Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 16

AN SEISEADH HALT DÉAG

'na ndéantar coimmeas idir fhiabhrasaibh an chuirp agus easláinteadha na hanma, agus na riaghlacha chuirthear síos ré leigheas fiabhrusa na hanma.

An chéad-ghoin

An céid-fhiabhras díobh, dá ngoirthear quotidiana .i. fiabhras creathach chuireas saoth sealaid gach n-aon-lá. Agus atá
7895] fiabhras spioraddha ann fhreagras dó sin, dá ngoirthear craos, lé ndéantar turnamh na hanma. Atá fábhaill-sgéal ag Lúcás san seiseadh caibidil déag ar an saidhbhir sádhail ar a raibhe an fiabhras so, dá dtáinig a bhás agus a adhnacal i n-ifreann. Óir an fleadhughadh laothamhail do-níodh, fá fochain bháis spioratdha
7900] dá anam é. Mar an gcéadna, gach aon bhroinn-líonas é féin go hairceasach gach aon-lá, bí an fiabhras céadna air, agus tig éag na hanma dhe.

An dara goin

An dara fiabhras, dá ngoirthear erratica .i. fiabhras seachráin dá dtig a lúth agus a láthar do chaill do neach. Agus atá
7905] fiabhras spioratdha ann fhreagras dó sin, dá ngoirthear leisge, cheanglas céadfadha an chuirp agus acfuinne na hanma, ionnus nach léigeann do neach lúth ná luadhaill do dhéanamh, ré déanamh maitheasa do Dhia ná dá chomharsain; agus dá bhíthin sin tig bás na hanma dhe.

An treas goin


7910] An treas fiabhras, dá ngoirthear tertiana, gné fhiabhrais chuireas taom tamaill gach dara lá ar an othar; agus bí fuacht foiréigneach i dtús a theadhma, agus teas ainmheasardha dá éis sin. Atá fiabhras spioratdha ann dá ngoirthear formad, 'na mbíd na cáile céadna. Ar dtús iomorra bí fuacht oighreata an
7915] fhuatha ann, lé múchtar teas grádha Dé agus na comharsan i dtoil an tnúthaigh. Bí fós teas forloisgthe na feirge i n-aigneadh an tnúthaigh, agus dá thoisg sin tig lot na hanma dhe.


p.249

An ceathramhadh goin

An ceathramhadh fiabhras, dá ngairthear continua .i. fiabhras leaptha. Gnáth-thaom iomorra sin, ó nach faghthar faothamh
7920] go fagháil bháis nó shláinte don othar. Agus atá fiabhras spioratdha ann fhreagras dó so, dá ngairthear sainnt, bhíos ag sámh-chnaoi agus ag seargadh an tsanntaigh do shíor. Agus is ar an sanntach so labhras Solamh san .14. caibidil in Ecclo. mar a n-abair, non satiabitur pane sed indigens, et in tristitia erit super
7925] mensam suam ‘ní sáiseóchar é lé harán, acht go n-easbaidh, agus biaidh i dtoirrse ar a bhord féin.’ Ionann sin ré a rádh agus nach sáiseóchaoi ar a bhord féin an sanntach lé harán .i. leis an saidhbhreas do bhiadh aige, agus go mbiadh i dtoirrse ar bhord na péine ifreannda. As so is iontuigthe go marbhann fiabhras
7930] na sainnte an t-anam nach faghann faothamh uaithe san bheathaidh se.

An cúigeadh goin

An cúigeadh fiabhras, dá ngairthear quartana .i. fiabhras creathach tig ar neach an ceathramhadh lá; agus is gnáth tinneas cinn ar an tí ar a mbí. Agus atá fiabhras spioratdha ann
7935] fhreagras dó so, dá ngairthear díomas. Agus amhail bhíos deatach ag dol i gceann an tí ar a mbí an fiabhras so, óna leanntaibh loisgneacha bhíos 'na ghoile, go mbuaidhearthar ceann an othair leó, mar an gcéadna bhíos deatach díomusa ag éirghe ón aol-ghoradh uabhair bhíos ag éirghe a grinneall chroidhe an
7940] díomsaigh, go mbuaidhearthar mullach meanman an díomsaigh lé huaill atmhair i n-aigeantaibh a mhéine. Gonadh uime sin adeir Dáibhídh Rí ag labhairt ar na díomsachaibh san .73. Salm, superbia eorum qui te oderunt ascendet semper ‘éirghidh suas do ghnáth díomas na druinge fhuathuigheas tú.’ Dá chor i gcéill,
7945] an dream rénar fuathmhar Dia a los an díomusa, go mbí deatach dhubháilceadh agus doimhéine ag éirghe a híochtar amhghlan a n-aigeanta, go measgthar an mheanma leó; agus tig don urdhubhadh aigeanta sin, go ngabhann diúdán iad, agus de sin nach féadaid triall go díreach i raon na haithrighe, acht bheith ag cais-iompódh
7950] ar a gceanaibh, agus agá n-únfairt 'na n-olcaibh féin do ghnáth.


p.250

An seiseadh goin

An seiseadh fiabhras, dá ngoirthear hectica .i. fiabhras do-bheir teas mailíseach i mballaibh an duine, dá dtig an t-othar do sheargadh agus do shámh-chnaoi, go gcailleann a lúth agus a láthar, go spealtar amach ainn-séin é, go n-éagann amhlaidh sin. Atá
7955] fiabhras spioratdha ann fhreagras dó sin, dá ngairthear drúis, 'na bhfuilid na cáile céadna. Agus is ar an bhfiabhras so na drúise labhras Iob san .31. caibidil, mar a n-abair, ignis est usque ad perditionem devorans ‘teine í (ar sé) chraos-shloigeas go críoch-caitheamh.’ Dá chor i gcéill go mbí an fiabhras úd pheacaidh
7960] na drúise ag fadódh agus ag folosgadh go folaightheach i mballaibh an drúisigh agá sheargadh, go spealtar fá dheóidh dhe gach blás dá mbí air, mar atá a choguas, a chlú agus a chonách saoghalta, agus fós somhaise agus sláinte a chuirp. Is uime sin adeir Iob san chaibidil chéadna, pepigi foedus cum oculis meis, ut ne cogitarem
7965] quidem de virgine ‘do cheangail mé connradh rém shúilibh, ionnus nach smuaininn ar mhaighdin idir.’ Dá chor i gcéill go raibhe an uiread soin d'uamhan agus d'imeagla air ré fiabhras pheacaidh na drúise, nach eadh amháin do chuir roimhe a sheachnadh do ghlór agus do ghníomh, acht fós gur chuir roimhe álghus agus
7970] accobhar a intinne do thoirmeasg ó smuaineadh ar pheacadh na drúise.

An seachtmhadh goin

Cuiridh Críost riaghail chinnte síos, lé bhféadfadh an duine é féin do leigheas agus do lór-choimhéad óna fiabhrasaibh réamhráitte, agus óna leithéidibh oile, amhail léaghthar ag Matha san
7975] seiseadh caibidil déag, mar a n-abair, qui vult venire post me abneget semetipsum, et sequatur me ‘an tí rénar toil teacht im dhiaidh-se, diúltuigheadh dó féin, agus leanadh mise.’ Is follus gurab riaghail chinnte ré slánughadh agus ré sár-chaomhna a duine ón uile pheacadh, stiúradh a mheanman agus a chéadfadh do
7980] thabhairt do Chríost, agus triall ar a threóir in gach slighe 'na seólfadh an duine; agus dá ndearna soin, is dearbh gurab i slighe na subháilceadh agus na síor-shláinte thriallfas, agus mar an gcéadna go gcuiridh cúl ris na coiribh go coitcheann. Óir ní héidir a


p.251

mheas gomadh easlán an tí leanas go díreach sliocht-lorg ar
7985] Slánuightheóra, nó gurab peacthach an tí chuireas é féin fá choim Phríomh-ughdair na ngrás do dháil dá lucht leanamhna. Is córaide dhúinn Críost do leanmhain, an teagasg do-bheir Bearnard naomhtha i leabhar a Naomh-smuaineadh don duine agá fhaisnéis dó créad an sochar 'na dtéid do neach Críost do leanmhain.
7990] Ag so mar adeir ris, cum omnes amici tui recedent a te, ille te non derelinquet, sed tuebitur a rugientibus praeparatis ad escam, et conducet te per ignotam viam, atque perducet ad plateam supernae Sion, et ibi te collocabit cum angelis, ante faciem maiestatis divinae ‘an tan fhúigfid do charaid tú, ní thréigfidh seisean tú, acht
7995] díonfaidh tú ón druing chonfadhaigh bhíos ollamh ré fagháil fulachta, agus do-ghéana do threórughadh tré shlighidh anaithnidh, agus béaraidh go sráid Shión uachtaraigh thú, agus do-ghéana do shuidhiughadh annsin mar aon ré hainglibh i bhfiadhnaise deilbhe na mórdhachta diadha.’ Is neartughadh leis so aní léaghthar ag
8000] Matha san .22. caibidil, mar a n-abair, ag aithfhriotal bhriathar na n-Iúdaidheach ré Críost, magister, scimus quia verax es, et viam Dei in veritate doces ‘a mhaighistir, is feasach linn go bhfuil tú fírinneach, agus go seólann tú slighe Dé i bhfírinne.’ As na briathraibh se Mhatha is follus gurab treóraighe Críost, ré
8000] díorghadh na ndaoine go neamh.

An t-ochtmhadh goin

Tuig fós, do réir na riaghlach thuas, an tí thréigfeas é féin mar cheannach ar Chríost, nach inmheasta go dtréigfidhear Críost leis ar ainmhian san bhioth do chuirfeadh i gceachtar dona fiabhrasaibh réamhráitte é; do réir mar adeir Eóin san
8010] treas caibidil don chéid-Eip. ag labhairt ar Chríost omnis qui in eo manet non peccat ‘an tí anas ann ní dhéin peacadh.’ Is follus as so, an tí chomhnaidheas i gCríost, nach déin peacadh. Is follus as an chaibidil chéadna nach bí aithne ar Chríost ag an tí pheacuigheas, agus nach mó at-chíthear Críost leis. Ag so
8015] briathra Eóin, et omnis qui peccat non vidit eum, nec cognovit eum ‘agus gach aon (ar sé) do-ní peacadh, ní fhaiceann é, agus ní mó aithnigheas é.’ As a ndubhramar is follus gurab treóraighe


p.252

Críost, agus gach aon nach triallann ar a threóir, go dteagmhann seachrán slighe dhó.

An naomhadh goin


8020] Cuiridh S. Augustine síos san .176. Seanmóir ní lé ndearbhthar so, mar a n-abair, Si unusquisque nostrum subdere suas passiones sibi studeat, ac super eas stare consuescat, ex ipsis sibi gradum construit quo possit ad superiora conscendere. Elevabunt nos si fuerint infra nos, et vititis nostris scalam nobis facimus, si
8025] vitia ipsa calcamus. Nam cum bonitatis auctore non ascendet malitia, nec cum magistro humilitatis superbia, nec cum filio virginis libido atque luxuria. Non, inquam, ascendunt vitia post virtutum parentem, nec peccata post iustum, nec infirmitates nec morbi possunt ire post medicum ‘dá ndearna (ar sé) gach aon againn a dhícheall
8030] réna shiansadhaibh do chur fána chumhachtaibh féin, go gcleachtfadh seasamh ar a muin, cóirighthear leis céim dhíobh dhó féin, lé bhféadfadh dol suas gusna huachtaraibh. Airdeóchaid suas sinn dá rabhaid fúinn. Do-nímíd dréimire dhúinn féin dár lochtaibh, dá ngabhthar linn dár gcosaibh sna lochtaibh
8035] céadna. Óir ní théid an mheabhail suas mar aon ré hUghdar na maitheasa, ná an t-uabhar mar aon ré Maighistir na humhlachta, ná an drúis agus an mhian-bhruith mar aon ré Mac na Maighdine. Ní theid suas, adeirim, na lochta i ndiaidh Athar na subháilceadh, ná na peacadha i ndiaidh an Fhíréin. Fós, ní fhéadaid na
8040] héagcruais ná na galair dol i ndiaidh an Leagha.’ As na briathraibh se S. Augustine is iontuigthe, cibé thurnas a cheana féin, agus chuireas fána smacht iad, agus nach giallann dóibh, agus fós leanas lorg Críost, nach féadaid na coire bheith mar aon ris.

An deachmhadh goin

Cidhbé rénar maith an raon díreach do leanmhain ar a lorg,
8045] tugadh dá aire aní léaghthar ag Eóin san seiseadh caibidil, mar a n-abair Críost, descendi de caelo, non ut faciam voluntatem meam, sed eius qui misit me ‘do thurnas do neamh, ní ré déanamh mo thoile féin, acht do dhéanamh toile an tí do chuir uaidh mé.’ Is follus as na briathraibh se cia an ród díreach is inleanta ar


p.253


8050] lorg Críost. Óir mar is é an raon 'nar gabhadh lé Críost, óigh-réir agus umhlacht iomlán in gach éin-ní do thabhairt don Athair uile-chumhachtach, agus gurab san slighidh sin do thriall go díreach go neamh, mar an gcéadna gach aon rénar feirrde triall san chonair chéadna go neamh, ceangladh a thoil féin do thoil
8055] Chríost, agus mar sin ní thiobhraidh dúil ná searc d'éin-ní acht don ní ar a mbia gean ag Dia, agus ní thiubhra fuath d'éin-ní acht aní bhus fuathmhar ag Dia.

Agus an mhéid bheanas ris na sé fiabhrasaibh do luaidheamar thuas, cuirfeam annso síos sé riaghlacha cinnte fhreagras dóibh,
8060] mar atá riaghail i n-aghaidh gacha fiabhrusa dhíobh.

An t-aonmhadh goin déag

An chéid-riaghail, i n-aghaidh an chéid-fhiabhrusa, mar atá an craos: do réir Ezec. san cheathramhadh caibidil, mar a n-abair, cibus tuus quo vesceris erit in pondere ‘an biadh ré n-oilfidhear thú, biaidh do réir thomhais.’ Ionann sin ré a rádh agus gurab do
8065] réir mheidhe na measardhachta dhleaghair do duine é féin do shásadh do bhiadh agus do dhigh. Agus dá ndearna sin do ghnáth do réir cháile agus chaindigheachta bídh agus dighe, ní heagail dó an fiabhras úd an chraois.

An dara goin déag

An dara riaghail, i gcoinne an dara fiabhrusa, mar atá an
8070] leisge: do réir Sholaimh san chúigeadh caibidil in Ecclo., mar a n-abair, ne tardes converti ad Dominum, et ne differas de die in diem ‘ná déana moill fá thilleadh gus an dTighearna, agus ná cuir cairde ó ló go ló.’ Ionann sin ré a rádh agus go ndligheann an duine gan a leas do chor ar ceal ná ar cairde, acht deithbhir agus
8075] deithneas do dhéanamh ris gach feidhm fíréanta fhéadfas do ghníomh-ghnáthughadh ré coimhlíonadh thoile Dé do dhruim díchill agus díoghraise. Agus dá ndearna soin, ní heagail dó lot ná leónadh ó fhiabhras na leisge do theagmháil dó.

An treas goin déag

An treas riaghail, i gcoinne an treas fiabhrusa, dá ngoirthear
8080] formad: do réir Phóil san .13. ca. don chéid-Eipistil gusna


p.254

Coirintibh, mar a n-abair, caritas patiens est, benigna est, non aemulatur ‘atá an grádh foidhideach, atá sochroidheach, ní dhéin formad.’ Ionann sin ré a rádh agus go dtig don ghrádh, an tí agá mbí sé, go mbí foidhideach ar gach éagcomhthrom agus ar gach anfhochain theagmhas dó, agus go mbí sochroidheach soronna ris
8085] gach n-aon, agus nach déin formad ré neach. Uime sin, cibé agá mbí an grádh dáríribh, ní heagail dó fiabhras an fhormaid dá thadhall.

An ceathramhadh goin déag

An ceathramhadh riaghail, i gcoinne an ceathramhadh
8090] fiabhrusa, dá ngairthear sainnt: do réir Mhatha san naomhadh caibidil déag, mar a n-abair, si vis perfectus esse, vade, vende omnia quae habes, et da pauperibus, et habebis thesaurum in caelo, et veni, sequere me ‘mása thoil leat bheith iomlán, imthigh, díol na huile neithe atá agat, agus dáil do bhochtaibh iad, agus do-ghéabhair
8095] ionnmhas ar neamh; agus tar, lean mise.’ Gidh eadh, an dream nach leanann Críost, is meinic milleadh agus míorath ag teagmháil dóibh san saoghal so; ní áirmhim an anfhochain thall. Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na Nuimhreach, ar Chloinn Israel,
8100] mar atá méad na ndochar ndíoghaltach do-rinne Dia dhóibh trí dhíbhfeirg, tré gan leanmhain do chomhairle Mhaoise ar an bhfásach, ionnus go rabhadar ar siadhán agus ar seachrán seachnóin an fhásaigh ré ré .40. bliadhan, agus gan acht uidhe .40. lá uathaibh go Tír Thairrngire, agus nach ráinig leó a rochtain ó shoin. Mar
8105] sin dona daoinibh ar fásach an tsaoghail se, ré triall go Tír Thairrngire an fhlaitheasa neamhdha: an tan nach leanaid do chomhairle Chríost, ná dá réir do dhéanamh, ní bhíd acht ag praip-ionntódh ar na peacaidhibh, agus ag cais-fhilleadh ar na coiribh, go ngabhann diúdán ó na dubháilcibh iad, go nach féadaid
8110] an chonair chóir do choimhéad ar lorg Críost go neamh. Agus an tí thoigeóras Críost do leanmhain, gabhadh ar a lorg tré bhealach bheannuighthe na bochtachta. Is iontuigthe as an riaghail se, gurab é leigheas dhleaghair do dhéanamh i gcoinne fhiabhrais na sainnte, an bhochtacht fhírinneach do leanmhain; agus is ionann
8115] sin agus Críost féin do leanmhain. Óir ní raibhe sealbh shaoghalta


p.255

aige, do réir Lúcáis san naomhadh caibidil, mar a n-abair ag labhairt ar Chríost, vulpes foveas habent, et caeli nidos, Filius autem hominis non habet ubi caput reclinet ‘atáid uamha ag na sionnchaibh, agus neid ag éanlaith nimhe, gidh eadh, ní
8120] fhuil ionadh a chinn do chlaonadh ag Mac an duine.’ As na briathraibh se is iontuigthe gurab tré bhealach na bochtachta do thriall Críost go neamh; agus cibé thoigeóras lorgaireacht do dhéanamh ar Liaigh na sláinte suthaine, leanadh san chosán chéadna é, agus ní heagail dó saoth na sainnte dá mharbhadh. Is
8125] córaide do neoch gan seadh do bheith sna séadaibh saoghalta ná i n-aoibhneas na colna, aní léaghthar ag S. Augustine san .33. Eip. mar a n-abair, prospera huius mundi asperitatem habent veram, iucunditatem falsam, certum dolorem, incertam voluptatem, duram laborem, timidam quietem, rem plenam miseriae, spem
8130] beatitudinis inanem ‘atá (ar sé) fíor-fhraochdacht ag conáchaibh an tsaoghail se, gáirdeachas bréige, doilgheas dearbhtha, antoil éigcinnte, saothar dúr, comhnaidhe oirmheata, ní lán do thruaghántacht, dóchas díomhaoin na beannuightheachta.’ As na briathraibh se S. Augustine is iontuigthe nach fuil i bhflaitheas
8135] an tsaoghail se acht maith thig i mbréig-riocht fá ghné mhaitheasa fíre, agus nach fuil innte dáríribh acht buaile bháis agus iothlann éaga, go meinic, don druing bhíos 'na seilbh; agus uime sin go bhfuil sí dá gach aon intseachanta rénar feirrde gan fiabhras na sainnte dá mharbhadh.

An cúigeadh goin déag


8140] An cúigeadh riaghail, i gcoinne fhiabhrusa an uabhair: do réir Sholaimh san .29. caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, humilem spiritu suscipiet gloria ‘glacfaidh an ghlóir an t-umhal ó spioraid.’ Ionann sin ré a rádh agus go mbí an ghlóir d'áirithe ag an druing bhíos umhal ó spioraid. Agus
8145] gach dream 'gá mbí an ghlóir d'áirithe aca, bíd saor ófhiabhras an uabhair. Contrárdha iomorra dá cheile atá ceann innmhe an díomsaigh agus an umhail. Óir síos téid an díomsach i n-ifreann, agus suas ar neamh théid an t-umhal. Is iontuigthe sin a briathraibh Lúcáis san dara caibidil mar a labhrann ar na
8150] crothaibh éagsamhla 'na gcuireann Dia an dá dhruing úd. Ag


p.256

so mar adeir, deposuit potentes de sede, et exaltavit humiles ‘do chuir sé na cumhachtaigh as a n-ionadh, agus do arduigh na humhail.’ Do réir a ndubhramar, cibé adhras don umhlacht, is dearbh dhó bheith saor ó fhiabhras an uabhair, agus fós, bheith
8155] ar lorg dhíreach Chríost go neamh.

An seiseadh goin déag

An seiseadh riaghail, i gcoinne fhiabhrusa na drúise: do réir Phóil san chúigeadh caibidil don chéid-Eip. go Timoteus, mar a n-abair, teipsum castum custodi ‘coimhéid tú féin geanmnaidh.’ Dá chor i gcéill, cibé choimhéadas é féin go gasta
8160] geanmnaidh, go mbí saor ó fhiabhras na coire se .i. na drúise.

Tuig, a dhuine, gur choimhéid Críost go cinnte gach riaghail díobh so, do bhríogh gurab é fein is liaigh ré leigheas gach othrais anma dá mbí ar an duine, agus go mbeanann ris an liaigh gcineólta na sioróipe agus na seirbh-dheocha sláin-íce do
8165] fhromhadh rés an othar, ionnus gomadh lughaide a dhéistin an liaigh dá bhfromhadh roimhe, agus fós, gurab móide do bhiadh fios a mbríogh ag an liaigh, é féin dá bhfromhadh rompa, agus mar an gcéadna fios na ngalar do bheith aige. Gonadh uime sin adeir Petrus Chrysologus san .150. Seanmóir, medicus qui
8170] non fert infirmitates, curare nescit, et qui non fuerit cum infirmo infirmus, infirmo non potest conferre sanitatem ‘an liaigh nach iomchrann na héagcruais, ní heól dó leigheas do dhéanamh; agus an tí nach biaidh éagcruaidh leis an easlán, ní fhéadann sláinte do thabhairt don othar.’ Ionann sin ré a rádh agus go
8175] ndleaghair galar comhpáise agus truaighe do bheith aige don othar. Gonadh uime sin do fromhadh lé Críost, maille ré truaighe do bheith aige dhóibh ré linn gach uilc agus gach anfhorlainn dá dteagmhadh dhóibh, mar atá fuacht agus íota agus ocras, tár agus tarcaisne, aithis agus iomcháineadh, díbirt agus deóraidheacht, bochtacht,
8180] broid, braighdeanas agus bás; agus fós, do fromhadh leis féin gach anfhochain díobh.

An seachtmhadh goin déag

Is móide is inmheasta gurab liaigh Críost, agus gurab íoc-luibh na hamarráin, aní léaghthar ag S. Augustine, ag sgríobhadh


p.257

ar an .21. Salm, mar a n-abair, intelligat homo medicum esse
8185] Deum et tribulationem medicamentum esse ad salutem, non poenam ad damnationem. Sub medicamento ureris, secaris, clamas: non audit medicus ad voluntatem, sed audit ad sanitatem ‘tuigeadh an duine gurab liaigh Dia agus gurab leigheas an buaidhreadh ré sláinte d'fhagháil, nach pian ré damnadh. Ar mbeith dhuit
8190] fá leigheas loisgthear thú, gearrthar thú, éighmhe tú: ní éisteann an liaigh do réir do thoile, acht do réir do shláinte.’ As na briathraibh se S. Augustine is follus gurab liaigh Dia, agus dá réir sin Críost. Is follus mar an gcéadna, an buaidhreadh agus gach dochar oile theagmhas don fhíréan ionnraic, gurab
8195] sioróipe searbha agus íoc- luibhe borba do-bheir Dia dhóibh do shlánughadh a n-anmann. Óir, tar ceann go mbí an bormont searbh, measaid na leagha bhíos fír- eólach gurab folláin é. Mar an gcéadna is dearbh lé Fáith-liaigh na fírinne gurab folláin bormont na buaidheartha dá fhíréanaibh féin; agus dá réir sin,
8200] an tan teagmhas buaidhreadh nó anfhochain don fhíréan, dlighidh a ghábháil chuige go haontuightheach toileamhail, mása galar, nó éag cloinne nó carad, nó caill fhearainn nó maoine saoghalta, nó anfhorlann easgcarad é, agus a mheas gurab mar smachtughadh imreas Dia na dochair sin air. Tig
8205] Hieronymus leis so, ag sgríobhadh ar Ezechiel, mar a n-abair, providentia Dei omnia gubernantur, et quae putatur poena medicina est ‘is tré oirchill Dé fhollamhnuighthear na huile, agus aní mheastar 'na phéin is leigheas é.’ Féach mar adeir, ag teacht leis aní thuas, aní is gortughadh lé neach, gurab
8210] leigheas dó é.

An t-ochtmhadh goin déag

Is uime sin adeir S. Augustine san ionadh réamhráitte thuas, novit medicus quid salutiferum quidve contrarium petat aegrotus. Aegroti estis, nolite ergo dictare quae vobis medicamenta velit apponere ‘bídh a fhios ag an liaigh créad aní is folláin nó a
8210] chontrárdhacht iarras an t-othar. Othair sibh, ar an adhbhar soin ná deachtuighthear libh don liaigh na leighis is toil leis do chur ribh.’


p.258

An naomhadh goin déag

As so is iontuigthe nach dleaghair dhúinn locht d'fhagháil ar aon-smacht bhus toil ré Dia do dhéanamh orainn, agus nach
8220] dleaghair dhúinn bheith íogmhar éagcaointeach tré leigheas dá ghéire agus dá ghoirte chuirfeas rinn. Óir is meinic bhíos an galar comh-guasachtach soin gurab éigean don liaigh losgadh, gearradh cneis, agus teasgadh ball do dhéanamh ar an othar, do shúil réna shláinte d'aiseag dhó. Mar an gcéadna do-ní
8225] Liaigh na hanma ris an tí shaoileas do shlánughadh. Uime sin adeir Hieronymus ag sgríobhadh gó a charaid éagcruaidh, artis est medicinae aliquoties ignibus et ferro curare. Quid mirum si Dominus nostrarum medicus animarum turbinibus excutiat, calamitatibus purgat ‘beanaidh ris an ealadhain leighis ar
8230] uairibh leigheas do dhéanamh lé teintibh agus lé hiarann. Créad an t-iongnadh dá ndearntaoi leis an dTighearna, Liaigh ar n-anmann, sguabadh le hiomghaothaibh, glanadh le hamhgaraibh?’ Ionann sin ré a rádh agus mar go bhfuilngeann an t-othar corpardha iomad fualaing tré shíneadh láimhe an leagha corpardha, mar
8235] cheannach ar shláinte a chuirp, mar an gcéadna is mó sa chách dhleaghair don tí ar a mbí othras na hanma foidhide do dhéanamh ris gach síneadh láimhe dá dtabhair Liaigh na hanma dhó, dá ghéire agus dá ghoimheamhlacht do bhiadh an síneadh láimhe, bíodh gomadh gnáth-ghalar goithneach géir-neimhneach, nó
8240] caill chloinne nó chonách é.

An ficheadmhadh goin

Is córaide dá gach othar sin do dhéanamh gurab do thuar a shláinte ghortuighthear leis an liaigh é. Gonadh uime sin adeir Hieronymus san Eipistil do sgríobh go Hamandus, non parcit medicus ut parcat, saevit ut misereatur ‘ní choigleann an
8245] liaigh go gcoigleadh; gabhaidh dásacht é go ndearnadh trócaire, nó go ngabhadh truaighe é.’ Ionann sin ré a rádh agus nach gabhann gan síneadh láimhe, sioróipe agus seirbh-dheocha do thabhairt don othar, dá neamh-thoil, do shúil ré coimhéad agus ré coigilt a shláinte dhó; agus fós, go ngabhann fearg agus dásacht
8250] an liaigh ris, ar a leas, an tan bhíos ag diúltadh aneith budh


p.259

mhaith dhó do ghlacadh, agus ag iarraidh aneith budh anfholláin dó; mar do-chíthear linn go meinic go mbí fear an fhiabhrusa ag iarraidh iomaid dighe, nó ag codladh i meadhón laoi, nó a shamhail oile sin, agus mar bhíos an liaigh agá thoirmeasg air,
8255] agus fós go ngabhann fearg é ris an othar tré bheith liosta agá n-iarraidh, agus sin uile ar leas an othair. Mar an gcéadna do-ní an Liaigh spioratdha .i. Dia uile-chumhachtach, do-bheir deoch dhomblasta dona hothraibh shaoileas do shlánughadh. Óir do-bheir bochtacht don druing do loiteadh le conách saoghalta,
8260] agus do-bheir galar don druing leóntar lé sláinte chorpardha, agus beanaidh clann agus caraid don druing 'gá mbíodh uaill asta, agus sin uile do shlánughadh anma an othair. Uime sin, a dhuine, gach smacht dá ghéire, agus gach ciorrbhadh cuirp, cloinne, carad agus conáich bhus toil ré Dia do dhéanamh ort, gabh chugat ó
8265] chroidhe chobhsaidh é, agus tabhair glóir agus moladh do Dhia dá chionn.