Féadtar a fhiafraighidh annso a ndleaghair go héigeantach udhacht
an mhairbh do choimhlíonadh ar gach aon-chor. Do-bheir
5105]
Richardus san .45. Distinct., ag sgríobhadh ar an gceathramhadh
leabhar do Mhaighistir na mBreath, freagra ar an gceist se, agus
is eadh adeir, go ndleaghair, acht muna raibhe an t-udhacht
contrárdha do dhlighe na nádúire, nó do dhlighe Dé, nó do dhlighe
chille nó thuaithe, do réir mar
5110] léaghthar ag an dlighe, Extra de
Testa. (cap. Iudicantis): voluntas testatoris debet per omnia
adimpleri dleaghair toil an
5115] An chéad-drong, daoine riaghalta; do bhríogh nach bí sealbh
shaoghalta aca, agus go mbí a dtoil ceangailte ar thoil a
n-uachtaráin.
An dara drong, amadáin; do bhríogh nach bí saoir-mheas na toile ar a gcumas, lé bhféadfadaois bail nó caoi chneasta do chor ar éin-ní.
5120] An treas drong dá ngoirthear mic mhuinntire, ar nach déantar
lámh-sgaoileadh. Ionann sin ré a rádh agus na mic nach bí sgaoilte
ó lámh-smacht a n-aithreach. Óir an mhuinntear so, ní bhí éin-ní
ar a gcumas, agus ní fhéadaid udhacht do dhéanamh uime sin,
acht amháin muna dteagmhadh amhantar, dá ngoireann
5125]
an dlighe castrense, dhóibh.
An ceathramhadh cinéal nó drong, úsairidhe coitcheanna. Ní fhéadaid
an drong so udhacht do dhéanamh go dlisteanach, gan cuir agus
teannta do thabhairt uatha ré haiseag iomlán do thabhairt dá gach
rann ré a raibhe a malairt in gach breis-díol
5130] dár bheanadar-san
díobh, do bhríogh nach bí ceart san bhioth aca ré coimhéad an
bhreis-díola bheanaid amach.
Is iomdha fós fáth oile as nach dleaghair an t-udhacht do
choimhlíonadh, mar atá dá bhfágbhadh duine ré hudhacht ní nach
leis féin, ní móide ceart an tí agá bhfágbhann eisean dá
5135] fhágbháil
ré hudhacht aige. Óir dá bhfágbhadh Ó Laoghaire Leath Cuinn
ag Ó Chruimín, ní móide ceart Uí Chruimín ar Leith Cuinn sin.
Mar an gcéadna don ní thuas. Dá bhfágbhadh fós neach ré hudhacht
aní nach biadh aige, ní dhleaghair díol do dhéanamh ar a shon.
5140] Dá bhfágbhadh mar an gcéadna neach a oighreacht ré hudhacht ag
neach oile seach a fágbháil agá oighre díleas, agus gan cúis
gcneasta aige réna chur ón oighreacht, ní dleaghair an t-udhacht
soin do choimhlíonadh, dá mbeith gurab ag an eaglais do fúigfidhe
an oighreacht. Gurab uime sin adeir
5145] ciste an chrábhaidh, agus
ainceóir na heagailse, agus biattach na mbocht agus na
mbaintreabhthach, furtuightheóir na bhfann agus díonathóir na
ndílleacht, agus leasuightheóir na locht, agus an
Féadtar a fhiafraighidh annso, an bhfuil d'fhiachaibh ar na
seiceadúiribh an tiomna nó an t-udhacht do chor i ngníomh
5160]
do láthair iar n-éag an tiomantóra? Do-bheir Richardus freagra ar
an gceist se, agus is eadh adeir: an tan chumas an t-udhachtóir
aimsir chinnte ré coimhlíonadh an tiomanta, nach bí d'fhiachaibh
ar an seiceadúir an t-udhacht do choimhlíonadh rés an aimsir
gcinnte chumas an t-udhachtóir féin, acht munab
5165]
follus do lucht a léir-mheasta go dtéid moill do chur air i ndochar don mharbh,
agus an tráth is léir sin, atá d'fhiachaibh ar an seiceadúir i
gcoguas a coimhlíonadh do láthair. Gidh eadh, do dhlighe ní
féadtar a choimhéigniughadh gus an aimsir ro cinneadh leis an
udhachtóir. Acht cheana, an tan
5170]
nach cumann an t-udhachtóir aimsir
chinnte, agus bhíos ar chumas an tseiceadúra an tiomna do
choimhlíonadh go saor-dhálach, bí d'fhiachaibh air do láthair
a choimhlíonadh; do réir mar léaghthar ag Decre. ff. de Re. Iur.:
in omnibus in quibus dies non ponitur, praesenti die debetur in
gach uile ní
5175] 'snach cuirthear lá, dleaghair an lá bhíos do láthair
aní. Ionann sin ré a rádh agus gidh bé ní ghealltar, agus gan
cairde ná ceann cinnte aimsire do ghabháil ris an tí dá ngealltar
é, fásaidh ceart saní ghealltar don tí dá ndéantar an geallamh,
do láthair i ndiaidh an gheallaimh do dhéanamh. Agus dá
5180] réir sin,
an geallamh do-bheir an tiomantóir ar leagáid d'fhágbháil dá éis,
fásaidh ceart do láthair san leagáid ag an tí dá ngealltar í, iar
n-éag an tiomantóra. Agus adeir Glossa gur
Féadtar a fhiafraighidh annso, an dtéid an righneas chuirthear ar
dhíol na leagáide i ndochar don mharbh. Do-bheir
5195] Richardus
freagra ar an gceist se, agus is eadh adeir, go dtéid, agus atáid
dá réasún chuige sin. An céad-réasún díobh, gurab luathaide
ghuidheas an eaglais ar an marbh, í do bheith ar nglacadh na
leagáide, tréna bheith d'fhiachaibh uirre a los na leagáide an
ghuidhe do dhéanamh. An dara réasún, do
5200] bhríogh nach fuil dá
luaithe díoltar an leagáid, nach luathaide sa chách do-gheibh an
marbh éadtromughadh ó phéin phurgadóra é. As gach ní dá
ndubhramair sna trí foicheastaibh sin thuas, is léir a luime do
locht, agus a aidhbhsighe d'urchóid, don druing léigeas díobh gan
udhacht an mhairbh do choimhlíonadh.
5205] Agus is inmheasta sin as an sgéal léaghthar i n-imtheachtaibh
Shéarlais Mhóir. Ré dtriall iomorra do shluagh Shéarlais
trés an Navarr, do chathughadh ré Múrachaibh, do bhí ag gabháil
neirt ar an Spáinn go foiréigneach. Ré dtriall san turus soin
dóibh, tarla galar éaga do ridire dá raibhe ar an sluagh, agus ní
raibhe do mhaoin an tan soin dá chóir acht acht an t-each ar a
5210]
mbíodh ré linn a shláinte ag déanamh feadhma; agus do thiomain sé
don eaglais ar a anmain í, agus do fhágaibh ar láimh dhearbhráthar
dhó féin í, réna dáil don eaglais. Acht cheana, is eadh do-rinne
an dearbhráthair a congbháil aige féin. Gidh
5215] eadh, i gcionn .30.
lá táinig anam an ridire do labhairt ris agus dá iomcháineadh agus is
eadh adubhairt: a fhionghalaigh, ar
5230] Féadtar a fhiafraighidh annso, cia an dream ar nach rigthear a leas
guidhe, agus nach téid i bpurgadóir, acht thriallas do láthair
d'éis a mbáis ar neamh. Mo fhreagra go bhfuilid trí dronga
théid ar ball d'éis a mbáis ar neamh, mar atá an dream éagas do
láthair d'éis an bhaistidhe, na mairtírigh, agus na firéin fhíor-chráibhtheacha.
5235]
Is i bhfioghair na dtrí n-aicme se atáid an triúr
dar hosgladh neamh ar mbeith ar talmhan dóibh,
mar atá Críost iarna bhaisteadh, do réir Lúcáis san treas
caibidil; agus Stiabhna iarna chlochadh, do réir Lúcáis san
ochtmhadh caibidil do Ghníomharthaibh na nApstal; agus Eóin, do
réir mar
5240] adeir sé féin san cheathramhadh caibidil do Leabhar na
dTaidhbhreadh, vidi et ecce ostium apertum in caelo ad-chonnarc,
agus féach, dorus osluigthe ar neamh. As an bhfioghair se is
iontuigthe, gach aon do-gheibh bás do láthair iarna bhaisteadh, nó
gach aon do-gheibh bás tré mhartradh, nó gach aon bhíos
5245] fíréanta
ionnraic, amhail do bhí Eóin Bruinne, go n-osgaltar do láthair
iar mbás dorus nimhe roimhe, agus nach téid i bpurgadóir. Gidh
eadh, an dream dá leanann sal na sein-chion, agus ar a mbí teimheal
truaillithe nó meirg míomhaiseach ó mhuirt na mímhéine ar a gcoguas,
nach ráinig leó do sgrios
5250] le sguaib sgiamh-ghloin sgoith-líomhtha an sgrúduighthe sgagtha
Féadtar a fhiafraighidh annso créad as a ndéin an eaglais
onóir agus offráil ar na marbhaibh se, i gcionn an seachtmhadh lá,
5260]
agus i gcionn mhíosa, agus i gcionn bhliadhna? Ar dtús is uime
do-níd i gcionn an seachtmhadh lá, ionnus go maithfidhe dhóibh
na huile pheacaidh do-rónsad ré linn a mbeatha, do-níthear do
sheacht laithibh na seachtmhaine, nó ionnus go maithfidhe
dhóibh na huile pheacaidh do-rónsad lé a gcorpaibh, bhíos arna
5265]
ndéanamh dona ceithre dúilibh, agus léna n-anmaibh agá mbíd
trí bríogha, mar atá toil agus tuigse agus meabhair. Is uime fós
do-níd an cuimhniughadh míosa, 'na mbíd na deich lá fá thrí,
ionnus go nglantaoi na mairbh ó gach teimheal dá mbí orra
tréna gciontaibh a los neamhchoimhéada chreidimh na Tríonóide,
5270]
agus tré shárughadh na deich n-aithneadh. Is uime mar an gcéadna
do-níthear an cuimhniughadh bliadhna, ionnus go rachadh an
marbh ó bhliadhnaibh an amhgair go bliadhnaibh na síordhaidheachta;
agus fós, i ndíol gach uilc agus gach anchaithimh
aimsire dá ndearnsad na mairbh i mbliadhain a mbeatha.
5275]
Féadtar iomorra bliadhain do thabhairt ar ré an duine. Óir
amhail bhíd cheithre ráithe san bhliadhain, atáid cheathra
cotcha i ré an duine, mar atá aos macaoimh, aos ógáin, feardhacht,
agus seanórdhacht, fhreagras do cheithre ráithibh na bliadhna,
mar is follus do lucht a léir-mheasta. Gidh eadh, ní foláir don
5280]
tí do-ní an offráil nó an t-eineach so ar na marbhaibh, grádh
Dé agus na comharsan do bheith aige, agus é féin do bheith san
ghrádh. Óir ní ghabhann Dia asgaidh fhir an anchroidhe.
Agus is mar dhearbhadh ar na gnáthuighthibh agus ar na nósaibh
réamhráitte do bheith somholta adeir Ambrosius, Super Obitum