Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 5

AN CÚIGEADH HALT DÉAG

'na gcuirthear i gcéill cia na tearmainn chuirfeas an duine idir é féin agus guais bháis na hanma, agus cia na sgiúirsidhe lé smachtuighthear an peacthach.

An chéad-ghoin

Léaghthar ag Plutarchus i mbeathaidh Romulus go ndearnaidh Romulus teach tearmainn, fá dídean do gach aon ar a mbiadh guais nó coir bháis, acht go roicheadh ann. Mar an gcéadna
7650] do Romulus mhór .i. Dia uile-chumhachtach, do-rinne teach tearmainn i gcomhair an chinidh dhaonna, mar atá bioth-chuimhne an bháis. Óir ní san bhás chorpardha atá guais, acht i mbás na hanma; agus fós, is é gnáth-smuaineadh an bháis chorpardha tearmann is dísle againn dár ndídean ar bhás na
7655] hanma. Agus is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san .21. caibidil don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh ar Achab. Óir, an tan do mhothuigh é féin i nguais tré fheirg nDé do thuilleamh, do-chuaidh dá chumhdach féin ar coimirce agus ar tearmann an luaithridh, maille réna chrothadh air, agus ré luighe
7660] ann. Dá chor i gcéill gurab mar an gcéadna dhleaghair dona daoinibh do dhéanamh, mar atá luaithreadh na somharbhachta do chrothadh ar a gcoguasaibh, agus luighe ar léir- mheas do dhéanamh ar gach anfhochain dá dtig do thoisg an bháis orra.

An dara goin

Is uime sin adeir Iob san deachmhadh caibidil ag iarraidh
7665] anacail ar Dhia do bhíthin bheith san teach tearmainn úd, mar atá i smuaineadh na somharbhthachta agus na luaithe dá


p.241

ndearnadh é féin, memento, quaeso, quod sicut lutum feceris me, et in pulverem mortis reduces me ‘aitchim thú, cuimhnigh gurab mar an lathaigh do-rinnis mé, agus go dtillfidh tú i luaithreadh
7670] an bháis mé.’ Dá mhaoidheamh ar Dhia, gur mhaith an díol maithmheachais é féin, tré bheith san tigh thearmainn dó, mar atá i mbioth-chuimhne an bháis.

An treas goin

Is cosmhail iomorra so leis aní léaghthar ag Ammianus san .23. leabhar, mar a n-abair go bhfuil neimh dh'áirithe
7675] loisgneach ann, lasas do láthair boill an tí ré mbeanann sí; agus gurab eadh is leigheas di, luaithreadh nó cré do chrothadh ar an mball bhíos galrach, agus go n-íocann do láthair é. Mar an gcéadna, an tan lingeas neimh nathrachda an pheacaidh san anam, go leighistear lé crithir do chuimhne an bháis é, an
7680] mhéid go dtig do chuimhne an bháis an mheanma do mhusgladh ré déanamh aithrighe. Is i bhfioghair aneithe céadna so atá aní léaghthar ag Matha san dara caibidil, mar do hoffráileadh leis na draoithibh miorr d'Íosa san Bheithil mar asgaidh, do chor na somharbhthachta i gcuimhne dhó. Íoc-luibh iomorra
7685] an mhiorr, lé gcaomhantar cuirp na marbh gan truailleadh. Mar an gcéadna don íoc-luibh úd, mar atá cuimhne an bháis, do-ní caomhna agus cumhdach ar an gcoguas, ionnus nach léigeann dó truailleadh do ghabháil.

An ceathramhadh goin

Léaghthar ag Ortellius in Theatro go mbíd na cnámha i
7690] gcrích dh'áirithe mar mhonadh, agus go gcuirid mar óir-chiste i dtaisgidh iad. Créad is iontuigthe as so, acht gurab é meas lucht na críche sin ar chuimhne an bháis, gurab ionnmhus agus óir-chiste é, mar go mbíodh meas óir nó ionnmhusa aca ar na cnámhaibh do- bheireadh an bás 'na gcuimhne?

An cúigeadh goin


7695] Go bhfios damh, is suaithnidh somholta aní do-rinne an feallsamh Diogenes, do réir mar léaghthar in Apoph. An tan


p.242

iomorra do mheas an mhéid mheanman agus an uaill aigeanta do bhí i n-Alexander Mhór, ionnus gur chuireadar lucht cluana rompa a chor i gcéill nár dhuine daonna somharbhtha é,
7700] acht gurab ó dhéibh tháinig, is eadh do mheas Diogenes 'na mheanmain, nach raibhe sás na huaille sin do mhúchadh budh mó ioná a chor i gcéill do Alexander gurab ó dhaoinibh do fhás sé, agus dá réir sin go raibhe somharbhtha. Ar mbeith iomorra do Alexander ag triall go tóicheastalach go sluaghaibh
7705] líonmhara mar aon ris, téid Diogenes do mhuin chomhairle d'aon-toisg roimhe ar an slighidh 'na raibhe a thriall, go háit 'na bhfuair ulaidh lán do chnámhaibh marbh; agus do ghabh go saothrach agá malairt idir a lámhaibh, agus ar uainibh ag iniúchadh na gceann; agus anais gan sgíoth ag malairt na gcloigeann go
7710] rochtain Alexander gus an láthair. Agus gabhais machtnadh é ar bhfaigsin Diogenes, agus fiafruighis de créad fá raibhe amhlaidh sin go néata ag meas na gcloigeann. ‘Atáim, a thighearna, ar sé, agá fhéachain an bhféadfainn cloigeann th'athar-sa dh'aithne idir na cloignibh oile se, agus ní thig sin díom.’ Tuigis
7715] Alexander as sin gur mhac duine é féin dáríribh, agus dá réir sin go raibhe somharbhtha amhail chách. Do thuig as mar an gcéadna an comhdhochar coitcheann do-ní an bás dona daoinibh idir bheag agus mhór, dá dtig nach aitheantar taise aoin díobh seoch a chéile, do réir Ambrosius, in Hexameron, mar
7720] a n-abair, nudi omnes nascimur, nudi morimur; nulla distinctio inter cadavera mortuorum nisi forte quia gravius foetent divitum corpora distenta luxuria ‘tarnocht (ar sé) beirthear sinn, tarnocht do-gheibhmíd bás; ní fhuil eidirdhealughadh ar bioth idir ablachaibh na marbh, acht amháin gurab truime bréantas
7725] chorp na dtoictheach, ar mbeith ar siadadh ré drúis dóibh.’ As na briathraibh se is iontuigthe nach bí sochar ar bioth i gcorp an tsaidhbhir iar mbás; agus fós gurab murguighthe corp an tsaidhbhir iar n-éag ioná corp an truagháin. Tig Prosper leis aní gcéadna in suis Sententiis, mar a n-abair, respice sepulcra,
7730] et vide quis servus, quis dominus, quis dives; discerne si potes vinctum a rege, fortem a debili, pulcrum a deformi ‘féach na tombadha, agus féach cia an mogh, cia an tighearna; breathnuigh

p.243

cia an saidhbhir; déana eidirdhealughadh idir an cimeach agus an rígh, idir an láidir agus an t-anbhfann, idir an soidhealbhach
7735] agus an doidhealbhach.’ As na briathraibh se is iontuigthe an dochar coitcheann do-ní an bás dona daoinibh, as nach aitheantar drong dona foirnibh luaidheas an t-ughdar so seoch a chéile. Gonadh uime sin adeir an file Gaoidhealach an rann so, ag teacht leis an ughdar thuas:
    1. 7740] Úir mo charad seoch úir oile
      ní aithnim, is í san uaigh;
      ag so im láimh é, 's ní aithnim,
      cnáimh an té do aithninn uaim.

An seiseadh goin

Ó atá an anfhochain se go coitcheann i gcionn na ndaoine,
7745] ré hucht imirce do dhéanamh as an saoghal so, is eadh dhlighid, a n-earradha ionaonaigh ionnracais agus a gceasa caon-dúthrachta crábhaidh do thógbháil, agus trom-lód liosta na locht d'fhágbháil dá n-éis, agus gan anmhain ré léir-thionól gacha truise talmhaidhe dá mbí aca, acht deithneas agus deithbhir do dhéanamh ré triall,
7750] amhail do-rinneadar Clanna Israel, ré mbeith ag triall as an Éigipt dóibh; do réir mar léaghthar san dara caibidil déag in Exodo: tulit populus conspersam farinam antequam fermentaretur ‘do thógaibh an pobal an mhin chomhchroitte, sul do cuireadh gabháil innte.’ As so is iontuigthe go raibhe deithbhir lán-mhór
7755] ar phobal nDé ré himtheacht a hanbhroid éagcoimsigh na hÉigipte agus ré rochtain Tíre Tairrngire. Mar an gcéadna dhligheas gach aon deithbhir agus dícheall do dhéanamh ré triall a hÉigipt urchóidigh an tsaoghail se go Tír Thairrngire an fhlaitheasa neamhdha, atá dhá tuar agus dá tairrngire dhúinn
7760] ó thús an domhain. Gidh eadh, a dhuine, is móide is in-eagluighthe dhuit guais na slighe atá romhat, gurab láimh ré ceann sgríbe do bheatha iarras do námhaid árach ort. Is iontuighthe sin as aní léaghthar san .33. caibidil in Genesi, mar a gcuirthear síos nár iarr Esau árach ar Iacob an gcéin do
7765] fhuirigh i bhfochair Laban, dar chliamhain é. Gidh eadh an


p.244

tan do thogair dol ar imirce dá dhúthaigh féin, táinig Esau i gceilg ar an raon roimhe, ar tí a dhochair do dhéanamh. Mar an gcéadna, an gcéin anas an duine go meinic i bhfochair an tsaoghail nó na colna, ré mbí i gcleamhnas, ní dhéin Esau .i.
7770] an t-aidhbhirseóir, aindícheall éigneach air. Gidh eadh, an tan chuireas roimhe dol i gceann aistir agus imtheachta dá athardha féin .i. flaitheas Dé, tré fhásach na haithrighe go bealach an bháis, tig Esau .i. an t-aidhbhirseóir, ar an raon roimhe, ré foghail agus ré fíor-dhochar do dhéanamh dhó. Do-chímíd aní se
7775] 'gá chor i ngníomh go laothamhail, mar go mbí buaidhreadh ag an diabhal dá dhéanamh ar mhórán do dhaoinibh ré linn a mbáis ar nár cleachtadh buaidhreadh do dhéanamh ré linn a sláinte. Dearbhthar fírinne aneithe se lé briathraibh Greaghóir san seiseadh leabhar ro sgríobh dona hAirdheanaibh, mar a
7780] n-abair, antiquus hostis ad rapienda speccatorum animas tempore mortis crudelitatis refrenatur violentia, et quos viventes blanditiis decipit, saeviens moriendo rapit ‘léigthear srian ris an sean-námhaid tré éigean daor-dhála i n-aimsir an bháis ré fuadach anam na bpeacthach, agus an dream mheallas lé cluanaireacht ré
7785] linn a mbeatha, fuaduighthear leis go cuthaigh i n-aimsir a n-éaga iad.’ Agus ní headh amháin ar na peacthachaibh do-ní buaidhreadh ré linn a mbáis, acht fós ar na fíréanaibh, do réir mar léaghthar ag Sulpicius ar Mhártain naomhtha, gur thaisbéin an diabhal é féin dó ar tí a bhuaidheartha. Ag so an freagra
7790] thug Mártain air, nihil habes in me, cruenta bestia ‘a bhrúid fholamhail, ní fhuil cuid agat díom.’ Agus leis na briathraibh sin do thafainn Mártain uaidh é.

An seachtmhadh goin

Léaghthar san aonmhadh caibidil déag in Levitico fioghar as a dtuigthear gurab diomdhach Dia don druing nach cuireann
7795] inneall aithrighe orra féin go beith ré hucht éagtha dhóibh, mar a n-áirmheann an eala idir na hainmhinntibh amhghlana, acht giodh cruthach caomh-álainn í, do bhríogh nach canann ceól náid séise síth-bhinne acht an tan bhíos ré bruinnibh báis. Mar an gcéadna is inmheasta go coitcheann gurab anam amhghlan


p.245


7800] an t-anam nach déin oirfideadh na haithrighe go huair an bháis.

An t-ochtmhadh goin

Measaim gurab ar an druing do-ní Dia bagar go fáth-rúnda san .29. caibidil ag Ieremias, mar a n-abair, gladio, fame, et peste consumam eos ‘caithfead amach iad lé cloidheamh, lé gorta, agus lé
7805] pláigh.’ Dá chor i gceill, tré bheith seachmallach fá shláinte a n-anmann, go n-imeóradh smacht géar-ghonta lé trí sgiúrsadhaibh neimhneacha orra, mar atá cloidheamh, gorta, agus pláigh. Go fáthach, is eadh chialluighid na trí hairm se lé ndéantar lot an pheacthaigh, na trí báis do luaidheamar san chéid-leabhar, mar
7810] atá an bás corpardha, bás na coire, agus bás na péine, fhuilngeas Dia do thoidheacht ar an éagcráibhtheach i ndeireadh a ré.

An naomhadh goin

Ar dtús, fuilngidh cloidheamh an bháis chorpardha do bhualadh air, lé dteasgthar an t-anam dá chorp, ar mbeith d'fhaobhar an chloidhimh sin i n-áirithe ag gach aon, do réir
7815] Phóil san naomhadh caibidil gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair, statutum est hominibus semel mori ‘do horduigheadh dona daoinibh bás d'fhagháil aoin-fheacht amháin.’ Dá chor i gcéill nach téid aon-duine as ó bhuille an chloidhimh úd an bháis chorpardha, agus dá réir sin go mbuailtear buille báis leis ar an
7820] bpeacthach mar chách.

An deachmhadh goin

An dara sgiúirse lé ndéantar an peacthach do phríomh-lot, gorta, mar atá bás na coire. Óir, mar is iad na biadha corpardha is oileamhain chorpardha don cholainn, do ruagadh a hocrais uaithe, mar an gcéadna is é grás Dé is oileamhan spioradálta
7825] don anam, do ruagadh íota na hantoile agus ocrais na hurchóide uaithe. Agus is í an ghorta so atá ag Dia dá bagar ar na peacthachaibh úd, amhail léaghthar san .65. caibidil ag Isaias, mar a n-abair, ag labhairt ris an druing sin, servi mei comedent, et vos esurietis íosfaid mh'óglacha-sa, agus biaidh ocras oraibh-se.


p.246


7830] Dá chor i gcéill go dtabhair sásughadh spioratdha grás dona fíréanchaibh do-ní feidhm friochnamhach dhó féin, agus do-bheir go deithbhireach dearna ré dubháilcibh agus ucht ar aithrighe, agus rénar milis mianghusach bheith ag crúdh a chumainn agus ag diúl a dhíoghraise, an tan bhíos ag tál trócaire orra. Bí an peacthach
7835] cheana ag feódh, agus ag dol i seirg-lighe, d'easbaidh na ngrás do-bhéaradh oileamhain spioratdha dhó, dá dtiocfadh a choguas do bheith slán soinnmheach ré saothrughadh soighníomh do-bhéaradh sláinte dá anam, agus lé bhféadfadh ballán sláin-íce na beatha suthaine do shlogadh go haigian an anma.

An t-aonmhadh goin déag


7840] An treas sgiúirse, pláigh .i. bás na péine. Agus is í an phláigh se do-ní Dia do bhagar ar na peacthachaibh dúra domhúinte, ris nach fiú leasughadh na locht do dhéanamh, ná eatal aithmhéile amháin do thabhairt mar ainsile do Dhia i n-íoc a n-uilc. Ag so mar adeir, san chaibidil déidheanaigh ag Isaias, ignis eorum non
7845] extinguetur ‘ní múchfaidhear a dteine súd.’ Ionann sin ré a rádh agus go mbí pláigh na péine ifreannda 'na torn teintidhe gan traothadh, ag losgadh agus ag lonn-bhruith an luchta nach tabhair lámh fá leasughadh a locht san bheathaidh se.

An dara goin déag

Is iontuigthe as aní léaghthar san dara caibidil déag do
7850] Leabhar na dTaidhbhreadh nach bí tearmann ag druing ar bioth, dá n-airde i gcéimibh saoghalta, ó na sgiúrsadhaibh se. Ag so mar adeir Eóin san chaibidil chéadna, ecce draco magnus rufus, habens capita septem, et cornua decem, et in capitibus eius diademata septem ‘féach dragún mór ruadh, 'gá bhfuilid seacht gcinn, agus
7855] deich n-adharca, agus seacht rígh-mhionna ar a cheannaibh.’ Go fáthach, is é an dragún dearg-ruadh úd at-chonnairc Eóin an bás folamhail; agus na seacht gcinn chorónta úd, na seacht gcéime onóra bhíos corónta san mhaitheas phuiblidhe, mar atáid Pápa, Impir, Rí, Prionnsa, Diúice, Marquéis, agus Iarla; na deich
7860] n-adharca, na cumhachta bhíos ag an mbás ar na seacht drongaibh se; agus cuirthear an uimhir chinnte, a deich, ar son nuimhreach


p.247

éigcinnte, do nós mar is gnáth san sgrioptúir, dá chor i gcéill gurab iomdha cruth 'na mbí cur ag an mbás ar na seacht ndrongaibh úd. Agus dá chor so i gcéill adeir file Laidneamhail
7865] áirithe na briathra so síos: sub tua purpurei veniunt vestigia reges ‘tigid rígh na róbadh bpurpuir fád lorg.’ Dá chor i gcéill nach fuil rí ná ro-fhlaith, pápa ná prionnsa, ná uachtarán oile, danach éigean an bás do leanmhain, agus láin-ghialladh dhó. Gonadh uime
7870] sin adeir duine éigin an rann so, ag teacht leis an bhfilidh thuas:
    1. Truagh, a bháis, do neart,
      nach gabh ceart ná cóir,
      mar chuirthear fád smacht
      7870] ríoghraidh na n-at n-óir.

An treas goin déag

Gidh eadh, ní hé an bás corpardha is ionchuir i suim san áit se, acht bás aigmhéil na hanma. Ní mó is iad galair gháibhtheacha an chuirp is oircheas d'éagcaoine, acht aingcise anbháile na hanma, agus fiabhrais an pheacaidh. Is córaide a mheas gurab
7880] fiabhrais na peacaidh, aní léaghthar ag Ambrós naomhtha san cheathramhadh leabhar dá leabhraibh foirceadail, mar a sgríobhann ar an gceathramhadh caibidil ag Lúcás. Ag so iomorra mar adeir, febris nostra avaritia est, febris nostra luxuria est, febris nostra libido est, febris nostra ambitio est, febris nostra
7885] iracundia est ‘ar bhfiabhrais-se an tsainnt, ar bhfiabhrais-ne an mhian-bhruith, ar bhfiabhrais-ne an drúis, ar bhfiabhrais-ne an uaill-mhian, ar bhfiabhrais-ne an fhearg.’ As na briathraibh se is iontuigthe gurab iontsamhluighthe na peacaidh agus na prímh-fhiabhrais ré chéile. Agus atáid sé gnéithe fiabhrusa ann lé
7890] gclaoidhtear an cholann go sonnradhach. Agus atáid sé gnéithe peacadh ann fhreagras dóibh sin, ó ngeintear othrais na hanma, do réir mar chuirfeam síos annso.


p.248