An céad-adhbhar dhíobh, do bhríogh gurab í sin toil Dé.
5300]
Óir is iomdha ní do-ní Dia, nach áil leis daoine do dhéanamh
lorgaireachta. Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní léaghthar i
mbeathaidh na n-aithreach ar Antonius naomhtha. Óir, ar
mbeith dhó ag lorgaireacht ar staidibh daoine oile, agus agá chor
i n-iongnadh créad as a gcuireadh Dia an cor so nó an cor
5305]
oile dhíobh, do-chualaidh an guth do neamh agá rádh ris, a
aire do thabhairt dó féin, agus gan bheith ag fiafraighidh ar
staidibh cáich.
An dara hadhbhar fá bhfuaduigheann Dia na hóga as an
mbeathaidh se, ionnus nach rachdaois i n-olcaibh ó bheith i
5310]
gcaidreabh na ndroch-dhaoine. Agus is uime sin adeir Solamh,
5315] An treas adhbhar, ionnus an t-ógán agá mbí droch-fhuadar
faoi, nach fuighbheadh leath a ré, d'eagla go mbiadh nísa mheasa.
Agus is uime sin adeir Dáibhídh Rí, viri sanguinum et dolosi non
dimidiabunt dies suos an dream bhíos fuileach (nó do-ní dortadh
fola) agus bhíos cealgach, ní fhaghaid leath a laitheadh. Dá
chor i gcéill, an dream agá mbí dúil i ndún-mharbhadh agus i
bhfeall agus i mbeartaibh gráineamhla oile, go gciorrbhann Dia
a laithe, ionnus nach beidís ag sír-dhéanamh uilc. Agus go bhfios
damh, is maith thig leis aní se an rann do-rinne file dh'áirithe,
mar a n-abair:
- 5325] Dá mbeith go bhfuighbheadh fear fill
seal dá ré 'na ré aoibhinn,
atáid cách dá chor i gcairt
nach gnáth a dhol gan díoghailt.
An ceathramhadh hadhbhar, ionnus nach leandaois ainbhearta
5330]
a n-aithreach; do réir S. Augustine san treas ceist déag don
Leabhar Ceast ro sgríobh ar an sein-reacht, mar a n-abair,
infantes in Sodomis simul cum parentibus cremati sunt, ne diu
viventes exempla parentum consequerentur do loisgeadh na
naoidhin i Sodoma mar aon réna dtuismhightheóiribh, d'fhaitcheas,
5335]
dá mairdís i bhfad, go leanfadaois sompladha a
sean agus a sinnsear.
An cúigeadh hadhbhar, tré pheacaidhibh na dtuismhightheóireadh.
Óir díoghlaidh Dia go meinic ar an saoghal so coirthe na
sinnsear ar an sliocht tig uatha, gus an treas glún nó an
5340]
ceathramhadh glún, do réir an bhagair do-ní sé féin, mar a
- Ní bhí a chlann ó neach i neart
'gon tí bhus gann breath ar bhocht;
a ndéinid na haithre d'ulc,
5355] don lucht as a haithle is olc.
Bíodh a fhiadhnaise sin ar mhórán d'uaislibh an oiléin se na
hÉireann, agá ndeachaidh báthadh ar mhórán dá dtighthibh
onóracha, ionnus nach fuil acht ainbhfine agá n-áitiughadh don
chur so; agus iad féin an mhéid maireas dá n-iarmhar i
5360]
moghsaine agus i mbochtacht, ag íoc uabhair agus aindlighidh, drúise
agus droich-bheart, fill agus fionghaile a sean agus a sinnsear.
Gonadh uime sin do-rinne Maolmhuire Ó hUiginn, aird-easpog
Thuama, an rann so:
- Fuilngidh Dia dúthaigh a sean,
5365] tré anuabhar Mhac Míleadh,
críoch ainglidhe fá n-iadh tonn,
fá riar ainbhfine eachtronn.
Ag so mar thig leis aní se thuas an aislinge do-chonnairc
Adhamhnán, fear lán don Spiorad Naomh, do réir mar léaghthar
5370]
i Leabhar Leacaoin, vae, vae, vae, viris Hiberniae insolae
mandata Domini transgredientibus. Vae regibus et principibus, qui
non dirigunt sapientiam et veritatem, et diligunt iniquitatem. Vae
doctoribus qui non docent veritatem, et consentiunt vanitatibus
Tuigthear fírinne aneithe se as aní léaghthar san dara caibidil
déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar do-rinne
5390]
Dia díoghaltas ar an adhaltrannaigh Bersabe: an mac rug sí
i n-adhaltrannas do Dháibhídh d'éag go grod i ndiaidh a
bheirthe, i n-íoc na coire do-rinneadar a thuismhidhtheóiridhe.
Is trés an nguais se do bheith ó Dhia i ndiaidh na bpeacadh so
adeir Pól go hiongantach san deachmhadh caibidil gus na
hEabhraidhibh,
5395] mar a n-abair, quam horrendum est incidere in
manus Dei viventis créad é a mhéid d'uathbhás, teagmháil i
lámhaibh an Dé bheo! Dá chor i gcéill gurab mór is ineagluighthe
dona peacthachaibh fearg Dé do thuilleamh, agus méad an chumais
atá ag Dia ar dhíoghaltas do dhéanamh orra. Uime sin atá Greaghóir
5400]
naomhtha ag teagasg na ndaoine san .13. Homil., ag
sgríobhadh ar an soisgéal darab tosach sint lumbi vestri praecinti,
mar a n-abair, nemo Dei longanimitatem negligat, quia tanto
districtiorem iustitiam in iudicio exigit, quanto longiorem ante
iudicium patientiam prorogavit ná tugadh aon-duine faill i
bhfad-aradhnacht
5405] Dé, óir cion a bhfuil d'fhad-dáil 'na
fhoidhide ag cur a bhreitheamhnais ar cáirde, atá sé do chaoile
'na cheirt-bhreitheamhnas. Gidh eadh, is eadh shaoilid an líne
nó an lucht comhaimsire
Tuig, a dhuine, gur gnáthach ceachtar do cheithre hainiarsmaibh
5425]
urchóideacha ag toidheacht ar dhuine do thoisg an
adhaltrannais. An céad-ainiarsma dhíobh, bochtacht antoisgtheach,
chuireas duine as a chonách saoghalta, agus bháidheas
i n-ainfhiachaibh éadtarbhacha é. Agus is iomdha barraidhe
bogásach bladhmannach do breódh agus do buaileadh don sgiúirse
5430]
se rénar linn féin i nÉirinn, agar fhulaing Dia dhóibh tré
mhilleadh bhan bpósta dul tar bharr a ngealltadh.
An dara hainiarsma, teasgadh ainmheach ball. Óir is meinic
fhuilngeas Dia súil nó chos nó lámh do chaill don adhaltrach
i n-íoc an pheacaidh, agus mar rabhadh do dhaoinibh oile ré
5435]
bheith ar a gcoimhéad ar an gcoir gcéadna.
An treas anfhochain, bás obann gan aithrighe, mar atá a losgadh i dteinidh, nó a bháthadh i n-uisge, nó a ghoin lé harm, nó a n-ionnshamhla oile do bhásaibh aibéile obanna dá bhreith.
An ceathramhadh hainiarsma, gan mac do bheith ag gabháil
5440]
a oighreachta. Agus muna mbeith eagla a easgcáirdeasa do
tharraing orainn, is iomdha comhartha follus cinnte do fhéadfamaois
Acht cheana, mar rabhadh don léaghthóir, cuirfead síos
5445]
ann so, acht ciodh leasg leam a luadh, beagán don druing rér
bhean (fa-ríor) dochar na dála so, ar mbeith gan mac ag gabháil
oighreachta ar aon díobh; mar atá Gearóid, Iarla Chille Dara;
Tomás Builtéar, Iarla Urmhumhan agus Osraighe; Domhnall Mhág
Carrthaigh, Iarla Bhéil-innse; Muiris Mac Gearailt, Tighearna
5450]
na nDéiseach; agus Rolont Iústás, Tighearna Chríche
Iústásach; Éamonn Mac Giobúin, dá ngairthí an Ridire Fionn;
agus an Calbhach Ó Cearbhaill, dá ngairthí Tighearna Éile.
Agus muna mbeith go raibhe an drong adubhart chomh-follus soin
ciontach san choir se go bhfuilid a ngníomha san ngné sin
5455]
i mbéalaibh cáich go coitcheann, do fhúigfinn iad mar gach
lucht oile gan labhairt orra. Gonadh uime sin do-rinne file
éigin an rann so:
- Gach rí colach do-ní drúis,
coir chuireas a shúil do niort;
5460] is é an gníomh soin tar gach sgéal
cheileas a shéan is a shliocht.
Is amhlaidh thuigim gurab i ndíoghaltas adhaltrannais
Ruaidhrí mhic Thoirdhealbhaigh Uí Chonchubhair, ríogh
Connacht, agus adhaltrannais Dhiarmada Mhic Mhurchadha, ríogh
5465]
Laighean, do dheónuigh Dia Gaoidhil do dhealughadh ré
hard-fhlaitheas Éireann, agus Gaill do dhéanamh gabháltais orra.
Óir léaghthar ar Ruaidhrí Ua Chonchubhair nachar lór leis seisear
leannán do bheith aige gan a thoil féin do bheith aige ar gach
mnaoi 'na dhúthaigh 'na gcuirfeadh dúil, gémadh pósta nó
5470]
neamhphósta do bhiadh sí. Agus is follus do thaoibh Dhiarmada
Mheic Mhurchadha gurab tré mhnaoi Thighearnáin Uí Ruairc do
bhreith leis tarla gach dochar dá ndearnaidh sé dhó féin agus
d'Éirinn. Gá dtám ris, is iomdha flaitheas foirleathan, agus
ríogh-fhuil
Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní tharla dona trí hard-fhlathaibh
se síos a los na coire se: Ag so a n-anmanna: Sardanapalus
rí na Persia, Rodericus rí na Spáinne, agus Vortigernus rí na
5480]
Breatan Móire. Is eadh tarla don chéid-fhear, caiptín dá
mhuinntir féin do bhuain a chinn de, ar mbeith dhó i measg
an bhantrachta i n-earradh mhná, agus é ag sníomh choigíle,
agus an líne ríoghamhail do dhul i mbáthadh do bhíthin an
mhíghníomha soin; nó do réir dhruinge oile é féin dá losgadh féin
agus a ionnmhasa
5485] mar aon ris i dtor dhaingean do hiadhadh lais
féin air.
Is eadh tarla don dara fear .i. Rodericus do dhéanamh, dúil
do chur i mnaoi iarla onóraigh don Spáinn, agus an t-iarla do
chor ar eachtra don Aiffric. Agus ar mbeith don iarla san
eachtra soin tarla don rígh míghníomh do dhéanamh ré mnaoi an iarla.
5490]
Agus ar bhfilleadh óna thurus don iarla, fuair sgéala an
mhíghníomha soin, agus do-ní gearán agus éagnach ar an rígh ré
huaislibh na Spáinne fán míghníomh sin, agus do-rinne féin agus
iad féin ceangal ré chéile, agus do chogradar Múraigh do thabhairt
isteach ar an Spáinn. Agus iar gcinneadh ar an gcomhairle sin
dóibh, téid
5495] an t-iarla tar a ais don Aiffric, agus tug sluagh
líonmhar Múrach leis don Spáinn dá gabháil, agus tug féin agus na
Múraigh gona ranntaibh cath don rígh Rodericus, gur marbhadh
Rodericus agus urmhór a shluagh san chath, gur ghabhadar na
Múraigh orlamhas na Spáinne tuairim chúig céad bliadhain do dhruim
5500]
an mhíghníomha soin. Agus ní tháinig lorg ná sliocht ar
Rodericus san Spáinn ó shoin.
Is eadh tarla don treas fear .i. Vortigernus, flaitheas na
Breatan Móire do leónadh réna linn, agus Saxanaigh do ghabháil
neirt uirre d'fhulang Dé, i ndíoghail na coire do-rinne an rí,
5505]
mar atá inghean Hengistus, caiptín Gearmáineach, do bheith 'na
leannán leaptha ar sgáth a beith pósta aige, do chongbháil tar
ceann a mhná pósta féin.
Is iomdha a shamhail oile so do sgéalaibh budh éidir do chur
síos annso, do sheachna na fad-dála fhúigfidhear linn don chur
5510]
so gan chur síos. Agus is truagh an doille agus an dorchadas
doiléir dásachtach, agus an dúire dhoitheagaisg don druing ad-chí
an ciorrbhadh cinidh, agus an folmhughadh flaithis, agus an
ruathar-chlódh ríogh-fhola, tig don mheasgán mhearbhaill úd dá
ngoirthear mear-ghrádh na meirdreach, agus nach déinid iad féin
5515]
d'anacal air. Ag so an teist do-bheir Hieronymus in Epist. ar
choir na drúise, o ignis infernalis luxuriae, cuius materia gula,
cuius flamma superbia, cuius scintilla prava colloquia, cuius fumus
infamia, cuius cinis inmunditia, cuius finis gehenna ó a theine
ifreannda na drúise, darab adhbhar an craos, darab lasair an
5520]
díomas, darab drithleanna doibhriathra, darab deatach míochlú,
darab luaithreadh neamhghlaine, darab críoch an bhráith-theine!
As so is iontuigthe créad é a mhéad do dhíoth do dhuine bheith
drúiseach, agus créad na dochair do-ní sí dhó.
An seiseadh hadhbhar fá bhfuaduigheann Dia na daoine óga
5525]
leis leath as-toigh dá n-aois, do chionn nach fiú na daoine
bhíos beó tar a n-éis, na deagh-dhaoine do bheith eatorra. Do
réir mar adeir Pól, ag labhairt ar na hapstalaibh agus ar na
fíréanchaibh dá dtugadh bás i ndiaidh Chríost ar son a gcreidimh, amhail
5530]
léaghthar san aonmhadh caibidil déag gus na hEabhraidhibh,
mar a n-abair, quibus dignus non erat mundus an dream nacharbh
fhiú an domhan a mbeith ann. Dá chor i gcéill gur mhaith an
t-adhbhar fár fhulaing Dia martradh na n-apstal agus na
bhfíréan, do bhríogh nacharbh fhiú olc na druinge do bhí beó dá
n-éis iad féin do bheith eatorra. Ag so do réir Augustine,
De Vita
5535] Christiana, fáth oile fá mbeireann Dia daoine leis go
luath, mar a n-abair, vocantur ante tempus boni, ne diutius
vexentur a noxiis; mali vero et impii tolluntur, ne diutius bonos
persequantur gairmthear ré n-aimsir na deagh-dhaoine, ionnus
nach beidís ní budh faide dá mbuaidhreadh ag na droch-dhaoinibh.
5540]
Beirthear iomorra na dodhaoine agus na héadtrócairigh, go nach