Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 12

AN DARA HALT DÉAG

'na gcuirthear i gcéill an sochar 'na dtéid dona daoinibh tuarasgbháil ifrinn agus a phian do chlos; agus an oirchill dhlighid do bheith rompa ré a seachnadh; agus cionnus fhéadtar a seachnadh.

An chéad-ghoin

Measaim, a léaghthóir, cibé Críostaidhe caon-dúthrachtach
6745] do-bhéaradh dá aire na guaise réamhráitte reacthar do bheith i bpianaibh ifrinn, go ngéabhadh anbhuain aigeanta agus criothnughadh croidhe é; agus mar gur chuir ar Slánuightheóir milis Iosa allus fola dhe, tré orghráin résan mbás gcorpardha, amhail léaghthar ag Lúcás san .22. caibidil, is mó sa chách dhligheas
6750] an peacthach bocht uamhan agus imeagla do bheith air, iar gclos na nguasacht so atá 'na chionn, agus oireagar innill do chur air féin 'na n-ucht. Cia an duine díchéillidhe dúr-aigeantach nach biadh ar a choimhéad orra agus nach géabhadh gráin rompa iarna gclos? Gonadh uime sin adeir Cassianus in Confess. th.
6755] per .3. Quis egro fidelium haec audiens et talia sciens non contremiscat? Digito ignem modicum tangere horremus, et pedibus coniici? ‘uime sin, ar sé, cia an Críostaidhe, iar gclos a n-ionnshamhla súd, agus iarna bhfios, nach coimhchrithfeadh? Is déistineach linn
6760] buain ré teinidh mbig lénar méar, agus cionnus nach beimís


p.213

oirmheata trénar dteilgean i slaoid-teinidh, iar mbeith ceangailte dár lámhaibh agus dár gcosaibh!’

An dara goin

Is í an ghuais se do-ní Pól do bhagar, amhail léaghthar san deachmhadh caibidil gusna hEabhraidhibh mar a n-abair, horrendum
6765] est incidere in manus Dei viventis ‘is uathbhásach teagmháil i lámhaibh an Dé bheó.’ Uime sin adeir Dáibhídh Rí san dara Salm, servite Domino in timore ‘déanaidh feidhm don Tighearna i n-eagla.’ Dá chor i gcéill, gach foghnamh dá ndéin duine do Dhia, gurab amhlaidh dhligheas a dhéanamh do
6770] dhruim fhaitcheasa.

An treas goin

Dá bhfiafruigheadh neach créad as ar dheónuigh Dia na teasta agus na tuarasgbhála urghránna uathbhásacha úd do-bheir an Scrioptúir agus na haithreacha naomhtha ar il-phianaibh ifrinn, is eadh is fáth dhó, do mhusgladh meanman na bpeacthach a
6775] suan seachmaill agus a néall neamhfhaire, ionnus an drong dhíobh nach saothruigheann subháilce ar ghrádh na glóire, go ndiongnadaois a ngníomhughadh d'eagla na bpian úd. Óir amhail do-ní an rí críonna fuireachair, ar mhaith réna ríoghdhacht, do stiúradh a fhlaitheasa go críonna, príosúin nó carcracha do
6780] chor 'na chathrachaibh, agus crocha do chur ar chnocaibh a thíre, do mhúchadh mheirleachais díbhfeargach agus lochta foghluighthe a dhúthaighe, dá gclódh ó chlaonadh nó ó choill a reachta, mar an gcéadna do-ní Dia an uaimh ifreannda gona pianaibh do bhagar ar na peacthachaibh dá n-iomchlódh óna n-olcaibh.

An ceathramhadh goin


6785] Léaghthar sompla cosmhail ris so ag Ammianus, san .23. leabhar, ar rígh do bhí ar an bPersia, darbh ainm Cambyses. Dobhí iomorra breitheamh breabóideach, darbh ainm Sisamnes, ag an rígh se, rug claoin-bhreath mar gheall ar chumaoin fuair ó neach don dá rann do bhí i n-imreasan, agus an tan fuair
6790] an rí deimhin air sin, rug breith bháis ar an mbreitheamh, agus


p.214

fós tug fá-deara a chroiceann do bhuain de, agus a chur mar chumhdach ar an gcathaoir bhreitheamhnais 'na gcleachtadh an breitheamh bheith, mar shompla dona breitheamhnaibh oile dothiocfadh 'na dhiaidh, ionnus nach déandaois claonadh an
6795] reachta.

An cúigeadh goin

Léaghthar mar an gcéadna ag Diodorus Siculus san chúigeadh leabhar déag, go dtug Artaxerxes, rí na Persia, fá-deara mórán dona huachtaránaibh do bhí faoi féin do chosgairt, agus a gcroicinn do chrochadh ós cionn na cathaoireach 'na
6800] gcleachtaoi leó bheith ag déanamh breitheamhnais, mar shompla don druing tigeadh dá n-éis, dá gcongbháil i n-eagla, dá dtiocfadh iad dá gcoimhéad féin neimhchiontach. Léaghthar san seiseadh caibidil déag do Leabhar na Nuimhreach gur dheónuigh Dia Core Dathan agus Abiron mar aon ré dá fhichid déag oile do shlogadh
6805] san talamh tré shárughadh reachta Dé. Is follus fós as an seachtmhadh caibidil in Genesi gur báthadh an cine daonna uile go haon-ochtar tréna n-olcaibh. Is dearbh mar an gcéadna as an naomhadh caibidil déag in Genesi gur sloigeadh líon Sodoma agus Gomorra go lucht chúig gcathrach san talmhain, tré
6810] fheirg nDé do thuilleamh.

An seiseadh goin

Is do theagasg na ndaoine, agá fhoráileamh orra marthain i n-eagla Dé, atá aní léaghthar ag Matha san deachmhadh caibidil mar a n-abair, nolite timere eos qui occidunt corpus, animam autem non possunt occidere, sed potius timete eum, qui potest et animam et
6815] corpus mittere in gehennam ‘ná bíodh eagla oraibh rés an druing mharbhas an corp, óir ní fhéadaid an t-anam do mharbhadh, acht bíodh eagla oraibh rés an tí fhéadas an t-anam agus an corp do chor san bhráith-theinidh.’ As so is iontuigthe go ndleaghair dhúinn eagla Dé do bheith orainn tar omhan chréatúra san
6820] gcruinne.

An seachtmhadh goin

Is ag foráileamh eagla Dé do bheith orainn atá aní léaghthar ag Plutarchus, in Opusculis, ar Romulus, an céid-phrionnsa lér


p.215

tógbhadh an Róimh. Is eadh iomorra do-rinne, a láimh-dhée do dhéanamh armtha, do choimhéad luchta a n-adhartha i
6825] n-eagla. Mar an gcéadna ní háil ré Dia gan é féin do thaisbéanadh armtha maille ré sgiúrsadhaibh sgoith-ghéara phian ifrinn do bhagar ar na daoinibh, dá gcongbháil fá chuing umhlachta agus óigh-réire dhó féin. Óir ní fhuil sás na n-ainmhianach do chosg dá gcoirthibh is mó ioná uathbhás na n-il-phian do bhagar orra.

An t-ochtmhadh goin


6830] Tig leis so an fábhaill-sgéal léaghthar ag Lúcás san seiseadh caibidil déag, mar a n-iarann an saidhbhir sádhail, agus é i n-ifreann, ar Abraham, an bocht Lazarus do chur lé rabhadh go teach a athar féin, do thabhairt teasta agus tuarasgbhála ifrinn dá bhráithribh, dá gcor ar a gcoimhéad. Ag so briathra an tsaidhbhir ré Abraham,
6835] rogo te, pater, ut mittas eum in domum patris mei; habeo enim quinque fratres, ut testetur illis ne et ipsi veniant in hunc locum tormentorum ‘guidhim thú, a athair, ar sé, go gcuirtheá é sin go teach mh'athar féin; óir atáid cúigear dearbhráthar agam, go dtugadh tuarasgbháil dóibh, ionnus nach tiocfadaois sin gus an ionadh so na bpian.’
6840] As so is iontuigthe gurab mór an sás duine do chongbháil ón olc, na piana ifreannda, is sgiúrsadha ag Dia ré smachtughadh na bpeacthach, do bhagar air.

An naomhadh goin

Tig S. Bearnard leis so in Floribus, mar a n-abair, et sane si amor Dei te tenere non potest, saltemm teneat et terreat timor iudicii,
6845] metus gehennae, laquei mortis, dolores inferni, ignis urens, vermis corrodens, sulphur foetens, torrens flamma, et omnia mala tartaria ‘agus go dearbh, ar sé, muna fhéada grádh Dé do chongbháil, go háirithe congbhadh agus orghráineadh uamhan an bhreitheamhnais, eagla na bráith-theine, gaisteadha an bháis, tinnis ifrinn, teine
6850] ag losgadh, cruimh ag coimhchreim, raibh ag bréanadh, buinne lasrach, agus na huile olca ifreannda thú.’ As so is iontuigthe gurab ursa chongbhála ré cathughadh ris na holcaibh, smuaineadh ar na críochaibh guasachtacha atá i gcionn an duine.


p.216

An deachmhadh goin

Is uime sin atá Dia ag ordughadh go mbiadh cuimhne ag na
6855] daoinibh ar a gcríochaibh déidheancha, amhail léaghthar san .32. caibidil ag Deut., mar a n-abair, ag labhairt ar na peacthachaibh, utinam saperent et intelligerent, ac novissima providerent ‘dob fhearr liom go n-eagnuighidís agus go dtuigdís, agus go n-oirchilltí leó a neithe roi-dhéidheancha.’ Dá chor i gcéill gomadh mian
6860] leis na daoine do chuimhniughadh ar na críochaibh guasachtacha atá rompa, mar atá an bás, breitheamhnas, agus piana ifrinn agus tréigean na glóire. Uime sin atá Bearnard naomhtha san seiseadh caibidil do leabhar a Naomh-smuaineadh ag teagasg an pheacthaigh, agus agá sheóladh dhó cionnus do fhéadfadh é
6865] féin do dhídean ar na guaisibh réamhráitte. Ag so mar adeir, antequam puteus te absorbeat, poenitere; priusquam infernus te rapiat, peccata tua luge; priusquam in profundum inferni mergaris, negligentias tuas plange, ubi iam non est locus confessionis. Quare? Quia in inferno nulla est redemptio ‘sul
6870] shloigfeas an churr thú, déana aithrighe; sul fhuaideóchas ifreann tú, caoi do cheana; sul bháidhfidhear i bhfodhomhain ifrinn tú, caoin do sheachmaill: áit anois 'snach fuil ionadh maithmheachais, áit 'snach fuil anois ionadh subhachais, mar nach fuil cead aithrighe; áit 'snach fuil anois cead leasuighthe,
6875] áit 'snach fuil anois ionadh faoisidneach. Créad an t-adhbhar? Do bhríogh nach fuil aon-fhuasgladh i n-ifreann.’

An t-aonmhadh goin déag

A chara ionmhain, is córaide dhúinn teagasg S. Bearnard do ghabháil annso, gurab eadh iarras féin ar Dhia, cabhair do thabhairt dó, ré bhféadfadh na baoghail chéadna do sheachnadh.
6880] Ag so mar adeir san chúigeadh caibidil do leabhar a Naomh- smuaineadh, subveni mihi, Deus meus, priusquam ad tormenta perveniam, priusquam me devoret ignis gehennae, priusquam sine termino crucier in inferno ‘a Dhé, cabhair mé, sul roichfead gusna pianaibh, sul shloigfeas teine an bhrátha mé, sul chéasfaidhear
6885] gan chrích i n-ifreann mé, agus sul thiocfar i ndáil na bpian.’ Atá S. Augustine ag teagasg aneithe céadna dhúinn, agus agá sheóladh


p.217

dhúinn cionnus chuirfeam inneall orainn féin ré hucht na nguasacht réamhráitte. Ag so mar adeir, san leabhar ro sgríobh ar an gCreideamh go Peadar, tempus acquirendi vitam aeternam Deus
6890] hominibus dedit, ubi voluit etiam poenitentiam esse fructuosam ‘san bheathaidh se amháin do dháil Dia dona daoinibh aimsear ghreamuighthe na beatha síordhaidhe, áit 'nar toil leis mar an gcéadna an aithrighe do bheith toirtheach.’ As na briathraibh se is iontuigthe gurab í an fhíor-aithrighe is comhla agus is cliath
6895] chosnaimh ag na daoinibh, ré hiad féin do chaomhnadh ar il- phianaibh ifrinn. Agus ná measadh aoin-neach go bhfuil ar a chumas féin fíor-aithrighe do dhéanamh go mbuaileann an Spiorad Naomh béim fleisge ré fardorus ar chomhlaidh a choguais, lé grásaibh forfhógarthacha mhusglas an mheanma ré
6900] cais-iompódh ar a Chruthuightheóir agus ré tréigean na n-olc. Gidh eadh, tugadh an duine dá aire go mbí go meinic aithrighe fhallsa fhollásach ann, amhail do bhí ag Antiochus, agus nach gabhann Dia a samhail sin mar dhíol ón pheacthach. Óir, mar nach gabhthar an monadh fallsa i ndíol na bhfiach bhíos ar neach, do réir Ulpianus
6905] .5. de Pignor .Action., mar an gcéadna ní ghabhann Dia an bhréag- aithrighe ón pheacthach i ndíol na n-olc do-rinne. Och, a dhuine thruaigh, cia an croidhe clochdha nach beadhgfadh iar meas gach mór-ghábhaidh dá bhfuil rés an bpeacthach, ré triall go hainriochtach a staid na beatha so don fhlaitheas neamhdha?

An dara goin déag


6910] Is saobh an seachrán don pheacthach shaoileas é féin do thriall go saor-dhálach ar neamh tré shádhaile agus tré shaidhbhreasaibh, agus gan duadh ná docamhal d'fhulang do thuar ná do thuilleamh an fhlaithis neamhdha; agus a mhionca fá héigean dona naomhaibh agus dona fíréanchaibh ulc agus amfhorrán, broid agus
6915] bochtacht, díbirt agus deóraidheacht, fuacht agus íota agus ocras, agus il-iomad anfhorlann oile d'fhulang do cheannach nimhe dhóibh féin! Agus is ag meas aneithe céadna do Ghreaghóir naomhtha i Homilia dh'áirithe, mar a n-abair, cum recognosco Iob in sterquilinio, Ioannem esurientem in eremo, Petrum extentum in patibulo,
6920] Iacobum decollatum ab Herode gladio, cogito qualiter Deus in


p.218

futuro cruciabit quos reprobat, quia ita dure affigit quos amat ‘an uair mheasaim (ar sé) Iob san charn aoiligh, Eóin ocrach ar an bhfásach, Peadar sínte ar an gcroich, Séamus dícheannta ó Ioruaith lé cloidheamh, smuainim cionnus chéasfas Dia san aimsir
6925] atá ré teacht an dream is fuathmhar leis, mar go mbuaidhearthar leis comh-dúr soin an dream is ionmhain leis.’ As so is iontuigthe nach suarrach saor-dhálach an ceannach is éigean do neach do thabhairt ar fhlaitheas Dé; ní hionann agus mar mheasaid na heiriceadha, nó mar do shaoil máthair chloinne Zebedaeus,
6930] amhail léaghthar ag Matha san .20. caibidil. Gidh eadh, tuigthear a briathraibh Críost san chaibidil chéadna nach gan ulc do-geibhthear neamh; mar do fhiafruigh do chloinn Zebedaeus an bhféadfadaois corn na páise d'ól mar aon ris féin. Ionann sin ré a rádh agus go raibhe d'fhiachaibh orra duadh
6935] d'fhulang ré flaitheas Dé do thuar dhóibh féin. Agus is iontuigthe as sin go bhfuil d'fhiachaibh ar gach n-aon saothrughadh ré flaitheas Dé do ghreamughadh. Do bhríogh a ndubhramar, a dhuine, treabh go tarbhach branar samhraidh na subháilceadh, agus déana foirse fíréanda faoisidneach ar ithir th'anama, agus tabhair
6940] ucht ar ar na haithrighe; ionnus go mbiadh airmnighe ionnracais it chomhair san iothlainn aingealda úd na cathrach neamhdha, mar lón shíordhaidhe réd chothughadh féin tré shaoghal na saoghal.