Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 10

AN DEACHMHADH HALT

'na dtráchtar ar na hocht ngnéithibh prinnsiopálta péine atá i n-ifreann, do réir an Scrioptúra; agus ar na ceithre hadhbharaibh speisialta fá mbí doghra agus doilgheas ar na hanmaibh i n-ifreann.

An chéad-ghoin

An chéid-ghné dhíobh, crumha; do réir Isaias san chaibidil
6150] déidheanaigh, mar a n-abair, ag labhairt ar an druing bhíos i n-ifreann, vermis eorum non morietur ‘ní fhuighbhe a gcruimh súd bás.’ Dá chor i gcéill go mbí cruimh an choguais ag creim na hanma do shíor i n-ifreann.

An dara goin

An dara gné, teine bhith-bheó; do réir na caibidleach céadna,
6155] mar a n-abair ignis eorum non extinguetur ‘ní múchfaidhear a dteine súd.’ Dá chor i gcéill nach téid traothadh ar an dteinidh bhíos ag céasadh na n-anam do shíor i n-ifreann; agus fós, go mbí an teas bhíos innte comh-foiréigneach agus comh-foirtill sin nach féadfaidhe a mhúchadh. Is córaide a mheas go mbí teine
6160] fhoiréigneach dhomhúchta i n-ifreann, an fábhaill-sgéal léaghthar ag Lúcás san seiseadh caibidil déag, mar a luaittear, ar mbeith don tsaidhbhir shádhail agá iomlosgadh i lasrachaibh luisneamhla ifrinn, gur iarr ar an mbocht darbh ainm Lazarus, ré mbeith i n-ucht Abraham dhó, deór uisge do léigean ara theangaidh; agus
6165] dá léigeadh eas na habhann, ní thiubhradh ionnfhuaradh dhó. Gonadh uime sin adeir file éigin an rann so, ag luadh an fhábhaill-sgeóil chéadna: —

    1. Siris mar athchuinghe air
      braon do bharr mheóir dá mhéaraibh:
      6170] bíodh go ndáilfeadh eas don fhior,
      ní bháidhfeadh teas na teineadh.

Agus fós, amhail adubhramar, do réir Ghreaghóir, ní bhí soillse


p.195

i dteinidh ifrinn acht gé bhíos loisgneach. Gonadh uime sin adeir file éigin an rann so: —
    1. 6175] Gidh teinntidhe, ní teach te,
      teach ifrinn ar a fhuaire:
      a dhorus ar a dhuibhe
      ní solus, gidh sneachtuidhe.
Agus an rann oile se adeir an file céadna: —
    1. 6180] Do-bhéar dhaoibh ré ndol san bheirn
      tuarasgbháil tighe ifeirn:
      all bruach-dhubh roighéar riasgach,
      goibhéal uathmhar il-phiastach.

Tuigthear a briathraibh Chormaic naomhtha chráibhthigh mhic
6185] Cuileannáin an dá ghné phéine do luaidheamar, mar atáid piasta uathmhara agus teine loisgneach do bheith i n-ifreann, do réir mar léaghthar san laoidh darab tosach ‘Trí fódáin nach seachantar’ do-rinne sé agus é ré bruinnibh báis. Ag so mar adeir ag faisnéis ainriochta na n-anam ndamanta bhíos i n-ifreann: —

    1. 6190] Leaca troma teinntidhe
      'gá dtoirneamh go lár;
      piasta ifrinn éidighe
      'gá gcognamh go cnámh.

An treas goin

An treas gné phéine; bréantas nó murgughadh, do réir
6195] Dháibhídh, mar a n-abair, ignis et sulfur et spiritus procellarum, pars calicis eorum ‘is cuid dá gcorn súd teine agus raibh agus séideadh borb-thonn.’ Dá chor i gcéill gurab cuid do phéin na n-anam bhíos i n-ifreann na toinn-cheatha bréana briomstóin éirgheas don teinidh ifreannda.

An ceathramhadh goin


6200] An ceathramhadh gné phéine, fuacht; do réir Iob san .24. caibidil mar a n-abair, ag labhairt ar na hanmaibh bhíos i


p.196

ifreann, transibunt ab aquis nivium ad calorem nimium ‘rachaid a huisgeadhaibh sneachta i dteas iomarcach.’ Dá chor i gcéill, amhail adubhramair san chéid-leabhar, gurab eadh is ionnfhuaradh
6205] dona hanmaibh bhíos i n-ifreann, malairt na bpian n-éagsamhail imearthar orra, ionnus nach bí acht fuaradh ghiolla an ghabhann aca. Óir is eadh is fuaradh ghiolla an ghabhann, an tan bhíos ag briseadh a chroidhe go beith tuirseach nó sgíothach dhó ag séideadh na mbolg, a chor do thuargain an iarainn; agus an
6210] tan thuirsighthear san urlaidhe é, is éigean dó dul do chasadh na líobhrón go beith cortha dhó; agus an tan traothas an feidhm sin é, filltear ar shéideadh na mbolg arís é; go nach bí d'osadh ná d'ionnfhuaradh aige acht bheith agá mhalairt idir na feadhmaibh sin. Mar an gcéadna don anam thruagh i
6215] n-ifreann. Ní bhí d'osadh ná do shaor-dháil aige acht bheith agá mhalairt idir il-phianaibh éagsamhla. Gonadh uime sin adeir file éigin an rann so: —
    1. Ní féadtar a bhfulang sin,
      sneachta garbh tré ghaoith gheimhridh,
      6220] gríos na huamhadh gach ré n-am
      bhíos 'na fhuaradh don anam.
Agus cidhbé adéaradh nach bí sneachta ná raibh nó a n-ionnshamhla oile dáríribh i n-ifreann, bíodh a fhios aige nach doichreitte a mbeith ann comh-maith agus atá an teine ann. Óir
6225] amhail atá Scrioptúir ré teinidh do bheith ann, atá an Scrioptúir mar an gcéadna ris na neithibh úd oile do bheith ann. Agus ní héigcneasta fós ré a mheas go bhféadfadaois lé hacfuinn fhomósaigh, mar oirnisibh ó Dhia, oibriughadh ar na hanmaibh dá ríribh, amhail oibrigheas uisge an bhaistidhe go fírinneach ar
6230] anmaibh na druinge bhaistear, amhail adubhramar san chéid-leabhar. Gidh eadh, dá dteagmhadh nach beith uisge ná sneachta ná gaoth ná raibh ná a n-ionnshamhla oile, do réir a substainte féin, i n-ifreann, is dearbh go bhfuil geall ris gach ní dhíobh ann ré hil-chéasadh na n-anam. Tig an file
6235] Gaoidhealach ar aní thuas adeir an fáidh, ag labhairt ar theinidh

p.197

agus ar shneachta ifrinn. Ag so mar adeir an file ag labhairt ar aní gceadna:
    1. Atá teine ar nach téid smál
      6240] i mbrugh ifrinn ar adádh:
      sneachta nach sil ré teinidh
      i dtigh leaptha Luiceibhir.

An cúigeadh goin

An cúigeadh gné, gorta; do réir mar léaghthar san .65. caibidil ag Isaias, mar a n-abair, servi mei comedent, et vos esurietis ‘caithfid mh'óglácha-sa biadh, agus biaidh ocras oraibh-se.’ Dá
6245] chor i gcéill, an dream bhíos i n-ifreann, go mbíd dá gcéasadh do ghorta, agus nach faghaid biadh ré a fhromhadh. Agus is ag cor aneithe se i gcéill atá aní léaghthar ag Lúcás san seiseadh caibidil déag ar an mbocht darbh ainm Lazarus agus ar an saidhbhir sádhail, mar a n-innistear go raibhe an saidhbhir céadna
6250] comh-mór sin agá chrádh agus agá chéasadh ag an íota do bhí air i n-ifreann, ionnus go raibhe go grod gáibhtheach ag éighmhe ar Lazarus, do bhí i n-ucht Abraham, 'gá iarraidh air deór bheag uisge do léigean do bharr a mheóir chuige ar bharr a theangadh, do thabhairt ionnfhuaraidh dhó ón teasbach tarta 'na raibhe.
6255] Agus ní hiongnadh a mheas go mbí easbaidh bídh ar an druing bhíos i n-ifreann, agus nach bí a bhara fúthaibh éin-ní don fhír-bheathaidh fholláin .i. don ghlóir shíordhaidhe, do bhlas go bráth, ná tré shaoghal na saoghal.

An seiseadh goin

An seiseadh gné, an ciorrbhadh agus an crapall agus an cruadh-chuibhreach,
6260] an crochadh agus an céasadh agus an creat-raobadh, an sníomh agus an sústadh agus an slat-bhualadh, an briseadh agus an breódh agus an boirb-leadradh, do-bheirid daosgar-shluagh deamhnaidhe dorrdha dubh-ghnúiseach an diabhail ar na hanmaibh damanta daor-dhálacha dúra domhaiseacha, bhíos agá n-il-phianadh i
6265] n-ifreann. Agus is iontuigthe fírinne aneithe se a briathraibh Mhatha san ochtmhadh caibidil déag, mar a labhrann ar an bpeacthach nach tabhair cúitiughadh san tsaoghal so uaidh, agus


p.198

nach déin réir Dhé ná na gcomharsan ré linn a bheatha. Ag so mar adeir, et iratus dominus eius tradidit eum tortoribus,
6270] quodusque redderet universum debitum ‘agus ar ngabháil fheirge an tighearna, do thiodhnaic sé é dona céastúnachaibh, go díol a fhiach go hiomlán dó.’ Dá chor i gcéill, an mhuinntear théid don tsaoghal sul do-níd lóir-ghníomh 'na n-olcaibh, go dtabhair Dia dá gcéasadh dona deamhnaibh thall iad. Agus an
6275] mhéid bheanas ris an druing do-gheibh bás i bpeacadh mharbhthach agus bhíos damanta i n-ifreann íochtarach go síordhaidhe, ó nach fuil fuasgladh 'na gcionn tré bhiotha síor, bíd gan chrích gan fhoirceann agá gcéasadh, amhail adubhramar.

An seachtmhadh goin

An seachtmhadh gné, uathbhás; do réir Iob san deachmhadh
6280] caibidil mar a n-abair, ag labhairt ar ifreann, ubi nullus ordo, sed sempiternus horror inhabitat ‘áit 'snách fuil ordughadh ar bioth, acht 'na n-áitigheann uathbhás síordhaidhe.’ Dá chor i gcéill nach bí modh ná ordughadh dá choimhéad i n-ifreann, agus nach bí cion seoch a chéile i gcomhair aon-duine dá mbí ann, acht
6285] amháin madh iad bhus éadtruime coirthe, bí saor-dháil ag an mac tar an athair, agus ag an inghin tar an mháthair, ag an gcumhail gcoimhdeachta tar an mbainríoghain, agus ag an moghaidh tar an rígh. Agus go bhfios damh, is mór an t-adhbhar uathbháis don druing bhíos i n-ifreann an t-anordughadh sin bhíos orra do
6290] mheas. Gidh eadh, atá adhbhar uathbháis is mó ioná soin i n-ifreann i gcionn gach aoin dá mbí ann, mar atá bheith agá malairt ó ghuais go guais agus ó ghábhadh go gábhadh, gan osadh aon-uaire d'fhagháil, amhail adubhramair.

An t-ochtmhadh goin

An t-ochtmhadh gné, dorchadas; do réir Mhatha san .22.
6295] caibidil, mar a labhrann ar an mbreith bheirthear ar an bpeacthach, agá rádh, ligatis manibus et pedibus eius, mittite eum in tenebras exteriores ‘ar gceangal a lámh agus a chos, cuiridh san dorchadas is foirimeallaighe é.’ Dá chor i gcéill go bhfuil dorchadas i n-ifreann atá foirimeallach, amach ó fhlaitheas Dé,


p.199


6300] san áit is foide uaidh don chruinne. Óir tar ceann go bhfuil teas foiréigneach i dteinidh ifrinn, ní fhuil soillse innte, do réir Ghreaghóir in Moralibus, amhail adubhramar thuas, concremationem habet, et non lucem ‘atá comhlosgadh innte, agus ní fhuil solus.’


6305] Is iomdha gné phéine oile do fhéadfamaois do chur síos, do réir an Scrioptúra, do bheith i n-ifreann, muna mbeith gurab líonmhar ré a n-áireamh iad, agus go gcaithfeamaois an aimsir riú agá bhfaisnéis. Gidh eadh, is iontuigthe géire agus neimhneachas péine ifrinn as an dara comhartha chuireas Matha síos san .22.
6310] caibidil úd, mar a n-abair, ag labhairt ar ifreann, ibi erit fletus et stridor dentium ‘biaidh annsin caoi agus díosgadh fiacal.’ Dá chor i gcéill go mbí do ghéire agus do ghoimh na péine ifreannda gurab éigean dona hanmaibh déar-chaoineadh agus díosgadh fiacal do dhéanamh tré thruime a dtreabhlaide agus a dtinnis ann.

An naomhadh goin


6315] Tuig, a dhuine, go bhfuilid cheithre hadhbhair speisialta fá mbí doghra agus doilgheas ar na hanmaibh i n-ifreann. An céad- adhbhar, tré mar chaillid dá n-éis a maoin agus a maitheas ar an saoghal. Óir an tan do-gheibh an peacthach bás, ní fhéadann a bheag nó a mhór dá mhaitheas do bhreith leis go hifreann,
6320] amhail adubhramair thuas. Agus is uime sin adeir Dáibhídh, ag labhairt ar an bpeacthach, cum interierit homo non sumet omnia, neque descendet cum eo gloria eius ‘an tan do-ghéabhaidh an duine bás, ní bhéaraidh gach éin-ní leis, agus ní thurnfa nó ní rachaidh a ghlóir síos leis.’ Dá chor i gcéill gurab éigean don
6325] pheacthach gach ní 'na mbí dúil aige ar an saoghal d'fhágbháil dá éis an tan do-gheibh bás. Tuig, a léaghthóir, gurab mar imdheargadh do-bheir Dáibhídh ‘duine’ d'ainm ar an bpeacthach annso; óir tug Dia ‘duine’ d'ainm ar an diabhal mar iomad iomcháinte air, do bhríogh gur mheas nach raibhe créatúir san
6330] chruinne is measa agus is anuaisle, nó is urchóidighe, ioná an duine, an tan bhíos go holc. Ag so mar adubhairt Críost ris an diabhal, amhail léaghthar san treas caibidil déag ag Matha, inimicus homo hoc fecit ‘is é an duine easgcáirdeamhail do-rinne


p.200

so.’ Dá chor i gcéill gurab é an diabhal do-ní síol-chur ar
6335] na coirthibh i n-aigeantaibh na ndaoine n-urchóideach. Gidh eadh, bíodh a fhios agat go dtabhair Críost ‘duine’ dh'ainm ar Dhia, do réir mar léaghthar ag Matha san .20. caibidil mar a n-abair, simile est regnum caelorum homini patrifamilias ‘is cosmhail flaitheas Dé ré duine do bhiadh 'na athair mhuinntire.’
6340] Dá chor i gcéill nach fuil ainm ar bioth fá Dhia is onóraighe ré a ghairm ioná an duine, an tan bhíos fíréanda ann féin.

An deachmhadh goin

An dara hadhbhar doilgheasa bhíos ag an anam i n-ifreann, tré mar chaitheas an aimsear go héadtarbhach, do réir Ieremias san chéad-chaibidil, mar a n-abair, transiit aestas, et facta est
6345] messis, et non salvati sumus ‘do-chuaidh an samhradh thorainn, agus do-rinneadh an foghmhar, agus níor fóireadh sinn.’ Dá chor i gcéill go dtéid earrach na hóige, agus samhradh na sláinte, agus foghmhar sochrach na soibhéas tharsa, agus nach bí a bheag nó a mhór do lón an ionnracais i n-iothlannaibh aigeanta na n-anam
6350] ndamanta ré hucht gheimhridh an bháis. Agus dá réir sin bí doghra agus doilgheas orra, ag éagcaoine na gorta spioradálta 'na mbíd i n-ifreann, agus fós ag éagcaoine bheith i n-éagmais na beatha suthaine agus ag iomaithbhear orra féin trés an bhfaill tugsad 'na saothrughadh ré linn a mbeatha.

An t-aonmhadh goin déag


6355] An treas adhbhar doilgheasa bhíos ag an anam i n-ifreann, tré bheith ar díbirt agus ar deóraidheacht i gcoigcrích ifrinn i gcéin óna chrích bhunaidh agus óna athardha dhílis .i. flaitheas Dé. Agus is uime sin adeirid go hiarghnóitheach accaointeach, do réir mar léaghthar ag Dáibhídh san .136. Salm, mar a n-abair,
6360] quomodo cantabimus canticum Domini in terra aliena ‘cionnus chanfam duain an Tighearna i dtalamh choigcríche?’ Dá chor i gcéill nach bí fonn ceóil ná subhachais ar na hanmaibh i n-ifreann, ar mhéad a ndoilgheasa tré ghéire a bpian, agus fós arna gcur ar athchur agus ar ionnarbadh ann óna dtír dhúthchais agus óna
6365] gcathair chomhnuighthe féin .i. flaitheas Dé.


p.201

An dara goin déag

An ceathramhadh hadhbhar fá mbí doilgheas agus doghra ar na hanmaibh i n-ifreann, tré mhéad an amhgair bhíos orra ann, do réir mar léaghthar ag Isaias san .65. caibidil mar a n-abair Dia ag labhairt ar an druing dhamanta bhíos i n-ifreann, fumus erunt
6370] in furore meo ‘biaidh siad 'na ndeataigh im fheirg-se.’ Dá chor i gcéill go gcoimmeasgann iad idir il-phianaibh ifrinn, amhail do bhiadh doighir dheataigh agá gcommbuaidhreadh iar n-éirghe a smúit-theinidh fhlich dhó.