Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 7

AN SEACHTMHADH HALT

'na bhfiafruighthear a ndleaghair bróin-fhleadh nó torramh do dhéanamh, agus fós 'na gcuirthear i gceist an somholta dol i sochraide na marbh dá n-adhnacal.

An chéad-ghoin

Is dearbh gurab cóir bróin-fhleadh nó torramh do dhéanamh ar na marbhaibh ré linn a mbáis, do réir S. Dinís, san ochtmhadh caibidil ro sgríobh ar ard-fhlaitheas na heagailse, mar a n-abair, convenienter adsint poenitentes exequiis mortuorum, ut discant et
5555] attendant mortis contemptum ‘is cneasta dona haithrigheachaibh bheith do láthair thorraimh na marbh, ionnus go dtugdaois dá n-aire tár agus tarcaisne an bháis.’

An dara goin

Tuigim mar an gcéadna gurab somholta dul i sochraide na marbh dá n-adhnacal. Ar dtús, fá somholta idir Phágánchaibh
5560] féin na mairbh d'onórughadh agus d'iomchar ré a n-adhnacal. Bíodh a fhiadhnaise sin ar Dionysius Halicarnassensis san chúigeadh Leabhar, mar a léaghthar, an tan fuair an ridire rathmhar ro-chródha, agus an caiptín cosgrach caith-iorghalach, agus an baránta bríoghmhar beó-ghalach .i. Brutus bás, go dtugadar
5565] uaisle na Rómhánach do mhodh agus d'onóir dhó, ré linn a


p.175

adhnaicthe, gan imreasan gan easaonta do thoidheacht eatorra, acht gérbh iomdha a n-adhbhar fíocha agus fuasaoide; agus do iomchradar ar a nguailnibh go honórach agus go gcaith-réim mhóir an tseanaidh Rómhánaigh do bheith 'na dhiaidh go hionadh a
5570] adhnaicthe é. Agus is é céad-duine agar fearadh a chluiche caointe agus dá ndearnadh adhmoladh iar n-éag san Róimh é. Agus is de sin táinig an cluiche caointe do bheith mar nós ar feadh an domhain.

An treas goin

Is eadh is cluiche caointe ann, gol-gháirthe guirte gáibhtheacha
5575] agus eólchaire éagcuibhdheasach ainmheasardha do dhéanamh dhóibh, maille ré stothadh a bhfolt agus a bhfionnfaidh, ré sgríobadh agus ré sgrios a ndealbh, agus ré traost-bhualadh trom- ainmheach a gcorp fá lár agus fá lán-talamh; agus fós áireamh agus iomrádh a n-éacht agus a n-áitheas do dhéanamh; do réir mar is iontuigthe a
5580] briathraibh Oisín san duain diagánaigh do-rinne, darab tosach ‘Mór anocht mo chumhaidh féin,’ mar a luaidheann bás Osgair a mheic. Ag so síos na roinn as a dtuigthear créad is cluiche caointe ann, i n-aimsir na bpágánach i nÉirinn: —

    1. Sgreadais mac Rónáin annsoin,
      5585] agus tuitis go talmhain;
      buailis fá lár a chorp chain,
      tairrngis a fholt 's a fhionnfaidh.
    2. Dobhínn ag féachain a chréacht,
      agus ag áireamh a éacht;
      5590] fá mór an cás dúinn annsoin,
      mar fuair bás fánar lámhaibh.

An ceathramhadh goin

Léaghthar mar an gcéadna san seachtmhadh caibidil don treas leabhar ag an ughdar darab ainm Alexander ab Alexandro go ndearna an t-ard-fhlaith Alexander Mór an uiread soin
5595] d'onóir ré linn adhnaicthe Hephaestion — duine uasal do bhí 'na fhior chumainn aige féin — go dtug fá-deara múir na cathrach


p.176

'na bhfuair bás d'fholach do bhrataibh dubha. Agus fós, níor lór leis culaidh chumha do chor ar gach aon dá shluagh, acht fá héigean dóibh uile a monga do bhearradh mar chuimhniughadh
5600] onóra agus cumha i ndiaidh an fhir chumainn sin do bhí aige féin. Agus moltar Alexander trés an ngníomh soin.

An cúigeadh goin

Moltar mar an gcéadna Iulius Caesar, do réir mar léaghthar ag Valerius san chúigeadh Leabhar, tré mar do loisg go honórach ceann Phuimp an tan do chuir rí na hÉigipte chuige é. Óir
5605] is é fá nós adhnaicthe dona Rómhánchaibh ar na himpiribh agus ar na daoinibh móra do bhíodh aca, a gcuirp do losgadh, agus caol-tuir chneas-aolta chloch, dá ngairthí pyramides, do thógbháil ar áitibh na dteinteadh 'na loisgthí cuirp na n-ard-fhlaitheadh. Agus is uime sin do-rinne Caesar, mar onóir do
5610] Phuimp, a cheann do losgadh, do bhríogh gurab é sin gné adhnaicthe is onóraighe do bhí idir na Rómhánchaibh an tan soin.

An seiseadh goin

Moltar fós, do réir na háite céadna, Hannibal codhnach chathrach na Carthago san Aifric, tré mar do adhnaic sé, diaidh
5615] i ndiaidh, na trí hard-chaiptíne do Rómhánchaibh do bhí na náimhdibh aige .i. Paulus, Gracchus, agus Marcellus.

An seachtmhadh goin

Léaghthar mar an gcéadna san dara caibidil don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a ndearna Dáibhídh Saul do chaoineadh, agus do fhoráil ar an bpobal Iúdaidheach a
5620] chaoineadh, agus fós mar do chuir síos do láthair an phobail a cheannas feadhna agus a chródhacht agus a dhaonnacht agus a mhaith-ghníomhartha ó shoin amach.

An t-ochtmhadh goin

Is somholta fós an t-adhnacal do dhéanamh, do bhríogh go n-áirmheann an eaglais idir na hoibreachaibh trócaire corpardha
5625] é. Atá mar an gcéadna an scrioptúir agá mholadh, do réir mar


p.177

léaghthar san dara caibidil déag do Leabhar Tobias, mar a n-abair, quando sepeliebas mortuos, et derelinquebas prandium tuum et mortuos abscondebas in domo tua, et noctis silentio sepeliebas eos, ego obtuli orationem tuam Domino ‘an tan do bhí
5630] tú ag adhnacal na marbh, agus do fhágaibh tú do phroinn, agus do fhoilghis na mairbh it toigh féin, agus do adhnaic tú i gciúnas na hoidhche iad, do thiodhnaic mise th'urnaighthe don Tighearna.’ Is follus as na briathraibh se an aingil gurab somholta i bhfiadhnaise Dé an marbh d'adhnacal. Mar an gcéadna is iontuigthe
5635] a soisgéal na Páise go raibhe Dia buidheach do Nicodemus agus do Ioseph ó Arimatia tré chorp Chríost d'adhnacal iarna chéasadh.

An naomhadh goin

Léaghthar san .23. caibidil in Genesi go raibhe Abraham ro-chúramach timcheall adhnaicthe a mhná .i. Sara, agus mar do cheannuigh ionadh adhnaicthe dhi. Léaghthar fós san .50. caibidil don leabhar chéadna mar do-chuaidh Ioseph d'adhnacal
5640] chuirp a athar féin ón Éigipt go críochaibh na Canaan, maille ré sochraidibh móra, gur chuireadar i n-uaigh a shean-athar Abraham é.

An deachmhadh goin

Léaghthar ag Tobias san cheathramhadh caibidil ní thig leis
5645] aní gcéadna, mar a ndubhairt Tobias mór ré Tobias óg, a mhac, cum acceperit Deus animam meam, corpus meum sepeli ‘an tan ghlacfas Dia mh'anam, adhnaic mo chorp.’ Dá chor i gcéill gurab somholta na mairbh d'adhnacal.

An t-aonmhadh goin déag

Léaghthar fós san aonmhadh caibidil déag ag Eóin gur
5650] adhnaiceadh Lazarus lé Muire agus lé Marta. Léaghthar fós, san ochtmhadh caibidil do Ghníomharthaibh na nApstal, gur hadhnaiceadh go honórach Stiabhna naomhtha, do réir mar deirthear san áit chéadna, sepelierunt Stephanum viri timorati, et fecerunt planctum magnum super eum ‘do hadhnaiceadh Stiabhna lé
5655] fearaibh faitcheasacha, agus do-rónsad nuall-ghubha mór ós a chionn.’


p.178

An dara goin déag

Léaghthar fós ag Valerius Maximus san aonmhadh caibidil déag don chéid-leabhar, ar Simonides, gur adhnaic duine marbh ar an tráigh, agus go dtáinig dhe sin gur saoradh é féin óna bháthadh
5660] agus óna mharbhadh i dtigh do bhí ar dtuitim ar dhruing mhóir, rér dhealuigh Dia go hiongantach é sul do leagadh an teagh ar chách dá marbhadh.

An treas goin déag

Léaghthar san dara caibidil don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh briathra asarb iontuigthe gurab buidheach Dia don
5665] druing do-ní na mairbh d'adhnacal. Ag so mar adeir an ríogh-fháidh Dáibhídh ag labhairt ris an druing lér hadhnaiceadh Saul, benedicti vos a Domino, qui fecistis misericordiam hanc cum domino vestro Saul, et sepelistis eum. Et nunc retribuet vobis quidem Dominus misericordiam et veritatem ‘is beannuighthe
5670] sibhse ón Tighearna, sibhse do-rinne an trócaire se ar bhar dtighearna féin Saul, agus do adhnaic sibh é. Agus anois dáilfhidh dhaoibh go deimhin an Tighearna trócaire agus fírinne.’ As na briathraibh se is iontuigthe go roinneann Dia trócaire agus ceart ré duine trés an marbh d'adhnacal.