léaghthar gur mharbh
10540] Maoise an t-Éigioptach,
agus gur fholuigh san ghainimh é. Mar an gcéadna don duine, an tan
mharbhas an t-Éigioptach .i. an t-anam, do-ní a fholach fá
ghainimh na leisge, ionnus nach bí corraighe as na coiribh air, acht
bheith adhnaicthe i n-urchóid, amhail do bhí an t-Éigioptach.
10545] Tuig, a dhuine, gurab eadh dhligheas gach Críostaidhe do
p.326
dhéanamh, na toirmisg se uile do chur ar ceal, mása maith leis rioth
go héasgaidh i rian na haithrighe go neamh. Gidh eadh, ní foláir do
neoch a fhios do bheith aige cia an ród díreach, agus cia an chonair
is cumaire, ré triall san choimhling se ar neamh.
10550] Do-bheir Ieremias
teagasg dhúinn do leith aneithe se, mar a n-abair, interrogate de
semitis antiquis, quae sit via bona, et ambulate in ea; et invenietis
refrigerium animabus vestris iarraidh tuaraisg na sean-chosán, cia
an tslighe mhaith, agus siobhlaidh innte; agus do-ghéabhthaoi
ionnfhuaradh dar n-anmaibh féin. Is é modh ar
10555] a bhféadfaim-ne
na sean-chosáin do leanmhain, agus imtheacht san slighidh chóir, dá
leanam lorg na mairtíreach, na gcoinfeasóireadh, na n-ógh, agus na
bhfíor-chráibhtheach, do choimhéad raon díreach na haithrighe go
neamh. Agus is í so an tslighe luaidheas Solamh, san cheathramhadh
caibidil do
10560] Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, viam sapientiae
monstrabo tibi, ducam te per semitas aequitatis; quas cum ingressus
fueris, non arctabuntur gressus tui, et currens non habebis
offendiculum taisbéanfaidh mé slighe na heagna dhuit (ar sé),
treóróchad tú i gcasánaibh an cheirt; ionnus, an tan roichfir ionnta,
nach
10565] cuirfidhear cumhgach ar do chéimibh, agus ar mbeith ag rioth
dhuit, nach fuighbhir ní do bheanfadh tuisleadh asat. Is ionann an
tslighe se na heagna agus slighe na haithrighe. Óir cáit i bhfuil
eagna is mó ioná an aithrighe, dá dtig flaitheas Dé do ghreamughadh
do neoch? Agus is eadh chialluighid na
10570] casáin úd an cheirt, grádh Dé
agus na comharsan, dhleaghair don aithrigheach do bheith ar bun do
shíor aige. Agus do bhríogh, an tí bhíos ar eachtra, go ndéin
deithbhir ré triall go teach ósda mhaith bhíos roimhe, mar an
gcéadna dhligheas an tí bhíos ar eachtra na haithrighe deithbhir do
dhéanamh, agus bheith ag
10575] coimhling ré rochtain na seilbhe síordhaidhe
úd na glóire, mar a mbí an uile mhaith shoimhianuighthe. Gonadh ag
teagasg an duine do leith aneithe se atá aní léaghthar ag Pól, ag
brostughadh cháich san turus so, amhail léaghthar san cheathramhadh
caibidil gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair,
10580] festinemus ingredi in
illam requiem déanam deithbhir ré dol isteach san chumhsanadh úd.
p.327
An ceathramhadh goin
Atáid chúig adhbhair fá ndleaghair do dhuine deithbhir do dhéanamh
i raon na haithrighe. An céad-adhbhar dhíobh, trés an luas atá sna
meirleachaibh atá ar tí a bhaoghluighthe, mar
10585] atá an diabhal, an
saoghal, agus an cholann; do réir mar adeir Ieremias san
cheathramhadh caibidil do Leabhar na hEólchaire, mar a luaidheann an
luas atá i náimhdibh na hanma. Ag so mar adeir: velociores sunt
inimici mei aquilis caeli is luaithe mo náimhde ionáid iolair an
aieóir. Dá réir sin nach
10590] foláir don duine deithbhir do dhéanamh ré
triall i raon na haithrighe, ag coimhling ris na cealgairibh úd,
d'eagla a chuirthe fá ghreim dhóibh. An dara fáth deithbhire atá
ag an duine, fad na slighe. Gonadh 'na fhioghair sin atá aní léaghthar
san naomhadh caibidil déag don treas leabhar do
10595] Leabhraibh na Ríogh,
mar a labhrann an t-aingeal ré hElias, fá haithghein don
aithrigheach, agá rádh, surge et comede, restat adhuc tibi grandis
via éirigh agus ith, atá raon fada romhat. Mar an gcéadna go
fáthach adeirthear ris an aithrigheach, ré triall go neamh dhó. An
treas fáth deithbhire atá ag an aithrigheach,
10600] giorra ré na beatha ré
triall aige, do réir mar adeir Iob san cheathramhadh caibidil déag,
breves dies hominis sunt is gearr laithe an duine. Dá chor i
gcéill nach foláir don duine deithbhir do dhéanamh ré triall san
turus úd na haithrighe, ar ghiorra na ré bhíos aige. An ceathramhadh
fáth deithbhire, mór-luaigheacht
10605]
an ghill bhíos aige ré a ghreamughadh a los na coimhleanga.
Gonadh ag cor aneithe se i gcéill atá aní léaghthar ag Pól san naomhadh caibidil don chéid-Eipistil
gusna Coirintibh, mar a n-abair, omnis qui in agone contendit ab
omnibus se abstinet, ut corruptibilem coronam accipiat; nos autem
incorruptam an uile
10610] dhuine bhíos i n-éigean ag gleic, congbhaidh
é féin ó gach éin-ní, go nglacfadh coróin shothruaillithe; sinne
cheana coróin dothruaillithe. Dá chor i gcéill, mar go bhfaghaid
daoine mórán duaidh agus doghrainge ag saothrughadh agus ag soláthar na
séad sothruaillithe saoghalta, is mó sa chách dhleaghair don
aithrigheach
10615] duadh agus doghraing do chur air féin, ré greamughadh na
coróine síordhaidhe úd na glóire, agus dá réir sin go ndleaghair dhó
deithbhir
p.328
do dhéanamh san choimhling réna greamughadh. An cúigeadh fáth
deithbhire, do bhríogh go mbí Críost gona ainglibh agus go naomhaibh
nimhe ag fuireach rinn go lúth-gháireach, ionnus
10620] ónar ndol ar neamh
gomadh móide glóir na naomh oile é, agus gomadh luathaide do-ghéantaoi
foirleathnughadh agus foirlíonadh ar an luing-bhriseadh tarla i
bhflaitheas Dé é. Gonadh uime sin adeir Bearnard naomhtha na
briathra so, curramus non pedibus corporis, sed affectionibus et
suspiriis déanam rioth, ní lé cosaibh
10625] cuirp, acht lé dúthrachtaibh
agus lé hiachtaigh. Dá chor i gcéill go ndleaghair don
aithrigheach fonn frithir foiréigneach, agus álghus agus accobhar
anbháil do bheith air, ré triall san turus soin, nach léigfeadh dhó
sgíoth go rochtain an chuspóra agus an chinn sgríbe atá roimhe, mar
atá an ghlóir shíordhaidhe, is ceann coimhleanga agus is
10630] geall dó.
Agus is agá fhoráileamh ar an duine gan sgíoth ná comhnaidhe do
dhéanamh san turus so atá Críost san .24. caibidil ag Matha, mar a
n-abair, qui perseveraverit usque in finem hic salbus erit an tí
do-ghéana buain-sheasamh, ag so an tí shláineóchar. Dá chor i
gcéill nárbh fhoráil don aithrigheach
10635] san choimhling se gnáith-thriall
do dhéanamh, agus gan cromadh ar ní dá mbiadh san raon roimhe.
Óir dobudh éigcríonna don tí do bhiadh ag coimhling, agus do chromfadh
ag tógbháil snáthaide nó seóide suarraighe oile, agus a theacht de sin
é do chailleamh an ghill. Óir ní lór lé Pól a rádh ris an
aithrigheach rioth do
10640] dhéanamh, acht is eadh adeir ris na daoinibh,
currite ut comprehendatis rithidh i gcruth go ngreamóchthaoi,
amhail adubhramar thuas. Agus is ag cor an duine ar a choimhéad ar
aní se atá briathra Chríost san suibhisgéal, mar a n-abair, quid
prodest homini si universum mundum lucretur, animae vero suae
10645]
detrimentum patiatur créad an sochar don duine dá ngreamuighidh an
domhan uile, agus aimhleas a anma féin do dhéanamh? Dá chor i
gcéill gurab éadtarbhach do neach chromas ar mhaoinibh saoghalta do
chnuasach agus do chruinniughadh, agus do-bheir dá bhríogh sin
faill san choimhling úd.
10650] Is iad an dream iomorra is gnáth d'fhagháil tuislidh san gcoimhling
se lucht an díomusa, do bhríogh go mbí an díomas nó an t-uabhar 'na
chnocaibh arda atmhara, ag folach an riain
p.329
réidh. Gidh eadh, an dream choimhéadas an umhla, bí an ród réidh
rompa. Gonadh dá chor i gcéill adeir S. Augustin na
10655] briathra so,
humilitas casum nescit, quia in imo est nocha mbí fios tuislidh ag
an umhla, do bhríogh gurab san bhfán bhíos. Dá chor i gcéill,
an mhuinntear thriallas i bhfán íseal na humhla go neamh, go
dtriallaid gan tuisleadh innte. Ní hionann agus lucht an díomusa,
thriallas i gcnocaibh atmhara an uabhair agus i
10660] slighthibh fraochdha
na feirge, agus i mbeilghibh coillteamhla an chonáich shaoghalta,
agus i langach lobhair na leisge, agus i gcairrgibh cuasamhla an
chraois, agus i móintibh doimhne do-imtheachta na drúise, agus mar
sin dá gach saobh-chonair oile ó shin amach.
An cúigeadh goin
Gidhbé thoigeóras dol ar marcaigheacht go neamh, mar atá
10665]
é féin do chur i gcuing riaghalta, agus a anam do chur ar muin anma a
phréaláide, ní foláir dhó togha do dhéanamh ar an each, d'eagla,
dá mbeith an t-each sgáthmhar, nó dá mbeith tuisleadh nó taoibh-righne
innte, go bhfuighbheadh féin leagadh dhi, nó ná roichfeadh
ris ceann na sgríbe do rochtain 'na rioth. Óir dá
10670] raibhe an phréaláid
sgáthmhar neimhsheasmhach 'na chuing, nó dá raibhe taoibh-righin i
saothrughadh na subháilceadh, nó tuisleadh d'fhagháil i
míghníomhaibh nó i n-ainmhianaibh oile, is eagail don tuata nó dhon
chléireach chuireas a mhuinighin ann, agus do-ní eisiompláir dhe,
gurab tuar tuislidh dhó féin
10675] greamughadh dhe.
Is amhlaidh atá an ghlóir shíordhaidhe agá foráileamh orainn ag Dia,
amhail bhíos buachaill an táibhirne ag fógra an fhíona maith bhíos
'na shoiléar, agus agá fhoráileamh ar gach aon, go rithid cách dá gach
éin-leith chuige do fhromhadh an fhíona.
10680] Gonadh san chruth chéadna
atá Dáibhídh Rí san ochtmhadh Salm déag ag reic agus ag faisnéis na
milse úd atá i bhfíon na beatha .i. i bhfleidh nimhe, mar a
n-abair, desiderabilia super aurum et lapidem pretiosum, et
dulciora super mel et favam atáid soimhianuighthe tar ór agus tar
chlochaibh uaisle, agus is milse iad
10685] ioná mil agus cíor mheala. Dá
chor i gcéill, mar go rithid daoine dá gach aoin-leith do fhromhadh
an fhíona úd mholtar lé buachaill
p.330
an táibhirne, gur mó sa chách dhleaghair dona daoinibh rioth
d'fhios an fhíona soimhilis úd na glóire síordhaidhe. Gonadh uime
sin adeir Solamh san chaibidil déidheanaigh do Leabhar
10690] na Seanfhocal
na briathra so, procul et de ultimis finibus pretium eius is imchian
agus ó chríochaibh imill na cruinne a luach súd. Dá chor i gcéill
gurab fada do dhlighfeadh neach dul, agus nach fuil duadh ná doghraing
dá mhéad nach dlighfeadh d'fhulang, do shúil réna fhagháil. Óir
atá do mhaith air, tar na fíontaibh
10695] oile, nach cailleann duine a
oighreacht ná a innmhe shaoghalta leis, acht go nglacann oighreacht
agus innmhe dá thoisg. Ní feanntar duine leis an bhfíon spioratdha
úd agus ní fornochtar, agus fós do-gheibh tlacht taitneamhach glórmhar
tré bheith dá ól. Gidh eadh, an dream théid isteach d'ól fhíona
an tsaoghail, foghthar
10700] agus feanntar iad go meinic, agus ní headh
amháin go corpardha fheanntar iad, acht go spioratdha. Gonadh 'na
fhioghair sin atá aní léaghthar ag Lúcás san deachmhadh caibidil mar
a n-abair, ag labhairt san bhfábhaill-sgéal luaidheas ar an tí
do bhí ag triall ó Ierusalem go Ierico, mar a n-abair,
spoliaverunt eum vestibus
10705]
do bheanadar a éadach dhe. Dá chor i
gcéill gur feannadh leis na meirleachaibh do bhí ar an raon roimhe é.
Do réir a ndubhramar is cneasta don aithrigheach coimhling do dhéanamh
ré greamughadh an fhíona sobhlasta úd na glóire síordhaidhe.
An seiseadh goin
Tabhair dot aire, a léaghthóir, nach dleaghair don tí bhíos
10710]
ag coimhling rioth i n-aghaidh na gaoithe. Ar dtús ní dlighthear dhó
rioth i n-aghaidh na gaoithe anoir. Ionann sin ré a rádh agus nach
dleaghair dhó aghaidh do thabhairt ar an bhfolaidheacht ór fhás
féin, d'eagla go bhfásfadh bogás agus bladhmann, macnas agus
mómhaireacht aiste é, do chuirfeadh toirmeasg air ó rioth na
10715]
coimhleanga úd, do bhríogh nach urusa do neoch rioth i ród na
humhlachta, an tan bhíos ag maoidheamh a uaisleachta agus a
fholaidheachta féin. Ní dleaghair dhó rioth i n-aghaidh na gaoithe
aniar, d'eagla go mbeith sonn-ghaoth na sainnte ag séideadh 'na
choinne. Ní dleaghair dhó rioth i gcoinne na gaoithe adtuaidh,
10720]
d'eagla go mbiadh easgal oighreata nó gaoth ghoith-neimhneach
p.331
na glóire díomhaoine ag séideadh 'na aghaidh. Agus fós, bí an ghaoth
adtuaidh seasg aimrid éadtoirtheach, agus mar sin budh eagail don
aithrigheach go mbiadh a choimhling féin éadtoirtheach, tré aghaidh
nó tré aire do thabhairt don ghlóir dhíomhaoin.
10725] Ní dleaghair dhó
fós rioth i n-aghaidh na gaoithe andeas, do bhríogh go mbí
bruithneadh innte, dá dtig an reathaidhe do bheith aillseach
sochortha, agus is í sin an drúis. Ní dleaghair dhó fós rioth i
ndorchadas na hoidhche, agus mar sin ní dleaghair dhó rioth i
n-oidhche an iomthnútha. Óir is ionann invidus agus non
10730] videns,
.i. duine nach faiceann, lé hoidhche an iomthnútha agus lé
hurrdhubhadh urchóideach an fhormaid, a leas féin ná leas cáich, ná
cá rian 'na rithfidh.
Ní foláir fós don tí bhíos ag coimhling gan codladh do ghabháil
ghreama dhe; agus fós, slighe thirim ghlan d'aimsiughadh, agus na
10735]
róid shalcha 'na mbí láib agus lathach do sheachnadh. Is é ní dá
dtig na róid do bheith tirim, ga gréine na ngrás do bheith ag
taitneamh ar orlár ionnracais an aithrighigh. Agus is é do-ní an
tslighe fliuch salach, fearthain an pheacaidh thig a néall náimhdidhe
na coire, lé bhfolchar grian na ngras ar orlár anma
10740] an pheacthaigh.
Agus is ag cor aneithe se i gcéill atá Dáibhídh san deachmhadh Salm,
mar a bhfoillsigheann go mbíd slighthe na bpeacthach salach do-imtheachta
do shíor. Ag so mar adeir, ag labhairt ar an bpeacthach,
agus go háirithe ar an tí bhíos salach i bpeacadh na drúise,
inquinatae sunt viae illius in omni tempore
10745]
atáid a shlighthe súd
salach gach éan-am. Óir an bealach nó an ród lán 'na mbí triall
agus aithighe iomad bó nó capall, bíd lán do rocaibh agus do logaibh,
lán do mhuirt agus do mhúilleach, do-ní an tslighe do-imtheachta
don tí bhíos ag triall. Mar an gcéadna don pheacthach agá mbí
aithighe na ndeamhan ó aonta do
10750] thabhairt dona holcaibh, bí an raon
dochraidh do-imtheachta agá anmain, ionnus gur meinic do-gheibh
leagadh 'na lochtaibh, ionnus go lingid aimsighthe an aidhbhirseóra air,
agus go gcuibhrighthear leó é, ionnus dá bhíthin sin nach bí cur ná
cumas aige ar aistear do dhéanamh i rian na haithrighe go neamh. Gidh
eadh,
10755] ní hé an ród do-imtheachta so, nach conair chóir go neamh, do
ghabh Dáibhídh Rí, an tan do thogair coimhling do dhéanamh go
p.332
neamh, acht an raon díreach athghairid, mar atá ré aitheantaibh Dé do
choimhlíonadh. Gonadh uime sin adeir sé féin sa .118. Salm, viam
mandatorum tuorum cucurri do ritheas (ar sé, ag labhairt
10760] ré Dia) i
slighidh t'aithneadh. Dá chor i gcéill go dtarla sé féin ar an
gcasán gcóir ré rioth go neamh, an tan tarla ar shlighe choimhlíonta
na n-aithneadh é. Agus cibé thoigeóras rochtain ar neamh, amhail
do-rinne Dáibhídh, is é an casán céadna ar a lorg is inleanta dhó.
Óir ní fhuil ród is réidhe, ná conair is
10765] coitchinne, ná casán is
cinnte, ná slighe is socra dhó, ioná rioth tré choimhlíonadh na
ndeich n-aithneadh go neamh. Uime sin, a Chríostaidhe chaon-dúthrachtaigh,
triall ar lorg Dháibhídh Ríogh ar slighe choimhlíonta
na n-aithneadh, agus dá ndeachair, ní heagail duit dol amudha; agus
cibé adéaradh gurab tré chalmacht
10770] dhleaghair neamh do ghabháil, agus
nach tré theitheadh agus gurab teitheadh do-níd na fíréin agus na
fíor-chráibhthigh ó aoibhneas agus ó antlás agus ó réim aimseardha na
beatha so bíodh a fhios aige gurab fearr teitheadh maith ioná
droich-sheasamh, agus nach fuil gléas buadha do bhreith ar na
heasgcáirdibh atá ar an saoghal so
10775] againn, ioná teitheadh rompa.
Gonadh uime sin adeir Dáibhídh Rí ris an druing ar a mbíd airm
dhiobhraicthe an aidhbhirseóra agá n-inneall orra a crann-taibhlibh
cealg, agus soighde na sainnte a bogha na beatha so, agus gáinnidhe an
ghráidh cholnaidhe ón cholainn, san .59. Salm, \fugiant a facie
arcus# déantar teitheadh
10780] leó ó bheith ar aghaidh an bhogha. Dá
chor i gcéill go ndleaghair dona daoinibh teitheadh rés na
haimsighthibh do luaidheamar agus rioth óna guaisibh sin dá dteach
tearmainn féin .i. go neamh. Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar
san naomhadh caibidil déag don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh,
mar do theith
10785] Dáibhídh ré Saul, an tan do bhí ar tí sleighe do
chur thríd dá mharbhadh, gur fóireadh mar sin é. Agus mar an
gcéadna léaghthar san .32. caibidil in Genesi an tan do shanntuigh
bean Putifar an t-ard-athair Ioseph do choimhéigniughadh ré
mí-ghníomh do dhéanamh ria, gur theith roimpe. Agus atá Ieremias
10790]
san .48. caibidil ag teagasg aneithe céadna do Chloinn Israel, mar
a n-abair, fugite et salvate animas vestras teithidh agus fóiridh
bhar n-anmanna féin. Dá chor i gcéill, an tan teagmhas an
p.333
duine, ag dol ar aghaidh, i n-éan-raon do sheacht raonaibh na
bpeacadh marbhtha, gurab eadh dhligheas, tilleadh tar a ais, agus a
10795]
sheachnadh; agus nach fuil éin-tslighe aige ré triall go hinnill
agus ré buaidh do bhreith, acht raon na haithrighe. Gonadh uime sin
adeir Dia san .28. caibidil in Deuter., per unam viam ingrediaris
contra hostes tuos, et per septem fugias, et per septem dispergaris
gabh i n-éan-raon amháin i gcoinne th'easgcarad, agus teithfidh tú
10800]
agus biaidh briseadh ort i seacht ródaibh. Dá chor i gcéill nach
fuil éan-ród oile innill againn acht ród na haithrighe, 'na
ndleaghair dhúinn dol ar coimhling don teach tearmainn úd nimhe dar
ndídean féin. Agus an drong dhínn chuireas rompa ucht do thabhairt
ar cheachtar dona seacht mbeilghibh úd .i. na seacht
10805] bpeacaidh
mharbhtha, do-bheirid náimhde na hanma dearg-ár orra.
Atá ní oile is iontugtha dhúinn dar n-aire, iar gcríochnughadh na
coimhleanga úd, nach féadaid dream ar bioth dhul isteach i
bhflaitheas nimhe, acht lucht éigne do dhéanamh, agus do-ní
10810]
sárughadh agá ghabháil. Do réir mar adeir Matha san aonmhadh
caibidil déag, regnum caelorum vim patitur, et violenti rapiunt illud
do-níthear éigean ar fhlaitheas nimhe, agus is lucht éigne
fhuaduigheas í. Dá chor i gcéill gurab sluagh soighníomh
dhleaghair don aithrigheach do chur i bhforbhais nó i bhfoslongphort
10815]
ré hucht flaithis nimhe do bhuain amach, agus iad
armtha lé hiol-fhaobhraibh na haithrighe.
Ní foláir fós dóibh dréimire seacht rongadh do bheith aca, ré múir-lingeadh
ar neamh. Is é so go fáthach an dréimire do-chonnairc an
t-ard-athair Iacob, amhail léaghthar san .28. caibidil
10820]
in Genesi, mar a bhfacaidh na haingil ag dol suas agus anuas i
gcéimibh an dréimire, agus mar a bhfacaidh druim Dé ris. Dá chor i
gcéill, an dream shuidheas ré foslongphort fíréantachta, ré hucht
nimhe do ghabháil, go mbíd aingil ag teacht lé tiodhlacadh do
nimh chuca, agus ag triall tar a n-ais, ré faisnéis
10825]
gach feadhma fíréanda dá ndéinid na haithrighigh do Dhia. Agus is eadh
chialluigheas druim Dé d'fhaigsin don ard-athair, mar chuireas
Dia roimhe dá dheóin sealbh an fhlaitheasa neamhdha do thabhairt
dona fíréanchaibh, tré chródhacht agus
p.334
tré chalmacht a ngníomh. Is éigean seacht ronga do bheith
10830]
san dréimire bhíos ré múir-lingeadh do dhéanamh ar neamh, agus is é ainm
an dréimire \obedientia# .i. óigh-réir nó fomós iomlán do Dhia lé
mbeantar neamh ar éigin amach. Is iad dá leath-dhlaoi an dréimire se
bochtacht toileamhail agus aontumha ó olcaibh. Agus atáid seacht ronga
san dréimire se: an céad-ronga dhíobh,
10835] óigh-réir thoileamhail.
Gonadh uime sin atá aní léaghthar san chúigeadh caibidil déag don
chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, melior est obedientia quam
victimae is fearr óigh-réir ionáid iodhbarta. Dá chor i gcéill
gurab tarbhaighe don duine toil do bheith aige ré hóigh-réir Dé do
dhéanamh ionáid iodhbarta
10840] do dhéanamh agus gan a thoil do bheith
leó. An dara ronga, slim-ghialladh do Dhia, gan eacht gan coingheall
do chur ann. Gonadh ar an tí thriallas san riocht so ar Dhia
labhras Dia ag Dáibhídh san Salm, mar a n-abair, in auditu auris
obedivit mihi i n-éisteacht cluaise do ghiall damh. Dá chor i
gcéill, an
10845] dream nach cuireann eacht ná coingheall i dtoil Dé do
choimhlíonadh, go mbíd ar an dara ronga so don dréimire. An treas
ronga, fomós suilbhir, do réir mar adeir Pól san naomhadh caibidil
don dara Eipistil gusna Coirintibh, hilarem enim datorem diligit Deus
do-bheir Dia grádh don tí dháileas go suilbhir.
10850] Dá chor i gcéill,
an dream do-bheir go suilbhir óigh-réir do Dhia, go mbí cos san
dréimire úd aca. An ceathramhadh ronga, éasgaidheacht fhomóis; do réir
mar adeir Lúcás san naomhadh caibidil déag, ag aithris briathra
Chríost, Zachaee, festinans descende a Shacceus, déana deithbhir,
tar anuas. Dá chor i gcéill, lucht
10850] an tsaidhbhreasa thréigeas é,
agus téid i gcrann chrábhaidh ré toghairm Chríost ar cuireadh, agus
bhíos ollamh ré reachtas do dhéanamh ar a maoin shaoghalta ar a
thoil, agá roinn ar dhílleachtaibh agus ar bhochtaibh, go mbí cos
san dréimire se aca. An cúigeadh ronga, fearamhlacht fhomóis. Gonadh
ag cor aneithe se i gcéill atá
10855] aní léaghthar ag Pól san dara
caibidil go Philipp., mar a gcuireann i gcéill fearamhlacht an
fhomóis do bhí ag Críost dá Athair, mar gur fhuiling bás ar thoil a
Athar. Ag so briathra Phóil ag reic aneithe se: factus obediens
usque ad mortem do bhí sé óigh-réireach gus an mbás. Dá chor i
gcéill go raibhe Críost coimh-fearamhail
p.335
10865]
sin ré fomós do thabhairt dá Athar, gur fhuiling bás ar thoil an
Athar. Mar an gcéadna an dream bhíos fearamhail ré fulang gach
feadhma agus ré hiomchor gach anfhochaine, mar cheannach ar
fhlaitheas Dé do ghreamughadh, go mbí cos san dréimire se aca. An
seiseadh ronga, umhlacht fhomóis. Gonadh uime sin adeir Lúcás san
seachtmhadh caibidil déag, cum feceritis omnia que praecepta sunt
vobis, dicite: servi inutiles sumus an tan do-ghéantar libh an uile
ní atá arna fhógra dhaoibh, abraidh: óglaoigh éadtarbhacha sinn. Dá
chor i gcéill, cibé thoigeóras cos do chur san dréimire se, nach
foláir dhó bheith umhal
10875] amhairseach air féin, agus a mheas nach déin
acht aní is lugha ioná mar bhíos d'fhiachaibh air. An seachtmhadh
ronga neamhchoirtheacht fhomóis. Gonadh uime sin atá aní léaghthar ag
Pól san naomhadh caibidil don chéid-Eipistil gusna Coirintibh,
currite ut comprehendatis rithidh i gcruth go ngreimeóchadh
10880]
sibh.
Dá chor i gcéill nach lór do dhuine rioth i gconair an chrábháidh,
acht nach foláir dhó bheith neamhthuirseach buan ré rochtain a chinn
sgríbe, agus go breith an ghill dó.
An seachtmhadh goin
Ag so an rioth arna chríochnughadh ag an duine. Gidh eadh, ní foláir
do neoch a fhios do bheith aige créad an sochar
10885] atá san saothar so
fhoráiltear ar an aithrigheach do chur air féin, ré buaidh do bhreith
ar a náimhdibh agus ré flaitheas Dé do bhuain ar éigean amach, mar
cheannach láimhe i ndíol an dúthrachta do-ní an duine fíréanda do
Dhia. Éist ré hEóin san dara caibidil in Apocal. mar a n-abair,
ag aithfhriotal bhriathar nDé, vincenti
10890]
dabo manna absconditum, et nomen novum do-bhéar an plúr atá i bhfolach, agus gairm nua, don
tí bhéaras buaidh. Dá chor i gcéill, an dream bhíos calma ag
cothughadh an chrábhaidh, go mbí a bhara fá Dhia an plúr atá i
bhfolach, mar atá an ghlóir shíordhaidhe nach léir dhúinn san
bheathaidh se, do thabhairt
10895]
dóibh; agus fós gairm nua, mar atá rí do
dhéanamh ar neamh dhe, agus comhoighre do Chríost do dhéanamh dhe.
Is ag luadh aneithe se atá Dáibhídh Rí san seiseadh Salm déag, mar a
n-abair, satiabor cum apparuerit gloria tua budh sásuighthe
p.336
mé an tan bhus léir dhamh do ghlóir-se. Dá chor i gcéill, gér
10900]
mhór a innmhe shaoghalta, agus go raibhe 'na rí rathmhar, nach biadh
a aigneadh sásuighthe go rochtain an phlúir úd atá i bhfolach, mar
atá glóire nimhe, dhó. Agus is ag labhairt ar an innmhe se go fáthach
atá Dia ag labhairt i mbéal an fháidh Isaias san .32. caibidil,
mar a n-abair, sedebit populus meus in
10905] pulchritudine pacis, in
tabernaculis fiduciae, in requie opulenta suidhfid mo phobal i
mbreaghdhacht na síothchána, i dteaghdhaisibh muinighine, i
gcomhsanadh shaidhbhir. Dá chor i gcéill, an tan roichfid a
phobal féin, mar atáid na fíréin, i nglóir nimhe, go mbeid i síoth
gheanamhail, i dteaghdhaisibh
10910] innile agus i suaimhneas
neimheasbadhach. As so is iontuigthe nach miste don fhíréan olc ná
anfhochain, duadh ná doilgheas, feidhm ná foiréigean dá bhfuileóngadh,
agus an tsáimhrighe sin na glóire síordhaidhe do bheith do shíor i
n-áirithe aige. Gonadh ag luadh aneithe se atá aní léaghthar ag
Basilius naomhtha, in
10915] Hexameron, mar a n-innistear go raibhe
Alexander Mór lá ag éisteacht ré hoirfideadh il-cheólach, agus go
bhfuair an uiread soin do ghean uirre go ndubhairt réna shluagh
cathughadh calma do dhéanamh, i ndóigh ré síoth, do bhríogh gurab i
n-aimsir an tsíodha is gnáth oirfideadh agus il-cheóla dá
dtathaighidh. Agus
10920] mar go ndubhairt Alexander so réna mhuinntir,
mar cheannach ar cheól shaoghalta do chlos, créad an chalmacht is
cóir don Chríostaidhe do dhéanamh, ré cathughadh réna náimhdibh, do
thuar síodha go síordhaidhe ar neamh, mar a bhfuighbhe oirfideadh na
n-aingeal? Is ag cor aneithe se is gcéill atá aní
10925] adeir Críost ag
Matha san chúigeadh caibidil, mar a n-abair, gaudete et exultate,
quoniam merces vestra copiosa in caelis bíodh gáirdeachas oraibh,
agus déanaidh lúth-gháir, do bhríogh gur líonmhar bhar luaighidheacht
ar neamh. Dá chor i gcéill go ndleaghair dona fíréanaibh bheith
neamhthuirseach ré tuar na
10930] hinnmhe se. Agus mar go dtug an t-ard-
athair Iacob, mar cheannach ar Rebecca, do bhí sgiamhach, feidhm
do dhéanamh feadh fiche bliadhan do Laban, mar cheannach ar a
fagháil do mhnaoi dhó féin, gá méad fiche bliadhan do dhlighfeadh an
Críostaidhe bheith ag déanamh feadhma do Laban .i. Dia Athar
p.337
10935]
i ndóigh go bpósfadh Rebecca .i. an ghlóir shíordhaidhe ris.
Agus fós, mar do chuir Dáibhídh Rí é féin i nguais, agus é óg
anaosta, ag dol do chathughadh ris an athach darbh ainm Goliath dhó,
mar cheannach ar inghin Saul d'fhagháil 'na mnaoi dhó féin,
amhail léaghthar san seachtmhadh caibidil déag don chéid-leabhar
10940] do
Leabhraibh na Ríogh, créad an ghuais 'na ndlighfeadh an Críostaidhe é
féin do chur, ag comhrag agus ag cathughadh ré náimhdibh Dé, mar atá
an diabhal, an saoghal, agus an cholann? Agus mar go roinneann Dia an
uiread do thiodhlaicthibh rinne ar an saoghal so, an mhéid go
dtabhair gach innmhe
10945] dá bhfuil againn dúinn, idir anam, chorp, agus
chonách saoghalta, créad é méad na hinnmhe is inmheasta dhúinn
d'fhagháil uaidh thall? Gonadh ag mothughadh aneithe se atá aní
léaghthar ag S. Augustin san .21. caibidil do leabhar a Naomh-
smuaineadh, mar a n-abair, ag labhairt ré Dia, si tanta nobis facias
in carcere, quid ages in palatio? Si tanta solatia in hac die
lacrimarum, quanta conferes in die nuptiarum? Si tam innumera et varia
dona tua, quae nunc pariter amicis tribuis et inimicis, quam dulcia et
delectabilia quae solis es largiturus amicis má dho-ní tú an uiread
sin dínn, agus sinn san
10955] bpríosún, créad do-ghéanair dhínn san
phálás? Má dho-bheir tú an uiread sin dúinn san ló so na ndéar,
créad é a mhéad do-bhéarair dhúinn i ló na bainse? Má do-bheir
tú tiodhlaicthe do-áirmhe éagsamhla dhúinn anois, idir charaid agus
easgcaraid, créad é milse agus geanamhlacht na dtiodhlaicthe do-
bhéarair uait
10960] dot charaid amháin? Dá chor i gcéill, mar go
roinneann Dia an iomad do thiodhlaicthibh i bpríosún na beatha so ris
na daoinibh, gurab ro-mhó ioná sin roinnfeas riú, an tan roichfid i
seilbh pháláis pharrthais ar neamh. Agus mar go ndáileann an lán
tiodhlaicthe se dona daoinibh, ar mbeith i ngleann déarach
10965]
an domhain se dhóibh, idir charaid agus easgcaraid, créad é méad na
dtiodhlaictheadh do-bhéaraidh ar neamh dona fíréanaibh is
fior-charaid dó?
Is iomdha sochar do-gheibh an fíréan ar neamh, budh liosta ré a luadh
uile. Gidh eadh, cuirfeam dá áit nó trí as an scrioptúir
10970] síos, as a
dtuigfidhear a mhéad d'innmhe bheith ar neamh. Ar
p.338
dtús, cibé roicheas ann, biaidh i n-éin-tighdheas ré Críost, amhail
adeir sé féin san dara caibidil déag ag Eóin, ubi ego sum, illic erit
et minister meus mar a bhfuilim-se, biaidh mh'óglách ann. Dá
chor i gcéill, mar do bhí sé féin riamh mar aon ris an Athair gan
10975]
sgarthain ris, go mbiadh an t-óglách iar ndol ar neamh mar an
gcéadna. Bí fós an fíréan 'na chomhoighre ag Críost ar neamh, amhail
adeir Pól san ochtmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, coheredes
Christi sumus comhoighreadha Chríost sinn. Bí fós an fíréan comh-álainn
coimh-deallruightheach sin ar neamh, go
10980] nach glé-mhaisighe an
ghrian ioná é, amhail adeir Críost ag Matha san treas caibidil déag,
tunc fulgebunt iusti sicut sol in conspectu Dei beid na fíréin an
tráth soin ag deallrughadh amhail ghréin do láthair Dé. Do-gheibh
an fíréan sláinte shíordhaidhe ar neamh, do réir mar adeir Dáibhídh
san .102. Salm,
10985] sanat omnes infirmitates tuas slánuighidh h'uile
ghalra. Dá chor i gcéill go mbí sláinte shíordhaidhe ag an tí
bhíos ar neamh. Ní fhuil aoibhneas mar aoibhneas na cathrach
neamhdha, amhail adeir Dáibhídh san .86. Salm, gloriosa dicta sunt
de te, civitas Dei atáid neithe glórmhara arna rádh riot, a
10990] dhúin
Dé. Gá dtám ris, ní féadtar faisnéis ná friotal ná foillsiughadh do
dhéanamh ar na sochraibh síordhaidhe atá ar neamh; acht is follus go
bhfuil beatha gan bhás, sláinte gan ghalar, saoirse gan daoirse,
subhachas gan dobrón, agus an uile mhaith oile shoimhianuighthe, i
seilbh na druinge bhíos ann go
10995] síordhaidhe.
Agus guidhmíd Dia ré sinn féin do stiúradh tar gach bearnain bhaoghail,
agus tar gach guais, go gcríochnuighthear an rioth úd linn, agus go
ngabhthar sealbh fhlaithis Dé linn, mar a bhféadfam an geall
coimhleanga atá dá thuar agus dá thuilleamh linn do ghreamughadh
11000]
agus do bheith 'nar seilbh go síordhaidhe.
AMEN.