Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 4

AN CEATHRAMHADH HALT DÉAG

'na gcuirthear i gcéill cia an lucht coimhéatta bhíos ag an aidhbhirseóir ag congbháil an pheacaidh i gcarcair na coire; agus cia na géibhinn chuirthear faoi dá fhasdódh i bpríosún an pheacaidh; agus an tuarasgbháil do-beirthear ar dhiombuaine na beatha tadhaill.

An chéad-ghoin

Léaghthar san dara caibidil déag úd ag Lúcás gur chuir
7365] Ioruaith dias do choimhéad Pheadair, iar mbeith san bpríosún dó. Mar an gcéadna do-ní an t-aidhbhirseóir ris an duine, an tan bhíos i bpríosún an pheacaidh, cuiridh dá amhus ainshearcacha dá choimhéad agus dá chumhdach dhó féin, mar atá an saoghal agus an cholann; agus fós bíd ceathrar oile 'na bhfochair sin, ag forfhaire
7370] an pheacthaigh, agá choimhéad i gcarcair na coire.

An dara goin

An céad-choimhéadaighe dhíobh, an mhuinighin bhíos ag duine as a bhríoghaibh corpardha agus as a mhaoinibh saoghalta. Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san treas caibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar do-chuaidh Samuel, ar
7375] mbeith 'na mhacaomh dhó, an tan do ghairm Dia é, i ndáil


p.232

Elias, agus gurab eadh adubhairt Elias ris, vade, dormi ‘imthigh, déana codladh.’ Ionann Elias agus foirtill nó láidir. Agus is eadh is iontuigthe as an bhfioghair se: an tan chuireas Dia gairm nó fiosrughadh ar dhuine, ré mbeith san aois óig dhó, gurab eadh
7380] do-ní seisean, an tan do dhlighfeadh aire do thabhairt do Dhia agus a fhreagra, dol i ndáil Elias .i. i muinighin a chumais chorpardha agus a chonáich shaoghalta; agus is eadh adeirid sin ris, codladh ionnta féin, agus gan freagra do ghairm Dé, ná leasughadh do dhéanamh 'na lochtaibh.

An treas goin


7380] An dara coimhéadaighe, an dóchas bhíos ag duine ré leasughadh do dhéanamh i ndeireadh a ré. Is air so labhras Solamh san .37. caibidil in Ecclo., mar a n-abair, praesumptio nequissima multos perdidit ‘is mór do chuir an t-andóchas ro-urchóideach amudha.’ Ionann sin ré a rádh agus gurab mór dona
7390] daoinibh damantar trés an ndóchas bhíos aca ré huain aithrighe d'fhagháil i n-aimsir an éaga, agus dá bhríogh sin do-bheir i seachmall a déanamh 'na ham.

An ceathramhadh goin

An treas coimhéadaighe, an gean bhíos ag neach ar an
7395] bpeacadh. Bí iomorra an uiread soin do cheangal ag an bpeacadh ar an duine, go gcuireann ar a chumas féin é, ionnus nach féadann dealughadh ris. Agus is dá chur so i gcéill atá aní léaghthar san cheathramhadh caibidil déag ag Lúcás, ar an tí úd lér pósadh bean, tug do fhreagra go haindiúid ar theachtaire a thighearna, nár fhéad teacht ar a chuireadh; agus is eadh fa-deara
7400] soin, mar do bhí ceangailte i lúbaibh na locht. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san seiseadh caibidil déag do Leabhar na mBreitheamhan, mar a léaghthar, an tan do-chuaidh Samson do shuirghe ris an meirdrigh Dalila, gur chuireadar na Filistínigh lucht forfhaire ar gheataidhibh na cathrach d'fhastódh
7405] Samsoin astoigh. Mar an gcéadna, an tan téid an duine do shuirghe ris an antoil, cuirid na heasgcáirde úd do luaidheamar thuas mar atá an diabhal, an saoghal agus an cholann, droch-dhúile


p.233

agus dubháilce i bhforfhaire, do choimhéad chomhladh a chéadfadh, ionnus nach léigeann dó lingeadh amach ré maith-ghníomhaibh
7410] do dhéanamh. Agus is don fhorfhaire se thig nach féadann neach céimniughadh ré déanamh deagh-oibre, ná a lámh do luadhaill ré lóir-ghníomh do dhéanamh 'na lochtaibh, ná silleadh sochrach do dhéanamh réna shúilibh, ná glór tarbhach do dhéanamh réna theangaidh, ionnus go dtig don mhilse bhréige
7415] bhíos san pheacadh, an tan téid a bhlas fá chúláiribh a choguais, gurab usa leis an duine a chlú agus a chonách saoghalta do thréigean, ioná dealughadh ris.

Agus is dá chur so i gcéill atá an finn-sgéal filidheachta chumas ughdar dh'áirithe ar an mathghamhain mór, mar atá go
7420] raibhe 'na pheata ag duine uasal, agus gur chuir an duine uasal, tré iomad ceana air, ós cionn choire mheala é. Agus níorbh áil leis-sean an mhil do fhromhadh; agus gabhais an duine uasal agá bhrodadh agus agá choimhéigniughadh ré hól na meala. Gidh eadh, níorbh fheirrde dhó. Leis sin beiris an duine uasal
7425] ar chluasaibh air, agá tharraing go heasaontach ré fromhadh na meala; agus tré iomad déistine rés an mil tug an mathghamhain súghadh foirtill foiréigneach ar a chúlaibh, gur léig a chluasa uaidh i lámhaibh an duine uasail. Leathais ainn-séin an duine uasal a lámha timcheall a chuirp, agus tógbhais ós cionn an
7430] choire é, agus tomthar leis a cheann san choire go cúláiribh. Gidh eadh, mar do-chuaidh an mhil fá chúláiribh an mhathghamhna, do ghabh agá hól go hainmheasardha. Agus an tan do mhothuigh an duine uasal é go híotmhar iomarcach agá hól, do ghabh agá bhrodadh uaithe, agus níor ghluais seisean leis sin. Cuiris ainn-séin
7435] an duine uasal a dhá láimh i n-earball an mhathghamhna, agus do-bheir tarraing tar ais air. Agus léigis an mathghamhain an t-earball lais, mar gurbh usa leis a chaill ioná an mhil do thréigean iarna fromhadh dhó.

An dáil chéadna theagmhas do mhórán do dhaoinibh óga an
7440] tsaoghail se. An tráth bhíd i n-ionnracas is leasg leó mil na mailíse agus na míghníomh do fhromhadh. Gidh eadh, an tan bhlasaid í, agus léigid óna cleachtadh fá chúláiribh a gcoguais í, is usa leó a gclú agus a gconách saoghalta agus a sláinte chuirp agus anma


p.234

do thréigean, ioná í. Bíodh a fhiadhnaise sin ar aos ainmhianach
7445] na hÉireann nach gabhann comhairle ó charaid ná ó chléir um cheann craos-óil ná drúise ná droich-bheart oile, ar mbeith ó iomad cleachtuighthe ar gcalcughadh sna coiribh sin.

An cúigeadh goin

An ceathramhadh coimhéadaighe, faitcheas na breithe aithrighe do chuirfeadh an t-oide faoisidneach ar an bpeacthach.
7450] Amhail iomorra do-ní fiadh-chapall don chapall mhín ó neamh-aithighe na cuinge, agus tré bheith ar an bhfásach mar aon ris an ngroigh dhó, ionnus an tan bheirthear do láthair na hudhama é, gabhaidh crioth agus anbhuain é, agus saoilidh nach bí teacht ón bhfeidhm sin aige féin; — mar an gcéadna don duine théid ó
7455] bheith mín ceannsa fá chuing chrábhaidh agus fá udhaim ionnracais ar sgor uaibhrigh na hantoile fá fhásaighibh fiadhamhla an pheacaidh, an tan bhíd oireamhain na heagailse, mar atáid eagnaidhigh agus lucht síolta agus seanmórtha na suibhisgéal ag iarraidh a chuirthe fá chuing aobhdha na haithrighe, gabhaidh
7460] crioth agus gráin é, d'eagla thruime na breithe aithrighe; agus tig de sin go meinic go n-anann fiadhánta, go nach faghthar ar ná obair ionmholta uaidh. Agus is ar an tí bhíos san riocht so labhras Isaias san .57. caibidil, mar a n-abair, cor impii quasi mare fervens ‘croidhe an pheacthaigh amhail fhairrge ar fiochadh.’ Ionann
7465] sin ré a rádh, agus amhail bhíd tonna anfadhacha ar luasgadh agus ar luadhaill, ag tuargain a chéile san muir, agus ag coimmeasgadh a chéile druim ar dhruim, gurab mar sin bhíos muir na mímhéine agus fairrge an pheacaidh lán d'anfadh uaille agus urchóide i n-aigian na hintinne, go gcommbuaidhearthar croidhe an chiontaigh leó; agus
7470] go dtig dhe sin nach iontaobha leis dol fá bhreith charad ná chléirigh, ná a gcomhairle do dhéanamh, iar mbeith damanta dhó do bhreith a choguais féin.

An seiseadh goin

Léaghthar san dara caibidil déag do Ghníomharthaibh na nApstal, an tan do gabhadh Peadar, gur cuireadh dá ghéibheann


p.235


7475] air. Is eadh iomorra chialluighid an dá ghéibheann soin, mar iadhas an peacadh dá ghlas ar an anam ré déanamh an pheacaidh, mar atá cruaidh-théad na coire agus príomh-ghlas na péine. Nó cialluighid an dá ghlas chéadna tréigean na maitheasa agus gníomhughadh an uilc. Agus is é so chialluigheas Dáibhídh Rí sa
7480] .118. Salm, mar a n-abair, funes peccatorum circumplexi sunt me ‘do fhidh-cheangailsead téada na bpeacadh mé.’ Tig Solamh leis so san chúigeadh caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, funibus peccatorum suorum quisque constringitur ‘comh-fháisgthear gach neach lé téadaibh a pheacadh féin.’ Tig Eóin
7485] leis so san ochtmhadh caibidil mar a n-abair, qui facit peccatum servus est peccati ‘an tí do-ní peacadh, is daoirseach don pheacadh é.’ Dá chor i gcéill, amhail bhíos an daoirseach ceangailte ag an tí agá mbí i mbroid, gurab mar an gcéadna bhíos an t-anam cuibhrighthe i bpríosún an pheacaidh; agus fós, broid bháis air,
7490] do réir Ezec. san ochtmhadh caibidil déag, mar a n-abair, anima quae peccaverit, ipsa morietur ‘an t-anam do-ní peacadh, do-ghéabhaidh féin bás.’ Dá chor i gcéill, gach a mhionca do-ní duine peacadh marbhthach, go mbí ceangailte ré bás d'fhulang go síordhaidhe.

An seachtmhadh goin


7495] Tuig fós, amhail léaghthar san dara caibidil déag thuas do Ghníomharthaibh na nApstal, gur orduigh Ioruaith dias ré forchoimhéad Pheadair, do ló agus d'oidhche, an gcéin dobhaoi san bpríosún. Mar an gcéadna do-ní an diabhal ris an bpeacthach, an gcéin bhíos i gcarcair na coire nó i mainnir na mí-mhéine,
7500] cuiridh dias dá fhorchoimhéad, mar atá an saoghal agus an cholann, do ló agus d'oidhche .i. 'na shláinte agus 'na ghalar; ionnus an tráth thig aingeal na comhairle móire, mar atá Críost, dá chuireadh ré triall as an dochraide sin, nach léigeann eagla na forfhaire sin dó aonmhachtain dol ar fheis bheannuighthe
7505] na glóire suthaine; agus fós go dtabhair diúltadh do Chríost do-bheir cuireadh dhó, agus go leanann do chomhairle na ceitheirne bhíos 'na thimcheall, mar atá an cholann agus an saoghal.


p.236

An t-ochtmhadh goin

Do réir mar is iontuigthe as an bhfábhaill-sgéal léaghthar ag
7510] Lúcás san cheathramhadh caibidil déag, mar a luaittear an cuireadh tugadh lé duine dh'áirithe do mhórán, agus do éimdheadar go háirithe triúr dol ar an gcuireadh. An céid-fhear, an tí do cheannuigh chúig cuingreacha damh, agus adubhairt go rachadh dá bhfromhadh. Ag so an sanntach, do-ní comhairle an tsaoghail,
7515] agus chuireas a chúig céadfadha, nó chreanas iad ré feidhm do dhéanamh don tsaoghal, agus anas i mbroid aige. An dara fear, an tí do cheannuigh baile. Ag so an díomsach, 'na mbí uaill-mhéin ré forlamhas flaithis agus ré haird-chéimibh saoghalta d'fhagháil, agus bhíos i ndaoirse ag an diabhal. An treas fear,
7520] an tí lér pósadh bean, agus do loim-dhiúlt dol ar an bhfeis. Ag so an drúiseach, bhíos i moghsaine ag measgán mhearbhaill mhacnasa na colna. As an bhfábhaill-sgéal so is follus go mbí an céid-fhear úd .i. an saoghal, agus an treas fear .i. an corp, ag congbháil anma an pheacthaigh i gcathair ghriobháin na
7525] coire, as nach léir dhó a leas do lorgaireacht, tré aimhréidhe áruis na hurchóide, agus tré dhoilbh-cheó dhoiléir an pheacaidh. As gach ní dá ndubhramar is iontuigthe, an tan do-ní duine peacadh marbhthach, go mbí an t-anam ceangailte fá bhroid na n-easgcarad so luaidheamar, agus go háirithe go mbí an cholann
7530] 'na chealg-námhaid chinn teallaigh aige, agus gurab í is doichte agus is docraide cheanglas agus chréacht-loiteas é, do réir Boethius 3[ordm ] de Consolatione, mar a n-abair, nulla pestis efficacior ad nocendum quam familiaris inimicus ‘ní fhuil pláigh is éiffeachtaighe ré dochar do dhéanamh ioná an easgcara mhuinnteardha.’

An naomhadh goin


7535] Is uime sin do-ní Augustine naomhtha éagnach agus iomchasaoid air féin, san seachtmhadh leabhar ro sgríobh ar an bhFaoisidin, mar a n-abair, ligatus sum non ferro alieno, sed mea ferrea voluntate ‘do bhádhas ceangailte, ní lé hiarann comhaightheach, acht lém thoil iarnaidhe féin.’ Dá chor i gcéill
7540] an tan fá hóg é, go gcuibhrigheadh an cholann le huaill agus lé hainmhianaibh é. Agus mo thruaighe, is iomdha duine, go


p.237

fáthach, fá mbíd an dá ghéibheann úd do bhí fá Pheadar, mar atá tréigean na maitheasa agus déanamh an uilc.

An deachmhadh goin

Atá fábhaill-sgéal ag Lúcás san seiseadh caibidil déag ar an
7545] bhfeadhmannach do chuir cuid a thighearna amudha, mar a ndubhairt, fodere non valeo, mendicare erubesco ‘ní fhéadaim romhar do dhéanamh; is nár liom iarratas do dhéanamh.’ As so is iontuigthe, an tí chuirthear a feadhmannas lé Dia tréna olcaibh, go mbí an céad-ghlas úd fá bhrághaid a mheanman,
7550] mar atá tréigean na maitheasa, ionnus nach féadann oibriughadh do réir na beatha gníomhaighe, ná na beatha cráibhthighe. Tuigthear fós go mbí an dara géibheann fá anam an pheacthaigh, an tan cheangailtear i gcoir na colna é, do réir an fhábhail-sgéil léaghthar ag Lúcás san cheathramhadh caibidil déag, mar
7555] a luaidheann go dtug an tí lér pósadh bean loim-dhiúltadh dá thighearna fá dhol ar cuireadh leis, an tan adubhairt, uxorem duxi, ideo non possum venire ‘do phósas bean, ar an adhbhar soin ní fhéadaim teacht.’ Go fáthach, créad is iontuigthe as an samhlughadh so, acht an tí cheangailtear lé coir na colna,
7560] go mbí glas-shnaidhm dosgaoilte aice ar a anam, go raobthar lé hord na haithrighe í. Agus is maith an teagasg do-bheir Dáibhídh Rí don duine ré hé féin do choimhéad ón ghábhadh so, mar a n-abair ris an duine san .33. Salm, declina a malo et fac bonum ‘claon ón olc agus déana maith.’ Óir dá seachantar an
7565] t-olc leis agus an mhaith do dhéanamh, ní heagail dó teagmháil i ngaistibh an pheacaidh. Gidh eadh, an tí théid tar chomhairle an ríogh-fháidh, is guais dó go dteigéamhaidh i bpainntéar an pheacaidh.

An t-aonmhadh goin déag

Is trés an nguais se do bheith i gcionn an duine, fhoráileas
7570] Críost ar na daoinibh i gcoitchinne bheith ar a gcoimhéad i n-oirchill ar na holcaibh se, mar a n-abair riú san .24. caibidil ag Matha, estote parati, quia nescitis diem neque horam ‘bíthe ollamh, óir ní feas daoibh lá ná uair.’ Dá chor i gcéill gurab


p.238

éigcinnte uair an bháis, tar ceann gurab cinnte an bás féin do
7575] rochtain gach aoin, do réir Iob san .34. caibidil, mar a n-abair, deficiet omnis caro ‘rachaidh an uile cholann ar ceal.’ Tuig gurab mar rabhadh dona daoinibh i gcoitchinne atá aní léaghthar san .20. caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar adubhairt Isaias fáidh ris an rígh Ezechias: dispone
7580] domui tuae, quia morieris ‘cuir ordughadh ar do theach, óir do-ghéabhair bás.’ Féach, a dhuine, nach tabhair cairde ar bioth dhó gan an bás dá rochtain. Dá chor i gcéill, acht giodh cinnte an bás, gurab éigcinnte aimsear an éaga. Is uime sin adeir Greaghóir naomhtha san seachtmhadh caibidil déag don aonmhadh
7585] leabhar déag do sgríobh dona Béasaibh, quid sunt nati homines in mundo nisi quidam flores in campo ‘créad iad na daoine iarna mbreith, acht mar bhlátha an mhachaire?’ Adeir Iob san cheathramhadh caibidil déag ag labhairt ar an duine, quasi flos egreditur, et conteritur, et fugit velut umbra, et nunquam in eodem
7590] statu permanet ‘tig amach amhail bhláth, agus brúittear é, agus téid ar ceal amhail sgáile, agus ní anann go bráth i n-éin-riocht.’ Agus adeir Saint Augustine, san naomhadh caibidil don treas leabhar déag ró sgríobh ar Fhlaitheas Dé, nach fuil san bhás acht amhail rioth. As na háitibh se is iontuigthe gurab éigcinnte obann
7595] uair an bháis, agus gurab gearr guaiseamhail éirim na beatha so, mar go samhailtear leis na hughdaraibh réamhráitte sin ré bláthaibh beaga nó ré réim reatha í. Is uime sin adeir Greaghóir diadhaire, ag meas an ainreachta 'na raibhe féin:

Idque ipsum quod vivo, velut rapidissimus amnis,
7600] qui sursum exoriens semper ad ima fluit. An Ghaoidhealg:

    1. Cosmhail mo bheatha ré heas,
      fáth dom chor i gceas ag triall,
      mar éirgheas d'fhoiléim aníos,
      7605] téid ar a hais síos go grian.
A briathraibh an ughdair se is iontuigthe gurab diombuan beatha nó ré an duine ar an saoghal so, mar go samhailtear leis

p.239

í ré buinne nó ré heas abhann fhuaduighthear lé fánaidh go foiréigneach go grian an tsrotha, agus éirgheas go héasgaidh obann
7610] i n-uachtar arís. Óir tar ceann gurab air féin go haonaránach do labhair san rann réamhráitte, más eadh, is iontuigthe as go mbeanann bríogh an roinn ris na daoinibh i gcoitchinne, agus gurab é fáth a dhéanta, do chor dhiombuaine na beatha aimseardha so i gcuimhne dhóibh.

An dara goin déag


7615] Tar ceann go dtugthaoi ré fhada d'aithreachaibh an tsein-reachta, mar go maireadh fear dhíobh seacht gcéad bliadhain, agus fear oile ocht gcéad bliadhain agus neach oile naoi gcéad bliadhain agus ós a chionn, amhail adubhramar san chéid-leabhar, más eadh, is follus gurab luaithe bhíos an bás ag cor na ndaoine
7620] fá ghreim anois ioná anall-ód. Agus saoilim gurab dá chur so i gcéill atá aní léaghthar ag Ezec. san naomhadh caibidil, mar do taidhbhrigheadh dhó aingeal go gcosaibh agus go sgiathánaibh, agus go bhfacaidh é ar dtús ag céimniughadh léna chosaibh agus dá éis sin ag eitill léna sgiathánaibh. Go fáthach, is é an
7625] t-aingeal úd teachtaire Dé .i. an bás, agus is eadh chialluighid na cosa ar a gcéimnigheadh, an maill-triall do-níodh anall-ód ag cor na n-ard-aithreach fá ghreim; na sgiatháin iomorra lé ndéanadh eitill, an luas do-ní sna haimsearaibh se, lé gcuireann na daoine fá ghreim dá bhfuadach leis; ionnus
7630] gurab ionann sgiobas dá sgríb an naoidhin agus an leanbh agus an macaomh, an t-ógán, an fear, an seanóir, agus an t-athlaoch. Gonadh dá éagcaoine sin adeir Iob san naomhadh caibidil, dies mei velociores sunt cursore ‘is luaithe mo laithe ioná reathaidhe.’ Dá chor i gcéill nach éasga chríochnuigheas an reathaidhe a
7635] réim ag triall go ceann a sgríbe ioná mar chríochnuigheas an duine bocht a bheatha san réim aimseardha so, mar go n-aimsigheann an bás ar gach aon-fhód é. Gonadh dá chor sin i gcéill atá Virgil ag tabhairt teasta ar an éag, mar a labhrann ar bhás a chodhnaigh. Ag so mar adeir:
7640] Illa rapit iuvenes, prima florente iuventa, non oblita rapit sed tamen illa senes.


p.240

Ag so mar adeir an file Gaoidhealach, ag teacht leis aní gcéadna:
    1. Ní léigfe an bás, buan an ghoimh,
      mairg is ciontach fá a chomhair,
      7645] do lucht an bheatha, is dearbh dhóibh,
      an leanbh seacha ná an seanóir.