Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 13

AN TREAS HALT DÉAG

'na gcuirthear i gcéill cia na ladrainn nó na díbhfeargaigh bhíos i gceilg rés an nduine, agá thoirmeasg ó thriall ar neamh; agus cionnus fhéadas é féin d'imdhídean orra agus lingeadh tharsa go neamh.

An chéad-ghoin

Tuig, a dhuine, ó tá an bealach baoghail se rés na daoinibh
6945] eatorra agus rochtain ar neamh, nach foláir dhuit inneall do chor ort féin, ré haistear aireach do dhéanamh go neamh. Déana ar dtús comhairle Phóil, san treas caibidil go Colo., mar a n-abair, exspoliantes vos veterem homine induite novum ‘iar mbuain an


p.219

tseanduine dhíbh féin, gabhaidh nua-dhuine umaibh.’ Ionann
6950] sin ré a rádh agus iar sgrios aibíde aosta athchaitte na hurchóide dhíbh, gabhaidh nua-bhrat niamhdha na neimhchionta ón aithrighe umaibh, ó's é is éadtroma ré haistear do dhéanamh faoi go flaitheas Dé. Agus is dá thuar so atá aní léaghthar in Exodo san aonmhadh caibidil déag, mar a bhforáileann Dia ar
6955] Chloinn Israel gach gustal trom dá raibhe aca do mhalairt ar ghréithibh geanamhla, agus as aisgeadhaibh uaisle éadtroma óir agus airgid ré hucht a n-imtheachta; agus fós, éadaighe úra éadtroma do chur iompa, agus a n-éadaighe arsanta d'fhágbháil ar mbeith ainiomchubhaidh ré haistear ná ré himtheacht do dhéanamh
6960] ionnta. Mar an gcéadna dhligheas an duine do dhéanamh ré mbeith ar tí imirce do dhéanamh a hÉigipt na hurchóide, truis trom an pheacaidh do mhalairt ar ghréithibh geanamhla na glan-dúthrachta, agus ceirte críona na coire do mhalairt ar aibídibh áilne ionaonaigh an ionnracais, mar atá bochtacht
6965] toileamhail i n-áit na sainnte, umhlacht ar son an uabhair, grádh ar son an fhuatha, óigh-réir ar son an fhoiréigin, geanmnaidheacht ar son na drúise, fírinne i n-áit na bréige, díoghrais ar son doimhéine, agus mar sin ó shin amach. Gidh eadh, bíd daoine dall-chroidheacha ann, chuireas rompa a gcleath do
6970] chor i dtalamh san bheathaidh se, agus luigheas ar an loise laomdha éirgheas leó san saoghal so, agus leathas iad féin orra agá n-ól go híotmhar anabaigh.

An dara goin

Is i bhfioghair na druinge sin atá aní léaghthar san seachtmhadh caibidil do leabhar Iudicum, mar do-rinne an caiptín Gedeon, ré
6975] hucht dulta ar siubhal sluaigh, fromhadh ar a laochraidh. Ar mbeith iomorra ag triall tar abhainn d'áirithe, tug dá aire an sluagh ag ól uisge, agus gach aon díobh do léigeadh a bhruinne ré lár, agus do chuireadh a bhéal ar an mbuinne dá ól, do thilleadh don bhaile iad, arna mheas dá bhíthin sin nach rabhadar infheadhma;
6980] agus gach aoin oile nach cuireadh acht a dhearna fán uisge dá ól, rug leis san eachtra é. Mar an gcéadna do-ní Gedeon mór, ar dTighearna Íosa Críost. Cuiridh a tuarastal an drong leathas


p.220

iad féin ar shaidhbhreasaibh, agus bhíos go híotmhar agá n-onfais féin ionnta. Acht cheana, an dream nach déin acht bas do
6985] thabhairt fá bhréagánaibh an tsaoghail, agus nach beanann acht a riachtanas asta, do-bheir Dia tuilleamh agus tuarastal dóibh, agus léigidh ar a shluagh go neamh iad. Agus tuigthear a briathraibh Seneca an dochar thig d'iomad neithe san bhioth, mar a n-abair, in Epist .48. ad Lucillum: et omnia quae supersunt,
6990] nocent; segetem nimia sternit ubertas, rami onere franguntur, ad maturitatem non pervenit nimia fecunditas ‘na huile neithe bhíos iomarcach, do-níd dochar. Leagaidh iomad toirtheamhlachta an gort. Bristear na géaga ón trom-thoradh. Aní bhíos ro-thoirtheamhail, ní thig i n-aibigheacht.’

An treas goin


6995] Is córaide iomorra don duine gan iocht do bheith aige as na heasgcáirdibh se ré mbí a roinn, mar atá an diabhal agus an saoghal agus an cholann, gurab anfhlatha éigneacha iad ré foghail agus ré fíor-lot do dhéanamh dhó. Do réir Michaeas san treas caibidil, mar a n-abair, comederunt carnem populi mei, et pellem
7000] eorum desuper excoriaverunt ‘do itheadar feóil mo phobail féin, agus do bheanadar a chroiceann buin-sgionn de.’ Dá chor i gcéill go mbíd na hanfhlaithe úd ag creim agus ag créachtnughadh an duine, agus ag buain tlaicht taitneamhaigh na ngrás de lé cloidheamh na coire. Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar
7005] san chúigeadh caibidil dona Cainticibh, mar a bhfuil anam an pheacthaigh ag éagcaoine a amarráin féin ré Dia, agus ag iomchasaoid ar an hanfhlaithibh úd. Ag so mar adeir, invenerunt me custodes qui circumeunt civitatem; percusserunt me: tulerunt pallium meum custodes murorum ‘fuaradar an fhorfhaire mé,
7010] bhíos ag gabháil timcheall na cathrach; agus do bhuaileadar mé, agus rugadar lucht forchoimhéada na múr mo mhatal leó.’ As na briathraibh se is iontuigthe gurab amhlaidh bhíd na hanfhlaithe úd ag taisteal mar lucht braith timcheall an duine, dá fhéachain an bhfuighdís éislinn nó éadaingean air, ré dol 'na sheilbh
7015] go sáruightheach, agus ré hargain do dhéanamh air. Agus go háirithe ní bhí socht ná seitheamh ar an aidhbhirseóir do shíor,


p.221

acht ag gabháil timcheall an duine, agá fhoráileamh air olc do dhéanamh, do réir Pheadair san chúigeadh caibidil don chéid- Eipistil, mar a n-abair ris na daoinibh iad féin d'iongabháil ar aimsighthibh an aidhbhirseóra, fratres, sobrii estote et vigilate,
7020] quia adversarius vester diabolus tanquam leo rugiens circuit, quaerens quem devoret ‘a bhráithre, bíthe measardha, agus déanaidh faire; óir atá bhar n-easgcara an diabhal ag gabháil timcheall, amhail leómhan chonfadhach, ag iarraidh an tí do chraos-shloigfeadh
7025] sé.’ As so is iontuigthe go mbí an diabhal do ghnáth ar foluamhain ag forfhaire, mar aon réna dhaosgar-shluagh, i n-oirchill ar an duine is gach aon áit, ré díoth do dhéanamh dhó. Gidh eadh, ní bhí cur ná cumas aige ar neach, acht an tí cheanglas rann ris, agus téid i meirleachas ar Dhia,
7030] maille ré caisléan an choguais do thabhairt 'na sheilbh do dhruim aontuighthe don olc, agus maille ré cuid dá dhroich-éadáil do ghlacadh uaidh, mar atáid na droch-smuaintighthe fhoráileas ar an duine, agus ghabhas greim dá chroidhe. Óir, amhail is meirleachas do neach éadáil mheirligh do ghlacadh, mar an
7035] gcéadna is meirleachas do láthair Dhé sealbh na bpeacadh marbhthach do ghlacadh ar fhoráileamh an mheirligh úd .i. an diabhal.

An ceathramhadh goin

Dá dteagmhadh dhuit, a dhuine, bheith i seilbh na bpeacadh soin, is eadh dhleaghair dhuit, a gcur as do sheilbh, ar eagla
7040] go dtiocfadh feadhmannach fír-chinnte Dé .i. an bás, go bhfuighbheadh sé i nglacadh agat iad, agus go dtiocfadh dhe sin t'fhagháil chiontach i sárughadh an dlighidh. Agus is do theagasg an duine go fáthach atá an chomhairle thug Iacob naomhtha dá mhuinntir, do réir mar léaghthar san .35. caibidil in Genesi, mar a n-abair,
7045] abiicite deos alienos qui in medio vestri sunt, et mundamini, et mutate vestimenta vestra ‘teilgthear libh uaibh na dée comhaightheacha atá in bhar measg, agus glantar sibh, agus déanaidh malairt ar bhar n-éadach.’ An réim céadna is cóir dona daoinibh i gcoitchinne do choimhéad, mar atá láimh-dhée Lúicifeir .i. na
7050] peacaidhe marbhthacha do ruagadh agus do sgrios a hárusaibh na hanma, agus iad féin d'fhothragadh agus d'ionnladh a tobar fhionnfhuar


p.222

fhíor-uisge na haithrighe; agus críon-bhrat na coire, bhíos 'na theimheal truaillidhe ar an anam, do sgrios de, agus glan- mhatal glé-mhaiseach na ngrás do ghabháil uime 'na ionadh soin.
7055] Ionann sin ré a rádh, agus na dubháilce agus na doibhéasa do thréigean, mar atá an craos do thréigean ar mheasardhacht, agus an mheabhail ar dheigh-mhéin, amhail adubhramar thuas.

An cúigeadh goin

Is córaide dhúinn sin do dhéanamh, aní léaghthar ag S. Augustine in Sermone S.Vincentii, mar a n-abair, duplicem aciem
7060] producit mundus contra milites Christi: blanditur enim ut decipiat, aut terret ut frangat ‘do-ní an domhan dá rinn d'inneall i n-aghaidh dhíolmhaineach Chríost: óir do-ní sáimh-chealgadh dá mealladh, nó cuiridh uathbhás orra do bhriseadh dhíobh.’ Tig Solamh leis aní gcéadna san chúigeadh caibidil do Leabhar na
7065] hEagna, mar a n-abair, spes impii tanquam fumus qui a vento diffusus est, et tanquam memoria hospitis unius diei praetereuntis ‘dóchas an pheacthaigh amhail deataigh sgaipthear lé gaoith, agus amhail chuimhne aoighidh aon-laoi amháin ag triall.’ Dá chor i gcéill nach fuil do thádhbhacht i ré an pheacthaigh ar an
7070] saoghal so, ar a dhiombuaine, acht mar an deataigh téid ar ceal do láthair, nó mar chuairt deóradh nach anfadh acht feadh laoi, agus gan a bhara faoi tilleadh go bráth arís. Is é aní céadna thug ar Esau a oighreacht do reic ar chorn bhracháin, do réir mar léaghthar san chúigeadh caibidil fichead in Genesi, mar a n-abair,
7075] en morior, quid mihi proderunt primogenita ‘féach, atáim ag fagháil bháis, créad an sochar do- ghéanadh mh'oighreachta dhamh?’ Mar sin, an tan do bhí i nguais bháis ón tart, do mheas nach raibhe tarbha dhó féin sna sealbhaibh saoghalta do bhí 'na chomhair, agus rug an corn bracháin do roghain tar na hoighreachtaibh
7080] do bhí 'na chomhair. Agus mar gur thréig sé na hoighreachta do bhí 'na chomhair, do sheachna an bháis chorpardha, is mó sa chách dhleaghair dhúinne bréagáin bheaga shoghluaiste an tsaoghail se do thréigean, d'eagla bháis na hanma do theacht díobh. Mar sin do thoicce an tsaoghail,
7085] do réir Cicero, de Amicitia, mar a n-abair, fortuna tanquam


p.223

medicus ignarus multos excaecavit ‘do mheall an fhortúin amhail liaigh ainbhfeasach an iomad.’ Agus is maith do thuig an págánach an dalladh do-bheir an saidhbhreas saoghalta ar na daoinibh. Is meas iomorra dhuine chraosaigh is cóir do bheith
7090] ar an tí bhíos ag caitheamh fleidhe, agus líonas é féin don ghairbh-bhiadh do-níthear do fhreastal ar dtús air, agus nach fágbhann slighe an mheasraidh folamh dá bhroinn. Mar sin do lucht na sainnte. Is meas craosaigh is cóir do bheith ar an tí nach fágbhann folamh cuid dá chroidhe, go bhfuighbheadh an bheatha
7095] shíor slighe ann. Uime sin ní cneasta don tí gusa roicheann saidhbhreas, a chroidhe do líonadh dhe, gan tslighidh d'fhágbháil folamh 'na chroidhe 'na dtuillfeadh grás Dé.

An seiseadh goin

Is córaide sin do dhéanamh, an teagasg do-bheir Dáibhídh Rí san .61. Salm mar a n-abair, divitiae si affluant, nolite cor
7100] apponere ‘dá raibhe saidhbhris ag lingeadh chugaibh, ná cuiridh bhar gcroidhe ionnta.’ Ionann sin ré a rádh agus nach cóir dona daoinibh dá dtabhair Dia saidhbhris, bheith airceasach 'na dtimcheall, dá gcor i sochar leith-leasach dhóibh féin, acht a mheas nach fuil acht reachtas nó stíobhardacht aca ré a dhéanamh
7105] orra, agus a riachtanas féin do bhuain asta, agus a mbeith tar a riachtanas do roinn ré bochtaibh agus ré deibhléanaibh Dé. Tuigthear so a briathraibh Basilius naomhtha san oraoid do sgríobh gus na toictheachaibh, mar a n-abair, ag labhairt ris an saidhbhir, nonne spoliator es, qui quae dispensanda accepisti propria reputas
7110] ‘an é nach foghlaighe thusa, shaoileas gurab sealbh dhíleas duit féin na neithe fuarais ré stíobhardacht do dhéanamh orra?’ As na briathraibh se is iontuigthe nach fuil acht coillidhe nó creachaire san toictheach choigleas a mhaoine 'na chomhair féin amháin, agus nach roinneann ris an mbocht iad.

An seachtmhadh goin


7115] Tuigthear aní céadna a briathraibh S. Bearnard, ag sgríobhadh go haird-easbog Senion, mar a n-abair, nostrum est (pauperes clamant) quod effunditis: nobis crudeliter subtrahitur quod vos


p.224

inaniter expenditis ‘aní diombailtear libh, is linne é, atáid na boicht ag éighmhe: is dínne bheantar go cruadhálach gach a
7120] gcaittear libh-se go díomhaoin.’ Atá an doctúir ainglidhe Naomh-Thomás, san seachtmhadh hairteagal don .66. ceist don dara mír don dara rann dá Dhiadhacht, ag teacht leis aní thuas. Ag so mar adeir, res quas aliqui superabundanter habent, ex naturali iure debentur pauperum sustentationi ‘na neithe bhíos iomarcach
7125] ag neach, do dhlighe na nádúire dleaghair a gcor do chothughadh na mbocht.’ Agus is uime so atá Críost ag teagasg na ndaoine do thaoibh aneithe céadna, do réir Lúcáis san seiseadh caibidil déag mar a n-abair, facite vobis amicos de mammona iniquitatis ‘déanaidh caraid daoibh féin d'ionnmhas na hurchóide.’
7130] Ionann sin ré a rádh agus cáirdeas Dé agus na mbocht do thuilleamh lé cuid dá maoinibh saoghalta do dháil dona bochtaibh ar son Dé. Atá Chrysostomus ag tabhairt aneithe céadna dá aire, mar a n-abair, super illud Matthaei .6., nolite thesaurizare: Quae stultitia est illic relinquere unde exiturus es, et illic non praemittere
7135] quo iturus es; illic ergo substantiam tuam colloco ubi patriam habes ‘créad é a mhéad do leimhe do mhaoin d'fhágbháil san áit is éigean duit do thréigean, agus gan a cur romhat san áit i bhfuil do thriall. Ar an adhbhar soin, cuir do shubstaint féin nó do mhaoin shaoghalta, mar a bhfuil th'athardha’ .i. flaitheas
7140] Dé. As na briathraibh se is iontuigthe gurab leamh don tí chruinnigheas toicce agus trom-chonách an tsaoghail, ré a fhágbháil ar an saoghal so, agus gan acht buailteachas ar an mbeathaidh se aige, agus gan a bheag nó a mhór do chur roimhe don tsean-bhaile atá ré síor-chomhnaidhe do dhéanamh aige .i. flaitheas Dé, is
7145] dúthaigh dhíleas dó, agus go bhféadfadh turnaethe dísle d'fhagháil ar an saoghal so, do ghlacfadh uaidh é, mar atáid boicht Dé.

An t-ochtmhadh goin

Is córaide sin do dhéanamh aní adeir Críost, san .25. caibidil ag Matha, mar a n-abair, ite maledicti, etc. ‘imthighidh romhaibh, a dhream mhalluighthe, san teinidh síordhaidhe, atá
7150] arna hollmhughadh don diabhal agus dá ainglibh. Óir do bhí ocras oram, agus níor biathadh libh mé; do bhí íota oram, agus ní


p.225

thugabhair deoch dhamh; do bhádhas nocht, agus ní thugabhair clúdadh dhamh; do bhádhas im dheóraidh, agus níor ghlac sibh ar aoigheacht mé.’ As na briathraibh se Chríost is iontuigthe
7155] gurab dream malluighthe na toicthigh nach fóireann riachtanas na mbocht. Atá Solamh ag teagasg an tsaidhbhir do thaoibh aneithe céadna amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil déag in Ecclo., mar a n-abair, ante mortem benefac amico tuo, et secundum vires tuas exporrigens da pauperibus ‘rés an mbás
7160] déana maith dot charaid, agus do réir do chumhacht soich do mhaoin dona bochtaibh.’ Tig S. Augustine leis aní gcéadna, in Tractatu .5. in Ioannem Post intitium: si habes superflua, da pauperibus, et Domini pedes tersisti ‘má tá iomarcaidh agat, dáil dona bochtaibh, agus do nighis cosa an Tighearna.’ Ionann sin ré a rádh agus an té
7165] agá mbiadh do thoicce shaoghalta nísa mhó ioná a riachtanas, dleaghair dhó a roinn ré bochtaibh an Tighearna, agus is ionann dó sin agus a dháil don Tighearna féin.

An naomhadh goin

Is córaide don tsaidhbhir so do dhéanamh, an droch-thuar do-ní Solamh dhó tré chruinniughadh an chonáich go haindlightheach,
7170] do réir na caibidleach céadna, mar a n-abair, qui acervat ex animo suo iniuste, aliis congregat, et in bonis illius alius luxuriabitur ‘an tí chruinnigheas óna intinn go haindlightheach, do dhruing oile thionóileas, agus bí neach oile macnaiseach 'na mhaoin.’ Dá chor i gcéill gur meinic bhíos duine oile ag
7175] borradh lé badhgaireacht i ngeall ar an saidhbhreas do-níthear do chnuasach leis an sanntach. Agus is é leasughadh dhleaghair do dhéanamh ann so, an conách, is craoiseach don diabhal ré créachtnughadh na n-anam, do chaitheamh ris féin dá mharbhadh, maille réna dháil do bhochtaibh Dé.

An deachmhadh goin


7180] Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san seachtmhadh caibidil déag don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar atá gurab lé cloidheamh anfhathaigh Goliath féin do dícheannadh lé Dáibhídh é. Mar an gcéadna, ó's arm don aidhbhirseóir an


p.226

conách nó an ciste saoghalta, is eadh dhligheas an duine, a
7185] chaitheamh ris an aidhbhirseóir dá mharbhadh, mar atá a dháil do bhochtaibh Dé. Tig leis so aní léaghthar ag Lactantius, mar a n-abair, dá ndearna an airc luachra créacht ar neach, gurab eadh dhleaghair dhó, crithir do luaithreadh airce luachra do chrothadh ar an gcréacht, agus biaidh slán mar sin. Mar an
7190] gcéadna dá ndearna an conách saoghalta créacht ar do choguas, is eadh dhligheas tú do dhéanamh, ceirín don chonách chéadna do chur do leigheas an luit do-ní an tsainnt lér thionólais é ar do choguas, maille réna dháil do bhochtaibh Dé, an mhéid bhíos ós cionn do riachtanais agat. Adeir Albertus san leabhar
7195] ro sgríobh de Vegetabilibus, an tan chroittear bruar nó luaithreadh na gloine bhristear i nead an fhéich, go dtréigeann an fiach an nead ó shoin amach. Mar an gcéadna don fhiach dhubh urchóideach .i. an diabhal, mar do-gheibh mian sgaoilte chonáich aibrisg an tsaoghail ag an saidhbhir, tréigidh bheith ag iarraidh
7200] seilbhe ann.

An t-aonmhadh goin déag

Is cóir dhúinn mar an gcéadna sinn féin do chaomhna ar an diabhal, maille ré guidhe do dhruim umhlachta do dhéanamh go Dia. Agus is móide is indéanta dhúinn sin, an gealladh tug Dia don druing do-ní guidhe do dhruim umhlachta; do
7205] réir mar léaghthar san .35. caibidil in Ecclo., mar a n-abair, oratio humiliantis se nubes penetrabit, et non descendet donec Altissimus aspiciat ‘tollfaidh urnaighthe an umhail na neóill, agus ní thurnfa go dtuga an tí is ro-airde dá aire í.’ Tig Críost leis so san .23. caibidil ag Matha, mar a n-abair, qui se
7210] humiliaverit, exaltabitur ‘an tí do-ghéana é féin d'inísliughadh airdeóchar é.’ Tig Dáibhídh leis so san .101. Salm, mar a n-abair, respexit Dominus in orationem humilium, et non sprevit precem eorum ‘tug an Tighearna dá aire urnaighthe an umhail, agus níor tharcuisnigh a ghuidhe.’ Is iontuigthe as na háitibh
7215] se go mbí Dia buidheach do lucht na humhla agus an chrábhaidh, agus dá réir sin gurab airm dhísle ré dídean na hanma ar aimsighthibh an aidhbhirseóra iad.


p.227

An dara goin déag

Is cneasta dhúinn mar an gcéadna sinn féin do chaomhna ar cheilg-mhianaibh na colna. Agus is uime sin dár dteagaisg-ne
7220] mhaoidheas Pól go gciorrbhadh a cholann féin, amhail léaghthar san naomhadh caibidil don chéid-Eipistil gusna Coirintibh, mar a n-abair, castigo corpus meum, et in servitutem redigo ‘smachtuighim mo cholann féin agus cuirim fá bhroid í.’ As na briathraibh se is iontuigthe go ndleaghair don duine a cholann agus
7225] a chéadfadha do chuibhreach ón olc. Ar dtús, a choimhéad ó choir na drúise, do réir Mhaoise san .20. caibidil in Exodo, mar a n-abair non concupisces uxorem proximi tui ‘ná sanntuigh bean do chomharsan.’ Tuig, a léaghthóir, mar adeir gan a sanntughadh, gurab mó sa chách adeir gan míghníomh do dhéanamh ré
7230] mnaoi phósta ná ré mnaoi neamhphósta. Agus is eadh adeir Pól san seiseadh caibidil don chéid-Eipistil gusna Coirintibh, fornicarii regnum Dei non possidebunt ‘ní ghéabhaid lucht an tátha sealbh fhlaitheasa Dé.’ As na briathraibh se is iontuigthe go gcaillid lucht an tátha a gcuid do sheilbh fhlaitheasa Dé,
7235] agus dá réir sin go mbíd damanta go déanamh aithrighe dhóibh.

An treas goin déag

Dlighidh fós an duine an craos do sheachna, do bhríogh go dtabhair Críost a mhallacht do lucht an chraois, do réir mar léaghthar san seiseadh caibidil ag Lúcás, mar a n-abair, vae vobis qui saturati estis, quia esurietis ‘mallacht daoibh, a
7240] dhream atá sáthach, óir biaidh ocras oraibh.’ As so is iontuigthe gurab malluighthe an dream do-ní iad féin broinn-líonta ré biadhaibh soineamhla tar a n-acfuinn, chuireas iad ó bheith infheadhma ré foghnamh do dhéanamh ré Dia. Do-bheir Dia a mhallacht mar an gcéadna do lucht an chraos-óil,
7245] do réir mar léaghthar san chúigeadh caibidil ag Isaias, mar a n-abair, vae vobis qui potentes estis ad bibendum vinum, et viri fortes ad miscendam ebrietatem ‘mallacht daoibh, a dhream bhíos cumhachtach ar ól an fhíona, agus a fhiora bhíos tréan ar chumasg na meisge.’ As na briathraibh se is iontuigthe gurab


p.228


7250] malluighthe an dream nach cuireann srian riú féin, dá bhfastódh ó choir an chraos-óil.

Dlighidh fós an duine cosg do chor ar amharc ainmhianach a shúl. Agus is uime sin adeir Matha san chúigeadh caibidil, si oculus tuus scandalizat te, abiice eum ex te ‘dá dtuga do shúil
7255] masla dhuit, ruagthar leat uait í.’ As na briathraibh se is iontuigthe dhúinn go ndleaghair smacht do chur ar an súil dá toirmeasg ar amharc aindlightheach do dhéanamh, dá dtiocfadh lot ar n-anma. Is meinic thig dhi iomorra daoine ionnraca do ghríosadh ré déanamh uilc. Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní
7260] léaghthar san aonmhadh caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh ar Dháibhídh, mar tháinig don tsilleadh thug ar Bersabe a chor ó bheith ionnraic go beith 'na adhaltrannach. Is do chor an duine ar a choimhéad ar an nguais se na súl adeir Críost san chúigeadh caibidil ag Matha, mar
7265] a n-abair, qui viderit mulierem ad concupiscendam eam, iam moechatus est in corde suo ‘an tí fhéachfas ar mhnaoi réna sanntughadh, do-ní annsoin céileachas 'na chroidhe.’ As sin is iontuigthe gurab mór an ghuais 'na mbí an duine do thaoibh na súl, agus dá réir sin go ndleaghair dhó faire innill do dhéanamh
7270] air féin, d'eagla go dtiocfadh créachtnughadh a choguais di.

An ceathramhadh goin déag

Dlighidh mar an gcéadna an duine a bhéal do choimhéad ó dhroch-ráittibh, mar atáid bréaga agus baoth-fhocail, agus go mór-mhór, ón ithiomrádh. Agus is córaide do neach an t-ithiomrádh do sheachnadh, an bagar díoghaltach do-ní Dia air, tré fhodhord
7275] nó tré ithiomrádh do dhéanamh, do réir Dháibhídh, san .100. Salm, mar a n-abair, detrahentem secreto proximo suo, hunc persequebar ‘an tí ithiomráidheas ós íseal a chomharsa, do-ghéan inghreim air.’ Ionann sin ré a rádh agus go mbí Dia go cinnte ar dhruim na druinge do-ní an t-ithiomrádh. Agus is trés
7280] an ngoimh se do bheith san ithiomrádh do-ní Dáibhídh an t-ithiomráitteach do choimmeas ré huaigh, amhail léaghthar san .13. Salm, mar a n-abair, sepulcrum patens est guttur eorum ‘is uaigh osgailte a mbraighde súd.’ Dá chor i gcéill,


p.229

amhail bhíos bréantas dofhulaing ag lingeadh d'ablachaibh
7285] murguighthe na marbh san uaigh, gurab mar sin bhíos droch-bholadh na doimhéine ag brúchtadh a braighdibh luchta an tuaithleasa, go sgéidhid go sgunnach as a mbéalaibh amach iad. Adeir fós Pól san chéad-chaibidil gusna Rómhánchaibh, detractores Deo odibiles ‘atáid lucht an ithiomráidh fuathmhar ag Dia.’

An cúigeadh goin déag

Ní hiad na céadfadha so amháin dhligheas an duine do choimhéad ó olc, acht a uile chéadfadha ar-cheana, agus fós a smuaintighthe. Agus is córaide dhó sin do dhéanamh, go mbí d'fhiachaibh air cúntas do thabhairt do Dhia ré hucht an bháis,
7295] do réir Lúcáis san seiseadh caibidil déag, mar a n-abair, redde rationem villicationis tuae ‘tabhair cúntas do ghabháltais féin uait.’ Dá chor i gcéill go fáthach, amhail adubhramar thuas, gurab éigean dá gach neach cúntas do thabhairt do Dhia ré hucht an bháis, ní headh amháin 'na dhoibheartaibh, acht
7300] mar an gcéadna 'na dhroch-smuaintighthibh, do réir Sholaimh san chéad-chaibidil do Leabhar na hEagna, mar a n-abair, in cogitationibus impii interrogatio erit ‘biaidh fiafraighe ar an bpeacthach 'na smuaintighthibh.’ Ionann sin ré a rádh agus go mbeanfaidhear cúntas 'na smuaintighthibh dhe. Tig Matha
7305] leis so san deachmhadh caibidil, mar a n-abair, vestri capilli capitis omnes numerati sunt in caelo ‘atáid uile ruainneach bhar gcinn arna n-áireamh ar neamh.’ Ionann sin ré a rádh agus go mbí gach mion-smuaineadh dá ndéin an duine, idir mhaith agus olc i leabhar cúntasa Dé, ré cúitiughadh do thabhairt dá chionn.
7310] Adeir fós Matha san dara caibidil déag gurab éigean dá gach neach cúntas do thabhairt uaidh in gach uile bhréithir dhíomhaoin dá n-abair. Agus do reir a ndubhramar gurab éigean do neoch cúntas do thabhairt 'na smuaintighthibh agus 'na bhriathraibh díomhaoine, is mó sa chách bheanfaidhear cúntas 'na mhí-ghníomhaibh
7315] dhe.

An seiseadh goin déag

Is i bhfioghair an chúntasa so atá aní léaghthar san .22. caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh,


p.230

mar fuair an sagart Helchias leabhar an reachta i bhfolach san teampall, agus mar do léigh do láthair Iosias Ríogh é; agus is eadh
7320] fuair ann, díoghaltas Dé agá bhagar ar Chloinn Israel tré mhíréir Dé do dhéanamh, agus gealladh Dé mar an gcéadna ré soirbhiughadh dhóibh tré thoil nDé do choimhlíonadh. Is ris aní gcéadna bheanas aní léaghthar san seiseadh caibidil do Leabhar Hester, mar do chuir Assuerus Rí cuartughadh ar a leabhraibh irse agus
7325] annálach, do lorgaireacht ghníomh a lochta leanamhna agus a íochtarán féin, ionnus, do réir a ndeigh-ghníomh nó a ndoi-bheart, go dtugadh cúitiughadh dhóibh, nó go ndéanadh smacht orra. Mar an gcéadna do-ní Dia ris na daoinibh. An dream do-gheibh cródha calma ré cathughadh ré heasgcáirdibh Dé,
7330] mar atá an diabhal agus an saoghal agus an cholann, do-bheir tiodhlaicthe agus trom-shochair dhóibh; agus an dream do-gheibh meatta míolaochdha, agus do-bheir iad féin ar chumas na námhad gcéadna, do-ní Dia díoghaltas díbhfeargach orra.

An seachtmhadh goin déag

Do bharr ar gach anfhochain oile dá mbí orra, do-bheir an
7335] t-aidhbhirseóir 'na ndaoirseachaibh don pheacadh iad, an tan aontuighthear leó a dhéanamh. Is uime sin adeir Eóin san ochtmhadh caibidil, qui facit peccatum servus est peccati ‘an tí do-ní peacadh, is daoirseach don pheacadh é.’ Dá chor i gcéill gurab i moghsaine nó i sglábhaidheacht bhíos an peacthach
7340] ceangailte lé téadaibh cruaidh-righne na coire; do réir Sholaimh san chúigeadh caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, funibus peccatorum suorum quisque constringitur ‘ceangailtear gach neach lé téadaibh a pheacadh féin.’ Is iontuigthe as a ndubhramar gurab saidhleóir nó giall-choimhéadaighe don
7345] diabhal an peacadh; agus mar is túsga do-bheir an diabhal an duine aontuigheas don olc ar chumas an pheacaidh, is eadh do-ní ris, a cheangal go docht lé géibheannaibh iarnaidhe na hurchóide. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san .33. caibidil don dara leabhar do Pharalipp. mar do chuir taoiseach
7350] na hAssiria Manasses Rí do láthair iarna ghabháil i nglasaibh. Mar sin do-ní an taoiseach úd .i. an diabhal .i. an peacadh is


p.231

ceann feadhna dhó faoi féin, mar théid aige ar an bhfiréan — cuiridh urchall na hurchóide faoi. Tig S. Augustine leis aní gcéadna mar a n-abair, Libro quarto de Civ. Dei.: bonus autem si
7355] servit liber est; malus autem etsi regnat servus est; nec est unius hominis, sed, quod gravius est, tot dominorum quot vitiorum ‘an deagh-dhuine, bíodh gurab daoirseach é, is saoirseach é; an do-dhuine cheana, cia do bhiadh i bhflaitheas, is daoirseach é; agus fós, ní daoirseach fá aon-duine é, acht nísa mheasa ioná sin,
7360] uiread a bhfuil do lochtaibh ann, atá an uiread soin do thighearnaibh air.’ Ionann sin ré a rádh agus go mbí an duine i mbroid agus i moghsaine ag gach gné pheacaidh dá mbí ann, agus go mbí gach éin-ghné pheacaidh dá mbí ann 'na tighearna air.