Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 7

AN SEACHTMHADH HALT DÉAG

as a dtuigthear go bhfuilid trí modha ar a ndéin Dia leigheas spioratdha i gcoitchinne, i n-aghaidh ghalar agus easláinte na hanma.

An chéad-ghoin

An chéad-mhodh dhíobh, lé tréidheanas, nó lé trosgadh. Ag so réim leighis do coimhéadadh lé hElias ré ré .40. lá go rochtain shléibhe Oreb dhó. Mar an gcéadna do Mhaoise, agus
8270] do Chríost féin. Do choimhéid fós Eóin Baiste réim tréidheanais feadh a ré. Do choimhéadadar fós na hil-mhílte do naomh-aithreachaibh agus do naomh-óghaibh an tsein-reachta agus na Nua-fhiadhnaise, an réim se an troisgthe agus an tréidheanais, mar is follus a mórán d'áitibh an Scrioptúra, agus a mórán do stairibh
8275] do sgríobhadh lé roighne ríogh-ughdar na heagailse, budh liosta ré a gcur síos annso. Agus ní headh amháin is iontuigthe annso, tréidheanas nó trosgadh do dhéanamh ó bhiadh nó ó dhigh, acht fós ó gach sódh agus ó gach sáimhrighe shaoghalta oile ó shoin


p.260

amach; agus go mór-mhór óna peacaidhibh. Is córaide tréidheanas
8280] do dhéanamh óna peacaidhibh, aní léaghthar ag S. Augustine, ag sgríobhadh ar Eóin, mar a n-abair, ieiunium magnum et generale est abstinere ab iniquitatibus et illicitis voluptatibus saeculi, quod est perfectum ieiunium ‘is trosgadh mór coitcheann fulang ó urchóidibh agus ó ainmhianaibh éigcneasta an tsaoghail, is trosgadh
8285] iomlán ann.’ As na briathraibh se S. Augustín is follus nach eadh amháin is trosgadh ann, fulang ó bhiadh agus ó dhigh, acht fós gurab fíor-throsgadh fulang ón pheacadh agus óna feidhmibh bheanas ris. Tuigthear fós a briathraibh S. Bearnard san .38. Seanmóir, nach eadh amháin dhleaghair don duine trosgadh do
8290] dhéanamh ó bhiadhaibh, acht fós go ndleaghair dhó srian do chor réna chéadfadhaibh, dá bhfastódh ó chíocras chraosach na gcean. Ag so mar adeir, si sola gula peccavit, sola ieiunet, si vero peccaverunt et membra caetera, cur non ieiunent et ipsa? Ieiunet igitur oculus a curiosis, et rlqa. ‘más é an craos amháin
8295] do pheacuigh, troisgthear leis féin amháin, agus is lór é. Gidh eadh, má do pheacuighsead na boill oile, créad as nach troisgfidhe leó- san mar an gcéadna? Ar an adhbhar sin déanadh an tsúil trosgadh ó amharc néata, agus an chluas ó éisteacht an ithiomráidh agus briathar mímhéine na meirdreach, agus an béal ó bhréagaibh
8300] agus ó bhriathraibh borba baothánta, agus an lámh ó thadhall thruaillidhe, agus an chos ó chéimniughadh chealgach chlaon-rúnach.’ As na háitibh se is léir nach lór do neoch trosgadh ó bhiadh, acht fós nach foláir dhó trosgadh agus fulang do dhéanamh ó pheacaidhibh oile.

An dara goin


8305] Is córaide do neoch trosgadh do dhéanamh ó iomad bídh agus dighe, a mhionca do-chuaidh fleadhachas bídh agus dighe i ndochar don druing do shainnteóchadh iad. Bíodh a fhiadhnaise sin ar Holofernes, dar beanadh a cheann agus é ar meisge ar lár a shluaigh, amhail adubhramar thuas romhainn, do réir mar
8310] léaghthar san treas caibidil déag do Leabhar Iudith; agus ar Ammon mac Dáibhídh Ríogh, do marbhadh lé muinntir a dhearbhráthar, ar mbeith don Ammon chéadna ar meisge agus é ag caitheamh fhleidhe, amhail léaghthar san treas caibidil déag don dara


p.261

leabhar do Leabhraibh na Ríogh. Ní headh fós téid an biadh
8315] sádhail i ndochar, náid na deocha sobhlasta, acht fós téid tuir-bhiadh agus táir-dheoch i ndochar do lucht a gcaithmhe. Bíodh a fhiadhnaise sin ar Ádhamh, lér cailleadh grás Dé agus a chuid d'oighreacht nimhe ar ghreim d'ubhall, amhail léaghthar san dara caibidil in Genesi; agus ar Esau, do reic a oighreacht ar chorn
8320] praisge, amhail léaghthar san .25. caibidil in Genesi.

An treas goin

Is córaide fós do neoch tréidheanas do dhéanamh ó sháimhrighe agus ó rath shaoghalta, a mhionca do-chuaidh neach i n-olcaibh ó chonách agus ó onóir shaoghalta dá rochtain. Bíodh a fhiadhnaise sin ar Shaul, do bhí go maith sul ráinig i bhflaitheas na
8325] n-Iúdaidheach, amhail léaghthar san naomhadh caibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh. Gonadh uime sin adeir an fáidh Daniel agá iomchasaoid, quia proiecisti sermonem Domini, et proiecit te Dominus ne sis rex super Israel ‘do bhríogh (ar sé) gur ruagais uait comhrádh an Tighearna, do ruaig an Tighearna
8330] thusa, go nach budh rí ar Israel tú.’ Neartuighid briathra Chrysostomus naomhtha, san chéid-leabhar ro sgríobh de Curialium Nugis, lé fírinne aneithe se, mar a n-abair, noverca virtutis prosperitas: baculis suis applaudit ut noceat, et infelici successu fortunatis obsequitur, ut in fine perniciem preretur conviviis suis;
8335] ab initio propinans dulcia, et cum inebriati fuerint, letale virus miscet, et siquid deterius est quo specie sui clarescit, amplius eo stupentibus oculis densiorem infundit caliginem ‘leas-mháthair na subháilceadh an conách: is amhlaidh do-ní toirn-chleas go n-urchóideadh; agus is lé triall neamhchonáich do-ní feidhm dona
8340] toictheachaibh, ionnus fá dheireadh go n-oibrigheadh milleadh léna fleadhaibh; ar dtús ag ól-toghairm a milis-deoch, agus iar mbeith ar meisge dhóibh do-ní cumasg neimhe marbhthaighe tríotha; agus dá raibhe nísa mheasa ioná a chéile dheallruigheas tréna ghné, is mó sa chách iar ngabháil mhachtnaidh na súile dhoirtear dlúith-néall
8345] dorcha orra é.’ As na briathraibh se Chrysostomus is iontuigthe gurab eagail don druing ibheas brogóid na beatha so i dtús a ré do bhríogh gurab gnáth ris an saoghal searbhóga


p.262

do dháil dóibh i ndeireadh a n-aimsire, agus míorath i ndíol mhacnasa na hóige, agus fós dol i n-olcas tré fhlaitheas saoghalta
8350] dá rochtain, ionnus lé fás a n-innmhe go bhfásaid a n-ainmhiana.

An ceathramhadh goin

Féach Dáibhídh Rí, feabhas na teasta do bhí air sul ráinig sé i bhflaitheas, amhail léaghthar san seachtmhadh caibidil don chéid- leabhar do Leabhraibh na Ríogh mar do marbhadh leómhan leis, ar mbeith ag ionghaire chaorach dhó; agus fós mar do-rinne
8355] iomad do neithibh tásgamhla oile. Gidh eadh, ar mbeith 'na rí dhó do-rinne adhaltrannas ré Bersabe, bean Urias, amhail leaghthar san aonmhadh caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh. Féach mar do thuit Solamh, ar mbeith 'na rí dhó, tar a bhfuair d'eagna agus do shubháilcibh ó Dhia, ionnus
8360] gur tháith é féin go héigceart ré mnáibh deórata, tug air adhradh do láimh-dhéibh i n-aghaidh reachta Dé, amhail léaghthar san aonmhadh caibidil déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh.

An cúigeadh goin

Féach Achab, ar mbeith 'na rí dhó, mar thug Iesabel inghean
8365] ríogh Sidoniorum mar mhnaoi, thug air íodhal-adhradh do dhéanamh, amhail léaghthar san seiseadh caibidil déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh. Gidh eadh, is eadh dhleaghair don tí leanas lorg Achab san olc, a lorg mar an gcéadna do leanmhain san aithrighe, agus do-ghéabhaidh mar sin aiseag a
8370] shláinte spioratdha, amhail fuair Achab, do réir Hieronymus, san Eipistil ro sgríobh go Oceanum, mar a n-abair ag labhairt ar Achab, ieiunabat in sacco et ambulabat demisso capite, et salvatus est ‘do throisg sé i sacc, agus do shiubhail sé maille réna cheann crom, agus is mar sin do slánuigheadh é.’ Is lé haithrighe fós
8375] do dhéanamh do turnadh fearg Dé ré fuirinn chathrach Ninive. Is amhlaidh fós do fóireadh an puibleacán. Is amhlaidh mar an gcéadna fuair Nabugodonosor aiseag a fhlaitheasa, amhail léaghthar ag Daniel san cheathramhadh caibidil. Uime sin, gach aon leanfas 'na lochtaibh a lorg, leanadh i leasughadh a
8380] mbeart iad.


p.263

An seiseadh goin

Féach mar do saobhadh Gedeon, Ezechias, Manasses, Nabugodonasor agus na céada oile tré fhlaitheas saoghalta dá rochtain. Gidh eadh, ní hionann so agus an sochar tig don bhochtacht, do réir Mhatha san chúigeadh caibidil, mar a n-abair, beati pauperes
8385] spiritu, quoniam ipsorum est regnum caelorum ‘is beannuighthe na boicht ó spioraid, óir is leó flaitheas nimhe.’ Tig Solamh leis so san deachmhadh caibidil in Ecclo., mar a n-abair, pauper propter scientiam et religionem gloriam adipiscitur ‘greamuighidh an bocht tré eólas agus tré iris an ghlóir.’ Dá chor i gcéill, an tí
8390] bhíos bocht do dhruim eólusa agus fhíréandachta, gurab sealbh dhíleas dó an ghlóir shíor. Gidh eadh, ní hí so sealbh do-bheir Solamh san chaibidil chéadna don tsaidhbhir, mar a n-abair, dives ob divitias suas in honore est ‘atá an saidhbhir tréna mhaoinibh féin i n-onóir.’ Ionann sin ré a rádh agus gurab í an
8395] onóir shaoghalta is sealbh don toictheach. Is do chor aneithe se i gcéill atá an fábhaill-sgéal léaghthar ag Lúcás san seiseadh caibidil déag mar a n-innistear go dtugadh sealbh na glóire i n-ucht Abraham don bocht Lazarus, agus gur cuireadh an saidhbhir sádhail dá bhruith san bhráith-theinidh, i ndíol na saidhbhreas
8400] saoghalta fuair san bheathaidh se, mar nár chuir i nglóir do Dhia ná i soileas a chomharsan iad.

An seachtmhadh goin

Is córaide a mheas gurab é lorg Lazarus is inleanta ré seilbh na glóire do ghreamughadh agus ré sláinte spioratdha do chaomhna agus do choimhéad, an réim do choimhéid Críost féin, mar atá na saidhbhris shaoghalta do thréigean ar bhochtacht, do réir Lúcáis
8405] san naomhadh caibidil mar a n-abair, vulpes foveas habent, et volucres caeli nidos, Filius autem hominis non habet ubi caput reclinet ‘atáid uamha ag na sionnchaibh, agus neid ag éanlaith nimhe, gidh eadh, ní fhuil ionadh a chinn do chlaonadh ag
8410] Mac an duine.’ As so is iontuigthe gur fromhadh tréidheanas na bochtachta lé Críost, mar shompla dhúinne ré seachnadh na saidhbhreas, mar leigheas dar n-anmannaibh, agus ré tuar seilbhe na glóire suthaine.


p.264

An t-ochtmhadh goin

An dara modh ar a ndéin Dia leigheas spioratdha, lé
8415] gcaomhnann agus lé ndáileann sláinte anma don duine i n-aghaidh na ngalar spioratdha bhíos ar a thí, lé purgóidibh persecution agus buaidheartha, lé braighdeanas, lé díbirt, agus leis gach anfhochain oile fhuilngeas Dia do thoidheacht ar a fhíréanaibh féin. Is iomdha sompla san Scrioptúir agá shuidhiughadh so. Léaghthar
8420] san .7. caibidil in Genesi go ndearnsad a chlann fanámhad fá Naoi, ar mbeith ar meisge dhó ó chaoraibh na fíneamhna dithe iar dturnamh na díleann. Léaghthar san treas caibidil déag in Genesi gur fhógair Dia do Abraham dol ar díbirt as a dhúthaigh, agus teach a athar agus a fhialas do thréigean. Léaghthar
8425] ag Pól san chúigeadh caibidil go Galatas, gur fhuiling Isaac inghreim óna bhráthair Ismael. Léaghthar san .27. caibidil in Genesi go ndeachaidh Iacob ar díbirt d'eagla a bhráthar Esau. Léaghthar san .37. caibidil gur dhíoladar a bhráithre Ioseph. Léaghthar san .18. caibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na
8430] Ríogh
go raibhe Saul ar tí Dháibhídh Ríogh do mharbhadh. Féach fós, cia dona fáidhibh da nacharbh éigean fromhadh dighe domblasta inghreama agus anfhorlainn an tsaoghail se, mar is follus do thaoibh Elias, Ezechiel, Daniel, Tobias, Amos, Ionas, Iob, agus il-iomad oile. Féach fós mar do fromhadh na sioróipe
8435] céadna lé Críost féin, mar is follus do réir Mhatha san dara caibidil, 'na dheóraidheacht don Éigipt, i n-il-iomad amarráin oile do fuilngeadh leis ó am a thuismidh go huair a lámhuighthe ré hucht a chéasta; agus sin uile mar shompla dona daoinibh ré fromhadh na gcorn gcéadna, do chaomhna agus do choimhéad a
8440] sláinte spioratdha dhóibh.

An naomhadh goin

An treas modh ar a ndéin Dia leigheas spioratdha, lé gcaomhnann agus lé ndáileann sláinte spioratdha dona daoinibh, mar atá lé sgaoileadh fhola. Mar sin tarla d'Abél do marbhadh lé Cain, amhail léaghthar san .4. caibidil in Genesi. Is amhlaidh
8445] tarla dona naoidheanaibh, amhail léaghthar san dara caibidil ag Matha, mar do marbhadh lé muinntir Ioruaith iad, agus cheithre


p.265

mhíle dhéag a líon. Amhlaidh fós tarla d'Eóin Baiste, dar beanadh a cheann san phríosún, do réir Mharcais san seiseadh caibidil. Gá dtám ris, tarla an leigheas céadna dona hapstalaibh
8450] uile, acht Eóin Bruinne amháin. Agus is uime luaidhim na neithe se, mar shompla dona daoinibh ré hiomchar gan anfhochaine theagmhas dóibh. Óir do réir Phóil san chúigeadh caibidil déag gusna Rómhánchaibh, quaecumque scripta sunt, ad nostram doctrinam scripta sunt ‘gach ní atá arna sgríobhadh, is
8455] dar dteagaisg-ne atá arna sgríobhadh.’ Dá chor i gcéill, gach ní dá sgríobhthar san Scrioptúir, agus gach sompla aithristear ann, gurab mar eisiompláir dona Críostaidhthibh, réna mbeathaidh do stiúradh go dlightheach, chuirthear i gcairt na canóna iad. Tarla fós dona trí Phápa dhéag agus fiche do bhí ag follamhnughadh
8460] na heagailse i ndiaidh Chríost, amhail léaghthar ag roighne ríogh-ughdar na heagailse. Tarla mar an gcéadna d'Íosa Críost féin, amhail léaghthar ag Pól san dara caibidil go Philipp., mar a n-abair, humiliavit semetipsum, factus obediens usque ad mortem, mortem autem crucis. Propter quod et Deus exaltavit illum, et donavit
8465] illi nomen quod est super omne nomen ‘do umhluigh Críost é féin go bás, fós go bás na croiche. Uime sin do arduigh Dia é, gur dháil gairm dhó ós cionn na huile gharma.’ Mar an gcéadna do-ní Dia ris an uile fhíréan umhluigheas é féin ré bás d'fhulang go haontuightheach, tré choimhlíonadh an cheirt ar son Dé: arduighthear
8470] é go ngairmthear rí i bhflaitheas Dé dhe, tréna mhaith-ghníomharthaibh. Gidh eadh, do-ním iongantas annso don oirnis do thogh Críost ré básughadh bháis na coire, mar atá a bhás corpardha féin do thogha mar arm lé dícheannadh bháis na coire; amhail do thairrngir Oseas san treas caibidil déag, mar
8475] a n-abair i bpearsain Chríost, ero mors tua, o mors ‘ó a bháis, is mise bhus bás duit.’ Dá chor i gcéill gurab léna bhás corpardha féin do mhuirbhfeadh bás na coire. Agus atá Isaias san .25. caibidil ag gealladh aneithe céadna, mar a n-abair go réimhfhéagsanach ag labhairt ar Chríost, praecipatabit mortem in
8480] sempiternum ‘leagfaidh sé an bás go síordhaidhe.’ Dá chor i gcéill go raibhe a bhara fá Chríost an bás síordhaidhe do thoirneadh léna bhás corpardha féin. Mar an gcéadna do-ní gach

p.266

fíréan 'na chéim féin. Óir tar ceann nach fuil ar chumas duine, dá ghníomhaibh féin, bás na coire do mharbhadh, más eadh, an
8485] tan bhíos táith-cheangailte lé gníomharthaibh Dé, tré ghliú na ngrás, féadaidh an céadna do dhéanamh.

An deachmhadh goin

Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san dara caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, ar mbeith d'uisge Ierico searbh, do theilg Eliseus salann ann, agus do bhí glan
8490] soimhilis dá éis sin. Mar an gcéadna, an tan táittear ar ngníomhai-ne ré gníomhaibh Críost, bí an luaighidheacht chéadna aca, do réir a gcéime féin.

An t-aonmhadh goin déag

Atá fioghair oile ag teacht leis aní se léaghthar san treas caibidil déag don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na
8495] Ríogh
: an tan do thogair Ioas Rí teannadh ar a bhogha lé soighid do dhiobhragadh as, tig Eliseus an fáidh, agus cuiris a dhá láimh do chongnamh lais san bhogha. Mar an gcéadna do-ní Dia ris na fíréanaibh, an tan chuirid rompa féin cathughadh do dhéanamh i n-aghaidh na ndubháilceadh. Óir tar ceann gurab
8500] é Dia is prímh-ghníomhuightheóir prinnsiopálta ré déanamh na ndeagh-oibreadh, más eadh, ní háil leis gan comhoibriughadh na bhfíréan. Agus is uime sin adeir Pól i n-eipistil d'áirithe, coadiutores Dei sumus ‘lucht conganta do Dhia sinn,’ ar sé. Agus adeir an Pól céadna san treas caibidil don chéid-Eip. gusna
8505] Coirintibh, ag teacht leis aní gcéadna, na briathra so, unusquisque propriam mercedem accipiet secundum laborem suum ‘do-gheóbhaidh gach aon-duine tuarastal do réir a oibre féin.’ As so is iontuigthe go bhfuil éigeantach ag gach aon comhoibriughadh do dhéanamh ré Dia, ré greamughadh fhlaithis Dé.

An dara goin déag


8510] Tuig, a dhuine, go bhfuilid trí theachta lé forfhógra an bháis. An céid-teachtaire, na guaise iomdha atá i gcionn an duine; agus is tréna n-éagsamhlacht sin adeir Solamh san naomhadh caibidil


p.267

in Ecclo., nescit homo finem suum ‘ní feas do dhuine a chríoch féin.’ Is iomdha sompla follus do féadfaidhe do chur síos ann
8515] so, fhúigfeam gan luadh. Féach aní léaghthar san .23. caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar do marbhadh Iosias naomhtha neamhurchóideach lé rígh anfhlaitheach na hÉigipte go foiréigneach lé harm; agus mar sin do mhórán oile. Gidh eadh, ní hadhbhar mímheisnigh ná doimheasta do
8520] bheith ag an bpobal ar neach naomhtha dá bhfaghadh bás obann, an tan bhíos innill ollamh ré fagháil an bháis, agus é ionnraic. Agus fós, ní feirrde neach bás suaimhneach d'fhagháil ar a leabaidh dhó, amhail fuair Antiochus, madh peacthach an tí éagas.

An treas goin déag


8525] An dara teachtaire, galair; mar is follus a mórán do thaomaibh agus d'easláintibh marbhthacha tig ar dhuine. Agus dá gcuireadh duine i n-iongantas, créad as a bhfuaradar an drong do bhí ria ndílinn ann ré fhada, féadtar sé réasúin do thabhairt ris. Ar dtús, feabhas na gcoimplex, ar mbeith i ngar don phréimh ór
8530] fhásadar dhóibh. An dara réasún, measardhacht na hoileamhna do chaithdís. An treas réasún, falláin an bhídh. An ceathramhadh réasún, an fios do bhí ag Ádhamh ar nádúir na luibheann, lé seóladh dá shliocht cia dhíobh budh falláine. An cúigeadh réasún, an suidhiughadh sáimh do bhí ar na haird-reannaibh
8535] an tan sin. An seiseadh réasún, dia- ordughadh Dé.

An ceathramhadh goin déag

An treas teachtaire, éiglidheacht an chuirp agus claochlódh na gcéadfadh. Gidh eadh, atáid neithe ann oirneas an arsaidheacht. Ar dtús, eólas foirbhthe ar na neithibh diadha, amhail adeir Iob san dara caibidil déag, mar a n-abair, in antiquis est sapientia,
8540] ‘atá an eagna sna seanaibh.’ An dara ní, críonnacht chríochnuightheach sna neithibh saoghalta, amhail adeir Iob san dara caibidil déag, in his qui multo sunt tempore est prudentia ‘atá an chríonnacht san druing chaitheas iomad aimsire.’ An treas ní, modh cádhais don arsaidheacht, amhail léaghthar san
8545] naomhadh caibidil déag do Levitico: coram cano capite surge


p.268

‘déana coimhéirghe rés an gceann liath.’ An ceathramhadh ní, ceannsughadh an mhacnasa, amhail adeir Solamh san cheathramhadh caibidil do Leabhar na hEagna, aetas senectutis, vita immaculata ‘aos na harsaidheachta, beatha neamhcháidheach.’
8550] Dá chor i gcéill go mbí mórán d'uaill agus d'anmhacnas agus d'ainmhianaibh na hóige arna múchadh san arsaidheacht, ionnus nach bí leanmhain ná lorgaireacht aice ar lochtaibh na hóige; agus fós go mbí lán do ghráin agus do
8555] dhéistin rompa, agus go dtig dhe sin go mbí an arsaidheacht naomhtha neimhchiontach, lán do dhéistin agus do ghráin ar ainmhianaibh eisionnraca na hóige, ionnus go dtig dhe sin, amhail adeir Solamh, go mbí neamh-cháidheach a los na seanórdhachta. An cúigeadh ní oirneas an arsaidheacht, mar atá méadughadh na luaigheachta. Óir ní fhuil dá fhaide bhíos neach ag tuilleamh tuarastail tré shaothrughadh
8560] na subháilceadh, nach móide a thuarastal é.

An cúigeadh goin déag

Atáid trí neithe ionchomhartha do leith an bháis chorpardha. An céid-ní, go ndleaghair do neach go haontuightheach feitheamh ris an mbás gcorpardha, do bhríogh go dtabhair suaimhneas dóibh ó iomad d'ainiarsmadhaibh saoghalta, amhail léaghthar ag Solamh
8565] san dara caibidil in Ecclo., cuncti dies eius laboribus et aerumnis pleni sunt ‘bíd a uile laithe súd lán do shaotharaibh agus d'amhgaraibh.’ Dá chor i gcéill gur thuar suaimhneasa don fhíréan bheith dealuighthe ré buaidhreadh agus ré cathughadh an tsaoghail an tan do-gheibh bás; agus fós, mar do-gheibh sealbh
8570] an tuarastail thuilleas ar an saoghal, amhail adeir Eóin san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na dTaidhbhreadh, beati mortui qui in Domino moriuntur ‘is beannuighthe na mairbh do-gheibh bás san Tighearna.’ Agus ní héigcneasta sin do rádh, do bhríogh gurab i ndiaidh an bháis do-gheibhid a
8575] dtuarastal. Agus atá Críost, san dara caibidil déag ag Lúcás, dár dteagasg, agá iarraidh orainn inneall do chur orainn féin ré glacadh an tuarastail, mar a n-abair, sint lumbi vestri praecincti, et lucernae ardentes in manibus vestris ‘bídís bhar bhfordronna ceangailte, agus lóchrainn ag lasadh 'nar lámhaibh.’ Dá chor i


p.269


8580] gcéill go ndleaghair don tí bhíos ré hucht an bháis é féin do cheangal ré bheith ionaistir, agus lóchrainn na ndeagh-oibreadh do bheith ar lasadh 'na lámhaibh, ré triall do ghlacadh a thuarastail ar neamh, ionnus nach cuirfeadh dall ciach nó dorchadas dubháilceadh don chonair chóir é. Tuig trí neithe san teagasg
8585] so. Ar dtús, go ndleaghair dhó bheith coinnil cumhang, ionnus nach biadh dá shrianadh ná dá shraoilleadh tar ais, tré bheith ceangailte sna dubháilcibh dhó; agus fós, lóchrainn na ndeagh-oibreadh do bheith 'na láimh, agus é ar lasadh do ghrádh Dé agus na comharsan, agá sheóladh i slighe na subháilceadh go neamh.

An seiseadh goin déag


8590] An dara ní dhleaghair dhó, bás cháigh do ghabháil chuige go soirbh, ar mhórán d'adhbharaibh. An céad-adhbhar dhíobh, do chionn gurab toil ré Dia a mbás, agus nach dleaghair do neach bheith doirbh fá thoil nDé do choimhlíonadh. An dara hadhbhar, do bhríogh gurab é créatúir Dé an tí éagas, agus nach dleacht do
8595] neach doirbheas dá ghabháil fá Dhia do dhéanamh a dhíola féin dá chréatúir. An treas adhbhar, do bhríogh gur orduigh Dia bás dá gach aon-duine, agus dá réir sin nach dleaghair do neoch doilgheas do ghabháil tré thoil nDé do choimhlíonadh. An ceathramhadh hadhbhar, do bhríogh go saorann an bás corpardha
8600] an duine ó iomad d'amhgaraibh na beatha so, agus dá réir sin gomadh córa don chomharsain lúth-gháir do bheith orra ná doilgheas tréna gcaraid do rochtain san sáimhrighe nach fuaradar san bheathaidh se. An cúigeadh hadhbhar, do bhríogh go bhfaicthear do Dhia créad aní is fearr dá gach neach, agus mar
8605] sin nach dleaghair do neach doilgheas do bheith air tré Dhia do bhreith a charad as an mbeathaidh se san bheathaidh shuthain. An seiseadh hadhbhar, do bhríogh go ndéin an chumhaidh dochar éadtarbhach don tí chaoineas a charaid éagas i staid mhaith. An seachtmhadh hadhbhar as nach dleaghair do
8610] neach cumhaidh do dhéanamh i ndiaidh an tí théid uaidh, más tré iomad gráidh i ndiaidh an tí éagas. Óir is meinic bhíos grádh ainmhianach éagmaise ag neach, dá dtig faill do thabhairt i ngrádh Dé, tar mar budh dlightheach dhó, agus go dtig dhe sin,


p.270

mar shlánughadh ar anam an tí mhaireas, an tí is mó agá raibhe
8615] a annsacht ioná do Dhia, do bhreith uaidh ar a leas. Óir is meinic do-ní duine míréir Dhé, do dhéanamh réire an tí is ro-ionmhain leis. Amhail adeir S. Augustin ag sgríobhadh ar Genesin ad Litteram: saepe offenditur Deus ne offendatur amicus ‘is meinic do-níthear míréir Dhé, do sheachna mhíréire na
8620] carad do dhéanamh.’ Agus mar sin, an tan at-chí Dia muirnín mic nó inghine, caomhthaigh nó coigéile, ag neach, go mbeireann uaidh iad, ionnus go dtiobhradh aire dhó féin. An t-ochtmhadh hadhbhar, do bhríogh go gcreidtear linn eiséirghe na marbh, agus dá réir sin go bhfaicfeam a chéile ar neamh; agus mar sin, nach
8625] dleaghair dhúinn doilgheas do bheith orainn i ndiaidh ar gcarad éagas i n-ionnracas. Uime sin adeir Pól i n-Eipistil d'áirithe, fratres, nolumus vos ignorare de dormientibus, ut non contristemini, sicut caeteri qui spem non habent ‘a bhráithre (ar sé) ní háil linn sibh do bheith ainbhfiosach do thaoibh na marbh, maille ré
8630] tuirrse do bheith oraibh amhail chách ag nach fuil dóchas.’ Dá chor i gcéill nach dleaghair dona Críostaidhthibh chreideas a chéile d'fhaigsin i ndiaidh na heiséirghe bheith toirrseach i ndiaidh an mhairbh, amhail fá ghnáth leis na págánchaibh, ag nach raibhe súil a chéile d'fhaigsin i ndiaidh na beatha so. An
8635] naomhadh hadhbhar, do bhríogh go dtéid an marbh éagas i seilbh a thuillimh agus a thuarastail, madh fíréan é. Gonadh uime sin adeir S. Augustin i leabhar a Naomh-smuaineadh, dá chor i gcéill nach biadh a chroidhe féin sásuighthe go rochtain ar neamh dho, na briathra so, inquietum est cor nostrum,
8640] donec quiescat in te ‘is neamhshuaimhneach ar gcroidhei-ne go cumhsanadh ionnat-sa dhó.’ Mar an gcéadna do Dháibhídh Rí, tar ceann go raibhe 'na rí, níor mheas é féin do bheith sásuighthe go roicheadh ar neamh. Uime sin adeir san seiseadh Salm déag, ag labhairt ré Dia, satiabor cum
8645] apparuerit gloria tua ‘budh sásuighthe mé an tan bhus léir dhamh do ghlóir-se.’ As na briathraibh se is iontuigthe nár mheas é féin do bheith riartha san tsaoghal so tar mhéad a innmhe, go rochtain don fhlaitheas neamhdha dhó. Agus mar go raibhe Dáibhídh, do bhí 'na rí, mar sin, dobudh éigcneasta

p.271


8650] do neach san bhioth bheith doilgheasach tréna charaid do rochtain na hinnmhe céadna tré bhealach an bháis.

An seachtmhadh goin déag

Is i bhfioghair an bháis aontuighthigh do dheónuigh Críost d'fhagháil dó féin tré fhomós dá Athair, fhuilngid daoine cráibhtheacha bás d'fhagháil dóibh féin ón tsaoghal, i gcroich
8655] naomh-chuinge riaghalta. Agus is uime sin adeirid daoine go coitcheann go mbíd an drong do-bheir a naomh-uidhe isteach fá chuing riaghalta marbh ón tsaoghal, do bhríogh go mbíd dealuighthe ris an saoghal amhail mharbh. Is uime sin adeir Pól, 2. Cor. 6[ordm ], quasi morientes, et ecce vivimus ‘amhail
8660] dhaoine do bhiadh ag fagháil bháis, agus féach, is beó sinn,’ ag labhairt air féin agus ar gach druing riaghalta leanas a lorg. Dá chor i gcéill tar ceann go mbíd marbh tré bheith iomsgartha ris an saoghal, go mbíd beó, an mhéid go mbíd táitte maille ré grásaibh ré Dia. Gidh eadh, a chontrárdha sin theagmhas
8665] don pheacthach bhíos beó dar leis féin, ag bog-fhás i mbladhmann, agus ag léimnigh go lúthmhar ó locht go locht — bí marbh dáríribh 'na anam do bhreitheamhnas Dé, amhail léaghthar ag Ezech. san .18. caibidil, anima quae peccaverit ipsa morietur ‘an t-anam do pheacuigh, do-ghéabhaidh féin bás.’ Agus is
8670] uime sin adeir Eóin san treas caibidil in Apo. ag labhairt ris an bpeacthach bhíos i mí aoibhill na n-ainmhian ag reabhradh, nomen habes quod vivas, et mortuus es ‘atá dh'ainm ort bheith beó, agus ataoi marbh.’ Dá chor i gcéill don pheacthach bhíos ar cuthach i gcaithis na gcean, dá fheabhas sláinte
8675] chorpardha bhíos aige, agus dá mhéad do mhaoin tsaoghalta, agus dá airde a ghairm san réim aimseardha, gur dhuine marbh dáríribh é. Ní hionann agus na fíréin fhíor- chráibhtheacha chrochas iad féin i naomh-chuing riaghalta, bhíos dáríribh beó tar ceann go bhfaghaid bás ón tsaoghal. Agus fós, ní
8680] héigcneasta a mheas go bhfaghaid bás do leith an tsaoghail, do bhríogh go ndéinid gach ní is dlightheach don easlán ré hucht an éaga. Ar dtús do-níd tiomna. Óir tiomnaid a n-anam do Dhia, a gcorp don uaigh, a mhaoin tsaoghalta don


p.272

tsaoghal. Do-níd fós seiceadúiridhe cuirp agus anma dá bpréaláidibh.
8685] Caillid mar an gcéadna a dteas, an mhéid go dtréigid an teas toile ainmhian do bhíodh 'na gcorpaibh. Caillid arís feidhm na gcéadfadh gcorpardha, mar atá a n-éisteacht agus a labhairt, agus gach céadfaidh oile ó shoin amach. Agus an mhéid bheanas ris an urlabhra, bí socht san chlaustra orra,
8690] ré grásaibh Dé do ghreamughadh. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar ag Lúcás san chéad-chaibidil, mar a nochtann go raibhe Zacarias balbh an tan do geineadh Eóin leis. Go fáthach, is é Zacarias an duine riaghalta annso, agus Eóin grás Dé. Óir mar is balbh do bhí Zacarias an tan do geineadh
8695] Eóin leis, is mar sin balbh i gciúnas an chrábhaidh dhligheas an duine riaghalta bheith, ré grás Dé do gheineamhain 'na chroidhe. Arís, is éigean eisléine do chur ar an marbh éagas go corpardha. Mar an gcéadna is éigean aibíd riaghalta do chur ar an tí ghabhas naomh-chuing eagailse. Is éigean fós
8700] an marbh corpardha do chor fá uaigh dá fholach, ionnus nach déanadh muc ná madradh ná beathadhach oile dochar dá chorp. Mar an gcéadna is éigean an duine riaghalta d'fholach san chlaustra, go nach dearnadh an saoghal buaidhreadh air. Gonadh ar na marbhaibh riaghalta so do-gheibh bás ón
8705] tsaoghal labhras Pól san treas caibidil go Coloss., mar a n-abair, mortui enim estis, et vita vestra abscondita est cum Christo ‘atá sibh iaramh ar bhfagháil bháis, agus atá bhar mbeatha i bhfolach mar aon ré Críost.’ As so is iontuigthe, an dream fhuilngeas iad féin ar lorg Chríost do chrochadh i naomh-chuing
8710] riaghalta, go mbíd beó dá éis sin do shochar bháis chorpardha Chríost agus an gheallaimh thug do gach aon do leanfadh a lorg san chonair chéadna.


p.273