Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)
Alt 19
AN NAOMHADH HALT DÉAG
'na gcuirthear síos na neithe thoirmeasgas an aithrighe; dá dtig gan
an t-aithrigheach do bheith ionaistir go neamh.
An chéad-ghoin
Tuig go bhfuilid trí dronga do-ní faill san bhfaoisidin, is ríogh-
ród don aithrigheach ar neamh. An chéad-drong dhíobh
9015] cheileas a
gceana féin agus nochtas ceana cáich, amhail do-rinne an Fairisíneach,
do réir mar léaghthar san ochtmhadh caibidil
p.282
déag ag Lúcás. An tan do bhí féin agus an puibleacánach san teampall,
is eadh do ghabh do láimh, iomad bog-fháis agus bladhmainn do
dhéanamh as féin, agus táir agus tarcuisne do thabhairt ar a
9020]
chomharsain. Ag so mar adeir, gratias Deo non sum sicut caeteri
homines, raptores, fures, et reliqua buidheachas do Dhia (ar sé) ní
cosmhail ris na daoinibh oile mé. Ní creachaire ná bithbhineach mé.
Troisgim fá dhó san sabbóit; díolaim deachmhaidh gacha seilbhe
saoghalta dá mbí agam; agus ní hionann mé agus an
9025] puibleacán so im
fhochair. Agus mar sin dó ó shin amach, ag maoidheamh na maith-ghníomh
nach raibhe ann, agus ag léir-reic locht a chomharsan. Mar an
gcéadna do-níd mórán do dhaoinibh: an tan do dhlighfidhe dhíobh a
n-olc féin do nochtadh, is iad ceana cáigh chuirid síos san
bhfaoisidin, agus an tí do-ní a
9030] samhail so d'fhaoisidin, ní fhuil
innte acht fanámhad nó fochuidbheadh fá Dhia, agus tuar díoghaltais Dé
do thoidheacht ar an tí do-ní a samhail d'fhaoisidin.
An dara goin
An dara drong, an drong nach cuireann san bhfaoisidin acht a
naomhthacht agus a neimhchionta féin; agus fós, shéanas ar an
9035]
oide faoisidne, an tan do-ní foirfhiafraighe dhíobh i ngnéithibh na
bpeacadh marbhthach, nach bíd féin ciontach ionnta. Óir dá
bhfiafraighe do neoch dhíobh an mbí ciontach san uabhar, adeir nach
tarla féin i n-uabhar riamh, tar ceann nach tiobhraidh foidhide do
neach dá mhéad. Agus dá bhfiafraigheadh dhe, an ndearnaidh fearg
riamh, adéaradh nach dearnaidh riamh, acht i gcruth chóir .i. i modh
smachta. Agus dá bhfiafraigheadh
9040] dhe, an ndearnaidh craos-ól
riamh, adéaradh nach dearnaidh, acht ar son na cuideachtan, agus mar
chosnamh ar a chlú. Agus dá bhfiafraigheadh dhe, an ndearna
sainnt, nó cruas, nó
9045] cruinniughadh, adéaradh nach dearnaidh, acht mar
chothughadh air féin agus ar a shliocht, agus do sheachna an
riachtanais. Agus mar sin dóibh, ag séanadh gach peacaidh oile ó shoin
amach. Gidh eadh, an dream cheileas a gceana san bhfaoisidin ar an
gcor so, ní treóróchar ar neamh iad, do réir mar adeir Solamh
9050]
san .28. caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair,
p.283
qui abscondit scelera sua non dirigetur, qui autem confessus fuerit et
reliquerit ea, misericordiam consequetur an tí cheileas a cheana, ní
treóróchar é, gidh eadh, an tí aidmheóchas agus fhúigfeas iad,
greimeóchaidh sé trócaire. As na briathraibh
9055]
se Sholaimh is follus, an dream cheileas a gceana san bhfaoisidin, nach faghaid a
dtreórughadh ar neamh, agus an dream nach ceileann a gceana san
bhfaoisidin, go bhfaghaid treóir agus trócaire ó Dhia dhá chionn.
Gonadh uime sin adeir Pól san deachmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh,
mar a n-abair, ore autem confessio
9060]
fit ad salutem slánuighidh (ar
sé) faoisidin an bhéil. As so is follus gurab tarbhach don duine a
cheana féin do chur síos, agus gan a gceilt.
An treas goin
An treas drong, inniseas neithe nach beanann ré hadhbhar. Óir bí iomad
díobh, agus dá rabhaid ag ceisneamh nó ag casaoid
9065]
ar neach oile, iarraid mar uain ar an oide faoisidneach, agá saoilfidís cion comhairle do
bheith ar an tí ar a mbí casaoid aca; agus an tan téid dá
bhfaoisidin ris, gabhaid ag faisnéis gach leattruim agus gach éagcóra
dá ndéin an tí oile orra, ionnus an aimsir do dlighfidhe dhóibh réna
bpeacaidhibh féin do nochtadh,
9070] gurab amhlaidh chaithid í ag
réimhsgéalaigheacht, ag reic locht a gcomharsan. Gidh eadh, ní hé so
ordughadh is ionchoimhéadta don aithrigheach, an tan bhíos agá
fhaoisidin, acht lom-nochtadh do dhéanamh ar a lochtaibh féin, agus
mar sin do-ghéabhaidh sochar na faoisidne, do réir mar do thuar
9075]
Solamh, san seiseadh caibidil déag do Leabhar na Seanfhocal, mar a
n-abair, revela Domino opera tua, et diriget cogitationes tuas
nocht don Tighearna do ghníomha féin, agus do-ghéana treórughadh ar
do smuaintighthibh. As a ndubhramar, is follus nach inneall
treóruighthe d'anam an aithrighigh ré triall
9080] ar neamh na trí loicht do
luaidheamar, ná ceachtar dhíobh.
An ceathramhadh goin
Atáid toirmisg mhóra ag an bpeacthach ag déanamh na haithrighe
éadtarbhach. Ar dtús, do-ní sé éadtarbhach í, an
p.284
tan tilleas an t-aithrigheach ar dhéanamh an pheacaidh arís.
Caillidh an sochar fuair a los na haithrighe, do réir Ezech. san
9085]
ochtmhadh caibidil déag, mar a n-abair, si averterit se iustus a
iustitia sua, et fecerit iniquitatem, omnes iustitiae eius, quas
fecerat, non recordabuntur dá bhfillidh an fíréan óna fhíréantacht,
agus go ndiongnaidh olc, ní cuimhneóchar ar éin-fhíréantacht dá
ndearna. As so is iontuigthe go gcailleann an
9090] t-aithrigheach na
sochair phrinsiopálta .i. grádh Dé agus gach ní leanas de, a los an
pheacaidh mharbhthaigh do dhéanamh. Is i bhfioghair na staide i
mbí an t-aithrigheach thuiteas i bpeacadh mharbhthach atá an
fhioghair léaghthar san dara caibidil don treas leabhar do Leabhraibh
na Ríogh, mar a
9095] n-innistear gur chuir Solamh, iar mbás a athar,
fios ar óglaoch darbh ainm Semei, agus adubhairt ris: an cumhain
leat, a Semei, ar sé, an t-ainiocht agus an éagcóir do-rinnis ar
mh'athair? Is cumhain, ar eisean. Más eadh, ar Solamh, do-
bheirim-se pardún duit ar choingheall, mar atá teach do thógbháil i
gcathraigh
9100] Ierusulem, agus comhnaidhe don leith as-toigh do mhúr
na cathrach do shíor, agus i bpéin bháis gan dol tar sruth anonn.
Tógbhais Semei teach amhail ro gheall san chathraigh, agus do-ní
comhnaidhe trí mbliadhan innte. Gidh eadh, i gcionn an treas
bliadhain, téid Semei tar múraibh an bhaile amach agus tar sruth
anonn.
9105] Mar fuair Solamh deimhin air sin, cuiris gairm air; agus iar
rochtain do láthair dhó adubhairt: a Semei, nach cumhain leat gurab
é coingheall ar a dtug mise pardún duit, tré chomhnaidhe do shíor
don leith istigh don chathraigh, agus gan dol tar múraibh na cathrach,
ná tar sruth amach, i ndíol na bhfeill-bheart do-rinnis
9110]
ar mh'athair? Go fáthach, cia hé an Dáibhídh Rí se, acht Dia Athar?
cia an Solamh, acht Críost? cia an Semei, acht an
t-aithrigheach? cia an Ierusalem, acht stáid na fíréantachta?
cia an sruth, acht tonn déarach an doilgheasa? cia na trí bliadhna,
acht trí cotcha na haithrighe do dhlighfeadh
9115]
an t-aithrigheach do
choimhéad feadh a bheatha? Óir ní lór do dhuine an aithrighe do
dhéanamh, acht is éigean dó marthain do shíor innte. Gonadh uime sin
do-bheir Greaghóir naomhtha, i Leabhar na mBéas, san dara caibidil
déag don
p.285
seachtmhadh Homilia, na sompladha so síos ar aní gcéadna,
9120]
mar a n-abair nach lór an gort do bheith deagh-mhaiseach 'na gheamhar,
acht muna raibhe deagh-mhaiseach ré linn easgair agus aipche dhó; agus
nach lór an teach do bheith deagh-mhaiseach deigh-dhéanta, muna
raibhe fundaimeint nó fulang foirtill faoi; agus nach lór an crann do
bheith duilleach deagh-mhaiseach
9125] dá raibhe cuas lé gcríonfaidhe é
ann, dá dtiocfadh é do bheith aimrid éadtoirtheach. Óir ní fhuil
sochar san gheamhar, dá dtí meath dá éis sin air, sul bheantar é;
agus ní bhí sochar san teach álainn dá dtuitidh 'na shlaodaibh ar
lár, sul rachaid daoine dá áitiughadh; ní bhí fós sochar san chrann
do saoilfidhe do bheith
9130] toirtheach, an tan chríonas. Mar an gcéadna
ní bhí sochar san aithrighe do-ní neach, agus gan anmhain 'na bun do
shíor feadh a bheatha. Óir amhail mhilltear an geamhar i ndiaidh
bheith álainn dó, ré losgadh gréine, ré gaoith ruaidh, nó ré fearthain
laothamhail, mar an gcéadna loittear an aithrighe
9140] lé gaoith ruaidh na
glóire díomhaoine, nó lé caoir dheirg na feirge, nó lé doininn
díleannta na drúise. Nó mar thrasgarthar an teach le tonn-ghaothaibh
tréana, nó lé talaimh-chrioth, is mar sin leagthar árus na haithrighe
lé tonn-ghaothaibh fraochdha fuatha, nó lé talamh-chumhsgughadh sonn-
láidir na sainnte.
9140] Nó mar leagthar an crann bhíos ag síor-fhás suas,
go leagthar lé soighnéan teintidhe é, mar an gcéadna don aithrigheach
an tan shéideas iomghaoth an uabhair air.
Léaghthar i Leabhar na Seacht dTiodhlaictheadh sompla thig leis na
neithibh céadna soin, mar atá go raibhe meirleach
9145] dh'áirithe, agus ar
mbeith ag teitheadh rés an dtóir do bhí 'na dhiaidh dhó, mar do-chonnairc
nach raibhe dol as uatha aige, do leath é féin ar an
dtalmhain i bhfioghair chroise, agá rádh gur mhaith an díol air
féin a bhásughadh, tréna mhéad agus tréna mhionca do-rinne míréir
Dé. Agus leis sin caoidhis,
9150] ag faoisidin a pheacadh féin, agus ag
guidhe na tóire um fheirg nDé do dhíoghail air féin, maille ris gach
ball dá bhallaibh do theasgadh fá leith dhe. Agus do-rinneadh
amhlaidh sin ris. Agus tarla fán am soin díthreabhach san bhfásach
do bhí 'na ghar, ag tabhairt a bheatha go huaigneach aithrigheach
as, i bpeannaid
p.286
9155]
mhóir aithrighe an iomad bliadhan, dar foillsigheadh aingeal ag
toidheacht, maille ré teast-mholtaibh, i gcoinne anma an mheirligh,
agá breith ar neamh. Agus do ghabh leis sin aithmhéaltas é, agus
adubhairt: tar éis (ar sé) mar chaithfeas mise seal dom aimsir ré
sádhaile agus ré hainmhianaibh, i ndeireadh
9160] mo ré do-ghéan aithrighe,
agus do-ghéantar liom amhail do-rinneadh leis an meirleach so. Agus
leis sin fillis an truaghán díthreabhaigh ar ainmhianaibh an tsaoghail
arís, ré déanamh seirbhíse don diabhal. Agus tarla go raibhe ag gabháil
droichead do bhí roimhe ar abhainn, agus gur bhris an droichead faoi, gur
9165]
báthadh é; agus tigid deamhain ifeirn, agus tairrngid leó dá il-phianadh
go síordhaidhe é. As an sgéal so is iontuigthe nach lór do
dhuine tús a bheatha do chaitheamh go haithrigheach, acht gurab
éigean dó, ré slánughadh a anma, é féin do chongbháil go bioth-ghnáthach
i staid na haithrighe. Tuigthear fós as
9170] an sgéal gcéadna
thuas nach beitte do neoch dol i n-éadóchas ar shlánughadh a anma.
An cúigeadh goin
An dara díoth do-ní an peacadh don aithrigheach, mar atá na saidhbhris
spioratdha bhíos ag déanamh sláinte agus soileasa dá anam, cailltear
leis do bhíthin an pheacaidh iad. Gonadh
9175] uime sin adeir Solamh san
naomhadh caibidil in Eccle. na briathra so, qui peccaverit in uno,
multa perdit an tí pheacuigheas i n-éin-ní, caillidh mórán, mar
atá grádh Dé, mhúchtar san anam ar ndéanamh meirdreachais ré
heasgcáirdibh Dé, mar atá an diabhal agus an saoghal agus an cholann.
Óir ní fhoghnann
9180] feidhm dá ndéin neach do Dhia, an tan mhúchtar
grádh Dé san anam lé hoighreadh na hurchóide. Gonadh uime sin adeir
Greaghóir san .27. Homilia, nihil habet viriditatis ramus boni
operis, si non manet in radice caritatis ní fhuil glaise san bhioth
i ngéig na deagh-oibre, muna gcomhnaidhe sí i bpréimh
9185] an ghrádha.
As na briathraibh se is iontuigthe go milleann an peacadh marbhthach an
aithrighe, agus dá réir sin go gcailleann an tí do-ní éin-pheacadh
amháin marbhthach sochar na haithrighe. Óir an tí chailleas grádh
Dé, caillidh na grása, agus an tí chailleas
p.287
na grása, ní fiú é tuilleamh ná tuarastal d'fhagháil ar son na
9190]
maith-ghníomh do-rinne ré linn bheith i ngrásaibh Dé dhó, tré dhol
i meirleachas leis an bpeacadh marbhthach, go fagháil mhaithmheachais
ó Dhia dhó san aithrighe i ndiaidh an pheacaidh sin. Óir an tí
leanas dona hainmhianaibh agus lingeas ar na lochtaibh, múchtar leó
na subháilce ann. Gonadh uime
9195] sin adeir Solamh san .21. caibidil
do Leabhar na Seanfhocal, qui diligit epulas in egestate erit, et qui
amat vinum et pinguia non ditabitur an tí do-bheir grádh dona
fleadhaibh, biaidh i riachtanas; agus an tí ghradhuigheas an fíon agus
na neithe foircheasamhla, ní rachaidh i saidhbhreas. As so is
iontuigthe
9200] go spioratdha, an tí bhíos ag fleadhughadh ar chóisir an
chraois, go mbiaidh riachtanas grádha Dé, is beatha don anam, air;
agus an tí ghrádhuigheas an t-ól agus an tseasgaireacht chorpardha,
go mbiaidh an ciste gann aige. Mar an gcéadna go spioratdha, an tí
bhíos ag ól na sealbh saoghalta agus bréagán bhfoircheasamhail
9205]
na beatha so, go mbiaidh daidhbhir i n-íota thirim thartamhail, ó
bheith i n-easbaidh ghrás nDé agus a shubháilceadh agus an
riachtanas sin uile ag toidheacht don pheacadh. Adeir Solamh san
.29. caibidil do Leabhar na Seanfhocal na briathra so ag teacht leis
aní gcéadna, qui nutrit scortum, perdet substantiam
9210]
an tí oileas an mheirdreach, chaillfidh a shubstaint. Dá chor i gcéill, an tí
adhras don mheirdrigh, go gcaittear a bhríogh chorpardha agus a
mhaoin tsaoghalta dá chreanamhain féin ria. Agus mar an gcéadna don
chearrbhach, amhail adeir file Laidneamhail d'áirithe:
- 9215] dives eram dudum, fecerunt me tria nudum:
alea, vina, Venus tribus his sum factus egenus.
do bhádhas saidhbhir anall-ód (ar sé), gidh eadh, do-rinneadar trí
neithe nocht mé: díslidhe, fíon, agus bean trí neithe lér cuireadh i
riachtanas mé. Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar
9220]
ag Lúcás san chúigeadh caibidil déag mar a n-innistear gur chaith an milltéan
mic do bhí ag an athair muinntire an mír d'oighreacht a athar ráinig
é go craosta diommbalach, lé drúis, lé craos, agus lé himirt, gurbha
héigean dó dol i n-imchian choigríche
p.288
do thabhairt a bheatha as go bocht easbadhach, gurbha héigean
9225]
dó tré iomad cruadhála muicidheacht do dhéanamh, agus bheith i
gcuibhreann na muc fán meas d'easbaidh bídh, tré iomad riachtanais,
gur thuig é féin, agus gur fhill ar a athair d'iarraidh cothuighthe
air, iarna chiontughadh féin dó; agus gurab mar sin do fóireadh é.
Mar an gcéadna do gach millteach oile do-gheibh
9230] a oighreacht féin ón
athair muinntire mór úd thuas .i. ó Dhia, dá dtabhair ciall agus
céadfadha, bríogh agus cumas nádúrtha, mar chreanaid ré hainmhianaibh
éigcneasta an chuirp iad, ionnus go dtig dhe sin gorta ghrás nDé
agus a ghrádha do bheith orra, ionnus nach bí dáil chabhra 'na
gcionn go filleadh i bhfritheing
9235] na conaire tar a n-ais dóibh i
rian na haithrighe ó aigéan alltair an uilc. Óir is gearr mhaireas
oileamhain na n-ainmhian don duine, ní hionann agus grás Dé. Gonadh
dá chur so i gcéill atá Críost san cheathramhadh caibidil ag Eóin,
mar a n-abair, ag labhairt ar ainmhianaibh an pheacaidh, qui biberit
ex aqua hac,
9240] sitiet iterum gidh bé íobhas don uisge se, biaidh tart
arís air. Dá chor i gcéill, dá mhéad ibheas an peacthach d'uisge
na n-ainmhian, go bhfásann tiormach agus tart ó anbhlasadh na
n-ainmhian arís air. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an bpótaire an lá
i ndiaidh déanta na póite, go mbí íota
9245] fhoiréigneach air; agus ar an
gcearrbhach i ndiaidh an chluiche do chaill; agus ar an meirdrigh i
ndiaidh a míghníomh; agus mar sin dá gach olc oile ó shoin amach: ní
hionann agus an fíréan, bhíos sásuighthe ó ghrásaibh Dé.
An seiseadh goin
Tig fós don pheacadh dalladh an aithrighigh, as nach léir
9250] dhó an
chonair chóir ré triall go neamh. Atá Solamh ag neartughadh
fírinne aneithe se san dara caibidil do Leabhar na hEagna, mar a
n-abair, excaecavit eos malitia eorum do dhall a mailís féin iad,
ar sé, ag labhairt ar na peacthachaibh. Dá chor i gcéill go
luigheann néall náimhdidhe na locht ar
9255] rosgaibh a réasúin, as nach
féadaid lorgaireacht do dhéanamh ar a leas, ar mbeith dall dóibh.
Gonadh uime sin adeir Sophonias san chéad-chaibidil, ambulabunt ut
caeci, quia Domino peccaverunt
p.289
siobhalfaid amhail dhallaibh, tré mar do pheacuigheadar i gcoinne a
dTighearna. Agus is é ní dá dtig sin, mar chuireas
9260]
an diabhal púicín an pheacaidh ré rosgaibh a réasúin. Ag so sompla ar an dalladh
do-ní gach peacadh dona seacht prímh-pheacaidhibh marbhthacha ar an
duine. Ar dtús don díomas, amhail léaghthar san naomhadh caibidil do
Ghníomharthaibh na nApstal mar do dalladh Pól, do bhí ag déanamh
inghreama
9265] tré iomad díomusa ar na hapstalaibh agus ar dheibhléanaibh
Dé. Óir damadh léir do rosgaibh a réasúin an t-olc do bhí i
n-inghreim do dhéanamh ar na Críostaidhthibh, ní dhiongnadh é. Gidh
eadh, is iongnadh an leigheas do-rinne Críost dó, mar atá dalladh a
shúl gcorpardha d'aiseag radhairc a intinne dhó.
9270] Agus is meinic
do-ní an céadna go spioratdha ris an bpeacthach; an tan bhíos ar tí
a mheanman do mhusgladh ré déanamh aithrighe, tógbhaidh sé a n-aire
dona neithibh saoghalta, agá ndíorghadh i rian na haithrighe. Óir
is meinic mhúchas macnas an díomsaigh lé hamhgar nó lé hanfhochain;
agus mar an gcéadna
9275] do-ní ris an tí bhíos ainmhianach 'na cholainn:
cuiridh galar air, do mhúchadh a mhacnais; agus mar sin dá gach
ainmhian oile ó shoin amach.
Dallaidh fós an tsainnt an t-aithrigheach, amhail léaghthar ag
Tobias san dara caibidil, mar do thuit otrach na háinle ar a
9280]
súilibh, lér dalladh é. Is eadh chialluigheas an otrach úd lér
dalladh Tobias, an saidhbhreas saoghalta, lé ndalltar an sanntach.
Gonadh uime sin adeir Pól san treas caibidil go Philipp., omnia
arbitror ut stercora ní fhuil meas agam ar na huilibh acht mar
otrach. Dá chor i gcéill nach raibhe do mheas aige ar na
9285]
maoinibh saoghalta, acht mar otrach. Léaghthar ag na hughdaraibh sgrúdas
nádúir na mbeathadhach gurab é modh ar a ndéin an t-iolar sealg ar
an bhfiadh, tuirling ar thráigh, nó i n-ionadh bhíos lán do
luaithreadh, agus é féin d'únfairt ann, agus teacht rés an bhfiadh,
agus bheith ag spréachadh an luaithridh nó na
9290]
gainmhe fána shúilibh,
agus a dhalladh mar sin go bhfaghann árach ar a mharbhadh ar an
gcor sin. Mar an gcéadna do-ní an diabhal ris an sanntach: doirtidh
fá rosgaibh a réasúin gréithe geanamhla an tsaoghail se, nó luaithreadh
na locht dtalmhaidhe,
p.290
lé ndallann é, as nach léir dhó a leas do dhéanamh, ná ród na
9295]
haithrighe d'áimsiughadh.
Dallaidh an treas prímh-pheacadh .i. an drúis, an duine. Is 'na
fhioghair sin atá aní léaghthar san seiseadh caibidil déag do Leabhar
na mBreitheamhan, mar a n-innistear go ndearnadar na Feilistínigh
an mheirdreach Dalila d'inneall ré bréagadh
9300] Samsoin, do bhí ag
cathughadh go calma 'na n-aghaidh; agus mar thug aonta do Dalila,
do bhréag a rún uaidh. Iarna chlos uaidh gurab 'na fholt do bhí a
neart, do ghabh agá sháimh-chealgadh go miochair muinnteardha, go
dtáinig dhe sin gur chuir a cheann 'na hucht, agus gur chodail
ann; agus leis sin gur bearradh a fholt lé,
9305] agus gur lingeadar dá
bhríogh sin na Feilistínigh air, gur dalladh leó é, gonadh dhe sin fá
dheireadh táinig a bhás. Go fáthach, is iad na Feilistínigh na
deamhain, agus Dalila an drúis; Samson an neimhchiontach, agus an
neart mór do bhí ann an chalmacht bhíos san neimhchiontach ré
cathughadh ré haimsighthibh an
9310]
aidhbhirseóra.
An ceathramhadh peacadh dá dtig mealladh an aithrighigh .i. an tnúth.
Óir ní hait ris an dtnúthach, agus ní léir dhó, maith dá mbí 'na
chomharsain, ná sonas ná saidhbhreas dá mbí aige, go dtéid ar
gcúlaibh i gcruth nach bí éin-ní ann rér bheitte
9315] tnúth do dhéanamh.
Gonadh i bhfioghair an tnúthaigh atá aní léaghthar san treas caibidil
don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a n-innistear nachar
fhéad Heli lóchrann an Tighearna d'fhaigsin, gur múchadh é. Mar
an gcéadna ní fhéadann an tnúthach sonas ná ana ná ágh a chomharsan
d'fhaigsin, go
9320] múchtar san chomharsain iad.
An cúigeadh peacadh, an craos. Agus is ris an gcraosach shamhailtear
an dall úd, do bhí dall ó do geineadh é, ar a léaghthar ag Eóin san
naomhadh caibidil. Óir mar thug an dall doille ris a broinn a
mháthar, is mar sin beag nach do-bheir
9325] an duine an craos a broinn a
mháthar leis. Agus mar sin ní hiongnadh an craosach do bheith dall,
agus a thoidheacht don doille sin nach tabhair an t-aithrigheach
amus ar raon na haithrighe ré triall ar neamh.
An seiseadh peacadh lé ndalltar an peacthach, an fhearg.
p.291
9330]
Agus is i bhfioghair an pheacaidh se atá aní léaghthar ag Eóin san
seiseadh caibidil déag, mar a n-abair go raibhe an dall do bhí do
leattaoibh na slighe ag sír-éighmhe nár féadadh a chor i socht.
Mar sin go fáthach, an tí bhíos dall ó dhoilbh-cheó an pheacaidh se
na feirge, bí don taoibh amuigh do shlighe na haithrighe.
9335] Gonadh
uime sin adeir Dia san .45. caibidil in Genesi ris an druing bhíos
ag triall i ród na haithrighe san saoghal so na briathra so, ne
irascamini in via ná déanaidh fearg san slighidh. Dá chor i
gcéill dona daoinibh go ndleaghair dhóibh peacadh na feirge do
thréigean san saoghal so, d'eagla a ndallta lé doilbh-cheó
9340]
pheacaidh na feirge, as nár léir dhóibh ród na haithrighe. Gonadh
uime sin adeir Solamh ag teagasg an duine san .28. caibidil in
Ecclo., mar a n-abair na briathra so, memorare timoris Domino, et
non irascaris proximo cuimhnigh eagla an Tighearna, agus ná déana
fearg réd chomharsain. Dá chor i gcéill gurab
9345] usaide do neoch
triall tré bhealach bheannuighthe na haithrighe go neamh, bheith do
shíoth ris gach aoin-neach. Óir dá mbeith easgcáirdeas idir é féin
agus aoin-neach oile, do budh docraide dhó imtheacht go hinnill san
slighidh 'na mbiadh ag triall é. Uime sin dhligheas an
t-aithrigheach gan bheith feargach. Óir dá
9350] mbia síodhach ris gach
aoin-neach, féadaidh triall gan bhaoghal trés gach bealach tré mbiadh
a thurus. Mar sin do gach aon bhíos saor ó easgcáirdeas gach aon-
duine, féadaidh triall go hinnill i raon na haithrighe.
An seachtmhadh peacadh, an leisge, chialluighthear lé
9355]
harsaidheacht na hurchóide. Dallaidh sí ruisg réasúin an aithrighigh. Gonadh 'na
fhioghair so atá aní léaghthar in Genesi san .27. caibidil mar a
n-innistear go raibhe Isaac tré arsaidheacht dall, agus dá réir sin
go raibhe neamhaistreach. Mar an gcéadna, an dream bhíos dall ó
shein-pheacadh na leisge, ní bhíd aistreach
9360] ré triall i slighe na
subháilceadh. Agus fa-ríor, bí drong mhór dhíobh nach mothuigheann
an easbaidh se do bheith orra, i gcosmhaileas mhná Seneca, amhail
léaghthar ag Seneca san .50. Eip. go Lucillus, mar a n-abair,
an bhean leamh, Harpaste, atá agam-sa (ar sé) do dalladh go
hobann í, agus ní feas dí í féin
9365] do bheith dall; acht is eadh adeir
réna feadhmannach gurab dorcha
p.292
atá an teach 'na timcheall. Mar an gcéadna do lucht na haimsire se,
dá dteagmhadh dalladh peacaidh san bhioth dhóibh, adeirid nach iad
féin atá dall. Óir dá gcuirthear uabhar i leith fir aca, adeir nach
uabhar bhíos ann féin, acht ag iarraidh a onóra féin
9370] do chosnamh. Dá
dteagmhadh sainnt i neach, adéaradh nach sainnt bhíos ann nó air, acht
gurab ag iarraidh cothuighthe bhíos. Dá dteagmhadh pótaireacht dó, ní
pótaireacht do-ní, acht dá chor féin i n-oireamhain do chleachtadh
na gcomharsan. Agus mar sin do gach olc oile ó shoin amach: saoiltear
leis an
9375] druing bhíos dall ionnta nach ortha féin bhíos an doille. Do
nós na druinge úd ar a léaghthar san naomhadh caibidil déag in Genesi,
do-chuaidh i gcathair Sodoma do ghabháil na n-aingeal do bhí ar
foighdhe i dteach Loth; agus ar dtabhairt na hionnsaighe dhóibh
níor léir dhóibh dorus ná fuinneóg dá raibhe ar an
9380] dteach, mar do
dalladh leis na hainglibh iad. Gidh eadh, níor léir dhóibh féin sin,
agus níor mhothuigheadar iad féin dall. Mar sin dona peacthachaibh
bhíos dall ón leisge, ón díomas, ón chraos, ón tsainnt, nó ó aoin-pheacadh
dona seacht bprímh-pheacaidhibh marbhthacha do luaidheamar.
Ní léir dhóibh iad féin do bheith
9385]
dall ionnta, agus dá réir sin ní bhíd ionturuis ré triall i raon na
haithrighe go neamh.
An seachtmhadh goin
Tig fós don pheacadh sgannradh an ghrádha. Gonadh aire sin adeir
Ieremias san chéad-chaibidil do Leabhar na hEólchaire, mar a
n-abair, ag labhairt ar an diabhal do-ní argain na hanma,
9390]
na briathra so, manum suam misit ad omnia desiderabilia eius do chuir
sé a lámh san uile ní soimhianuighthe do bhí aige súd. Dá chor i
gcéill, an tan ghabhas an diabhal sealbh san duine ris an bpeacadh,
go ruagann grádh Dé uaidh, agus dá réir sin, gach
9395] subháilce dá mbí 'na
leanmhain. Óir ní fhéadann subháilce fhírinneach san bhioth bheith
san Chríostaidhe, an tan ruagthar grádh Dé as a anam; agus do bhríogh
go ruagthar grádh Dé as anam an duine, ruagthar dá réir sin gach
subháilce oile bhíos ann. Gonadh uime sin adeir S. Augustín na
briathra so san chúigeadh Seanmóir ar bhriathraibh an Tighearna, adde
p.293
9400]
caritatem, et prosunt omnia, detrahe caritatem, et nihil prosunt
caetera cuir an grádh 'na gceann, agus is sochrach gach éin-ní;
bean an grádh dhíobh, agus ní fiú éin-ní cách. As so is iontuigthe
nach sochrach subháilce san bhioth, do leith fhlaithis Dé do
ghreamughadh, gan an grádh, agus gurab sochrach gach subháilce
9405]
mar aon ris an ngrádh. Agus atá so ag teacht leis aní adeir Pól san treas
caibidil déag don chéid-Eipistil gusna Coirintibh, mar a n-abair,
si linguis hominum loquar et angelorum, caritatem autem non habeam,
factus sum velut aes sonans, et si habuero omnem fidem, ita ut montes
transferam, caritatem autem non habuero,
9410] nihil sum. Et si tradidero
corpus meum ita ut ardeam, nihil mihi prodest dá labhrainn teangtha
na ndaoine agus na n-aingeal gan an grádh agam, ní fhuil ionnam
acht amhail umha ag déanamh foghair; agus dá mbeith iomlán an
chreidimh agam, i gcruth go bhféadfainn na sléibhte
d'aistriughadh, agus gan an grádh agam, ní
9415] fhuil acht neimhfní
ionnam; agus dá ndáilear mo chorp dá losgadh, ní fhuil sochar san
bhioth dhamh ann. Agus adeir an chaibidil chéadna na briathra so,
et si distribuero in cibus pauperum omnes facultates meas, caritatem
autem non habuero, nihil mihi prodest dá roinnear na huile mhaoine
atá agam ar bhochtaibh, agus gan
9420] an grádh agam, ní dhéin tarbha san
bhioth dhamh. Agus mar sin, an tan bheanas an diabhal grádh Dé, lé
haontughadh do thabhairt don pheacadh, don duine, sgarthar an grádh
ris an duine, agus dá réir sin, gach subháilce shomholta bhíos 'na
leanmhain. Agus is trés an gcontrárdhacht so bhíos idir an ngrádh
9425]
agus an peacadh, atá aní léaghthar ag Pól san seiseadh caibidil don
dara hEip. gusna Coirintibh, mar a n-abair, quae conventio
Christi ad Belial, aut lucis ad tenebras créad an oireamhain atá idir
Chríost agus Belial, agus idir an solus agus an dorchadas? Dá chor
i gcéill gurab contrárdha dá chéile bhíos an peacadh agus an grádh.
9430]
Óir is é an grádh is foirm agus is bláth dona huile shubháilcibh,
agus is é inghean díleas Dé é, dá dtig sinne do bheith 'nar macaibh
ag Dia agus 'nar mbráithribh ag na hainglibh. Agus a chontrárdha
sin tig don pheacadh. Óir do-ní clann don diabhal agus bráithre dona
deamhnaibh dhínn. Gonadh 'na fhioghair sin atá aní léaghthar
9435]
san seiseadh caibidil do Leabhar na mBreitheamhan, mar a
p.294
n-innistear go dtigdís na Madianitae d'argain chríche Israel
feadh seacht mbliadhan; agus in gach ruathar dá dtugdaois, go
mbeirdís leó gach ní budh tarbhach ré beathaidh an duine, agus sin tré
pheacadh Chloinne Israel i n-aghaidh Dé. Go fáthach, is iad na
Madianitae
9440] so na deamhain; agus Clann Israel an drong bhíos i
bpeacadh mharbhthach, agus adhras dona seacht bpeacaidhibh
marbhthacha. Agus mar do hairgthí leis na Madianitae Clann Israel,
is mar sin fheanntar an t-anam, go nach fágthar subháilce ar bioth
ina mbeith sochar aige do leith ghrás ná ghlóire. Agus is cosmhail
9445]
dáil an pheacaidh, ag toidheacht i n-anam an fhíréin, agus na muice
ag toidheacht fá lubhghort. Óir an tan tig an mhuc fá lubhghort,
cuiridh a srón fán lile, nó fán luibh is uaisle do-gheibh, go
mbeanann as a bpréamhaibh iad, go bhfeódhaid dá éis sin. Mar an
gcéadna, an tan tig an peacadh i ngarrdha ghrásamhail
9450] anma an
fhíréin, cuiridh soc saoibh-chealgach na n-ainmhian fá
shoibhéasaibh agus fá shoighníomhaibh na hanma, dá buain a préimh an
ghrádha, do-bhéaradh fás dóibh. Gonadh ag cor an duine ar a
choimhéad adeir Críost ag Matha san seachtmhadh caibidil, nolite
mittere margaritas vestras ante porcos ná cuiridh
9455] bhar liaga
lóghmhara i bhfiadhnaise na muc. Ionann sin ré a rádh agus ná
tugthar libh aonta don olc, ionnus nach rachadh an diabhal do ghabháil
sheilbhe i ngarrdhaibh grásamhla bhar gcoguais. Óir ní bhí ar
iarraidh aige acht grádh Dé agus a ghrása agus na subháilce do bhuain
as a bpréamhaibh ionnaibh. Gonadh
9460] uime sin adeir Greaghóir san
.29. Homilia, mar a n-abair, non curat hostis antiquus, ut terrena
tollat, sed ut caritatem in nobis feriat ní fhuil suim ag an sean-námhaid
sna neithibh talmhaidhe do bhreith leis, acht is eadh is intinn
dó, grádh Dé do mhúchadh ionnainn. As a ndubhramar is iontuigthe go
dturnann an
9465] peacadh grádh Dé sna daoinibh, agus go dtig dhe sin nach
bí san duine sgarthar ré grádh Dé, acht do nós an phúicín ghaoithe,
dá nach léir an solas san ló, agus do-chí go grinn i ndorchadas na
hoidhche, agus mar sin contrárdha d'éanlaith oile bhíos ar
foluamhain agus ar fuaidreadh san oidhche agus 'na comhnaidhe ar ló; do
réir
9470] mar adeir Ambrosius san .24. caibidil don chúigeadh leabhar
in Hexameron, ag labhairt ar aní gcéadna, gonadh mar sin bhíd na
p.295
peacthaigh bhíos i ndorchadas na dubháilceadh, go mbíd ar fuaidreadh
agus ar folamhain i n-oidhche na hurchóide, ag saothrughadh na
saidhbhreas tré shein-chríonnacht shaoghalta, agus nach
9475] léir dhóibh
lá grianach glé-mhaiseach grádha Dé ré saothrughadh na subháilceadh.
An t-ochtmhadh goin
Tig mar an gcéadna don pheacadh go ngníomhuigheann searbhas i
meanmain an pheacthaigh. Gonadh uime sin adeir Ieremias san dara
caibidil, mar a n-abair, scito et vide quia
9480] malum et amarum est
dereliquisse te Dominum Deum tuum bíodh a fhios agat agus féach
gurab olc agus gurab searbh dhuit do Thighearna Dia féin do
thréigean. Dá chor i gcéill gurab searbh íoc na péine i ndíol an
pheacaidh. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san treas
caibidil déag don dara leabhar
9485] do Leabhraibh na Ríogh, mar do bhí fuath
agus déistin agus gráin ag Ammon ar a shiair Tamar i ndiaidh
mhíghníomha do dhéanamh ria, ionnus nach raibhe blas san bhioth aige
uirre, trés an searbhas do bhí aige san choir do-rinne ria. Agus is
uime sin adeir Solamh san chúigeadh caibidil do Leabhar
9490]
na Seanfhocal, mar a n-abair, ne attendas fallaciae mulieris ná
tabhair th'aire do mhealltóireacht mhná. Dá chor i gcéill don
duine, ciodh milis ris aonta mná d'fhagháil ré déanamh mímhéine, go
mbí searbhas aithmhéile air iar ndéanamh an mhíghníomha. Agus ní
hiongnadh sin, do bhríogh gurab
9495] gearr sólás an pheacaidh, agus gurab
buan a mhairg 'na dhiaidh, ionnus go dtig dhe sin go mbí anfadh na
hurchóide agus measgadh na meabhla ag tonnadh agus ag tonn-luasgadh
mheanman an pheacthaigh. Gonadh dá chor so i gcéill atá aní
léaghthar as Isaias san .57. caibidil, mar a n-abair, cor impii
quasi mare
9500] quod quiescere non potest croidhe an pheacthaigh amhail
mhuir nach féadann cumhsanadh. Dá chor i gcéill, amhail bhíos an
mhuir ag luadhaill agus ag luasgadh ó thuinn go tuinn, gurab mar sin
bhíos an peacthach ag luadhaill agus ag luasgadh ó locht go locht, an
tan nach bí ionnracas na haithrighe mar angcaire
9505]
agá fhastódh; agus mar sin nach éagcosmhail ré chéile inneall
p.296
an uilc agus na mara. Óir mar bhíos an peacadh searbh, is mar sin
bhíos sáile searbh san muir. Fós, amhail shloigeas an móir-iasg san
muir an min-iasg, mar an gcéadna an móir-pheacthach bhíos
cumhachtach ar an saoghal, sloigthear leis an
9510] fo-dhuine fíréanda,
maille ré láimh thruim do luighe air agus ris na sealbhaibh saoghalta
do bhuain de. Gonadh uime sin atá aní léaghthar ag Abacuc san
chéad-chaibidil, ag labhairt ré Dia, mar a n-abair, quare non
respicis super iniqua agentes, et taces devorante impio iustiorem se
créad nach féachann tú
9515] ar an druing do-ní milleadh, agus créad fá
bhfuile id thocht, agus an peacthach ag slogadh an tí is fíréanda
ioná é féin? Is é is fáth don fháidh na briathra so do rádh, 'gá
iarraidh ar Dhia díoghaltas do dhéanamh ar an druing anfhlathaigh
do-ní éagcóir ar na fo-dhaoinibh fíréanda bhíos ag roinn riú.
Gonadh
9520] uime sin adeir Isaias san .33. caibidil ag bagar
dhíoghaltais Dé ar an tí do-ní an t-anfhlaitheas so, mar a
n-abair, vae qui praedaris, nonne ipse praedaberis mallacht duit,
a dhuine do-ní creachaireacht, óir do-ghéantar creachaireacht ort.
Do-chíthear linn go meinic an mhallacht so ag turnamh ar na
9525]
hanfhlathaibh bhíos ag déanamh éagcóra agus inghreama ar na fo-
dhaoinibh bhíos fúthaibh, agus do-chíthear linn go meinic mallacht Dé
ag turnamh orra, i ndíol an chraos-shloigthe do-níd ar na
comharsanaibh bochta bhíos aca. Óir is meinic éagaid gan oighre, agus
téid na flaithis mhóra bhíos aca i lámhaibh
9530] druinge oile, agus nach
bí do lorg orra dá n-éis acht a mítheasta agus a míochlú 'ga
bhfaisnéis i mbéalaibh na druinge bhíos dá n-éis; nó, dá
dteagmhadh sliocht do bheith orra, a mbeith bocht nó easbadhach,
agus il-iomad d'anfhochainibh agus d'amhgaraibh ag fearthain orra;
ionnus go dtuigid an pobal gurab do
9535] bhíthin pheacaidh a sinnsear tig
gach amarrán díobh sin ar a sliocht, agus go dtuigid dá réir sin gurab
tré inneachadh Dé do thuilleamh dá sinnsear tig sin orra, trés an
imchreachadh do-níthí leó ar na daoinibh budh lugha ioná iad féin, ag
slogadh a maoine saoghalta chuca, i gcosmhaileas na móir-iasg san
9540]
muir lé sloigthear an min-iasg, amhail adubhramar. Ní héagcosmhail fós
an peacadh agus an mhuir, ar aidhbhsighe agus ar
p.297
iomad a n-anfaidh leath ar leath. Óir amhail bhíos iomad anfaidh ar
an muir, lé séideadh sonn-ghaoithe tréine tairpthighe, is mar sin
fhásas anfadh i meanmain an pheacthaigh ó luasgadh
9545] luaimneach na
locht, ag iomruagadh suaimhnis na subháilceadh a meanmain an duine, tré
iomad anfhorlainn agus anchúraim shaoghalta. Ionnus, an tí mheasgas
é féin ar an saoghal go mór, go mbí dá theilgean agus dá thuargain
idir thonnaibh atmhara na hurchóide, amhail bhíos an long san muir i
n-am an anfaidh,
9550] ionnus nach bí cailm ná cumhsanadh aige ón chúram
shaoghalta. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an druing mheasgas iad féin
air. Óir is léir dhóibh nach léigid na loicht sgíoth dhóibh, gan
bheith dá ngluasacht idir an tsainnt agus an craos agus an t-uabhar
agus gach peacadh oile ó shin amach. Ionnus gurab ag cor an
9555]
mhíoshuaimhnis se i gcuimhne dona daoinibh atá aní adeir Críost san
seiseadh caibidil déag ag Eóin, ag labhairt ris na hapstalaibh, in
mundo pressuram habebitis, in me autem pacem do-ghéabhthaoi amarrán
san saoghal, gidh eadh, do-ghéabhthaoi síoth ionnam-sa. As so is
iontuigthe nach eadh amháin
9560] an dream bhíos san pheacadh mharbhthach
do-gheibh míoshuaimhneas ar an saoghal, acht fós go mbuaidhearthar na
fíréin féin do bhíthin an pheacaidh bhíos ag cách. Is dá bhíthin
so atá aní léaghthar san .11. caibidil don dara hEip. gusna
Coirintibh, mar a n-abair, nocte ac diem in periculis fui do
9565]
bhádhas i n-oidhche agus i ló i nguaisibh. Uime sin is déanta
dhúinn comhairle Phóil san deachmhadh caibidil don chéid-Eipistil
gusna Coirintibh, mar a n-abair, fidelis Deus qui non patietur vos
tentari supra id quod potestis is díleas Dia go nach léigfeadh sibh i
mbuaidhreadh tar bhar n-acfuinn. Dá chor
9570] i gcéill nach fuil áit
innill againn ré teitheadh ria nguaisibh an tsaoghail agus an
pheacaidh, acht dol ar coimirce Chríost, is iontaobhtha dhúinn. As
a ndubhramar is follus go dtig don pheacadh sáilín seire searbhusa
do bheith 'na leanmhain.
An naomhadh goin
Tig arís don pheacadh an duine do chor amudha as an ród díreach go
neamh. Is uime sin adeir Dáibhídh Rí ag labhairt
p.298
ar na peacthachaibh na briathra so, viam civitatis habitaculi non
invenerunt ní bhfuaradar slighe chathrach an áruis. Dá chor i
gcéill nach léir ród na haithrighe don druing bhíos i bpeacadh
mharbhthach. Agus fós bíd drong do pheacthachaibh ann,
9580]
bhíos aindiúid amhnáireach ag marthain 'na n-olcaibh, ris nach áil
leasughadh do dhéanamh 'na lochtaibh, agus nach áil leó fios
d'fhagháil ó Dhia i ród na haithrighe, ná teagasg a leasa do
ghabháil. Agus is ag aithfhriotal bhriathar na druinge se atá Iob
san .21. caibidil mar a n-abair, recede a nobis, scientiam viarum
9585]
tuarum nolumus triall uainn; ní háil linn fios do ród. Óir an tan
bhíos an duine aindiúid ag léaghadh leabhar ndiadha, 'na mbí seóladh
díreach ar neach i raon na haithrighe, ní ghabhann leasughadh 'na
lochtaibh, agus ní thréigeann an peacadh ar a son. Agus an tí bhíos
ag éisteacht ré seanmóir nó ré
9590] teagasg tharbhach, do-ní an
céadna. Gidh eadh, ní mar so dobudh dual don pheacthach do dhéanamh,
acht a éagcaoine é féin do bheith ag dul ar seachrán, agus eólas
d'iarraidh, amhail do-rinne Dáibhídh Rí, amhail adeir sé féin,
erravi sicut ovis quae periit; quaere servum tuum Domine do bhádhas
ar seachrán
9595] amhail chaoirigh do-chuaidh amudha; a Thighearna, iarr
th'óglách féin. Aní céadna do dlighfidhe don pheacthach do
dhéanamh i ndóigh go n-éistfeadh Dia a ghuidhe, agus go
dtuillfeadh a dhíorghadh i raon na haithrighe, ó bheith ar siadhán
i ngalar diúdáin dubháilceadh. Agus ní fhuil áisig oile aige is
dísle dhó ré
9600] dol ar neamh ioná greamughadh do Chríost, do bhríogh
gurab é Críost an ríogh-ród agus an chonair choitcheann atá ag triall
ar neamh, amhail adeir sé féin san cheathramhadh caibidil déag ag
Eóin, ego sum via is mise an tslighe. Agus do bhríogh nach
féadann neach greamughadh do Chríost acht maille ris
9605] an bpeacadh do
thréigean, do bhríogh nach gabhann Críost táith-cheangal ris an
bpeacthach, go ndéantar an peacthach do bhruithneadh i dteinidh
ghrádha Dé, nach gabhann lasadh chuice acht i dteallach toile an
fhíréin, is follus as a ndubhramar go gcuireann an peacadh an
t-aithrigheach amudha as an ród
9610] ndíreach go neamh.
Léaghthar sgéal bheanas ris aní se i Leabhar na Seacht
p.299
dTiodhlaiceadh. Ag so mar adeir: go rabhadar dias dearbhráthar ag
triall san slighidh, agus fear dhíobh 'na amadán agus fear oile
eagnaidhe. Ar mbeith ar eachtra dhóibh, tograid, agus iad i
9615]
gcoigrích, triall dá ndúthaigh. Agus ar mbeith i n-aistear
dhóibh, tarla comhghar dá ród dóibh. Agus nochtaid na haoghairidhe
fuaradar rompa go raibhe ród díobh go díreach go dol gus an gcathraigh
ndúthchais do bhí aca, agus nach raibhe guais ná baoghal san slighidh
sin orra. Gidh eadh, do bhí do
9620] dheónughadh dhóibh-sean go raibhe
an ród díreach soin cumhang ard anshocair garbh, agus go raibhe an dara
ród mín socair deagh-mhaiseach, gidh eadh, go raibhe lán do ghuaisibh
ladrann agus meirleach agus luchta éigin. Arna chlos sin don
bhráthair chríonna, do thogair triall san ród innill anshocair do bhí
rompa, tar a
9625] raibhe do dhoghraing agus do dhocamhal ann. Adubhairt
an bráthair leamh, guidhim thú (ar sé) ná cuir an t-ulc sin ort
féin, acht triall san ród réidh, tar a bhfuil do ghuaisibh innte.
Óir atá dóigh agam, maille ré congnamh Dé, go bhféadfam dul tar na
guaisibh sin. Agus tug an bráthair críonna aonta ris sin.
9630] Agus ní
cian do-chuadar san ród fhairsing réidh aoibhinn sin, an tan
tarladar ladrainn riú, agus do feannadh agus do forghonadh leó sin iad.
Agus dobhádar i láimh aca, agus iad ceangailte, ar tí a mbásuighthe
agus a gcora i ndeirc dhoimhin dá bhfolach. Tug an bráthair
críonna a mhallacht don bhráthair leamh agá rádh
9635] gurab tréna
leimhe-sean, iar dtogha an róid roi-leathain sin, tarla san ghuais
sin é. Freagrais an bráthair amadánta, agus adubhairt, mallacht ort-sa
(ar sé) agus is córa a chion sin do bheith ort-sa ioná oram-sa,
do bhríogh gurbh fheasach thú gurbh amadán mé, agus uime sin nár
chóir dhuit creideamhain damh,
9640] ná mo chomhairle do dhéanamh. Go
fáthach, is iad an dá bhráthair se an t-anam agus an corp; an
t-anam an bráthair críonna, dá bhfoillsigheann an réasún maith do
dhéanamh; an bráthair leamh an corp, nach iarrann acht sáimhrighe agus
sádhaile d'fhagháil dó féin. An dá ród tarla dhóibh, go fáthach,
slighe na subháilceadh,
9645] 'na mbí doghraing agus docamhal, is ród
díreach do dhuine dá dhúthaigh féin .i. go neamh. An dara ród,
bhíos leathan fairsing aoibhinn, slighe na n-ainmhian, ar a mbíd
aimsighthe
p.300
an diabhail ar beilghibh buaidheartha na n-olc, ar tí an duine
d'fheannadh agus do chréachtnughadh lé créachtaibh marbhthacha
9650]
an pheacaidh. Agus na haoghairidhe lér seóladh an chonair dhóibh,
préaláide agus príomh-ughdair na heagailse bhíos ag síoladh agus ag
seanmóir shlighe na haithrighe don duine. Agus is eadh chialluigheas
an aonta thug an bráthair críonna don
9655] bhráthair leamh, ré triall san
ród réidh 'na raibhe guais, mar shásadh dá bhráthair leamh, an aonta
do-bheir an t-anam don chorp gona ainmhianaibh, an tan is leasg
leis slighe na subháilceadh agus ród na haithrighe, 'na mbí doghra
agus docamhal, do leanmhain; agus aontuigheas, mar shásadh don
cholainn, ród leathan na locht do leanmhain, tar a mbí do ghuaisibh
ann; ionnus go dtig dhe sin
9660] an t-anam agus an corp do theagmháil i
n-orlamhas an aidhbhirseóra, agus go bhfeanntar iad, an mhéid go
mbeantar a subháilce dhíobh, agus go gcréachtnuighthear iad 'na
gcéadfadhaibh, agus go marbhthar ainn-séin iad, agus go dteilgthear
i n-uaimh uaith-bhéalta ifrinn iad. Agus is é so atá ag San Séam
dá chor i gcéill san chéad-chaibidil
9665] dá Eipistil chanónta, mar a
n-abair, unusquisque tentatur a concupiscentia sua abstractus et
illectus. Deinde concupiscentia, cum conceperit, parit peccatum;
peccatum vero cum consummatum fuerit, generat mortem buaidhearthar
(ar sé) gach aon bhíos arna tharraing agus arna bhréagadh lena
anmhian; ainn-séin, an
9670] tan ghabhas an ainmhian, beiridh an peacadh;
an peacadh cheana, an tan bhíos arna chríochnughadh, geinidh an bás.
As so is iontuigthe gurab tré aonta do thabhairt dá ainmhianaibh
gheineas neach an peacadh; agus an tan chuirthear an peacadh i
ngníomh, go ngeineann an bás. Uime sin, an tan bhíos an
9675] t-anam
agus an corp i n-ifreann, i ndiaidh laoi na breithe, gabhaidh an
t-anam ag casaoid ar an gcorp, tré nár fhuiling saothar na
subháilceadh d'fhulang. Agus gabhaidh mar an gcéadna an corp ag
iomaithbhear ar an anam, dobudh baintighearna dhó féin, agus do bhí
críonna, tré nachar chuir srian ris, ar mbeith
9680] umhal dí agus fána
smacht. As an sgéal so is iontuigthe go dtig don pheacadh an duine
do chur ar siadhán a slighe na subháilceadh go neamh.
p.301
An deachmhadh goin
Tig dhe fós oirbhire Dé do thoidheacht ar an duine, amhail léaghthar
san .28. caibidil in Deuter., mar a ndéin Dia bagar ar
9685]
an duine agá rádh, si nolueris audire vocem Domini Dei tui ut custodias et facias
omnia mandata eius, venient super te omnes maledictiones istae.
Maledictus eris in civitate, maledictus in agro, maledictum horreum
tuum, maledictae reliquiae tuae. Maledictus fructus ventris tui, et
fructus terrae tuae muna éistidh tú ré guth
9690] do Thighearna féin Dia,
ré coimhéad agus ré gníomhughadha aitheantadh uile, tiocfaid na
mallachta so uile ort. Budh malluighthe thú san chathair, budh
malluighthe thú san bhfearann, budh malluighthe th'iothlann, budh
malluighthe do thaise, budh malluighthe toradh do bhruinne agus toradh do
9695]
thalmhan. Adeir arís san chaibidil chéadna na briathra so, ag
déanamh an bhagair chéadna, adiungat tibi Dominus pestilentiam,
donec consumat te de terra. Percutiat te Dominus egestate, febri, et
frigore, ardore et aestu et aere corrupto donec pereas. Sit caelum
quod supra te est aeneum, et terra quam calcas ferrea. Tradat te
9700]
Dominus corruentem ante hostes tuos. Domum aedifices, et non habites
in ea. Plantes vineam, et non vindemies eam go mbuailidh Dia
uireasbaidh ort, lé riachtanas, lé fiabhras agus lé fuacht, lé teas
agus lé teasbhach agus lé haieór truaillidhe, go gcailltear thú. Go
raibhe an t-aieór atá ós do chionn 'na phrás, agus an talamh ar a
9705]
saltrann tú iarnaidhe. Go dtiodhlaicidh an Tighearna thú ar dtuitim
do láthair do námhad. Go dtógbhaidh tú teagh, agus nár áitighe tú é.
Go bplannduighidh tú fíneamhain, agus nár dhearnaidh tú foghmhar
uirre. As na bagrachaibh móra so do-ní Dia ar an duine trés an
bpeacadh is iontuigthe gurab tuar
9710] feirge Dé do thuilleamh an peacadh.
Óir ní héidir a mheas nach gríosann an peacadh Dia ré déanamh
díoghaltais, mar go mbagrann bás agus caill chloinne agus conáich ar
an tí do-ní é; ionnus gurab aithreach ré Dia an duine ar eacht ar
bioth do dhéanamh, amhail adeir sé féin san seiseadh caibidil in
Genesi, poenitet me
9715] fecisse hominem is aithreach liom an duine do
dhéanamh. Agus is urusa so do thuigsin as an díoghaltas do-rinne
ar an bpeacthach, mar go dtug tonn doifhreastail díleann dá bháthadh
i ndíoghail
p.302
an pheacaidh. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar ag Eóin
san dara caibidil, mar do-rinne Críost sgiúrsadha do
9720] chordaidhibh
cruaidh-righne cnáibe fuair san teampall, ag ruagadh agus ag tafann na
druinge do bhí ag reic agus ag ceannach san teampall. Mar an gcéadna
do-ní Dia smachtughadh ar an druing bhíos ag malairt na meabhla, agus
ag reic an uilc, i gceall-úiribh an choguais: do-ní a ruagadh agus
a dtafann a hárus na
9725] hanma, lé sgiúrsadhaibh díoghaltais Dé, mar is
follus as na mallachtaibh do luaidheamar romhainn, bhagras Dia orra.
Léaghthar ag an druing sgrúdas staid na nádúire nach bí cailg i rígh na
mbeach, agus thairis sin, cibé ainmhidhe do-ní dochar dhó, go lingid
na beich oile air, agus go ngabhaid dá gcailgibh ann,
9730] mar dhíoghaltas
ar an éagcóir do-ní ar a rígh féin. Mar an gcéadna, tar ceann go
bhfuil Dia ceannsa sochma sochroidheach, más eadh, an tan ghoilleas
neach air, gabhaid a chréatúiridhe ag déanamh díoghaltais ar an tí
ghoilleas ar Dhia. Gonadh uime sin adeir Solamh san chúigeadh
caibidil do Leabhar na hEagna,
9735] ag deimhniughadh aneithe se, na briathra
so, armabit creaturam ad ultionem inimicorum suorum do-ní a
chréatúir armtha ré díoghaltas do dhéanamh ar a náimhdibh. As so is
iontuigthe go mbíd craoiseacha agus cailge agá chréatúiribh ré
díoghaltas do dhéanamh ar an druing ghoilleas ar Dhia san bpeacadh.
9740] Léaghthar ag Vincentius, san leabhar dá ngoirthear Speculum
Historiale, iar ndol do Fhrangcaibh i n-anmhacnas ar Dhia, agus ar
lingeadh ar iomad locht do dhéanamh dhóibh, go dtáinig saithe do
chuileógaibh móra anaithne ar feadh na Fraingce, do dhéanamh iomaid
luit dá ngortaibh agus dá dtoirthibh, dá dtáinig
9745] gorta mhór san
bhFraingc as a los soin. Agus na cuileóga so, an tan do ghlacadh
duine 'na lámhaibh iad, do-gheibheadh ar eite chlé na cuileóige an
focal so ira .i. fearg, agus ar an eite dheas Dei .i. Dé. Dá chor
i gcéill gurab tré mhíréir Dé do dhéanamh agus i ndíoghail a
fheirge tángadar.
9750] Léaghthar fós ar aní gcéadna ag Antonius naomhtha, san dara roinn
dá Shuim, san cheathramhadh caibidil déag don deachmhadh tiodal, an
tan táinig Attila Mór, rí na Hunnorum, d'argain agus do
chreachadh na Fraingce, do bhí ar lingeadh i lochtaibh an
p.303
tan sin. Agus ar mbeith ag argain na tíre dhó, téid easbog
9755]
Trecassensis, darbh ainm Lupus, go n-inneall easbuig agus go
bhfuirinn do chléir 'na fhochair, agus ar dteacht do láthair an
ríogh dhó fiafruighis fáth a thuruis don chrích sin de. Mise, ar
sé, flagellum Dei .i. sgiúirse Dé. As so is iontuigthe nach eadh
amháin dona hainmhintibh brúideamhla do-ní Dia oirnise
9760]
ré díoghaltas do dhéanamh ar an bpeacadh, acht fós dona daoinibh. Agus fós, ní
headh amháin do dhaoinibh Críostamhla Catoileaca, acht go ndéin
oirnis do dhaoinibh págánta ré smacht do dhéanamh ar na
Críostaidhthibh chreideas dó, agus nach déin a réir, mar is follus i
mórán do stairibh, agus san Bhíobla. Féach
9765] mar do ghabhadar na
Gothi greim don Eadáile, na Múraigh don Spáin, na Vandali don
Fhraingc, agus na Lochlannaigh do Shagsaibh, d'Éirinn agus
d'Albain. Féach fós mar do ghabh Pharao treise ar Chloinn
Israel, agus Nabugodonasor ón Bháibiolóin, agus na Filistínigh
agus na Cananei, agus Titus agus Vespasianus ón Róimh, tug
dearg-ár
9770] Cloinne Israel i n-Ierusalem.
Léaghthar fós sgéal míorbhaileach ar aní se, amhail chuirthear síos san
leabhar dá ngoirthear Speculum Exemplorum, mar atá go raibhe
peacthach trom dh'áirithe do bhí ag drud ré deireadh a ré, agus nach
fuair neach uaidh ucht do thabhairt ar aithrighe,
9775] agus go dtáinig gur
thaisbéin Críost tré iomad trócaire é féin dó, agus gur nocht a
chréachta dhó, dá ghríosadh ré déanamh aithrighe. Gidh eadh, do
ghabh seisean go haindiúid doitheagaisg ag éimdheadh aithrighe do
dhéanamh. Agus mar do-chonnairc Críost an dobhuidheachas do bhí ann,
do ghabh fearg é, agus leis
9780] sin cuiris a lámh 'na thaobh dhearg, agus
do-bheir cuid dá fhuil féin as a thaobh, agus croithis ar an
bpeacthach í, agus adubhairt, bíodh an fhuil sin mar fhiadhnaise ar
thusa do bheith damanta go dlightheach. Agus leis sin téid Críost a
hamharc cháich, agus gabhaidh an drong do bhí timcheall an othair ag
ionnlat a
9785] dheilbhe, ag buain na fola dhe. Gidh eadh, níor fhéadadar,
acht do lean mar oil i n-úir an uilc do bhí ann de go bhfuair bás.
As a ndubhramar go ró so is follus go ndéin Dia díoghaltas ar na
daoinibh tréna bpeacaidhibh, agus go ndéin oirnise do chréatúiribh
p.304
9790]
ré míoshuaimhneas do chor ar an bpeacthach, agus fós do chréatúiribh
dearóile, mar thár ar lucht an díomais, gémadh í an choirr-mhíoltóg
nó an chuil, an tsnidh, an míol, nó an deargnait iad. As a
ndubhramar is follus méad an dochair tig do dhéanamh an pheacaidh,
ag toirmeasg an duine ó thriall
9795] i ród díreach na haithrighe.