Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)
Alt 20
AN FICHEADMHADH HALT
'na gcuirthear síos an ród díreach is ionchoimhéadta ré triall ar
neamh.
An chéad-ghoin
Tuig, a dhuine, an tan bhíos an duine ag triall tré alltar na
hurchóide agus tré fhásach an pheacaidh, nach féadann an ród do
dhíorghadh go cathair nimhe. Gonadh ar an druing se labhras Dáibhídh
Rí san .106. Salm, mar a n-abair, erraverunt
9800] in solitudine, viam
civitatis habitaculi non invenerunt dobhádar ag dol amudha ar an
bhfásach, ní bhfuaradar fios chathrach an aittreibh. As so is
iontuigthe, an dream bhíos i siadhán agus i seachrán an pheacaidh,
nach féadaid an rian díreach go neamh dh'amus. Uime sin, cibé bhíos
ag triall tré fhásach an pheacaidh, ag dol
9805] ar siadhán, teagmhaidh i
lámhaibh ladrann ar uairibh é, agus i n-iomad do ghuaisibh oile. Dá
réir sin, is eadh is indéanta don taisteallach bhíos ar turus,
greamughadh do chuideachtain mhaith, agus leanmhain díobh do shíor.
Go fáthach, is í an tslighe anaithnidh se ród na beatha so go bás.
Uime sin, is éigean
9810] dá gach neach bhíos ré triall innte treóraighe
d'fhagháil ré heólas na slighe do dhéanamh dhó, nó, dá dtréigidh
an t-eólaighe, atá sé caillte. Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar
san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na Nuimhreach, mar a
n-innistear, an tan do thréigeadar Clanna Israel ceannas
9815]
feadhna Mhaoise agus a threóir go Tír Tairrngire, gur éagadar a n-urmhór
san slighidh. Mar an gcéadna, an dream nach leanann do Chríost mar
threóraighe, ag triall tré fhásach an tsaoghail se gus an mbás, téid
amudha, agus ní roichid go Tír Tarrngaire na
p.305
glóire. Agus is ag teagasg aneithe se atá S. Bearnard ag labhairt
9820]
ris an duine, i leabhar a Naomh-smuaineadh, mar a n-abair, elige
tibi illum amicum tuum, precibus amici tui, qui cum omnia subtracta tibi
fuerint, solus tibi fidem servabit in die sepullturae tuae togh dhuit
féin é súd mar charaid (ag labhairt ar Chríost) tré ghuidhe do
charad. Óir an tan bheanfaidhear dhíot gach uile ní, is
9825] eisean
amháin choimhéadfas a gheallamh dhuit i ló t'adhlaicthe. As na
briathraibh se is iontuigthe, an tan chaillid a charaid, a
chaomhthaigh, agus a chompáin, a chlann, a chéadfadha agus a
chonách saoghalta ar dhuine, gurab é Críost ar dTighearna cara na
héigne aige, réna fhurtacht i n-am an bháis. Uime sin nach
9830]
fuil treóraighe oile ag an duine is ionchuir i gcoimmeas ré Críost. Agus is
tríd sin do dheónuigh Dia sin do thabhairt mar theastas air, an tan
adeir na briathra so léaghthar ag Matha san .22. caibidil, mar a
n-abair, ag aithfhriotal bhriathar na druinge sin ré Críost,
magister, scimus quia verax es, et viam Dei inveritate
9835] doces a
mhaighistir, ar siad, is feasach sinn go bhfuil tú fírinneach, agus
go seólann tú slighe Dé san bhfírinne. As so is iontuigthe gurab é
Críost amháin is fír-eólach againn, rénar ndíorghadh san raon díreach
go neamh. Gidh eadh, tabhair dot aire, an tan bhíos duine ag triall
i ló shneachta, agus grian
9840] ag taitneamh air, iar ndol isteach i
dteagh dhó, nach léir dhó a bheag nó a mhór, ó neimh an tsneachta
do bheith 'na shúilibh, agus uime sin nach dleaghair dhó triall
roimhe go hobann san teach, go sgaoiltear deallradh an tsneachta
bhíos 'na shúilibh, d'eagla go dtuitfeadh i bhfairthis nó i
ndeirc dá mbiadh san
9845] árus. Mar an gcéadna an tí bhíos ag triall
tré mhacnas agus tré réim aimseardha an tsaoghail go hárus an bháis,
bí deallradh agus lonnradh na loise saoghalta ag déanamh sgáile dá
shúilibh, go nach léir dhó guais an bháis bhíos roimhe, go ndéin
comhnaidhe i n-orsain an bháis, ag machtnadh agus ag midheamhain
9850]
ar ghuaisibh an bháis, agus nó go dtabhair i ndearmad agus i ndío-chuimhne
sgáile na sochar saoghalta agus na saidhbhreas fhágbhas dá
éis. Gonadh 'na fhioghair so atá aní léaghthar san naomhadh caibidil
déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar do bhí an fáidh
Elias i ndorus na huamha 'na sheasamh, agus
p.306
9855]
é ag meas agus ag sgáthántacht ann. Agus do-chonnairc gaoth láidir,
talamh-chumhsgughadh agus teine, agus ní fhacaidh an Tighearna ionnta;
agus do-chonnairc séideadh foghaoithe, agus do bhí an Tighearna ann.
Go fáthach, is é Elias an t-aithrigheach bhíos ré bruinnibh báis;
agus na trí neithe at-chonnairc is nach raibhe
9860] an Tighearna, is eadh
chialluighid, gaoth an uabhair, talaimh-chrioth na feirge, agus teine
na sainnte, is léir don tí bhíos ag fagháil bháis. Gidh eadh, an
séideadh mín 'na raibhe an Tighearna, is eadh chialluigheas, briathra
milse an Bhíobla, lé dteagaisgthear an duine do leith tháire do
thabhairt ar na
9865] neithibh saoghalta agus dúla do thabhairt dona
neithibh neamhdha. Mar sin tig do bhriathraibh an scrioptúra táir
agus tarcaisne do bheith ag an tí bhíos ré hucht an bháis ar an
díomas, ar an bhfeirg, agus ar an sainnt, agus grádh agus gean do
bheith aige ar an umhlacht, ar an bhfoidhidin, agus ar an
mbochtacht; agus sin uile
9870] do theacht do bhíthin bhréithre Dé do
chlos. Agus is ar an malairt se thig ar aigneadh an othair labhras
Dáibhídh san .76. Salm, mar a n-abair, haec mutatio dexterae
Excelsi ag so malairt deas-láimhe Dé. Dá chor i gcéill gurab do
chumhachtaibh Dé tig an mhalairt agus an claochlódh sin do
thoidheacht i n-aigneadh
9875] an othair, mar go dtig dhe na dubháilce do
thréigean, agus na subháilce do ghreamughadh agus do ghrádhughadh,
agus tár agus tarcaisne do thabhairt ar na neithibh talmhaidhe. Gonadh
uime sin adeir Críost san seiseadh caibidil ag Matha na briathra so,
non potestis Deo servire et mammonae ní féadtar
9880]
libh foghnamh do Dhia agus don tsaidhbhreas. Dá chor i gcéill gurab contrárdha na
feadhma iarras Dia ar na daoinibh agus an feidhm iarras an saoghal. Óir
is eadh iarras Dia ar na daoinibh, umhla agus foidhide agus bochtacht;
agus is eadh iarras an saoghal, uabhar agus fearg agus sainnt. Agus
mar sin dá gach feidhm oile
9885] dá n-iarraid ó shoin amach, bíd
contrárdha dá chéile. Gonadh uime sin adeir an ríogh-fháidh
Dáibhídh gurab é malairt deas-láimhe Dé, an tan thréigeas an
saidhbhir sádhaile agus sáimhrighe agus socamhal, agus ghrádhuigheas
anshódh agus buaidhreadh agus bochtacht. Agus fós, tuigthear as na
briathraibh céadna an mhalairt do-ní
9890] deas-lámh Dhé idir an saidhbhir
agus an bocht. Óir an tan bhíos an
p.307
bocht go dearóil fá thár agus fá tharcaisne ré linn a bheatha fá
láimh chlí Dé go lom lochardha, gan socamhal ná suaimhneas ná
sáimhrighe shaoghalta do bheith aige, go mbí an toictheach go
saidhbhir sádhail fá dheas-láimh an domhain san bheathaidh
9895]
se. Gidh eadh, an tan sgarthar ris an saoghal iad, leath ar leath, do-bheir Dia
beannacht na deas-láimhe don bhocht, agus ní thabhair don tsaidhbhir
acht beannacht láimhe clí an chonáich shaoghalta. Gonadh 'na
fhioghair sin atá aní léaghthar in Genesi san .48. caibidil, mar
a léaghthar linn, an tan
9900] tug Ioseph a dhias mhac .i. Manasses agus
Effraim ré fagháil bheannachta an ard-athar Iacob, agus cuiris
Manasses fá dheas-láimh an ard-athar Iacob, agus Effraim fána
láimh chlí. Agus ar mbeith annsin dóibh, do chuir a lámha tar a
chéile, ionnus go ráinig an deas-lámh ós cionn Effraim agus an lámh
chlí ós
9905] cionn Manasses. Agus arna fhaigsin do Ioseph éighmhis go
hard, agá rádh, ní hoircheas sin, a athair, óir is é Manasses an
t-oighre. Freagrais Iacob agá rádh, budh é an tí is lugha bhus
mó, ar sé; gur lean beannacht na láimhe deise don mhac fá hóige,
Effraim, agus beannacht na láimhe clí do Manasses.
9910] Go fáthach, is
é Ioseph an saoghal, agus Dia nimhe Iacob, Manasses an saidhbhir
agus Effraim an bocht. Óir mar sin do-ní Iacob mór, Dia Athar,
ris na daoinibh: do-bheir beannacht na láimhe deise .i. glóire nimhe
dona bochtaibh fíréanda agus beannacht na láimhe clí dona
toicceachaibh, mar atá conách saoghalta. Agus
9915] ní héigcneasta sin, do
bhríogh gurab ionann Manasses agus oblivio .i. dearmad; ionnus an
tan do-bheirid lucht na saidhbhreas saoghalta commaoine agus
dearlaicthe Dé i ndearmad, nach mó ioná beannacht na láimhe clí, mar
atá rath agus réim saoghalta do-bheir dhóibh; ionnus, i ndíoghail a
ndearmaid, gurab lór
9920] lé Dia ana aimseardha nó sonas saoghalta do
thabhairt dóibh, agus nach tabhair sochar beannachta na láimhe deise
.i. glóir nimhe dhóibh. Is ag luadh aneithe se atá S. Augustin i
seanmóir d'áirithe, mar a n-abair, hac animadversione percutitur
peccator, ut moriens obliviscatur sui, qui quamdiu vixit est oblitus
Dei do bhuail Dia
9925] mar dhíoghaltas ar an bpeacthach go dtugadh é
féin i ndearmad ré linn an bháis, ar dtabhairt Dé i ndearmad
do-san an feadh
p.308
do mhair. As na briathraibh se S. Augustin is iontuigthe, an tí
do-ní Manasses .i. dearmad de féin, go dtabhair Dia eisean i
ndearmad i n-am an éigin, ré hucht an bháis; agus dá
9930] bhríogh sin
nach roicheann é acht beannacht na láimhe clí, mar atá loise nó
saidhbhreas saoghalta. Ionann iomorra Effraim agus crescens, nó an
tí do bhiadh ag fás. Agus ní héigcneasta sin do rádh ris na bochtaibh,
do bhríogh go mbíd ag fás i ndiaidh na beatha so, an mhéid go mbí gach
9935]
aon díobh 'na rígh, agus i seilbh gach sochair dá mbí ar neamh go
síordhaidhe. Agus ar an malairt bhíos idir an saidhbhir agus an bocht,
idir staid na beatha aimseardha agus na beatha síordhaidhe, atá aní
léaghthar ag Dáibhídh san .101. Salm, mar a n-abair, mutabis eos
et mutabuntur do-ghéana tú iad do mhalairtiughadh,
9940]
agus beidh ar ndéanamh mhalairte dhíobh. Dá chor i gcéill, an tí bhíos bocht
ar an saoghal, go mbí saidhbhir go síordhaidhe tréna shubháilcibh ar
neamh; agus an tí darab soirbh an saoghal lé saidhbhreas, go mbiaidh
bocht amhgarach i n-amarrán ifeirn tré shaoghal na saoghal, madh
peacthach marbhthach iar
9945] n-éag é. Uime sin is follus gurab duine
éigcríonna an tí do-ní feidhm nó foghnamh feadh a ré don chealgaire
chaillteach .i. an saoghal, nach tabhair i ndíol gach uilc agus gach
anfhorlainn dá n-iomcharann ann acht maitheas bréige, agus gan acht
seal do thabhairt air sin féin dó; agus ré triall a staid na beatha so
9950]
nach léigeann leis acht an eisléine. Gonadh 'na fhioghair sin atá aní
léaghthar san .29. caibidil in Genesi, mar a léaghthar, an tan do-
chuaidh Iacob d'iarraidh inghine Laban, go raibhe ag déanamh
feadhma seacht mbliadhna dhó, mar cheannach ar Rachel, an inghean
sgiamhach do bhí aige, d'fhagháil 'na mhnaoi;
9955] agus i gcionn seacht
mbliadhan nach fuair acht inghean ghránna ghiom-shúileach, darbh
ainm Lia, agus púicín do chur uirre. Mar an gcéadna do-ní an
saoghal, an tan téid Iacob, .i. an duine, do dhéanamh feadhma seacht
mbliadhna dhó .i. feadh a ré, bhíos 'na seacht gcuid, mar atá 'na
naoidhin, 'na leanbh, 'na
9960] mhacaomh, 'na ógán, 'na fhior, 'na
sheanóir, agus 'na athlaoch. An tan shaoileas Rachel .i. glóir
nimhe d'fhagháil pósta ris mar thuarastal, is eadh do-ní, púicín
an pheacaidh do chur
p.309
ris, agus an inghean ghránna ghiom-shúileach do bhí aige, mar atá
saidhbhreas soghluaiste an tsaoghail, do dháil dó i ndíol
9965] Rachel
.i. ghlóire nimhe. Gonadh uime sin adeir S. Augustín san .28.
Seanmóir ar bhriathraibh an Tighearna na briathra so, ag teagasg an
duine do leith an tuarastail dlighthigh is oircheas dó d'fhagháil
tré shaothrughadh na subháilceadh san saoghal so, agus ag tabhairt
mheisnigh dhó
9970] ré déanamh mhaith-ghníomh go buain-sheasmhach do
thúr ghlóire nimhe dhó féin ag so mar adeir, non tibi displiceat
paupertas: vis scire quid valet? coelum emit; ita Christus in
stabulo natus est, et semper vixit in paupertate ná bíodh míodhúil
agat san bhochtacht. An áil leat a fhios d'fhagháil
9975]
créad is fiú í? Ceannuighthear lé neamh. Uime sin san stábla rugadh Críost, agus
tug a bheatha do shíor as i mbochtacht. Is ar aní so labhras
Dáibhídh san .61. Salm mar a n-abair, divitiae si affluant nolite
cor apponere dá lingid na saidhbhris oraibh, ná cuiridh bhar gcroidhe
ionnta. Dá chor i gcéill,
9980] an dream ré n-éirgheann acfuinn
ionnmhusa nó saidhbhreas saoghalta, nach dleaghair dhóibh iomad cúraim
do bheith 'na dtimcheall aca, acht a mheas nach bí acht reachtas nó
stíobhardacht orra, agus dá réir sin a gcur agus a gcaitheamh ar an
modh bhus maith lé Dia, do réir a dtuigse féin, nó do réir mar
9985]
sheólfaid dronga eagnaidhe oile iad. Gonadh ag neartughadh lé fírinne
aneithe se atá aní léaghthar ag S. Augustin i seanmóir dh'áirithe,
mar a n-abair, haveat homo multas pecuniarum facultates, si in eis
non extollitur, pauper est; non habeat aliquid, sed cupiat, inter
divites reprobos eum reputet Dominus, quia divites et pauperes
9990]
in corde interrogat, non in arca bíodh iomad acfuinne airgid ag neach, muna
ngabhaidh uaill as, is bocht é; ná bíodh éin-ní aige, acht bíodh a
mhian air, measaidh an Tighearna gurab ionchuir idir lucht an
tsaidhbhris diommolta é. Óir is iad lucht an tsaidhbhreasa nó na
bochtachta san chroidhe iarras,
9995] agus nocha n-iad an dream agá mbí
an conách san chiste aca. As so is iontuigthe nach iad an dream agá
mbíd na sealbha saoghalta aca mheasas Dia do bheith saidhbhir, do
thaoibh na cionta nó na coire bhíos i ndiaidh an chonáich
shaoghalta
p.310
do shealbhughadh dhóibh, acht fós, na boicht bhíos lán d'álghus
10000]
agus d'accobhar dona sealbhaibh saoghalta dá rochtain, tar ceann nach
tig dhíobh a ghreamughadh, acht amháin an fonn foiréigneach bhíos
orra réna bhfagháil.
An dara goin
Léaghthar in Exodo, an tan do chongaibh inghean ríogh na hEthiopia
Moyses ré bheith 'na chéile aice féin, do-rinne sé dá
10005] íomháigh,
mar atá íomháigh dhíobh darbh ainm oblivio .i. dearmad, agus an dara
híomháigh darbh ainm memoria .i. meabhair. Tug an chéid-íomháigh
d'inghin ríogh na hEthiopia, agus an dara híomháigh dhó féin.
Do measadh iomorra gur mhac d'inghin ríogh na hÉigipte darbh ainm
Thalamut Maoise.
10010] Gidh eadh, gan amharas do budh mac mná Eabhraidhe
é. Go fáthach, is é Maoise an saidhbhir; agus is é rí na hEthiopia
rí an dorchadais .i. an saoghal; agus is í an inghean phósas ris an
saidhbhir an tsainnt. Agus mar do shaoil inghean ríogh na
hEthiopia gurbh í inghean Pharao máthair Mhaoise, agus nárbh í
10015]
acht bean Eabhraidheach, mar an gcéadna ní hé an sonas saoghalta
is máthair don tsaidhbhir, acht bochtacht agus amhgar agus amarrán, an
bhean Eabhraidheach. Gonadh uime sin adeir Iob san cheathramhadh
caibidil déag, homo natus de muliere, brevi vivens tempore, repletur
multis miseriis iar mbeith don
10020] mhac arna bhreith ó mnaoi, agus ré
marthain ré ghearr dhó, líontar d'iomad d'amhgaraibh é. As so
is iontuigthe, tar ceann go saoileann an toicceach ré fhada, sonas,
socracht agus sáimhrighe d'fhagháil dó féin, gurab meinic gurab
duadh agus doghraing, amhgar amarrán agus anfhochain theagmhas dó. Is
eadh
10025] chialluighid an dá íomháigh úd: an chéid-íomháigh, an dearmad,
do-bheir inghean ríogh na hEthiopia .i. an tsainnt, i gcommaoinibh
Dé orainn, agus i mbochtacht Chríost, dá dtig go meinic an
Críostaidhe do leanmhain do mhnaoi choigcríche mar atá an tsainnt,
lé gcongbhaighthear go meinic é i gcoigcrích na
10030] coire, i n-imchian
óna thalamh díleas féin, flaitheas Dé. Agus uime sin is cneasta do
gach aon aithris do dhéanamh ar Mhaoise, maille ré coimhéad an dara
híomháighe úd, dá ngoirthear an
p.311
mheabhair, ré bhféadfaidh an Críostaidhe bheith cuimhneach
ar chomaoinibh agus ar dhearlaicibh Dé, agus ar bhochtacht Chríost,
agus
10035] ar réim a bheatha, ó's é is treóraighe agus is eólach dhúinn i
slighe na haithrighe go neamh.
An treas goin
Tabhair dot aire, a dhuine, nach diommolann Dia na saidhbhris, acht
an dúil shanntach bhíos ag an duine réna sealbhughadh; amhail adeir
Dáibhídh Rí san .61. Salm, mar
10040] a n-abair, divitiae si affluant,
nolite cor apponere dá lingid na saidhbhris oraibh ná cuiridh bhar
gcroidhe ionnta. Gonadh uime sin adeir S. Augustine ag teacht leis
aní gcéadna na briathra so, non damnat divitias unde mereamur coelum,
sed cor appositum, quod non expedit ní dhamnuigheann Dia
10045]
na saidhbhris, lé gceannchar linn neamh, acht damnuighidh an croidhe
chuirthear ionnta, mar nach oircheas, acht chumhduigheas iad. Dá
chor i gcéill nach san saidhbhreas bhíos an locht, acht i gcroidhe
an tí do-ní aindíol éigcneasta dhe. Óir dá raibhe saidhbhreas ag
neach, agus go gcreanfadh ré
10050] déirc, ré daonnacht agus ré hoineach do
dhéanamh ar dhílleachtaibh agus ar dheibhléanaibh Dé é, atá somholta
go mór. Gidh eadh, an tí chuireas cruinniughadh agus connlughadh air,
agá chumhdach go ham a chuirthe i soileas leith-leasach dhó féin,
agus gan an stíobhardacht chóir do dhéanamh air do réir thoile Dé
do-bheir
10055] dhó é, atá indiommolta go mór. Agus an drong lé roinneann
Dia na saidhbhris shaoghalta, agus shaoileas gurab sealbh dhíleas
dóibh féin iad, agus dá réir sin nach cuireann i sochar do réir thoile
an Tighearna iad, acht do réir a dtoile féin, tiocfaidh lá an
chúntasa, mar a mbeanann Dia sorthan díobh in gach sochar
10060]
dá dtug dhóibh, idir chéill, céadfaidh agus chonách saoghalta. Nó dá
saoileadh an saidhbhir go leamh gurab sealbh dhíleas dó é, ná éin-ní
dá bhfuil aige, atá sé meallta. Agus is uime sin adeir Dáibhídh Rí
san .23. Salm, ag bréagnughadh an mheasta bhíos ag an saidhbhir
sanntach air féin, na briathra so, Domini est
10065]
terra et plenitudo eius,
orbis terrarum et universi qui habitant in eo is leis an dTighearna
an talamh agus a lucht, an chruinne
p.312
thalmhanda agus na huile áitighid innte. Mar sin nach fuil ag an
duine acht reachtas nó stíobhardacht do dhéanamh do Dhia, agus go
mbíd i n-áirithe cúntasa do thabhairt uatha do Thighearna
10070]
nimhe, is sealbhaidhe díleas ar gach ní dá mbí san chruinne.
An ceathramhadh goin
Is cneasta an samhlughadh do-ní Anselmus naomhtha, thig leis aní se
san leabhar ro sgríobh dona Samhluighthibh, mar a n-abair gurab
cosmhail an duine ré muilleóir do ghlacfadh muileann ó thighearna, ar
choingheall go mbeith d'fhiachaibh air dlighe
10075] an mhuilinn do
thabhairt don tighearna, agus cíos cinnte do bheith dhó féin mar
chothughadh óna thighearna; agus go measfadh an tighearna go
bhfuighbheadh féin cruithneacht agus gach arbhar somholta oile ón
muilleóir, i ndlighe nó i ndualgus an mhuilinn, agus 'na dhíol sin
gurab eadh do-bhéaradh an muilleóir uaidh,
10080] cáithleach, nó lóch, nó
neithe éadtarbhacha oile; agus arna fhionnachtain sin don tighearna go
gcuirfeadh an muilleóir dá cheangal agus dá chor i bpríosún, i
ndíol shochair an mhuilinn do chor amudha. Mar an gcéadna do-ní
Dia ris na daoinibh: do-bheir muileann .i. maoin shaoghalta dhóibh i
ngeall ar dhlighe
10085] do dhíol as, mar atáid boicht agus dílleachta agus
daoine éagcruaidhe agus gach drong oile bhíos i riachtanas do
chothughadh agus do bhiathadh lé déirc, lé daonnacht agus lé
hoineach. Gidh eadh, an dream do-bheir sin i bhfaill, agus do-ní
cruas agus connlacht agus cruinniughadh agus coimhéad ciste ar na
sealbhaibh saoghalta, agus
10090] chongbhas ó bhochtaibh agus ó
dheibhléanaibh Dé iad, agus nach tabhair do Dhia, i ndlighe an
mhuilinn, acht cáithleach cruais agus lóchán lochta agus loim-cheisnimh,
cuiridh Dia dá gceangal iad i n-am an éaga, agus mar
do-gheibh sochar an mhuilinn dá chor amudha leó, cuiridh dá
gceangal agus dá gcuibhriughadh, dá
10095] gcor i bpríosún pheannaideach
ifrinn dá bpianadh go síordhaidhe iad. Gidh eadh, bíodh a fhios agat,
a léaghthóir, nach éigean do gach aon-duine dubh-dhruim do chor ris
an saidhbhreas saoghalta, agus nach bí sé ar a gcumas, do réir na
cuinge chuirid orra, a thréigean go hiomlán. Óir an drong bhíos ré
cothughadh agus ré
10100] cathughadh, ar a mbí cúram saoghalta, ní fhéadaid
an maitheas
p.313
saoghalta go hiomlán do thréigean, ar a mbí do chúram chloinne,
feadhmannach, agus gach foirne oile ó shoin amach orra. Ní hionann
agus an t-aos crábhaidh, darab cothughadh an crábhadh, agus agá mbí
d'fhiachaibh ar chách cothughadh do thabhairt dóibh
10105]
dá chionn. Agus is i bhfioghair na druinge úd bhíos ré cothughadh agus ré
cathughadh atá an fhioghair léaghthar san naomhadh caibidil déag in
Genesi, mar a n-innistear, iar dtréigean Sodoma do Lot, gur
chomhnaidh i gcathraigh bhig, darbh ainm Segor, i ngar do
Sodoma, do bhríogh nachar fhéad tré éiglidheacht dol i
10110] mullach an
tsléibhe do bhí roimhe. Mar an gcéadna, an drong bhíos ré cathughadh
agus ré cothughadh, nach féadaid dul i mullach na bochtachta, lé
bhféadfaidís gach éin-ní do thréigean, acht is éigean dóibh anmhain
i n-ucht an tsléibhe, ré déanamh a bhfeadhma dlighthigh féin do
Dhia. Agus is ag moladh an dá
10115] dhrong so atá aní léaghthar ag
Dáibhídh san .127. Salm, mar a n-abair, ag labhairt ar an duing
se, nó ar gach aon fá leith dhíobh, labores manuum tuarum quia
manducabis, beatus es et bene tibi erit do bhríogh go n-íosfaidh
tú saothar do lámh féin, budh beannuighthe thú, agus is maith raghas
duit. Dá chor i gcéill
10120] gurab somholta staid bheatha an dá chinéal
daoine do luaidheamar, an tan chuirid go sochrach é. Gidh eadh, ní
hiad so atá indiommolta, acht an drong do-ní ceilt agus cruas,
coigilt agus cruinniughadh ar an saidhbhreas saoghalta, agus shaoileas
gurab sealbh dhíleas dóibh féin é, agus gan aca air do cheart acht
10125]
reachtas, lé riar gach druinge bhíos easbadhach; agus an tan chuirid
a gcroidhe go craosta i seilbh na saidhbhreas bhíos ré a roinn ar
dhaoinibh easbadhacha oile, agus chuireas i sochar leith-leasach
dhóibh féin iad. Óir bíd an drong go meinic taoibh riú do thuarastal
ó Dhia. Agus is i bhfioghair an tí chuireas a chroidhe
10130]
sna saidhbhreasaibh saoghalta, agus chuireas i sochar dhó féin go leith-leasach
iad, agus shaoileas mar aon ris sin bheith i gcuibhreann na
bhfíréan ar neamh, atá aní léaghthar ag Matha san .20. caibidil,
mar a n-abair Críost go fáthach na briathra so ris an tí do shaoil
tuilleamh agus tuarastal d'fhagháil do leath-chumaidh ar
10135]
an gcuid oile don mheithil, agus do bhí ag tormas agus ag ceasacht. Ag so
briathra Críost, amice, non facio tibi iniuriam, tolle quod
p.314
tuum est, et vade a chara, ní dhéinim éagcóir ort; tógaibh leat aní
is leat féin, agus imthigh. Dá chor i gcéill, an dream ghabhas mar
thuarastal chuca loise agus toicce thalmhaidhe, agus agá mbí a
10140]
gcroidhe ionnta, an tan shaoilid miana fhlaithis nimhe d'fhagháil
dá éis, adeir Críost riú na tuarastail 'na raibhe a ndúil, mar atá an
saidhbhreas saoghalta, do bheith aca, agus gan tabhach a dtuarastail
do dhéanamh, do bhríogh nach raibhe rioth ná roinn aca acht ris an
saoghal, dá rabhadar do shíor ag
10145] déanamh fheadhma acht muna
ndearntaoi leó aithrighe, agus dá réir sin a gcroidhe do tharraing
as an saidhbhreas do réir thoile agus mhiana Dé, agus a thréigean do
mhuin chroidhe.
An cúigeadh goin
Agus is cosmhail an t-inneall dhleaghair don Chríostaidhe do chur
air féin, ré triall i raon bhaoghlach na beatha so, agus an t-inneall
10150]
chuireas an caiptín críonna ar a shluagh, ré triall i mbealach
bhaoghlach dhó, mar atá dá chórughadh do dhéanamh dhíobh, an céad-
chórughadh i dtosach agus an dara córughadh i ndeireadh; ionnus, dá
gcailltí córughadh dhíobh, go bhféadfadh an dara córughadh
cathughadh do dhéanamh. Go fáthach, is é an céad-chórughadh
10155]
bríogha spioratdha na hanma, agus na subháilce; an dara córughadh, an corp gona
chéadfadhaibh. Is ag cor aneithe se i gcéill atá aní léaghthar ag
Matha san .26. caibidil, mar a n-abair Críost ré hucht na páise,
spiritus quidem promptus, caro autem infirma atá an spioraid ollamh,
agus an cholann éiglidhe.
10160] Dá chor i gcéill go mbí calmacht san
choguas ré cathughadh ris na dubháilcibh, agus go mbí an cholann
aibrisg éiglidhe. Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar ag
Genesis san .32. caibidil. An tan do bhí Iacob ag teitheadh ré
Laban dá dhúthaigh féin, agus do chuir Esau a dhearbhráthair
luigheachán air, is eadh do-rinne
10165] Iacob, dá chórughadh do dhéanamh
dá bhuidhin. Gidh eadh, do chuir Rachel an bhanfhlaith sgiamhach
i gceannas feadhna na céad-bhuidhne, agus Lia, an bhean ghiom-shúileach,
i gceannas feadhna na buidhne déidheanaighe, agus mar sin
ní bhfuair Esau ann féin cur chuca. Mar an gcéadna go fáthach, is
é Laban an saoghal,
10170] Rachel grás Dé, Lia an toicce thalmhaidhe,
Iacob an duine, agus
p.315
Esau an diabhal. Óir, mar mheasas Iacob .i. an duine, dealughadh
ris an saoghal, agus imirce na haithrighe do dhéanamh go neamh, is
eadh dhligheas, tosach na slighe do thabhairt ar thriall i raon na
haithrighe don anam, bhíos sgiamhach i ngrásaibh
10175] Dé agus i
subháilcibh; agus deireadh na slighe do thabhairt do Lia .i. don
cholainn gona céadfadhaibh, dhligheas lorgaireacht do dhéanamh ar an
anam gona subháilcibh. Agus mar sin an tan bhíos ceannas feadhna ag
an anam, bhíos i ngrásaibh Dé, agus bhíd na subháilce 'na mbuidhin
aige, agus leanas an cholann
10180] gona céadfadhaibh san rian chéadna é, ní
fhaghann Esau .i. an t-aidhbhirseóir, buaidhreadh do dhéanamh air,
do bhríogh go mbí congnamh speisialta Dé ag an duine ré triall san
turus sin. Gonadh uime sin atá aní léaghthar ag Ambrosius naomhtha,
i n-eipistil d'áirithe, ag labhairt ris an tí chuireas an
t-inneall so
10185] air ré triall ar eachtra na haithrighe, Deus ipse,
omnium Rector ae Dominus, cum omni militia angelorum, certamen tuum
spectat, tibique conra diabolum dimicanti aeternitatis coronam parat,
bí Dia féin, Stiúrthóir agus Tighearna na n-uile, mar aon ré huile
shochaidhe na n-aingeal, ag feitheamh do chathuighthe; agus ré
mbeith ag coimheasgar ris an diabhal duit, ollmhuighidh coróin na
síordhaidheachta dhuit.
An seiseadh goin
Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san .40. caibidil in
Genesi, mar ar fhaisnéis Ioseph do dháileamh Pharao go mbiadh
arna réidheachadh i gceann trí lá, as an bpríosún 'na
10195] raibhe, agus agá
chur 'na innmhe féin arís. Go fáthach, is é an dáileamh so Pharao
an peacthach bhíos i bpríosún an pheacaidh, agus na trí lá úd trí
cotcha na haithrighe, mar atá brón-chombrúdh, faoisidin, agus lóir-ghníomh,
lé gcuirthear neach 'na innmhe féin, mar atá i staid an
ionnracais arís, go triall ar neamh dhó. Agus
10200] is i bhfioghair na
dtrí rann so na haithrighe atá aní léaghthar san .24. caibidil don
dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a léaghthar go dtugadh a
rogha do Dháibhídh Rígh, pláigh trí lá d'fhulang, nó gorta agus
inghreim easgcarad seacht mbliadhna; agus rug do rogha pláigh thrí lá
d'fhulang. Go fáthach, is eadh
p.316
10205]
chialluighid na trí lá úd, trí cotcha na haithrighe; is eadh
chialluigheas an ghorta úd, agus an inghreim easgcarad, gorta
ghrádha Dé, agus bheith i mbaoghal ag aimsighthibh na námhad, mar
atá an diabhal, an saoghal, agus an cholann, feadh seacht mbliadhan,
mar atá feadh saoghail an duine, roinntear 'na sheacht
10210] míribh, amhail
adubhramair romhainn. Is iad na trí lá úd na haithrighe thuigthear a
briathraibh Mhaoise san chúigeadh caibidil in Exodo, mar a
n-abair, ibis viam trium dierum per desertum rachaidh tú trés an
bhfásach uidhe thrí lá. Dá chor i gcéill go bhfuil uidhe thrí
lá ré triall tré fhásach na haithrighe go Tír
10215] Tharrngaire an
fhlaithis neamhdha. Gonadh ag musgladh mheanman an aithrighigh ré
déanamh an turuis se atáid briathra S. Bearnard i seanmóir
dh'áirithe, mar a n-abair, fugite de medio Babylonis, et salvate
animas vestras. Convolate ad urbes refugii, ut possitis de peccatis
agere poenitentiam, et in praesenti obtinere
10220] gratiam, et in futuram
gloriam finaliter praestolari teithidh a lár na Báibiolóine, agus
fóiridh bhar n-anmanna féin. Déanaidh coimheiteall go cathrachaibh
an tearmainn, ionnus go bhféadfadh sibh aithrighe do dhéanamh in
bhar bpeacaidhibh, ré greamughadh na ngrás san saoghal so, agus ré
sealbhughadh na glóire atá ré
10225] teacht go críochnuightheach. Agus is i
bpearsain an tí chríochnuigheas an turus so atá aní léaghthar san
.24. caibidil in Ecclo., mar a n-abarthar, in civitate
sanctificata requievi do chomhsanaidh mé san chathraigh naomhtha.
Dá chor i gcéill, an dream chríochnuigheas an turus so, go mbíd go
síodhach suaimhneach
10230] i seilbh na glóire síordhaidhe i gcathraigh nimhe.
Atá fioghair ag Eóin san .21. caibidil in Apocal. ag teacht leis
aní se, mar a n-abair Eóin go bhfacaidh cathair cheathra slios,
agus trí doirse ar gach slios díobh. Go fáthach, is iad na ceathra
sleasa, cheathra haosa an duine; agus na trí doirse ar gach slios trí
cotcha na
10235] haithrighe bhíos ag an duine ré triall trés na trí rannaibh
úd na haithrighe go neamh. Gonadh dá chur so i gcéill atá an
fábhaill-sgéal léaghthar ag Matha san .20. caibidil, mar a
nochtann gur chuir an t-athair muinntire drong dá mheithil do
bhuain na fíneamhna an chéad-uair don ló. Ionann sin ré a rádh agus i n-aois
10240]
mhacaoimh. Do chuir an dara drong an treas uair don ló.
p.317
Ionann sin ré a rádh agus an drong bhíos i n-aois ógáin, chuireas
Dia do dhéanamh feadhma dhó féin san bhfíneamhain .i. i saothrughadh
na subháilceadh. An treas drong chuireas amach an seiseadh uair don
ló .i. sa meadhón laoi, an drong bhíos
10245] i meadhón a n-aoise .i. san
aois fheardha. Agus an ceathramhadh drong chuireas amach san naomhadh
uair, ar a thrí do chlog i ndiaidh mheadhóin laoi .i. na
seanóiridhe. Óir ní fhuil drong dona ceithre drongaibh se ag nach
bíd trí doirse, mar atá trí cotcha na haithrighe osluigthe rompa.
Gonadh uime sin atáid na
10250] briathra brostuightheacha so Ieronimus
naomhtha, ag míniughadh na mbriathar so ag Matha, poenitentiam agite
déanaidh aithrighe. Ag so mar adeir Ieronimus naomhtha,
amaritudinem radicis dulcedo pomi compensat, pericula maris spes lucri
delecat, dolorem medicinae spes salutis mitigat. Qui desiderat nucleum,
frangat
10255] nucem; poenitentiam agat, qui volt aeterno adherere bono;
frangat conia Christi narrare possunt, qui ad palmam indulgentiae
meruerunt pervenire do-bheir milse an ubhaill cúitiughadh i searbhas
na préimhe. An dóigh bhíos ag neach as saidhbhreas d'fhagháil, tig
dhi gean do bheith ag neach ar ghuaisibh an
10260] mhara. An dóigh bhíos
ag neach as a shláinte, ceannsuighidh doilgheas an leighis. An tí agá
mbí mian don eitne, briseadh an chnú. Cibé rénar mian bheith táitte
ris an mhaith shíordhaidhe, déanadh aithrighe. An dream do thuill
pailm an mhaithmheachais, féadaid molta Dé d'innisin. As na
briathraibh se
10265] S. Ierom is iontuigthe nach gan fháth gan adhbhar
fhéadas neach dol ar neamh, acht i ród ainsheasgair na haithrighe,
mar is follus as na samhluighthibh chuireas seisean síos. Agus ó's é
ród na haithrighe is inleanta ar neamh, ní foláir don duine
Chríostamhail duadh agus doghraing, ulc agus amarrán na haithrighe
10270]
d'fhulang, ré rochtain na cathrach neamhdha dhó.
p.318