5675] Fiafraighidh S. Augustine san leabhar ro sgríobh don chúram
dleaghair do dhéanamh timcheall na marbh, agus S. Thomas san
.45. Dist., ag sgríobhadh ar an gceathramhadh leabhar do
Mhaighistir na mBreath, an bhfuil tarbha d'anmaibh na marbh
a gcuirp d'adhnacal go honórach i gceall-úir, nó i n-ionadh
5680]
choisreacdha? Gidh eadh, sul fhreigeóram don cheist sin,
An céad-nós. Is amhlaidh do-nídís na Rómhánaigh, na
cuirp do losgadh agus na cnámha do thaisge agus tuir do thógbháil
5685]
ar áitibh na dteinteadh, amhail adubhramair, do réir Plinius
san .54. caibidil don seachtmhadh leabhar.
An dara nós. Is eadh do-nídís na Massagetae, do réir
Ieronimus san .36. caibidil mar a sgríobhann i gcoinne
Iovinian, is eadh iomorra do-nídís, na seanóiridhe do thachtadh, agus a
5690]
gcuirp do bhruith agus d'ithe, d'eagla a gcraos-shloigthe
do chonaibh nó do mhadraibh.
An treas nós. Is eadh do-nídís na Tibareni, na seanóiridhe
searcacha agus na hathlaoich ionmhaine do bhíodh aca do chrochadh
go hard, ionnus nach roichfeadh cú ná gadhar ná muc
5695]
ná beathadhach allta oile iad, dá sraoilleadh nó dá sreang-tharraing
as a chéile.
An ceathramhadh nós. Is eadh do-nídís na Hyrcani, na daoine leith-bheó do chor fána fiachaibh agus fána fraochmhadraibh dá gcognamh agus dá gcreim-leadradh.
5700] An cúigeadh nós. Is eadh do-nídís na Caspii cuirp na
marbh do thabhairt do bheathadhachaibh confadhacha, dá
gcosgairt agus dá gcreat-raobadh.
An seiseadh nós. Is eadh do-nídís Cine Scuit ón Sceithia,
an marbh d'adhnacal fá úir, agus an tí fá dile agus fá díoghraisighe
5705]
leis an marbh d'adhnacal mar aon ris.
An seachtmhadh nós. Is eadh do-nídís na Bactri, coiléin óga do bheathughadh d'aon-toisg i gcomhair chorp na marbh do chognamh agus do chraos-longadh.
An t-ochtmhadh nós. Is eadh do-nídís lucht na hÉigipte,
5710]
gach marbh d'adhnacal 'na thoigh féin, nó dá mbeith gan teagh
ndíleas aige, a chur i dteagh an tí is measa dhó i bhfuil, do
réir Thuil Sigir san chéid-leabhar dá Leabhraibh Ceast.
An naomhadh nós. Is eadh do-nídís na Neviae, do réir
Alexander ab Alexandro, san seachtmhadh caibidil don .3.
5715]
leabhar, an marbh d'adhnacal fá úir maille ré hadhmoltaibh
agus ré comhgháir chaointe agus ré píobaireacht do bheith roimhe
gus an eaglais. Agus do-chím an nós so agá ghnáthughadh
i gConnachtaibh. Óir bíd mná timcheall an mhairbh ag
tabhairt teasta agus formolta air, agus bíth píobaire ag seinm rés an
5720]
gcorp ag triall gus an gcill.
An deachmhadh nós, do réir na caibidleach céadna. Is
eadh do-nídís lucht na hÉigipte, an tan do éagadh an rí do
bhíodh ós a gcionn, sagart do chur do reic agus d'fhaisnéis
ghníomh an ríogh, do láthair chomhdhála coitchinne na hÉigipte. Agus
5725]
an tan fá threise dhá mhíghníomhaibh ioná dá mhaith, do
bhreathnughadh na sochraide sin, is eadh do-nídís i ndíoghail
a mhíghníomh, gan onóir adhnaicthe do thabhairt dá chorp.
Gidh eadh, an tan fá threise dhá mhaith ioná dá mhíghníomhaibh,
do hadhnaicthí go honórach é, maille ré séad-chomharthaibh
5730]
suaitheanta do thógbháil ós a chionn.
An t-aonmhadh nós déag. Is eadh do-níthí i gcathair na hAithne, an tan do mharbhadh duine é féin, an lámh lé
An dara nós déag. Is eadh do-nídís na Macedones, amhail
léaghthar ag an ughdar gcéadna soin san .27. caibidil don
chúigeadh leabhar, an tí do marbhthaoi i rinn iorghaile nó
chatha, a chor i dteannáil nó i dteinidh threathan-mhóir thréan-lasrach,
5740]
agus an sluagh go huilidhe do theacht 'na
gcipeadhaibh agus 'na gcóirighthibh fá thrí go ciorcalda timcheall
na teineadh 'na mbídís cuirp na marbh torchaireadh i rinn iorghaile
amhail adubhramair. Agus is eadh do-nídís drong dona
5745]
sluaghaibh sin, a gceinn-bheirte do theilgean san teinidh dá
gcomhlosgadh mar aon ré corpaibh a gcompán, agus drong oile
sréin a n-each, agus drong oile a gcloidhmhe, agus drong oile a
n-airm dhiubhraigthe, mar atáid a ngearr-ghaoithe agus a sleagha
agus a soighde, agus drong oile cuid dá n-éadálaibh agus dá maoinibh
5750]
saoghalta, agus sin uile mar onóir do chorpaibh na marbh
bhíos san teinidh, agus mar chomhartha lúth-gháire tréna fheabhas
do chríochnuighsead na mairbh sin a mbeatha.
An treas nós déag. Is eadh do-nídís i nÉirinn i n-aimsir
na gcuradh agus na Féine, sul táinig solus an chreidimh chuca,
5755]
sna mairbh d'adhnacal fá úir. Gidh eadh, is iomdha cor ar
a gcuirthí leó iad. An céad-chor, uaigh nó feart talmhan
do dhéanamh go bhfad agus go leithead an chuirp, agus bonn a
chos ris an aird soir agus a bhaitheas ris an aird siar, agus carn
cloch do chor ós a chionn, dá ngairthí leacht, mar atá feart Mhaothagáin
5760]
i nUíbh Fathaigh. An dara cor, na mairbh do chor
fá úir, agus mion-rátha do chloidhe na dtimcheall, agus gan lia ná
leacht ós a gcionn. Agus atáid trí dronga chuirthear sna
mion-ráthaibh se, mar atáid aois ealadhna, mná, agus leinbh. Agus
- Feart aon-doruis d'fhior go n-aoi,
feart go ndíbh ndoirsibh for mhnaoi;
fearta gan doirse cheana
for mhaca, for ingheana,
5770] cnuic for allmharchaibh ána,
ocus múir for mhór-phlágha.
As an rann so is iontuigthe nach bíodh acht aon-dorus ar fheart
an fhir ealadhna, agus dá dhorus ar fheart na mná, feart na leanbh
gan aon-dorus, cnuic for allmharchaibh uaisle, agus cladh-mhúir
5775]
for lucht ghalar ngráineamhail. Cor oile ar a gcuirthí iad, mar
atá go lia agus go leacht; agus is líonmhar atáid na fearta so i
nÉirinn.
Gné oile adhnaicthe do bhíodh i nÉirinn ré linn na págántachta,
na mairbh do chur 'na seasamh, agus carn criadh agus cloch
do thógbháil ós a gcionn go ciorcalda comhchruinn, agus a n-airm
5780]
d'adhnacal mar aon riú. Agus is mar sin do hadhnaiceadh mórán
d'uaislibh na hÉireann anall-ód, agus go háirithe Mogh Néid,
amhail léaghthar i gcath Mhuighe Tualaing ag Dearg Dhamhsa
draoi, do-rinne an rann so:
- 5785] Feart Mhogha so ar Maigh Tualaing,
gona ruibhne ré a ghualainn,
gona lúirigh luaidheas goil,
is gona chath-bharr chumhdaigh.
An ceathramhadh nós déag. Is eadh do-nídís na Críostaidhthe,
na mairbh d'adhnacal i gceall-úiribh coisreacdha, do
5790]
réir mar léaghthar ag Decre. 13. qu.2. cap. Diocesani. Do-bheir
Greaghóir naomhtha freagra ar an gceist úd S. Augustine, agus is
eadh adeir, gurab sochrach dona fíréanchaibh bheith adhnaicthe i
gceall-úiribh coisreacdha, agus gurab