Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)
Alt 18
AN T-OCHTMHADH HALT DÉAG
fhoillsigheas cionnus do haithbheóadh inghean phrionnsa na
sionagóige lé Críost, agus mar do-ní go laothamhail an
t-aidhbheóadh céadna go coitcheann ar gach druing ghabhas
aithbheóadh chuca.
An chéad-ghoin
Léaghthar ag Matha san naomhadh caibidil na briathra so, Domine,
filia mea modo mortua est, veni et impone manum tuam
8715] super eam, et
vivet a Thighearna, fuair mh'inghean bás anois; tair agus cuir
do lámh fein uirre, agus budh beó í. Tuig go ndearnaidh Críost trí
neithe ré linn na míorbhaile se do dhéanamh. Ar dtús, do chuir
as an dteach an tsochraide do bhí ann, idir storgánaidhe,
oirfideach agus phíobaire. Mar an gcéadna go
8720]
spioratdha, an tan bhíos ré haithbheóadh inghine an phrionnsa, .i. anma an duine, is
inghean do Phrionnsa nimhe, an mhéid gurab é do chruthuigh í, is
éigean miana colnaidhe, áineasa agus antláis, mire agus macnas na
hanma do thafann a horlár aigeanta an duine, sul do-ghéantar
aithbheódhadh air.
An dara goin
8725] Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san ochtmhadh caibidil
déag ag Lúcás, go dtug Críost achmhasán don dall nach facaidh ó
aimsir a thuismidh, fá bheith ag sír-éighmhe. Mar an gcéadna
do-ní ris an bpeacthach bhíos dall ó dhoilbh-cheó na coire, an
tan bhíos ag éighmhe, ag maoidheamh na
8730]
huaisle agus na maith-ghníomh nach bí ann. Óir ní théid Críost d'aithbheóadh an anma
go ruagaid píobairidhe, nó an barr buabhaill bladhmainn bhíos
ionnta, ag maoidheamh na maitheasa nach bí ionnta. Ní théid fós
d'aithbheóadh na hanma go ruagthar an chóisir bhíos san tigh,
mar atá na droch-cáile
8735] oile bhíos ann, idir uabhar, shainnt,
drúis, craos, fuath, agus formad, agus gach fos-mhuinntear oile
pheacaidh bhíos i n-árus na hanma. Ní théid Críost
d'aithbheóadh inghine an phrionnsa go ruagthar an tsochraide sin.
Agus is 'na fhioghair sin atá
p.274
aní léaghthar ag Lúcás san .19. caibidil mar a n-abair, an tsochraide
8740]
do bhí i dtimcheall Chríost ré héirghe amach dhó,
gur chuireadar toirmeasg ar Zaccheus, do bhí ar tí cuiridh do
thabhairt do Chríost tré ghrádh, agus nachar labhair Críost ris nó
gur thréig Zaccheus an tsochraide, agus go ndeachaidh i gcrann
ard leis féin, agus ainn-séin gur gheall Críost dul ar a chuireadh.
8745]
Mar an gcéadna, cibé thoigeóras Críost do dhol ar a chuireadh dá
árus, tréigeadh daosgar-shluagh dubháilceadh agus doibhéas, agus
éirgheadh suas i gcrann chrábhaidh agus chaon-dúthrachta, agus is
dearbh dhó Críost do theacht ar cuireadh 'na choguas. Tabhair dot
aire, a léaghthóir, gurab cúigear do-chuaidh mar
8750] aon ré Críost don
teaghdhais i raibhe inghean an phrionnsa, mar atá a hathair agus a
mháthair, Peadar, S. Séam agus Eóin Bruinne. Mar an gcéadna,
an tan bhíos Críost ré haithbheóadh an pheacthaigh, ní bhí acht
cúigear do bhuidhin mar aon ris, mar atá an sagart mar athair,
ughdarrás na heagailse
8755] mar mháthair, Peadar .i. an creideamh,
S. Séam .i. an dóchas, agus Eóin .i. an grádh; nó trí cotcha
na haithrighe, mar atá brón-chombrúdh, faoisidin, agus lóir-ghníomh.
Agus is é so ollmhughadh do-bheir Críost ar anam an
pheacthaigh ré hucht a aithbheódhuighthe, do bhríogh gurab é
thionnsgnas an aithrighe,
8760] do mhusgladh mheanman an pheacthaigh lé
grásaibh forfhógarthacha dá ngairmid na diadhairidhe gratia
praeveniens. Agus do bhríogh nach tig Críost d'áitiughadh áruis
na hanma acht maille ré tafann do dhéanamh ar gach dobhuidhin dá
mbí istigh, agus maille ré sgiobadh agus ré sguabadh do dhéanamh
8765]
ar an árus roimhe, mar sin do-bheir trí cotcha na haithrighe, ré
déanamh áruis na hanma ionshuidhte dhó féin. Ar dtús, do-bheir
brón-chombrúdh croidhe don pheacthach, dá dtig iomad do dhéaraibh
loisgneacha bhíos ar fiochadh ó theinidh ghrádha Dé; agus leis an
uisge sin ruagthar an cealgaire .i. an
8770] diabhal a ciste an chroidhe.
Agus is i bhfioghair an uisge sin atá aní léaghthar san ochtmhadh
caibidil déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a
ndubhairt Elias ris an rígh Achab: fuge, ne occupet te pluvia
teith, go nach lingfeadh an fhearthain ort. Go fáthach, créad chialluigheas
p.275
8775]
Achab acht an diabhal, do réir Iob san .41. caibidil mar a
n-abair, ag labhairt ar an diabhal, ipse est rex super omnes filios
superbiae is é súd is rí ar uile mhacaibh an díomusa. Agus mar sin,
amhail adubhairt Elias ré Achab teitheadh rés an bhfearthain, is
mar sin is éigean don diabhal teitheadh as
8780]
an gcroidhe agá mbíd deora
na haithrighe agá sileadh ós a gcionn. Léaghthar san seachtmhadh
caibidil ag Lúcás gur thafainn Magdalena, do bhríogh dhéar na
haithrighe, seacht ndeamhna uaithe féin. Gidh eadh, an tan bhíos an
croidhe te ó fhiuchadh an uisge se, do-bheir Dia glan-uisge grás don
8785]
anam dá fhionnfhuaradh. Agus is é so an t-uisge gheallas Dia don
aithrigheach san .36. caibidil ag Ezec., mar a n-abair, effundam
super vos aquam mundam doirtfead oraibh uisge glan.
An dara ní do-bheir árus na hanma ionshuidhte ag Dia, agus dhíbreas
gach daosgar-shluagh dá mbí innte .i. an fhaoisidin.
8790] Agus is 'na
fhioghair so atá aní léaghthar san treas caibidil déag do leabhar
Iudith, mar a léaghthar gur bhean Iudith a cheann do Holofernes,
agus gur díbreadh a shluagh lé, ré linn bheith i bhfos-longphort
ré hucht chathrach Betulia dhó. Go fáthach, is í an chathair úd
Betulia anam an pheacthaigh, Iudith an
8795] fhaoisidin, Holofernes
gona shluagh an diabhal gona dhaosgar-shluagh. Agus mar do fóireadh
cathair Betulia lé ceannas feadhna Iudith, lér dícheannadh
Holofernes, agus lér díbreadh a shluagh, fóiridh an fhaoisidin anam
an pheacthaigh ó anbhroid an aidhbhirseóra agus an daosgar-shluaigh
dhubháilceadh bhíos 'na
8800]
thimcheall.
An treas ní, an lóir-ghníomh do-níthear sna lochtaibh. Gonadh uime
sin atá aní léaghthar san dara caibidil déag ag Tobias, mar a
gcuirthear síos an réim is inleanta do dhéanamh an lóir-ghníomha, mar
a n-abair, bona est oratio cum ieiunio et
8805] eleemosyna is maith an
urnaighthe mar aon ré trosgadhagus ré déirc. Is é so iomorra an
t-ollmhughadh chleachtas Críost do dhéanamh, ré hárus na hanma do
dhéanamh ionshuidhte dhó féin. Agus is dá mhaoidheamh gurab é féin
ollmhuigheas árus dó féin atá aní léaghthar ag Solamh san naomhadh
caibidil do
8810] Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair,
sapientia aedificavit sibi
p.276
domum; miscuit vinum et proposuit mensam do thógaibh an eagna teach
dhi féin; do chumaisg sí fíon agus do thógaibh sí bord. Is é ní
chialluigheas an fíon, géir-ghníomha goirte na haithrighe; agus is
eadh chialluigheas an bord do thógbháil, an
8815] tuarastal do-gheibh an
t-aithrigheach tré ghoirt-ghníomhaibh na haithrighe do
choimhlíonadh.
Léaghthar go ndubhairt Críost, iar n-aithbheóadh inghine an
phrionnsa, biadh do dháil di. Tuig go ndleaghair don tí bhíos arna
aithbheóadh trí neithe do dhéanamh. Ar dtús, dlighidh
8820]
éirghe óna lochtaibh. Uime sin adeir Pól san chúigeadh caibidil go Ephesios,
ag labhairt ris an tí bhíos 'na chodladh i suan na locht, surge qui
dormis, et exsurge a mortuis éirigh, a dhuine atá it chodladh, agus
éirigh ó mharbhaibh. Dá chor i gcéill, an tí bhíos i suan na
locht, go ndleaghair dhó éirghe
8825] ó mharbhaibh .i. ó staid an
pheacaidh mharbhthaigh lé haithbheódhadh na haithrighe.
An dara ní: dlighidh triall go neamh lé deagh-oibreachaibh i rian na
haithrighe. Agus is ar an rian so na haithrighe labhras Isaias san
.30. caibidil, mar a n-abair, haec est via, ambulate in ea
8830]
ag so an tslighe, triallaidh innte. Dá chor i gcéill gurab eadh
dhligheas an t-aithrigheach, triall i ród na ndeigh-ghníomh go
neamh. Agus is é so ní do-rinne an milltéan meic do bhí ag an athair
muinntire, iar gcaitheamh a mhíre féin dona maoinibh saoghalta tug a
athair dhó, amhail léaghthar san chúigeadh
8835] caibidil déag ag Lúcás,
mar a n-abair, surgam et ibo ad patrem meum éireóchad (ar sé) agus
rachad i ndáil mh'athar féin. Agus tar ceann gur chaith a chuid
go díobhlásach diombalach, do ghabh an t-athair go lúth-gháireach
leis, agus tug onóir mhór dhó, iar n-admháil a olc féin dó-san.
Mar sin iomorra do-ní Dia ris
8840] an bpeacthach, dá dtabhair ciall agus
céadfadha agus gach sochar saoghalta oile dá dtabhair dhó. An tan
mhusglas Dia a mheanma ré déanamh aithrighe, agus thuigeas é féin,
tillidh ar Dhia, agus gabhaidh ris mar mhac, iar n-admháil a chean
dó, agus gabhaidh an t-Athair ris, agus do-bheir onóir na ngrás dó.
8845] An treas ní: dlighidh an tí do-níthear d'aithbheódhadh biadh do
chaitheamh do thrí haránaibh. Ar dtús, dlighidh proinn do
p.277
chaitheamh d'arán an Scrioptúra; amhail adeir Solamh in Ecclo.,
cibavit eum pane vitae et intellectus do bhiathuigh sé é lé harán
na beatha agus na tuigse. Dá chor i gcéill nach é an t-arán
8850]
corpardha amháin is sásadh do neach, acht gurab é is sásughadh
spioratdha dhó, briathra Dé. Amhail adeir Críost san suibhisgéal,
non in solo pane vivit homo, sed in omni verbo quod procedit de ore
Dei ní san arán amháin atá beatha an duine, acht san uile bhréithir
tig ó bhéal Dé. Dá chor i gcéill, mar is sásadh
8855] laothamhail an
t-arán corpardha don chorp, mar an gcéadna gurab sásadh spioratdha
don anam briathra Dé. Agus mar sin is cneasta a thabhairt mar shásadh
don aithrigheach, iar n-éirghe ó bhás an pheacaidh, do
chomhfhortacht agus do neartughadh a bhríogh spioratdha ré cathughadh
i gcoinne easgcarad na hanma.
8860] An dara harán dhleaghair do
thabhairt don aithrigheach, naomh-abhlann choisreacdha na haltóra.
Agus go fáthach, is uirre labhras Dáibhídh mar a n-abair, panis cor
hominis confirmet neirteóchaidh an t-arán croidhe an duine; agus
dá réir sin do-ní infheadhma é ré cathughadh ré heasgcáirdibh na
hanma.
8865] Agus ní hiongnadh sin do mheas, mar go n-abair Críost ag
Eóin san seiseadh caibidil na briathra so, qui manducet hunc panem
vivet in aeternum an tí itheas an t-arán so, biaidh beó go
síordhaidhe. As so is iontuigthe gurab tarbhach don aithrigheach a
chaitheamh ré cathughadh ré náimhdibh Dé.
8870] An treas arán do-gheibh an
t-aithrigheach ó Dhia, arán na glóire síordhaidhe. Agus is ar an
arán so labhras Críost san cheathramhadh caibidil déag ag Lúcás, mar
a n-abair, beatus qui manducabit panem in regno caelorum is
beannuighthe an tí itheas arán i bhflaitheas nimhe. Agus atá
Críost ag cuireadh
8875] na n-aithrigheach shaothruigheas sna subháilcibh,
ag gealladh shásuighthe dhóibh, amhail léaghthar ag Matha san
aonmhadh caibidil déag, mar a n-abair, venite ad me omnes, qui
laboratis et onerati estis, et ego reficiam vos triallaidh im
dháil-se, a uile shaothruigheas agus atá fá ualach, agus sáiseóchad
sibh. Dá chor i
8880] gcéill go raibhe cuireadh fhlaithis Dé ag gach aon
do-ghéanadh saothrughadh na subháilceadh. Atáid trí sochair san arán
so. An céad-shochar, neartuighidh sé an t-aithrigheach ré díbirt na
p.278
locht. An dara ní, do-bheir calmacht dó ré hiomchar ualaigh thruim
pheannaide na haithrighe. An treas ní, do-bheir neart
8885] dó ré Dia do
ghrádhughadh. Is i bhfioghair na dtrí n-arán so atá an fábhaill-sgéal
léaghthar ag Lúcás san aonmhadh caibidil déag, mar a
n-abarthar, amice, accomoda mihi tres panes a charaid, airlig trí
haráin damh. Cialluighid fós trí cotcha na haithrighe, mar atá
brón-chommbrúdh, faoisidin agus lóir-ghníomh. Gidh
8890] eadh, is cneasta
don aithrigheach na haráin se do thuilleamh lé deagh-oibreachaibh,
do réir mar do orduigh Dia d'Ádhamh agus dá shliocht, amhail
léaghthar san treas caibidil in Genesi, mar a n-abair, in sudore
vultus tui vesceris pane tuo i n-allus do ghnúise féin íosfas tú
th'arán féin. As so is iontuigthe go ndleaghair
8895] dá gach neach ré
hucht caitte na dtrí n-arán do luaidheamar, saothrughadh cneasta do
dhéanamh ré tuilleamh na dtrí n-arán do luaidheamar, sul íosfam iad,
maille ré feidhm fíréanta do dhéanamh do Dhia ar a son. Is i
bhfioghair na dtrí n-arán so fós atá aní léaghthar san ochtmhadh
caibidil déag in Genesi, mar
8900] ar orduigh Abraham dá mhnaoi Sara
deithbhir do dhéanamh ré trí toimhsibh mine d'ollmhughadh, ré trí
tuirtínibh fá luaith do dhéanamh dhíobh. Mar an gcéadna go fáthach,
adeir Abraham mór, Dia nimhe, ré Sara a bhean phósta .i. an
eaglais, na trí tomhais mhine úd .i. na trí haráin do luaidheamar, do bhruith
8905]
fá ghrís grádha Dé, ar luaith smuaintighthe na somharbhthachta
atá ionnainn féin.
An treas goin
Tabhair dot aire, a dhuine, nach dleaghair aoin-ghné dona trí
gnéithibh don laibhín bhíos ann do chur san arán spioratdha chaittear
leis an aithrigheach, acht bheith slim, 'na arán ghlan,
8910] gan cumasg
laibhín nó gabhála do bheith ann. Ar dtús, ní cóir laibhín na glóire
díomhaoine do bheith i n-arán shlim na shubháilceadh agus na
soighníomh bhíos ag an aithrigheach dá iodhbradh do Dhia. Gonadh uime
sin atá aní léaghthar san dara caibidil do Levit., mar a n-abair
Dia, omnis oblatio quae fertur Domino,
8915] sine fermento erit an uile
iodhbairt dáiltear don Tighearna, ní bhia laibhín innte. Cuiridh
Pól apstal réasún ris so mar a
p.279
n-abair san chúigeadh caibidil don chéid-Eipistil gusna Coirintibh,
modicum fermentum totam massam corrumpit truaillighidh beagán laibhín
an taoisleadh uile. Dá chor i gcéill, an tan
8925] chuirthear beagán
do laibhín na glóire díomhaoine i measg mhaith-ghníomh an aithrighigh,
go ndéin iomlán na hoibre éadtarbhach. Ní cóir fós laibhín an
bhréag-chrábhaidh do chumasg tré arán na hanma. Gonadh uime sin
adeir Críost san dara caibidil déag ag Lúcás, attendite a fermento
Pharisaeorum,
8925] quod est hypocrisis aincidh sibh féin ar laibhín na
bPairisíneach, mar atá an bréag-chrábhadh. Óir drong iad sin rér
mhaith deigh-mheas do bheith ag an bpobal orra; agus is mar
cheannach ar dheagh-chlú an phobail do bheith orra do-nídís
crábhadh, agus ní ar son Dé; agus dá bhríogh sin, ní bhíodh do
luaighidheacht
8930] ar son a gcrábhaidh aca, acht meas an phobail do
bheith orra; agus mar sin ní sásuighthear lé ceachtar dona trí
haránaibh thuas iad. Agus mar an gcéadna don druing chuireas laibhín
an bhréag-chrábhaidh tréna maith-ghníomharthaibh: ní fromhthar an
t-arán céadna leó. Ní cóir mar an gcéadna laibhín an
8935] teagaisg
fhallsa do chor tré arán na haithrighe. Agus is mar sin adeir Pól,
primae Cor. 5[ordm ], itaque epulemur Domino, non in fermento veteri, neque
in fermento malitiae et nequitiae, sed in azymis sinceritatis et
veritatis uime sin déanam fleadhughadh don Tighearna, ní i sean-laibhín,
agus ní i laibhín ná mailíse ná na
8940] hurchóide, acht i
sliom-aránaibh na deigh-mhéine agus na fírinne. Agus is lé teinidh
ghrádha Dé agus na comharsan dhleaghair an t-arán so do bhruith.
Agus do bhríogh go ngabhann neart ó theasghrádha Dé, dá dtig an
t-aithrigheach do bheith láidir ionchomhlainn ris na holcaibh, ón
bhríogh fhásas ann a los
8945] ghrádha Dé. Gonadh ag faisnéis na treise
atá i ngrádh Dé atá aní léaghthar ag Solamh san ochtmhadh caibidil
dona Cainticibh, mar a n-abair, fortis est ut mors dilectio atá
an grádh comh-láidir ris an mbás. Dá chor i gcéill go mbíodh do
threise agus do thréine i bhfíor-ghrádh an fhíréin do Dhia, go
dtabhair bríogh agus
8950] acfuinn don aithrigheach ré cathughadh ris na
ceanaibh, agus ré fulang gach feadhma agus gach foiréigin i ngioll ar
thoil nDé do choimhlíonadh. Gidh eadh, féadtar neach do mhealladh
'na
p.280
bhreitheamhnas idir an bhfíor-ghrádh bhfíréanta bhíos ag neach do
Dhia, agus an grádh tacair, amhail mhealltar mórán shaoileas
8955]
gurab séimhe mar oileamhain feóil an uain ioná an mheannáin, tré ghairbhe
fhionnfaidh an mheannáin tar an uan. Óir bíd daoine ann, chuireas
coim caoineasa ar an gcealg-rún macántachta bréige bhíos ionnta féin,
agus cuas na ceilge do bheith taobh istigh dhe sin, agus drong oile
fhíréanda, chuireas easgcaoineas ionnracais
8960] mar bhrat ar an mbioth-ghrádh
bhíos aca féin do Dhia, an tan labhraid ris na peacthachaibh ar
a leas go fraochdha dá dteagasg, i ndóigh an pheacaidh do ruagadh
uatha. Agus is ar aní se labhras Eóin san seachtmhadh caibidil, mar
a n-abair, nolite iudicare secundum faciem ná déanaidh
breitheamhnas do
8965] réir na deilbhe. Dá chor i gcéill, gion go mbiadh
gnúis gheanamhail gháireatach ag fear na ceilge, nach iontaobha é;
agus an tí ar a mbí easgcaoineas an ionnracais, labhras go garg ar a
leas ris an gcomharsain, gurab é is mó is iontaobha ann. Mar an
gcéadna bhíd na daoine meallta 'na mbreitheamhnas, an
8970] tan shaoilid
nach féadann an mion-duine mín mórán mailíse do bheith ann. Óir is
meinic bhíos nísa mhó do mhímhéin i mion-duine ioná i nduine mhór
easgcaoin, do nós mar is mó agus mar is milltighe neimh na nathrach
neimhe danadh ainm tyrus, is lugha dona nathrachaibh neimhe, ioná i
nathair neimhe
8975] oile dá mhéad, ionnus go mbí déistin agus eagla ag na
nathrachaibh neimhe oile uile roimpe. Mar sin dona mion-daoinibh
mailíseacha go meinic, agus dá réir sin don druing bhíos briathrach
beig-léighinn, chuireas rompa ré milse mhailísigh seachrán agus
saoibh-eólas do shíoladh lé briathraibh míne mailíseacha; do
8980]
shaobhadh an phobail. Ní hiongabhtha arán na heagna bréige uatha do
bhríogh laibhín Lúitéir nó Cailbhín nó a n-ionnshamhla oile faoi,
thruailligheas an eagna dhiadha ó bheith ionchaithmhe. Gonadh uime
sin adeir Pól san chúigeadh caibidil don chéid-Eip. gusna
Coirintibh, modicum fermentum totam massam
8985] corrumpit truaillighidh
beagán laibhín an taoisleadh uile. Mar sin dlighidh an duine bheith
ar a choimhéad, iar n-eiséirghe a staid an pheacaidh dhó, gan na
trí gnéithe laibhín do luaidheamar do léigean i gceachtar dona trí
haránaibh réamhráitte, is
p.281
oileamhain díleas don tí éirgheas ó bhás an pheacaidh mharbhthaigh.
8990]
Gidh eadh, is éigeantach dá gach aon na trí haráin réamhráitte do
fhromhadh ré dtriall ar neamh dhó. Agus is 'na fhioghair sin atá
aní léaghthar san naomhadh caibidil déag don treas leabhar do Leabhraibh
na Ríogh, mar a n-innistear, an tan do bhí inghreim ag Iesabel an
bhainríoghan anfhlaitheach
8995] ar Elias, agá thafann as a dhúthaigh,
tré mar fuair locht san éagcóir do-rinne sí ar Naboth, ag buain a
sheilbhe féin go héagcórach dhe, gurbha héigean dó díbirt do
ghabháil chuige, agus triall i n-imchian fhásaigh go Sliabh Oreb.
Agus ar mbeith ar an eachtra soin dó, tarla go sgítheach é i n-aigéan
alltair, agus codlais
9000] fá tharr chroinn. Agus ní cian go dtáinig
aingeal do nimh 'na dháil, agus arán leis mar lón dó, go ndubhairt na
briathra so, surge, comede, grandis enim tibi restat via éirigh, ith
biadh, is fada an raon romhat. Gidh eadh, an t-arán tug an
t-aingeal dó, ní raibhe laibhín ann. An réim chéadna choimhéadas
Dia dona
9005] fíréanaibh go coitcheann. Óir mar do bhí inghreim ar Elias
ó Iesabel an bhainríoghan anfhlaitheach, mar an gcéadna bí inghreim
ag an antoil ar anam an fhíréin; agus mar do chuir Elias roimhe
Iesabel do thréigean, agus teitheadh roimpe ar an bhfásach go
rochtain Sléibhe Oreb dhó, mar an gcéadna do-ní
9010] anam an ionnracaigh
triall tré fhásach na haithrighe go sliabh na subháilceadh agus na
soighníomh; agus ar mbeith san turus soin dó, do-bheir lón spioratdha
dhó, go críochnughadh a thuruis.