Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 9

AN NAOMHADH HALT

'na gcuirthear síos annso, an ceaduightheach do neach caoi do dhéanamh i ndiaidh an mhairbh, nó lúth-gháir do bheith air tré bhás duine oile; agus na hadhbhair fá ndleaghair caoi do dhéanamh; agus fós, an ceaduightheach do dhuine a iarraidh ar dhuine oile, do bhiadh ag fagháil bháis, teacht dá thaisbéanadh féin dó d'éis a bháis.

An chéad-ghoin

Féadtar a fhiafraighidh annso, an ceaduightheach caoi do dhéanamh i ndiaidh na marbh? Mo fhreagra air sin go bhfuilid dá ghné chaointe ann, mar atá caoineadh measardha agus caoineadh neimhmeasardha. Agus is ceaduightheach do neoch, agus fós atá
5815] sé somholta, caoi do dhéanamh ar an gcéad-mhodh. Agus is uime sin adeir Pól san dara caibidil déag gusna Rómhánchaibh, flete cum flentibus ‘déanaidh caoi lé lucht an chaointe.’ Dá chor i gcéill gurab somholta caoi mheasardha do dhéanamh i ndiaidh


p.184

na marbh. Tig Solamh san .22. caibidil in Ecclo. leis so,
5820] mar a n-abair, modicum plora super mortuum, quoniam requievit ‘déana beagán caoi ós cionn an mhairbh, do bhríogh gur shuaimhnigh nó gur chumhsanuigh sé.’ Tig mar an gcéadna Ieremias san naomhadh caibidil leis aní gcéadna, mar a n-abair, quis dabit capiti meo aquam, et oculis meis, etca. ‘cia do-bhéara
5825] uisge dom cheann agus tobar déar dom shúilibh? agus caoinfead do ló agus d'oidhche marbhána inghine mo phobail féin’ .i. an dream do muirbhfidhe do lucht chathrach Ierusalem. Léaghthar san treas caibidil déag in Genesi gur chaoi Abraham tré bhás a mhná .i. Sara, acht gé do bhí sí .127. mbliadhna d'aois ag fagháil
5830] bháis di. Léaghthar san treas caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh gur ghuil Dáibhídh ag caoineadh Ammon, an tan do thuit sé lé hAbsolon tré éigniughadh a dheirbhsheathar Thamar. Léaghthar mar
5835] an gcéadna san aonmhadh caibidil déag ag Eóin gur ghuil Íosa ós cionn uaighe Lazarus. Léaghthar mar an gcéadna gur ghuil Muire Magdalen ós cionn adhnaicthe Críost. Léaghthar fós go nguileadh S. Ambrós gach a mhionca do-chluineadh bás duine mhaith. Do ghuil fós S. Bearnard ag caoineadh a chommbráthar crábhaidh Hambertus. Do ghuileadar deisgiobail Mhártain naomhtha ar bhfagháil bháis dó. Agus
5840] do ghuileadar deisgiobail S. Doiminic ar bhfagháil bháis dó féin mar an gcéadna.

An dara goin

Tuig, a léaghthóir, nach eadh amháin dhleaghair caoi mheasardha do dhéanamh i ndiaidh na ndaoine an tan do-gheibhid bás i bpeacadh mharbhthach; acht fós atáid trí
5845] hadhbhair fá ndlighmíd caoi i ndiaidh na bhfíréan an tan do-gheibhid bás. An céad adhbhar dhíobh, tréna loighead do dhaoinibh maithe fhágbhaid tar an n-éis san tsaoghal. An dara hadhbhar, do dhéanamh truaighe agus comhpáise don tí éagas, d'eagla go mbeith fuidheall péine ré a íoc i bpurgadóir air. An
5850] treas adhbhar, do chaoineadh an anfhorlainn agus an ainiarsma atá i ndiaidh na nádúire daonna, dá dtig gan tearmann do bheith ag aon-duine ón bhás, dá fheabhas nó dá olcas. Gidh eadh, tuig,


p.185

a dhuine, nach dleaghair dhúinn guil ná caoineadh do dhéanamh amhail do-nídís na págánaigh, mar atá ar bhfuilt nó ar bhfionnfadh
5855] do tharraing, nó ar ndealbha do sgrios lénar n-ingnibh, nó ar gcuirp do lot lé harmaibh, nó nuall-ghul ard do dhéanamh amhail chona allta; do bhríogh nach ionann dáil dúinn agus dona págánchaibh, ag nach raibhe súil ris an eiséirghe, ná ré chéile d'fhaigsin go bráth arís; ní hionann agus sinne, agá bhfuil
5860] creideamh Críost. Agus is uime sin adeir Cyprian naomhtha, san leabhar ro sgríobh do dhomharbhthacht na hanma, quos apud Deum vivere dicimus, tanquam perditos lugere non debemus ‘an dream adeirmíd do mharthain i bhfarradh Dé, ní dleaghair dhúinn a gcaoineadh amhail dhreim do bhiadh arna gcaill.’
5865] Atá Pól ag fíoradh aneithe céadna, do réir mar léaghthar san cheathramhadh caibidil don chéid-Eip. go Thessalonicenses, mar a n-abair, Nolumus vos ignorare, fratres, de dormientibus, ut non contristemini sicut et caeteri qui spem non habent ‘a bhráithreacha, ní háil linn bhar mbeith ainbhfiosach do thaoibh na marbh, ionnus
5870] nach biadh comhthuirse oraibh mar chách, ag nach bí dóchas a chéile d'fhaigsin i ndiaidh na heiséirghe.’ Dá chor i gcéill nach dleaghair dhóibh cumhaidh anorduighthe do bheith orra, amhail do bhíodh ar na págánchaibh, ag nach raibhe súil ré a chéile d'fhaigsin tar éis na beatha so.

An treas goin


5875] Tuigthear fírinne aneithe céadna as an naomhadh caibidil déag do Levitico, mar a n-abair Dia, ag teagasg aneithe céadna don chineadh Iúdaidheach, super mortuo non incidetis carnes vestras ‘ná gearrthar libh bhar gcuirp ós cionn an mhairbh.’ Dá chor i gcéill nach dleaghair dona Críostaidhthibh caoi ainmheasardha
5880] do dhéanamh ar mhodh na bpágánach, amhail adubhramar romhainn. Tuigthear fós fírinne aneithe céadna a briathraibh Críost, do réir mar léaghthar san ochtmhadh caibidil ag Lúcás, an tan do-chonnairc sé prionnsa na sionagóige ag caoi go hanorduighthe tré bhás a inghine, is eadh adubhairt, nolite flere,
5885] non est mortua puella, sed dormit ‘ná déanaidh caoi, ní bhfuair an inghean bás, acht 'na codladh atá sí.’ Dá chor i gcéill, go


p.186

fáthach, amhail do bhí i gcinneadh don inghin úd musgladh as an suan 'na raibhe, go bhfuil i gcinneadh dona daoinibh i gcoitchinne musgladh san eiséirghe. Agus dá réir sin, amhail
5890] nár dhligheadar an drong úd caoi ainmheasardha do dhéanamh tré bhás inghine an phrionnsa, agus Críost arna haithbheóadh do láthair, mar an gcéadna ní dhlighid na Críostaidhthe caoi ainmheasardha do dhéanamh i ndiaidh na marbh téid uatha, agus gurab dearbh dhóibh a n-aithbheóadh arís
5895] san eiséirghe.

An ceathramhadh goin

Féadtar a fhiafraighidh annso, an ceaduightheach do neoch lúth-gháir do bheith air tré bhás duine oile? Mo fhreagra air, más deagh-dhuine an tí éagas, go bhféadtar lúth-gháir do bheith i ndiaidh a bháis, an mhéid go dtéid sé ar neamh do ghuidhe ar
5900] son na mbeó fhágbhas tar a éis san tsaoghal. Gidh eadh, dleaghair tuirse do bheith 'na dhiaidh, an mhéid go mbíd an dream fhágbhas tar a éis i ngioll a mhaitheasa. Agus is uime sin dobhádar deisgiobail Mhártain naomhtha ag caoi 'na dhiaidh an tan fuair sé bás. Agus madh droch-dhuine do-ghéabhadh
5905] bás, dleaghair lúth-gháir do bheith 'na dhiaidh. Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní do-rónsad Clann Israel i ndiaidh Pharao do bháthadh san Muir Ruaidh, amhail léaghthar san chúigeadh caibidil déag in Exodo, mar a n-abraid Clann Israel, cantemus Domino, gloriose enim magnificatus est, equum et ascensorem
5910] proiecit in mare ‘adhmolmaid an Tighearna, óir do móradh go glórmhar é, do theilg an marcach agus an t-each san muir.’ As so is iontuigthe go bhféadann duine lúth-gháir do bheith air tré bhás an droch-dhuine, go háirithe tré bhás an duine bhíos dío-choisge doitheagaisg 'na olcaibh. Léaghthar san chúigeadh
5915] caibidil déag do leabhar Iudith go raibhe lúth-gháir mhór ar lucht chathrach Betulia tré dhícheannadh Holophernes, do bhí i bhfoslongphort réna n-ucht. Léaghthar san cheathramhadh caibidil do leabhar Hester go raibh lúth-gháir ar Chloinn Israel tré chrochadh Aman, dobudh námha dhóibh, san chroich ro
5920] ollmhuigh féin ré Mardocheus do chrochadh. Léaghthar mar an


p.187

gcéadna san chúigeadh caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Machabei, go raibhe lúth-gháir mhór ar Chloinn Israel, mar do thuit Nicanor, dobudh námha dhóibh lé Iudas Machabeus. As gach ní dá ndubhramar is follus go bhféadann
5925] duine lúth-gháir do bheith air tré bhás an droch-dhuine. Gidh eadh, tar a n-abraim, féadaidh duine go somholta doilgheas do bheith air tré bhás an droch-dhuine, an mhéid go dtéid an droch-dhuine a seilbh Dé, agus fós gurab don ainiarsma choitcheann atá i ndiaidh na nádúire daonna tig a dhamnughadh.

An cúigeadh goin


5930] Bíodh a fhios agat, a dhuine, go bhfuilid sé hadhbhair fá ndleaghair dhúinn caoi do dhéanamh. An céad-adhbhar, trénar gcoirthibh dísle féin. Agus is uime sin adeir Dáibhídh, exitus aquarum deduxerunt oculi mei, quia non custodivi legem tuam ‘do threóruigheadar mo shúile triall na n-uisgeadh, tré mar nár
5935] choimhéadas do reacht.’ Dá chor i gcéill do rabhadar a shúile 'na dtobraibh ag teibearsain déar 'na srothaibh aidhbhseacha uatha, ag síor-chaoineadh a chean agus a pheacadh féin.

An seiseadh goin

An dara hadhbhar, tré bheith dhúinn ar deóraidheacht an domhain se. Agus is uime sin adeir Dáibhídh Rí, heu mihi, quia
5940] incolatus meus prolongatus est ‘och, is truagh mise, ó tá mo dheóraidheacht agá cor i bhfad.’ Dá chor i gcéill gurbh fhada ris féin do bhí sé ar deóraidheacht agus ar díbirt an domhain se, gan triall dá dhúthaigh .i. go flaitheas nDé. Agus mar an gcéadna do dhlighfeadh gach aon caoi agus diombáidh do dhéanamh
5945] tré bheith dhóibh i bhfad ar an saoghal so, agus gan acht proinn-teagh peannaideach, agus féar-bhoth fhulachta, agus árus urchradhach ann. Is iomdha iaramh ard-fhlaith oirdheirc iomráitteach ráinig féige nó fíor-mhullach flaithis an tsaoghail, agus tug meadhar-chuairt mheasgáin mhearbhaill fá dhobhair-cheó ndorcha agus fá
5950] bhreachtradh mbréige na beatha so, dá siabhradh lé saobh-dholbhaibh síthe, agus dá gcor i néall agus i n-anbhfainne tré iomad a n-annsa dhó; agus fós, gurab eadh fuaradar dá chionn, an domhan ag


p.188

diubhragadh a arm n-áith-ghéar go haccaiseach orra, ré triall as an mbeathaidh se, i ndíol gach feadhma dá ndearnsad dó, ionnus
5955] nach bí feidhm atach ná eadarghuidhe do dhéanamh chuige; agus fós nach gabhaid geasa ná gnáith-iarmharta greim dhe, acht é dorrdha do-uraghaill amhail fhear baoise nó buain-ghealtachta, lán do dhásacht agus do dheirg-mhire, ag imirt éigin agus anfhorráin orra, ag buain aisig iomláin díobh sna toirthibh fiadhánta fiathamhla
5960] fuaradar uaidh. Gonadh aire sin adeir file éigin an rann so: —
    1. Dámadh linn buar an bheatha,
      ór agus eich uaibhreacha,
      5965] 's gach ní ar domhan budh áil d'fhior,
      folamh ar ndáil fá dheiriodh.

An seachtmhadh goin

An treas adhbhar fá ndligheann duine caoi do dhéanamh, d'eagla na péine ifreannda. Agus is é sin tuigthear a briathraibh Ieremias, san chéad-chaibidil do Leabhar na hEólchaire, mar a n-abair, ag labhairt go fáthach ar anam an pheacthaigh,
5970] plorans ploravit in nocte ‘ar mbeith ag caoi dhi, do chaoi sí san oidhche’ .i. san pheacadh. Dá chor i gcéill go ndligheann duine, an tan theagmhas sé i n-oidhche na hurchóide .i. i staid an pheacaidh, caoi do dhéanamh d'eagla na péine ifreannda.

An t-ochtmhadh goin

An ceathramhadh hadhbhar fá ndligheann duine caoi do
5975] dhéanamh .i. tré pháis Chríost. Agus is uime sin adeir Dáibhídh Rí, fuerunt mihi lacrimae meae panes die ac nocte, dum dicitur mihi quotidie: Ubi est Deus tuus? ‘fá hiad mo dhéara fá harána dhamh do ló agus d'oidhche, an tráth adeirthear riom, cáit i bhfuil do Dhia-sa?’ Dá chor i gcéill, an tan do-chonnairc sé féin
5980] go réimhfhéagsanach do spioraid fháidheamhail, go raibhe a bhara fá Mhac nDé toidheacht i gcolainn ré bás d'fhulang, agus go mbeidís an cine Iúdaidheach, an mhéid nach creidfeadh do Chríost díobh, agá fhiafraighidh i modh fhochuidbhidh dona hapstalaibh agus dona fíréanchaibh cáit i mbiadh a nDia, go dtigeadh


p.189


5985] dhe sin nach féadadh féin tocht do chur ar a chaoi, tré iomad doilgheasa agus diombáidhe, tré bhás d'imirt ar a Shlánuightheóir féin. Agus mar an gcéadna is indéanta do gach uile Chríostaidhe, ré mbeith ag smuaineadh do pháis Chríost, caoi chroidhe do dhéanamh ar a son. Gidh eadh, fa-ríor, is tearc súil thráightear
5990] tré chaoi ná tré dhoilgheas ar son pháise Chríost. Gonadh uime sin adeir file dh'áirithe, ag casaoid air féin an rann so: —
    1. Níor thuairgeas mh'ucht d'iarraidh maithmhe,
      níor mhúineas damh — dia do chruaidh —
      feacadh mo ghlúin, a Dhé, dhuid-se;
      5995] mo shúil, is lé a huisge uaim.

Gidh eadh, is mór do-bheir Isaias aithbhear dona daoinibh, go fáthach réimhfhéagsanach, tré Chríost do thabhairt i ndearmad, amhail léaghthar san .57. caibidil mar a n-abair, iustus perit, et non est qui recogitet in corde suo ‘do cailleadh an fíréan,
6000] agus ní fhuil neach d'athsmuainfeadh 'na chroidhe é.’ Agus fós atá Dáibhídh Rí san .77. Salm ag déanamh na casaoide céadna ar an druing do-bheir Críost i ndearmad, agus a dhearlaigthe, an tan adeir, obliti sunt benefactorum eius ‘tugadar i ndearmad a dhearlaigthe.’ Dá chor i gcéill nach cumhain ris na coireachaibh
6005] cloch-aigeantacha commaoine Chríost orra, maille réna pháis do chaoineadh ná do chuimhniughadh.

An naomhadh goin

An cúigeadh hadhbhar, tré anfhorlann a chomharsan. Óir an tan at-chífeadh duine a chomharsa ag gul nó ag caoi, tré adhbhar iomchubhaidh, is somholta dhó féin comhghul do
6010] dhéanamh ris, do réir Phóil san dara caibidil déag gusna Rómhánchaibh, mar a bhforáileann aní céadna, agá rádh, flete cum flentibus ‘déanaidh gul ré lucht an ghola.’

An deachmhadh goin

An seiseadh hadhbhar fá ndligheann duine gul do dhéanamh, tré iomad fuinn nó mianghusa do bheith ar neach ré dul ar
6015] neamh, is dúthaigh dá gach aon-duine. Óir is follus go mbí


p.190

mian ar gach neach, triall dá dhúthaigh féin, mar thuigthear a briathraibh Óibhid, mar a n-abair —

Nescio qua natale solum dulcedine cunctos ducit, et immemores non sinit esse sui.


6020] ‘ní feas damh, ar sé, créad an mhilse bhíos san bhfonn ndúthchasa, ag tarraing na n-uile, agus nach léigeann dóibh bheith neamhchuimhneach orra féin.’ As na briathraibh se Óibhid is iontuigthe go mbí dúil ag gach neach 'na dhúthaigh féin, agus go mbí súil tar a ais aige ré triall innte as a dheóraidheacht.
6025] Tig Dáibhídh Rí leis aní gcéadna, ag labhairt i bpearsanaibh Chloinne Israel, ar mbeith dhóibh i gcoigcrích san bhroid Bháibhiolónda, mar a n-abair san .136. Salm, super flumina Babylonis, illic sedimus et flevimus, cum recordaremur tui Sion ‘do shuidhmís ós aibhnibh na Báibhiolóine, agus annsin do
6030] ghuilmís, an tan do chuimhnighmís ort-sa, a Shión.’ Dá chor i gcéill, an tan dobhádar Clanna Israel i mbroid Bháibhiolóine, go n-éirghidís amach ar bhruachaibh na na n-innbhear, agus ar tholchaibh uaigneacha na tíre, do dhéanamh doghra agus déar-chaointe, an tan do smuaindís a mbeith i mbroid agus i ndocamhal
6035] na Báibhiolóine; agus fós, an tan do smuaindís ar cheól agus ar chluicheadhaibh agus ar chaitheamh aimsire chathrach Ierusalem, agus ar gach n-aoibhneas agus ar gach n-urgháirdiughadh aigeanta dá mbíodh aca innte, ar iomad a sóidh agus a sádhaile, a mbídh agus a n-éadaigh, a n-óir agus a n-airgid agus a maitheasa ar-cheana. Agus
6040] do bharr ar gach ní oile, is ro-mhór do ghoilleadh orra bheith i n-éagmais theampaill ghlé-mhaisigh ghrianánda Sholaimh 'na gcleachtadaois bheith ag déanamh iodhbarta do Dhia uile-chumhachtach, agus gan aca 'na ionadh soin san bhroid sin na Báibhiolóine, acht bheith dá n-aimhdheóin ag feitheamh ar
6045] iodhbartaibh amhghlana agá ndéanamh do láimh-dhéibh nó do bhréig-dhealbhaibh do réir an ghnáthuighthe geintlidhe. Agus mo thruaighe, ní mó do bhí adhbhar caoi aca-san trés an adhbhar soin ioná an t-adhbhar caoi atá anois ag cineadhaibh bochta na hÉireann, trés an inghreim agus trés an gcoimhéigniughadh atá
6050] agá dhéanamh orra, agá sárughadh ré hiodhbairt luach-mhóir an


p.191

aifrinn do thréigean, ar chommaoin neamhghloin Lúitéir agus Chailbhín, ionnus gomadh fearr dhóibh go mór a mbás ioná a mbeith beó ré faigsin Ierusalem .i. na heagailse arna madhmughadh, agus an phobail arna cheangal i mbroid Bháibhiolónda
6055] na heiriticeachta.

An t-aonmhadh goin déag

Ní mó an mian do bhí ar Ionas ré bás d'fhagháil sul do-chífeadh an comhruathar do bhí fá Dhia do thabhairt ar lucht chathrach Ninive, ioná an fonn do dhlighfeadh gach Éireannach do bheith air fá bhás d'fhagháil sul dobhéardaois ar an gcreideamh
6060] gcoitcheann gcian-aosta gCatoileaca, atá i seilbh a sean agus a sinnsear, ó do plannduigheadh lé Pádraig naomhtha é, do dhealughadh riú. Ag so mar adeir Iob san cheathramhadh caibidil, tolle, Domine, animam meam, melior est mihi mors quam vita ‘tógaibh mh'anam, a Thighearna; is fearr dhamh
6065] bás ioná beatha.’ Adeir Elias naomhtha ionnshamhail an chomhráidh chéadna, an tan do bhí an bhainríoghan urchóideach Iesabel ag inghreim air féin agus ar gach n-aon do ghabhadh leis, amhail léaghthar san naomhadh caibidil déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a n-abair, sufficit
6070] mihi, Domine; tolle animam meam ‘is lór dhamh, a Thighearna; tógaibh mh'anam leat.’ Dá chor i gcéill gur mhaith leis bás d'fhagháil sul do-chífeadh na huilc do bhí ag teacht ar chathraigh Ierusalem. Agus tig Tobias ar aní gcéadna san treas caibidil, mar a n-abair, expedit enim mihi mori magis
6075] quam vivere ‘go dearbhtha is mó is oireamhnaighe dhamh bás d'fhagháil ioná bheith beó.’ Dá chor i gcéill gur chomhartha buidheachais do bheith ag Dia air gan é féin do bhreith ar na holcaibh do bhí ag toidheacht ar chathair Ierusalem.

An dara goin déag

Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san cheathramhadh
6080] caibidil in Genesi, mar rug Dia Abel ar a raibhe cion aige leis don tsaoghal, sul dobhéaradh ar na holcaibh táinig 'na dhiaidh. Léaghthar mar an gcéadna san .22. caibidil don cheathramhadh


p.192

leabhar do Leabhraibh na Ríogh gur mhaoidh Dia ar Iosias Rí, i ndíol teampaill Sholaimh do chórughadh agus na ndée
6085] mbodhar mbalbh do chor ar gcúl, ó do bhí a bhara faoi féin díoghaltas do dhéanamh ar Chloinn Israel, go ndiongnadh mar mhaith dhó-san a bhreith don tsaoghal, ionnus nach faicfeadh sé na haidhmillte do-ghéanadh féin ar Chloinn Israel. Ag so cheana briathra an Tighearna ag labhairt ré
6090] Iosias: flevisti coram me, et ego audivi, ait Dominus. Idcirco colligam te ad patres tuos, et colligeris ad sepulcrum tuum in pace, ut non videant oculi tui omnia mala quae inducturus sum super locum istum ‘do chaoidhis dom láthair, agus do-chualaidh mé thú, ar an Tighearna. Ar an adhbhar soin do-ghéan do chonnlughadh mar aon rét aithreachaibh, agus biaidh tú arnad
6095] chonnlughadh it tomba féin, ionnus nach faicfidís do shúile na huile olca imeórad ar an ionad so.’

An treas goin déag

Fa-ríor, is eadh shaoilim nach daoire na dochair do imir Dia, beag nach, ar phobal Israel, ioná an daor-dháil fhuilngeas do
6100] thoidheacht ar phobal imshníomhach Éireann, ionnus go bhféadaid go dlightheach a n-amfhorrán féin d'fhionnachtain, agus a gcomhmbroid do chasaoid ré Dia, amhail do-rinne Dáibhídh Rí anall-ód, ré mbeith don phobal Iúdaidheach fá éagcomhlann. Ag so mar adeir Dáibhídh san .59. Salm, ostendisti populo tuo
6105] dura, potasti nos vino compunctionis ‘do thaisbéanais daor-dháil dot phobal féin, agus tugais dhigh d'fhíon na comhghoine dhúinn.’ Féadaidh gach Catoilice Éireannach a rádh mar an gcéadna, tré bheith fá inghreim éagcoimsigh na n-éagcráibhtheach, ag diúltadh d'fháis-chreideamh fhollásach Cailbhín agus Lúitéir agus lochta a leanamhna. Uime sin is beitte d'Éireannchaibh Dia do ghuidhe, mar aon ris an ríogh-fháidh Dáibhídh, mar a n-abair san .78. Salm, ne memineris iniquitatum nostrarum antiquarum; cito anticipent nos misericordiae tuae, quia pauperes facti sumus nimis ‘ná cuimhnigh, a Thighearna, ar sean-urchóide;
6115] tigeadh go luath do thrócaire romhainn, óir atámaid arnar ndéanamh go ro-bhocht.’ Mar an gcéadna is cóir d'Éireannchaibh


p.193

a rádh, ar aithris an ríogh-fháidh Dháibhídh, do cheisneamh a n-amfhorráin féin ré Dia.

An ceathramhadh goin déag

Féadtar a fhiafraighidh annso, an ceaduightheach do dhuine
6120] a iarraidh ar dhuine oile do bhiadh ag fagháil bháis, toidheacht dá thaisbéanadh dhó i ndiaidh an bháis? Do-bheir S. Thomás freagra ar an gceist se san .22. hairteagal don treas Quodlibet, mar a n-abair go bhfuil dá adhbhar fá n-iarrthar ar an marbh é féin do thaisbéanadh i ndiaidh an bháis. An céad-adhbhar,
6125] tré chonntabhairt nó tré amharas do bheith ag duine ar staid na beatha atá ag teacht; agus cibé duine do iarrfadh ar an marbh teacht dá thaisbéanadh féin ar an modh so, is peacadh ro-throm dhó é. An dara hadhbhar, ionnus gurab móide do- ghéantaoi an beó do thoghairm ré guidhe ar an marbh, a fhios
6130] do bheith go cinnte ag an mbeó, créad an staid 'na mbiadh an marbh. Agus atá an modh so somholta, do réir an sgeóil innistear ar S. Thomás agus ar a chommbráthair cuinge agus crábhaidh, darbh ainm Ronán. Is eadh aithristear ann, gur ghealladar ar-aon dá chéile, cibé dhíobh is túsga do-ghéabhadh
6135] bás, toidheacht d'fhoillsiughadh a staide don dara fear. Agus go grod 'na dhiaidh sin fuair Ronán bás; agus i gcionn chúig lá ndéag i ndiaidh a bháis do thaisbéin é féin do S. Thomás, agus do innis dó gurab é féin do bhí ann, agus gurab do chomhall a gheallaimh tháinig. Agus do fhiafruigh S. Thomás de créad
6140] an riocht 'na raibhe. Do fhreagair-sean agus adubhairt go raibhe agá phianadh i bpurgadóir, agus gurab uime do bhí agá phianadh, tré fhaillíth do thabhairt i dtiomna charad dó, do fhágaibh sé ar a iocht. Agus do iarr ar S. Thomás dul do chuartughadh a leabhar, agus go bhfuighbheadh an tiomna ann, agus a chor i
6145] gcrích do réir aigeanta an tí dar thiomna é, agus go bhfóirfidhe é féin a purgadóir amhlaidh sin. Léaghthar ionnshamhail an sgeóil chéadna ar Shéarlas Mhór, rí Frangc, agus ar iarla Carno, do bhí 'na chaoimh-leannán ionmhain aige féin.


p.194