Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 11

AN T-AONMHADH HALT DÉAG

'na reacthar na teasta uathbhásacha do-bheirid na naomh-aithreacha ar ifreann gona phianaibh.

An chéad-ghoin

Ag so mar adeir S. Augustine, ag labhairt ar uathbhás ifrinn,
6375] amhail léaghthar san dara caibidil don leabhar ro sgríobh ar na Trí hÁrusaibh, illic poena horroris, poena foetoris, poena timoris, poena tenebrarum, severitas tortoris, praesentia daemonum, feracitas bestiarum, crudelitas ministrantium, dilaceratio immortalium vermium, dolor sine remedio, vincula sine solutione, mors aeterna, poena sine
6380] fine, absentia Christi, quoad visionem eiuc, quae omnia supradicta superat, et omnibus poenis est intolerabilior ‘atá annsoin, ar sé, ag labhairt ar ifreann, pian uathbháis, pian bhréantais, pian eagla, pian dorchadais, géar-smacht an chéastúnaigh, aon-láithreachas na ndeamhan, dásacht na mbeathadhach, cruadh-dháil na
6385] n-amhus, raobadh na gcrumh ndomharbhtha, tinneas gan leigheas, géibhinn gan sgaoileadh, bás síordhaidhe, pian gan chrích, éagmais Chríost maille ré gan é d'fhaigsin, ní do sháruigh na huile phiana réamhráitte, agus is dofhuilnge dona huile phianaibh.’ As so is iontuigthe éagsamhlacht agus urghráin phian ifrinn. Is
6390] iontuigthe fós as, tar a bhfuil do ghoimh i bpianaibh gníomhacha ifrinn, gurab mó do phéin easbaidh na glóire ioná iad uile. Is uime sin adeir Chrysostomus, san seachtmhadh Homil. déag go


p.202

pobal Antioc: multi inferni ignem timent, sed ego maxime amarum dico amissionem gloriae ‘bí eagla theine ifrinn ar a lán, gidh
6395] eadh adeirim-se gurab roi-sheirbhe easbaidh na glóire ioná í.’ Tig Basilius naomhtha san .26. Homil. leis so, mar a n-abair, intolerabilis res est gehenna, quis nesciat supplicium illud horribile? Tamesti mille alias ponat gehennas, nihil est tale dicturus, quale est a beatae illius gloriae honore propelli, exosum esse Christo, et audire
6400] ab illo, ‘non novi te’ ‘ní dofhulaing, ar sé, an bhráith-theine, cia dánach feasach an pheannaid uathbhásach úd?’ Bíodh go luaidhfeadh neach míle bráith-theine, ní aibeóraidh éin-ní bhus samhail do bheith ruagtha ó onóir na glóire úd, bheith fuathmhar ag Críost, agus a chlos uaidh, ‘ní aithnim thú.’ Is uime
6405] sin adeir Hugo de Sancto Victore san dara leabhar ro sgríobh ar an anam, quis putas tunc moeror erit, quae tristitia, cum separabuntur impii a consortio sanctorum, et a visione Dei, et traditi in potestatem ibunt cum ipsis in ignem aeternum ‘créad an cantlamh mheasas tú do bheith ann an tráth soin? créad an tuirrse, an tan do-ghéantar
6410] na peacthaigh do dhealughadh ré caidreabh na naomh, agus ré hamharc Dé; agus ar mbeith arna ndáil ar a gcumas, mar rachaid mar aon riú i dteinidh shíordhaidhe.’ Gonadh ag tabhairt aneithe céadna dá aire do-rinne an file Gaoidhealach an rann so: —
    1. Atá teine i dtigh na bpeacthach,
      6415] pian gach crithir dá gcuir dhí;
      mairg atá fá theas na teineadh,
      s nach feas cá lá is deireadh dhí.

An dara goin

Ag so tuarasgbháil ifrinn agus amarrán na n-anam ann, do réir Cyrillus Alexandrinus, san óraoid do-rinne do thriall na hanma,
6420] mar a n-abair, huc merguntur animae peccatorum in omne aevum crematurae, quem ad modum Iob tradidit, in terram noctis aeternae, ubi non lumen, non mortalibus vita, sed iugis aegritudo, sed maeror incessabilis, sed planctus per noctes: vae illic aeternum: illic heu me: illic ingemiscunt assidue, nec illic miseretur: clamant e profundis,
6425] et nemo flectitur: lamentantur, et nullus eripit, exclamant


p.203

et plangunt, et nemo miseretur ‘múchtar, ar sé, annsúd anmanna na bpeacthach ré a losgadh tré shaoghal na saoghal, amhail do sheól Iob, i dtalamh na hoidhche síordhaidhe, áit 'snach fuil solus ná beatha dona somharbhthachaibh, acht galar gnáth,
6430] iarghnó gan sgíoth, acht nuall-ghul gach n-oidhche; áit i bhfuil mairg shíor ann; áit i bhfuil monuar, monuar; áit i mbíd ag iachtaigh do ghnáth, agus ní bhí truaighe dhóibh ann; éighmhid as na duibheacánaibh, agus ní fhilltear neach orra; do-níd eólchaire, agus ní fhóireann aoin-neach iad; éighmhid agus caoinid, agus ní ghabhann
6435] truaighe aoin-neach dhóibh.’

An treas goin

Ag so mar an gcéadna an teist do-bheir Hugo de Sancto Victore ar ifreann, san .23. caibidil don cheathramhadh leabhar ro sgríobh don anam, infernus lacus est sine mensura, profundus sine fundo, plenus ardore incomparabili, plenus foetore intolerabili,
6440] plenus dolore inenarrabili: ibi miseria, ibi tenebrae, ibi ordo nullus, horror aeternus, ibi nulla spes boni, nulla desperatio mali; omnis qui est in eo, odit se et omnes alios, ibi omnia genera tormentorum, quorum minimum maius est omnibus his tormentis, quaecumque in hoc saeculo fieri possunt ‘loch, ar sé, ifreann gan tomhas, doimhneas
6445] gan fhorus, lán do theas dochoimmeasta, lán do bhréantas do-fhulaing, lán do thinneas do-inniste: áit 'na bhfuil truaghántacht, áit 'na bhfuil dorchadais, áit 'snach fuil aon-ordughadh, uathbhás síor, áit 's nach fuil aon-mhuinighin mhaitheasa, 'snach fuil aoin-éadóchas uilc, gach aon dá bhfuil ann fuathuighidh é féin agus na
6450] huile oile; ann atáid na huile chinéil phian, agus an phian is ro-lugha dhíobh, is mó ionáid na huile phiana fhéadtar d'imirt ar neach san tsaoghal so.’

An ceathramhadh goin

Dá bhfiafraigheadh neach, cia an áit don domhan 'na bhfuil ifreann, ní feas dúinn go cinnte é, do réir S. Augustine san dara
6455] leabhar déag ro sgríobh ar Genesi, mar a n-abair, in qua parte mundi infernus sit, scire neminem arbitror, nisi cui Domini Spiritus revelaverit ‘measaim nach feas d'aoin-neach cia an rann san


p.204

domhan 'na bhfuil ifreann, muna nochtaidh Spiorad an Tighearna dhó é.’ Féach a briathraibh Ghreaghóir naomhtha san .49.
6460] caibidil don naomhadh leabhar ro sgríobh dona Béasaibh, créad an t-ainriocht 'na mbíd anmanna na bpeacthach ndamanta i n-ifreann. Ag so mar adeir, fit miseris mors sine morte, finis sine fine, defectus sine defectu; quia et mors vivit, et finis incipit, et deficere defectus nescit ‘do-níthear, ar sé, dona truaghánaibh bás
6465] gan éag, críoch gan fhoirceann, uireasbaidh gan easbaidh; óir agus mairidh an bás, agus tionnsgnaidh an chríoch, agus ní heól don uireasbaidh dul ar ceal uatha.’

An cúigeadh goin

Tuig, a léaghthóir, go mbí deithbhir idir phianaibh na bpeacthach i n-ifreann, ionnus an tí is truime coire san tsaoghal,
6470] gurab é bhus géire pian thall; do réir Ghreaghóir .4. Dialog., mar a n-abair, unus gehennae ignis credendus est, sed non uno modo omnes cruciat peccatores; unius cuiusque enim quantum exigit culpa, tantum illic sentiet poenam ‘is inchreidte gurab éin-ghné amháin bhráith-theine bhíos ann, gidh eadh, ní ar aon-mhodh
6475] amháin chéasas sí na peacthaigh; óir do réir thruime choire gach aoin, an truime chéadna phéine mhothóchas ann.’ Tig Ephraim leis aní gcéadna san treas caibidil ro sgríobh ar an bhfíor-aithrighe, mar a n-abair, sicut sunt peccatorum differentiae, ita sunt et cruciatuum varietates: aliter enim cruciatur adulter,
6480] aliter fornicator, aliter homicida ‘amhail, ar sé, atá idirdhealughadh idir na peacadhaibh, is mar sin atá éagsamhlacht na bpian: ar chor oile iomorra chéastar an t-adhaltrach, ar chor oile an táitheach, ar chor oile an dún-mharbhthach.’ Tig Greaghóir naomhtha leis so san .47. caibidil don naomhadh leabhar ro
6485] sgríobh dona Béasaibh, mar a n-abair, licet gehenna cunctis una sit, non tamen cunctos una eademque qualitate succendit ‘bíodh, ar sé, gurab aon- bhráith-theine amháin atá ag na huilibh, más eadh ní ar aon-cháil amháin ionann loisgeas na huile.’ As so is iontuigthe nach ionann loisgeas an bhráith-theine na ciontaigh i
6490] n-ifreann, tar ceann gurab ionann an bhráith-theine innte féin do réir a substainte; agus dá réir sin nach ionann truime phian na


p.205

gciontach i n-ifreann, acht an tí is truime peacadh, gurab é is truime pian.

An seiseadh goin

Adeir Isidorus san .31. caibidil don chéid-leabhar do sgríobh
6495] don Ard-mhaith, go mbí pian ar leith ar an intinn, agus pian fá leith ar an gcorp. Ag so mar adeir, duplex damnatorum poena est in Gehenna, quorum et mentem urit tristitia, et corpus flamma ‘atáid, ar sé, dá phéin ar an druing dhamanta san bhráith- theinidh, pian díobh loisgeas an intinn lé toirrse, agus pian oile lé loisgthear
6500] an corp lé lasair.’ As so is iontuigthe nach bí saor-dháil i ifreann ag anam an chiontaigh, agus nach biaidh agá chorp an tan roichfeas ann.

An seachtmhadh goin

Adeir Scotus san dara ceist don .44. Distinct. ar an gceathramhadh leabhar do Mhaighistir na mBreath, go bpiantar an
6505] t-anam ann féin agus 'na uile bhríoghaibh. Ag so mar adeir, anima in se ipsa et in omnibus facultatibus cruciatur ‘céastar, ar sé, an t-anam ann féin, agus 'na uile acfuinnibh.’ As so is iontuigthe go gcéastar an toil, an tuigse agus an mheabhair. Is cneasta iomorra a mheas go gcéastar an toil, an mhéid go
6510] gcongbhathar uaithe gach ní dá mbeith a dúil, agus go ndáiltear dhí dá haimhdheóin gach ní budh fuath lé. Céastar mar an gcéadna an tuigse, do bhríogh gurab léir dhí gach sochar do chaill sí, agus gach dochar dá mbí dh'áirithe aice. Céastar fós an mheabhair, do bhríogh nach meileann acht míorath na
6515] meanman darab meabhair í. Tuig fós do réir Scotus san áit chéadna go gcéastar an corp mar aon réna chéadfadhaibh, agus an mhéid bheanas ris na céadfadhaibh corpardha. Ag so suidhte fá seach orra. Ar dtús, don amharc, do réir Iob san chúigeadh caibidil mar a labhrann ar an druing ndamanta bhíos i n-ifreann.
6520] Ag so mar adeir, per diem incurrent tenebras ‘teigéamhaid ar ló i ndorchadasaibh.’ Dá chor i gcéill, an dream bhíos i n-ifreann, go mbíd i ndoighir dhorcha agus i ndoilbh-cheó do shíor, ionnus nach faicid ní san bhioth budh solus ná sásadh dá súilibh, ná budh geall ré radharc do bheith aca. Agus dá réir


p.206


6525] sin bí pian ar na súilibh, do bhríogh go gceiltear orra gach ní budh sáimh leó d'fhaigsin, agus gurab éigean dóibh silleadh ar gach ní budh déistineach leó d'fhaigsin. Is i bpearsain an chiontaigh i n-ifreann go fáthach labhras Tobias san chúigeadh caibidil, mar a n-abair, quale gaudium mihi erit qui in tenebris
6530] sedeo, et lumen caeli non video ‘cionnus bhias, ar sé, lúthgháir oram-sa, atá im shuidhe i ndorchadasaibh, agus nach faicim soillse nimhe?’ As na briathraibh se go fáthach is iontuigthe go mbí pian chinnte i gcionn na súl i n-ifreann. Bí fós pian i gcionn na gcluas, do réir Iob san .35. caibidil, mar a n-abair,
6535] clamabunt et ululabunt propter vim bracchii tyrannorum ‘gáirfid agus liú-ghoilfid tré neart láimhe na n-anfhlaitheadh.’ As so is iontuigthe go mbí pian chinnte i gcionn na héisteachta i n-ifreann, an tan at-chluinid gréachadh agus grafainn agus gol-gháire, búdhaire, béiceadh agus bolgfadhach, cneada agus caoi agus caointe,
6540] iachtach agus osnadhach agus éagcaoine na n-anam n-aigmhéil, an tan bhíd 'gá n-éigniughadh lé hil-phianaibh na n-arracht n-ifreannda. Biaidh mar an gcéadna pian chinnte dh'áirithe ag an sróin i n-ifreann, tré bhréantas na n-ablach ndamanta bhíos ann. Agus is ar na hablachaibh se labhras Isaias san
6545] .34. caibidil mar a n-abair, de cadaveribus eorum ascendet foetor ‘eireóchaidh bréantas dá n-ablachaibh súd.’ As so is iontuigthe go mbia bréantas shrón an chiontaigh i n-ifreann.

Biaidh mar an gcéadna an béal 'gá phianadh i n-ifreann, tré
6550] bhlasadh na gorta, mar adeir Dáibhídh Rí san .58. Salm, mar a n-abair, ag labhairt ar an ngorta bhíos ar na ciontachaibh i n-ifreann, famen patientur ut canes ‘fuileóngfaid ocras mar mhadradha.’ Dá chor i gcéill go mbia pian an bhlasaidh ar bhéalaibh na ndamantach tré mhéad a n-airce lé híota agus lé hocras i
6555] n-ifreann.

Biaidh arís pian an tadhaill ar na ciontachaibh i n-ifreann, do réir Mhatha san .25. caibidil mar a n-abair, ite maledicti in ignem aeternum ‘imthighidh, a dhream mhalluighthe, san teinidh shíordhaidhe.’ Dá chor i gcéill go mbia pian tadhaill ar anmannaibh
6560] na gciontach i n-ifreann, maille ré goradh teineadh,


p.207

ré géar-ghoin fhuachta, ré sústadh deamhan, agus ris gach péin oile ó shin amach.

An t-ochtmhadh goin

Gá dtám ris, ní héidir léir-mheas do dhéanamh ar aidhbhsighe agus ar éagsamhlacht phian ifrinn. Agus fós, is lór do ghoimh
6565] ionnta nach bí fuaradh ná furtacht, lagadh ná laghdughadh, seitheamh ná socamhal ag neach ionnta. Do réir mar adeir Cyprian naomhtha san leabhar ro sgríobh do Demetrian, mar a n-abair, in inferno nullum est solatium, nulla consolatio, nulla diminutio poenarum ‘ní fhuil, ar sé, aon-aiteas, aon-chomhfhurtacht,
6570] ná aon-laghdughadh pian i n-ifreann.’ Agus fa-ríor gidh doiligh gach díoth, agus gidh adhbhal gach anfhochain dar áirmheas go soiche so, is barr ar gach broid dá mbí ann bioth-bhuaine agus síordhaidheacht na sár-dhochar do luaidheadh linn go ró so do bheith ann. Óir ní théid caitheamh ná críochnughadh ar
6575] phianaibh ifrinn, agus bíd agá n-athnuadhadh do shíor. Do réir mar adeir Bearnard naomhtha san chúigeadh caibidil do leabhar na Naomh-smuaineadh, mar a n-abair, sicut ignis in inferno consumit ut semper reservet, tormenta aguntur ut semper renoventur ‘amhail, ar sé, chaitheas an teine i n-ifreann, ionnus go ndiongnadh
6580] coigilt do shíor, mar an gcéadna gníomhuighthear na piana ionnus go ndiongantaoi a n-athnuadhadh do shíor.’ Do-bheir S. Augustine sompla ar aní se san .23. leabhar do sgríobh ar Fhlaitheas Dé, mar a dtráchtann ar na sléibhtibh atá san Sisilia bhíos ar losgadh do shíor, agus thairis sin bheireas as gan
6585] chaitheamh do dhol ionnta. Mar an gcéadna do bhráith-theine agus do phianaibh ifrinn.

An naomhadh goin

Tar gach teist n-adhuathmhair dá dtugamar ar ifreann go soiche so, cuirfeam síos an tuarasgbháil do-bheir Bearnard naomhtha air, do réir mar léaghthar san tseanmóir ro sgríobh ar
6590] an bhfeidhm spioradálta, mar a n-abair, o gehennalis regio fugienda, ubi ignis ardens, frigus urens, vermis immortalis, foetor intolerabilis, mallei percutientes, tenebrae palpabiles, confusio peccatorum, innodatio vinculorum, et horribilis daemonum tremor ‘ó a fhlaithis


p.208

intseachanta ifrinn, áit 'na bhfuil teine lasamhail, fuacht loisgneach,
6595] cruimh dhomharbhtha, bréantas dofhulaing, uird ag urlaidhe, dorchadas soghlactha, commbuaidhreadh na bpeacthach, snadhmadh na ngéibheann, agus crioth uathbhásach na ndeamhan.’ Is iontuigthe as an dtuarasgbháil se do-bheir Bearnard naomhtha ar ifreann gurab adhbhal a ineagluighthe d'árus ré a áitiughadh.

An deachmhadh goin


6600] Mo thruaighe, is maolughadh meisnigh, agus is mana mór-chumha, agus is maoithe mheanman, bheith ag machtnadh agus ag midheamhain ar an muinntir misgnigh mór-ghothaigh meisg-bhriathraigh sin, an tan do-bheirid brosgar biodhbhadh do lomradh agus do losgadh lochta an leasa sin Lúicifeir. Áit i mbíd
6605] anmanna amhghlana na bpeacthach ndamanta agus frasa fír-ghéara foghadh ag fearthain orra, agus beara bairr-dhearga bruith-neimhneacha ar bioth-luamhain tríotha, agus cliatha cinn-ghéara crainn-reamhra catha ag cuar-lúbadh ionnta. Iomdha ámh annsin, fa-ríor, féinnidh fras-ghonta, agus curaidh créachtnuighthe, agus
6610] laochraidh láimh-ghearrtha, agus triatha ar tuisleadhaigh, taoisigh throm-ghonta agus máil ar meirtnighe, brughaidh broinn-teasgtha agus foirbhfir fhiair-ghearrtha, buidhne brat-chorcra agus colna cros-bhuailte, cinn go comharthach agus súile saobh-dhalla, beóil ag bán-ghlasadh agus dóide drom-ghonta, bruinne ag bolgfadhaigh agus
6615] cosa ar cam-luamhain, troighthe truaill-ghearrtha agus slaod-óglaoich sínte seac-mharbha! Iomdha ann fós buidhean bhriste bhearnach gan bharánta, agus tréad tuilighthe toll-airbheach gan taoiseach, agus torathar taobh-nocht truaghánta gan treóraighe, agus aicme aigmhéil easbadhach gan aoghaire, agus connlán cneadhach
6620] ceasnaidheach gan chodhnach, agus deibhléan doim dearóil gan díon-athair! Iomdha ann mar an gcéadna amaid arrachta éidigh odhar-ghorm, agus oill- phiast atmhar ainmheach uaith-bhéalta, agus gríobh ghreannach ghob-lom ghearánach, agus badhbh béil-reamhar bhreac-ghlas bhréin-fhiaclach, agus brain-éan bir-ingneach broinn-chiar
6625] bán-shúileach, agus bineach brónach bán-chrothach beag-croidheach, agus glámh garbh-ghothach greadhnach grod-fhoclach! Atáid fós ann dlúimhe donn-ruadha drithleacha ag dearg-losgadh,


p.209

agus searbh-shrotha sriobh-luatha silteacha soghluaiste ag slogadh, agus bloisg-easa beann-gharbha buan-gháibhtheacha borb-thonn ag
6630] báthadh, agus cnoc-thonna crithreacha ciachdha caor-mhongacha ag ciorrbhadh, agus gadáin ghríos-ghortha ghoithneacha ghéir-neimhneacha do chaoraibh trom-aidhbhseacha teineadh ag tolgadh agus ag toghail troch 'gá dtaobh-lot, agus sguaba sgoith-neimhneacha sgealbh-ghaoithe 'gá sgolt-raobadh ó chéile, agus ríogh-ruathar
6635] ro-mhór ruadh-thuile raibhe ag roith-lingeadh orra, agus maidhm-cheatha meabhla agus míorúin dá mear-dhortadh orra, dá múchadh i muirt na míothaom agus na mór-olc soin, maille ré cíocras confadhach cogaidh, agus ré fiuchadh fraoch-aingidh feirge, lán do dhiomdha agus do dhiombloidh, lán do dheabhaidh agus do
6640] dhoghraing, ucht ar ucht ag ionnradh agus ag argain a chéile go hathlamh iomluath, go mbíd taosga taip-dhearga tonn-fhola ag teibearsain agus ag tuitim a taobh-lotaibh na dtroch, ó thairm agus ó thóicheastal throid-mhear thinneasnach na tréan-fhoghla soin. Ionnus go dtig don ghleic agus don ghnáth-spairn 'na mbíd, go
6645] bhfuaduighthear go grian agus go grinneall an ghruaim-thighe sin iad; go bhfásann a ngrúg agus a ngoimh-fhíoch ón ghrod-spairn sin ré chéile, go dtig dhe sin nach bí socht ná seitheamh, treall ná treimhse eatorra, acht iad ag usgardadh agus ag athchor a chéile go bronn-lár nó go bolgán na bruidhne sin; agus teaglaim agus tiomargadh
6650] do dhaosgar-shluagh dheamhnaidhe go dána dulasach, i bhforbhais nó i bhfoslongphort 'na n-ucht, ré foghail agus ré fíor-lot do dhéanamh dhóibh; agus iad do ghnáth ag déanamh foirneirt agus fairbríogha orra anois agus do shíor! Agus mo thruaighe, is adhbhar beadhgtha agus brón-tuirrse inneall agus iostas an áruis ainiarmhartaigh sin; agus dá
6655] mbeith gan éin-ní dar áirmheas-sa do bheith ann, dobudh lór dhóibh do phéin silleadh seirgnidhe siabhartha agus amharc éidigh uathbhásach an aidhbhirseóra do bheith d'anfhochain orra.

Féadtar fós tuille tuarasgbhála do thabhairt ar ifreann, agus a mheas nach fuil ann acht slighe gacha sluaigh, conair gacha catha,
6660] agus raon gacha ruathair, agus tor gacha troda, agus cathair gacha coinbhliochta, agus ionadh gacha hiombuailte, agus longphort gacha ladrainn, agus uaimh il-phiastach gach uaith-bhéaltais, agus ár-mhagh gacha himreasna, agus dúir-theach duaibhseach daor-dhálach gacha


p.210

deamhain. Áit i bhfuil gairbh-eagar glas-odhar gual-aightheach
6665] greannach groid-mhéar gleann-shúileach, agus drong-bhuidhean dhothaimh dhoi-eadrána dhána dhísgir dhúr-chroidheach, lán d'anfadh aigeanta agus do rabharta roi-dhíomais, lán do ruamnadh agus do ruithin-ghríos, lán d'fhíoch agus d'fhearg-luinne, lán do chuthach agus do chonfadh, ag forlosgadh foirne, agus ag trasgairt
6670] troch, agus ag leadradh laoch, agus ag cneas-ghoin churadh, ag marbhadh míleadh, agus ag tolladh taobh, agus ag ciorrbhadh corp, agus ag briocht-sgothadh ball. Áit i bhfuil smúit-cheó agus sméaróide túthmhara teineadh ré tachtadh, agus sgolbh-ghaoth sgoith-ghéar ré sgannradh, agus lanna líomhtha ré leadradh, agus tuagha troma ré
6675] tuargain, agus luaithreadh lasamhail ré losgadh, agus deannghar duibh-dhrithleach ré dian-ghoradh, agus saighde srúibh-ghéara ré sáthadh, agus beara bláith-shliobtha briocht- fhaobhracha ré beó-tholladh bocht-anam ann. Áit i bhfuilid taidhbhseana agus tadhbháis, agus athaide oidhche, agus amaide arrachta, agus marbha meirbh-líthe,
6680] agus fanntaise folt-sgaoilte, agus saobh-choire siabhartha, agus fuatha ar fuaidreadh, agus foiche ar foluamhain, agus iad ag drudadh a ndrannt, agus ag spealadh a splín-chiabh, agus ag saobhadh a sreang-shúl, ag furnaidhe agus ag fíor-thairrngire na n-olc agus na n-easbadh bhíos ré a n-imirt ar an mbróin ngeimhligh ngiall bhíos 'gá
6685] ngroid-phianadh ann.

Iomdha ann fós rioth reann, agus siadhán soighnéan, agus nuall- fhoghar néall, agus foghar-mhuirn agus fothram, agus néall-ghul niatta náimhdidhe, ag rabhadh agus ag réamhfhaisnéis gacha onfaise agus gacha iommbáitte dá mbí ar anmannaibh orchradhacha ann; agus
6690] iad i n-inne aigianta eisinnill an áruis imshníomhaigh sin, dá n-oirleach agus dá n-easargain, lán d'anaoibh intinne agus d'iarghná inmheadhónaigh aigeanta: agus iad daingean dlúith-iatta fá choimhthriall cogaidh, ag rian agus ag ro-thuitim leis an daosgar-shluagh ndísgir ndoichineóil ndeamhnaidhe, bhíos go neartmhar
6695] neimhleasg, gan sgíoth gan tathamh gan tionnabhradh, 'na gcró-bhuaile chumhaing, agus 'na bhfóir neimhnigh námhad 'na dtimcheall, go ndéinid brúireach agus cuar commbuaidheartha cumaisg dhíobh, agus go gcuirid ainn-séin i ndoighir dhorcha dhonn- ruaidh dhubh-lasrach dá n-únfairt agus dá n-iomlosgadh


p.211


6700] iad, go mbí teannáil nó teine dhiadh an toirn teinntidhe sin 'na cearchaill chraobh-lasrach, agus 'na sgeimheal sgeamh-ghoithneach 'na dtimcheall. Gonadh iad is cuisleanna catha, agus is adharca áigh dona hanmannaibh aigmhéile sin an chomhgháir chumaisg chomharc agus chaointe, an ghrafainn agus an
6705] ghairbh-iachtach gháibhtheach ghroid-éigneach chuirid asta, do chasaoid na cruadh-bhroide bhíos orra féin i n-adhbhaidh an-shásta ifrinn. Gonadh ar na hadhbharaibh sin adeir file éigin an rann so: —
    1. Gion go mbeith, ní beag an teidhm,
      6710] fuacht nó teas i dtigh ifeirn,
      glór na ndiabhal is a ndath,
      lór do phianadh na bpeacthach.

An t-aonmhadh goin déag

Cuirfeam síos annso a trí nó a ceathair d'áitibh as an Scrioptúir mar chleathaibh ceangail ar an bhfál bhfírinne se do chuireamair
6715] óna naomh-aithribh, do bhréagadh agus do ghabháil na bpeacthach óna míghníomhaibh lé faisnéis na n-olc n-ifreannda dhóibh. Ag so mar adeir Ieremias san naomhadh caibidil, Ecce ego cibabo populum istum absinthio, et potum dabo eis aquam fellis ‘do-ghéan-sa an pobal úd do bhiathadh lé bormont, agus do-bhéar
6720] deoch dhóibh d'uisge domblais.’ Tuigthear fós rann oile do phianaibh ifrinn a briathraibh Isaias san .34. caibidil, mar a n-abair, et convententur torrentes eius in picem, et humus eius in sulphur ‘fillfidhear a bhuinneadha súd i bpic, agus a thalamh i raibh.’ Dá chor i gcéill, na heasa agus na hinnbheara bhíos ag
6725] sileadh agus ag snighe i n-ifreann, go ndéantar a gclaochlódh i bpic tré fhuacht, agus an úir bhíos ann i raibh lé teas na teineadh ifreannda bhíos ag comhlosgadh na n-anam. Tig Solamh leis so san .21. caibidil in Ecclo., mar a n-abair, stupe collecta synagoga peccantium et consummatio illorum flamma ignis ‘barrach tiomsuighthe
6730] cruinniughadh na bpeacthach, agus lasair theineadh is caitheamh dhóibh.’ Dá chor i gcéill nach mó bhíos an barrach abaigh ré fadódh do ghabháil ón teinidh, ioná bhíos anam an pheacthaigh ré hadhnadh lé teinidh ifrinn. Agus fós iar mbráth, an tan


p.212

bhíos an cholann agá coimhphianadh mar aon ris an anam, is
6735] iad na boill fá hoirnise na holcaibh do dhéanamh is mó phianfaidhear, do réir Sholaimh san aonmhadh caibidil déag do leabhar na hEagna, mar a n-abair, per quae peccat quis, per haec et torquetur ‘na neithe lé bpeacuigheann neach, is leó sin phiantar é.’ Ionnus dá dtigeadh don tsúil tú
6740] do dhéanamh uilc san tsaoghal so, budh pian duit an tsúil chéadna thall. Mar an gcéadna don chluais, nó don bhéal, nó dona ballaibh oile ó shoin amach, bíd fá seach go cinnte ag céasadh an chiontaigh i n-ifreann, amhail adubhramar thuas.