Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 4

AN CEATHRAMHADH HALT

'na gcuirthear i gcéill créad as a dtugthar furtacht leis an mbeó don mharbh i bpurgadóir; agus na modha ar a bhféadtar furtacht do thabhairt dó.

An chéad-ghoin


4870] Féadtar a fhiafraighidh annso, créad as a dtugthar furtacht leis an mbeó ar an marbh bhfíréanda bhíos i bpurgadóir. Mo fhreagra ar an gceist se, gurab iomdha adhbhar fá ndligheann an beó furtacht ar an marbh bhfíréanda. Ar dtús, is cneasta dhó an marbh do chabhair trés an maith do-rinne an marbh dhó ré linn a bheatha.
4875] Óir dlighidh gach maith a luaighidheacht.

An dara goin

An dara hadhbhar, airleagadh an ghrádha. Óir amhail tug an tí is marbh grádh agus commaoin ré linn a bheatha don tí fhágbhas dá éis ar airleagadh, mar an gcéadna dlighidh an beó mhaireas an t-airleagadh céadna do dhíol ris an marbh,
4880] maille ré grádh agus ré commaoin do thabhairt dá chionn dó.

An treas goin

An treas adhbhar, an t-éigean 'na mbí an marbh, do bhríogh nach bí ar a chumas féin saor-dháil ar bioth do thabhairt dó féin, agus nach fuil pian ar talmhain is coimmeas diachair agus doilgheas ris an bpéin fhuilngeas; agus go mór-mhór tréna beith
4885] fad-dálach. Óir an phian do chúiteóchadh neach ré haon-lá amháin ré linn a bheatha, is éigean dó bliadhain do thabhairt i bpurgadóir agá cúiteachadh. Agus is é so is iontuigthe a briathraibh Dé, san cheathramhadh caibidil ag Ezech., mar a


p.154

n-abair, fili hominis, diem pro anno dedi tibi ‘a mheic an duine, do
4890] dháil mé lá mar bhliadhain duit.’ Atá fioghair ar aní se léaghthar san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na Nuimhreach mar do cuireadh Clann Israel timcheall ar feadh .40. bliadhan ar an bhfásach, san tslighidh do fhéadfadaois do chríochnughadh ré .40. lá, do réir mar adeir Dia san áit chéadna, annus pro die
4895] imputabitur ‘measfaidhear an bhliadhain ar son an laoi.’ Dá chor i gcéill go gcaithfeadh pobal Israel, i ndíoghail a n-uilc féin, anmhain bliadhain ar an bhfásach i n-aghaidh gach laoi dá raibhe d'fhiachaibh orra bheith ar an bhfásach. Agus do-rinne Dia féin an díoghaltas soin do bhagar orra, amhail léaghthar san
4900] chaibidil chéadna, mar a n-abair, quadraginta annis recipietis iniquitates vestras, et scietis ultionem meam ‘ré .40. bliadhain do-ghéabhthaoi bhar n-urchóid féin, agus biaidh fios mo dhíoghaltais-se agaibh.’ Mar an gcéadna go fáthach adeir ris an druing ar a mbí sal na dtrí n-adhbhar thuas, amhail adubhramar. Óir ní
4905] fhéadaid féin tuarastal do thuilleamh, ná saothrughadh sochrach san bhioth do dhéanamh dhóibh féin d'éis a mbáis, do réir Eóin san naomhadh caibidil, mar a n-abair, veniet nox quando nemo potest operari ‘tiocfaidh an oidhche, an tan nach féadfaidh aon oibriughadh.’ Dá chor i gcéill, ó thig oidhche an éaga, nach
4910] féadann an fíréan tuarastal do thuilleamh ná lóir- ghníomh do dhéanamh ar a shon féin; agus uime sin, gach díol do-bheir uaidh i bpurgadóir, ní lóir-ghníomh is ionráidh ris, acht lór-fhulang. Gonadh ag cur aneithe sin i gcéill atá S. Augustine, Liber de Decem Chordis: melior est modica amaritudo in faucibus quam
4915] aeternum tormentum in visceribus ‘is fearr beagán searbhais sna cúláiribh ioná pian shíordhaidhe sna drólannaibh.’ Ionann sin ré a rádh agus gurab usa do dhuine pian fhoirimeallach aimseardha do bheith ar a chorp san saoghal so i bpeannaid na haithrighe, ioná pian inmheadhónach na hanma do bheith air i bpurgadóir
4920] dá híoc go haimhdheónach.

An ceathramhadh goin

An ceathramhadh hadhbhar, do bhríogh go dtéid commaoine na mbeó i sochar speisialta don mharbh ar a gcuirthear í, agus i


p.155

gcoitchinne dona marbhaibh oile bhíos i bpurgadóir. Agus is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san seachtmhadh caibidil
4925] déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar thug Elias fá-deara ar an mbaintreabhthaigh tuirtín fá luaith do dhéanamh dhó féin ar dtús agus a mhuinntir ainn-séin do riar don mhin chéadna. Mar an gcéadna téid commaoine na mbeó i sochar go sonnradhach don mharbh ar a gcuirthear go cinnte
4930] an chumaoin, agus dá éis sin i gcoitchinne dona marbhaibh oile fíréanda bhíos i bpurgadóir.

An cúigeadh goin

An cúigeadh hadhbhar, do bhríogh go dtabhair Dia don bheó luach na commaoine chuireas ar an marbh. Gonadh uime sin adeir Dáibhídh, oratio mea in sinu mea convertetur ‘tillfidhear
4935] mh'urnaighthe féin im choim féin.’ Dá chor i gcéill go bhfilleann Dia roinn do shochar na guidhe do-ní an fíréan air féin, ré mbeith ag guidhe ar an marbh dhó. Is é aní céadna mhaoidheas Críost ag Matha san seachtmhadh caibidil, mar a n-abair, in qua mensura mensi fueritis remetietur vobis ‘cibé tomhas do-bhéarthaoi uaibh,
4940] an céadna thomhaisfidhear dhaoibh.’ Dá chor i gcéill an dream roinneas cruadháil ris na marbhaibh, go roinnfidh féin cruadháil riú; agus an dream roinneas cinéal riú, go roinnfidhear cinéal ríu-san mar an gcéadna, do réir Mhatha san chúigeadh caibidil, mar a n-abair, beati misericordes, quoniam ipsi misericordiam consequentur
4945] ‘is beannuighthe na trócairigh, óir greamóchaid siad-san trócaire.’ Gidh eadh, a chontrárdha sin tig don éadtrócaireach ainiochtach, amhail adeir S. Séam san dara caibidil, iudicium sine misericordia fiet illi qui non fecerit misericordiam ‘breitheamhnas gan trócaire do-ghéantar ar an tí nach diongna trócaire.’
4950] As na briathraibh se is iontuigthe go roinneann Dia lom ceirt ris an druing n-ainiochtaigh sin chailleas ar na marbhaibh.

An seiseadh goin

An seiseadh hadhbhar fá ndligheann an beó commaoine do chur ar an marbh, do bhríogh go mbí an marbh ar neamh ag guidhe ar an tí chuireas commaoine air, ré mbeith i bpurgadóir


p.156


4955] dhó, do réir S. Tomás san dara rann don dara cuid dá Dhiadhacht, san aonmhadh airteagal déag don .82. Ceist. Agus go bhfios damh dob oircheas do gach n-aon dícheall do dhéanamh ré hanmcháirdibh naomhtha do bheith ar neamh aige, do-ghéanadh eadarghuidhe ar a shon go Dia, d'fhagháil ghrás san tsaoghal so
4960] ré tuar agus ré tuilleamh na glóire thall.

An seachtmhadh goin

Tuig go bhfuilid cheithre modha ar a bhféadtar furtacht do thabhairt dona hanmaibh bhíos i bpurgadóir, do réir mar léaghthar ag Decre. 13. qu. 2. cap. Animae Sanctorum. An chéad-mhodh, lé haifreannaibh, do réir S. Augustine san
4965] naomhadh caibidil déag in Enchiridio, mar a n-abair, negandum non est defunctorum animas relevari, cum pro illis sacrificium mediatoris offertur ‘ní beitte agá shéanadh go dtabharthar saor-dháil d'anmaibh na marbh, an tan offráiltear iodhbairt an eadargánaidhe ar a son.’ Tig S. Augustine arís ar aní gcéadna san
4970] .69. Eip. ad Aurelium, mar a n-abair, oblationes pro animabus defunctis ipsos vere aliquid adiuvare credendum est ‘is inchreitte go fírinneach go dtugaid na leagáide dháiltear ar anmannaibh na marbh saor-dháil éigin dóibh.’ As na briathraibh se S. Augustine is iontuigthe go mbí anam an mhairbh i ndiaidh an
4975] bháis i n-áit éigin 'na bhféadtar saor-dháil do thabhairt dó, lé cuidiughadh na mbeó. Agus is follus gurab é an t-ionadh soin purgadóir.

An t-ochtmhadh goin

An dara modh, lé guidhe na bhfíréan, do réir S. Augustine san .44. Seanmóir, mar a n-abair, ag labhairt réna chommbráithribh
4980] Críostaidhe, ora pro defunctis, ut, dum fuerint in aeterna vita, pro te orare non negligant ‘guidh arna marbhaibh, ionnus an tan bhiaid san bheathaidh mharthanaigh nach tugdaois faill ar ghuidhe ar do shon.’ Tig Dionysius leis so san seachtmhadh caibidil in Eccle. Hierar., mar a n-abair, quod autem iustorum
4985] preces etiam in vita ista, et nedum post mortem, iis prosint qui digni sunt, Scripturae nos edocet sacrosancta traditio ‘atá naoim-mbeóloideas


p.157

an Scrioptúra gá theagasg dhúinne go dtéid guidhe na bhfíréan san mbeathaidh se agus iar mbás i sochar don druing bhíos fiúntach ré sochar na guidhe dá rochtain.’ As so is
4990] iontuigthe nach dona beóaibh amháin téid guidhe na bhfíréan i dtarbha, acht fós dona marbhaibh, agus do réir a ndubhramair thuas, is iad sin na mairbh bhíos i bpurgadóir.

An naomhadh goin

An treas modh, lé déirc, do réir S. Augustine san .32. Seanmóir ro sgríobh do bhriathraibh an Apstail, mar a n-abair,
4995] non est negandum defunctorum animas pietate suorum viventium relevari, cumpro illis eleemosynae in ecclesia fiant ‘ní beitte agá shéanadh go dtugthar saor-dháil d'anmaibh na marbh lé buidheacht a gcarad mbeó, an tan do-níthear almsana san eaglais ar a son.’ Tuig, a dhuine, as na háitibh se S. Augustine, gur chreid
5000] sé go cinnte purgadóir do bheith ann, 'na mbeidís anmanna na bhfíréan i ngioll ré díol na bhfiach nachar dhíoladar féin ré linn a mbeatha. Agus fágbhaim fá bhreathnughadh gach aon-duine agá mbeith ciall fhalláin, cia is córa, teist an phríomh-ughdair dhearbhtha S. Augustine — atá 'na iolar ós na héanaibh agus 'na
5005] ghréin ós reannaibh nimhe, idir dhoctúiribh eagnaidhe na heagailse, agus agá ndearnsad il-mhílte do dhoctúiribh eagnaidhe fromhadh ar a oibreachaibh, agus do bhí naomhtha 'na bheathaidh, agus do bhí fós leath as-toigh do cheithre céad bliadhain d'aimsir na n-apstal — do chreideamhain, nó an bráthair bréige Luitér,
5010] nó an canánach cealgach coinneal-bháitte Cailbhín, nó gach millteach míorúnach oile dá leanann dá slighthibh saobha seachránacha?

An deachmhadh goin

An ceathramhadh modh, lé trosgadh; amhail léaghthar ag Decre .13. qu. 2. cap. Animae: ieiunia viventium sunt auxilia
5015] defunctorum ‘is congnamh dona marbhaibh troisgthe na mbeó.’ As so is iontuigthe go dtéid troisgthe na mbeó i sochar dona marbhaibh. Adeir Petrus Damianus san tseanmóir ro sgríobh d'Ord na Beatha, go raibhe gnáthughadh san mainistir 'na


p.158

mbíodh féin, an coimhthionól do throsgadh go Dia ar feadh
5020] seacht lá ar son gach mairbh dá n-éagadh uatha. Gidh eadh, fa-ríor, is faillítheach bhíd na daoine ar an aimsir se um fhóirithin ar na marbhaibh. Agus mo thruaighe, dá bhfeastaois neimhneachas an teasa bhíos i dteinidh phurgadóra, do bhiadh diommbáidh aca don anam bhocht bhíos innte agá chéasadh.

An t-aonmhadh goin déag


5025] Is iontuigthe loisgnighe na teineadh úd as an sgéal léaghthar ag Vincentius, san dara leabhar do Sgáthán na mBéas, mar a léaghthar go raibhe abb i mainistir dh'áirithe agá raibhe mac dearbhráthar dhó 'na choimhthionól mar aon ris. Dála an abbadh, an tan do mhothuigh é féin ag drud ré deireadh a ré, do
5030] sholáthair an abdhaine don mhac óg anarsaidh sin, dobudh mac dá dhearbhráthair, tar a rabhadar do mhanchaibh críonna cian-aosta san gcoimhthionól. Acht cheana, go grod 'na dhiaidh sin fuair an t-abb bás, agus do ghabh an manach óg ceannas an choimhthionóil, agus lá dar éirigh sé amach go grod 'na dhiaidh
5035] sin do shiubhal lubhghuirt na mainistreach, agus ré dtriall dó láimh ris an dtobar do bhí san lubhghort, do-chualaidh guth agus glór daonna go truagh tuirseach ag iachtaigh agus ag éagcaoine san tobar. Agus leis sin do fhiafruigh-sean cia do bhí ann. Do fhreagair an guth, agus adubhairt: ‘Ó a mheic, ar sé, mise anam
5040] an abbadh.’ ‘Créad an riocht 'na bhfuile?’ ar an manach óg. ‘Atáim, ar an t-anam, agam' chéasadh annso i dteinidh phurgadóra, tré mar do thoghas tusa it abbaidh tar mh'éis féin, tar na manchaibh oile budh sine agus budh ineamhla ioná thú. Agus biaidh mé san phéin se nó go bhfógra tusa an abdhaine uait,
5045] agus go dtí abb oile it ionadh ar thogha an choimhthionóil.’ ‘Iongnadh liom, ar an macaomh, a rádh go ngoillfeadh teas ort, agus tú i dtobar fhionnfhuar fhíor-uisge.’ ‘Truagh sin, ar an t-anam, éirigh don mhainistir, agus tabhair leat an cainnleóir práis is tighe agus is truime dá bhfuil ann, agus cuir san tobar é, agus do-chífir
5050] an t-oibriughadh do-ghéana an teas atá im thimcheall-sa air.’ Leis sin do-chuaidh an manach óg san mainistir, agus tug an cainnleóir leis, agus do theilg san tobar é. Agus ní luaithe


p.159

do bhiadh meall ime agá leaghadh i gcoire fhiochdha ioná do bhí an cainnleóir ag leaghadh san tobar. Agus mar do-chonnairc
5055] an macaomh sin, do thuig gach ní dá ndubhairt an t-anam do bheith fírinneach, agus do ghabh truaighe agus comhpáis dó é, agus do- chuaidh mar a raibhe an coimhthionól, agus do innis an sgéal dóibh, agus do fhógair an abdhaine uaidh. Agus táinig dhe sin an t-abb d'fhóirithin as an bpéin 'na raibhe.

An dara goin déag


5060] Is follus as an sgéal so gurab adhbhal méad an teasa bhíos i dteinidh phurgadóra, agus dá réir sin gurab mór an phian bhíos ar na hanmaibh bhíos innte. Agus ó atá an t-amhgar so ar anam an fhíréin i bpurgadóir, guidhim thú, a dhuine thrócairigh, déana comhairle Sholaimh, do thabhairt fhuasgalta d'anam an
5065] mhairbh, amhail theagaisgeas sé san seachtmhadh caibidil in Ecclo. mar a bhforáileann déirc do thabhairt don bhocht, d'fhuasgladh an mhairbh, an tan adeir, pauperi porrige manum tuam, ut proficiatur propitiatio et benedictio tua, et mortuo non prohibeas gratiam ‘soich do lámh don bhocht, ionnus go rachadh do
5070] bhuidheacht agus do bheannacht i dtarbha, agus ná cuir toirmeasg ar ghrásaibh d'fhagháil don mharbh.’ Créad is iontuigthe as na briathraibh se Sholaimh, acht go ndleaghair don Chríostaidhe thrócaireach furtacht agus fóirithin do thabhairt d'anam an mhairbh fhíréanda bhíos i bpurgadóir, maille ré déirc agus ré deigh-ghníomharthaibh
5075] do dhéanamh ar a shon? Agus is iontuigthe go héigeantach as na briathraibh se Sholaimh purgadóir do bheith ann, mar a n-abair gan toirmeasg do chur ar ghrásaibh d'fhagháil don mharbh. Óir madh i bhflaitheas Dé bhíos, ní féadtar na grása do dhealughadh ris, ná eisean do dhealughadh ris na
5080] grásaibh, do réir Mhatha san .25. caibidil, mar a n-abair, ag labhairt ar na marbhaibh fíréanda, ibunt hi in vitam aeternam ‘rachaid so san bheathaidh shíordhaidhe.’ Dá chor i gcéill, nach éidir, ar ndol i bhflaitheas Dé dhóibh, grás ná glóir do dhealughadh riú. Agus fós, ní bhíd i ngeall ghrás ná ghlóire
5085] nuaidhe d'fhagháil ann, ar mbeith sásta dhóibh. Óir mar is túsga théid an t-anam ar neamh, agus is léir dhó lonnradh an


p.160

lóchrainn diadha, bí sásuighthe do ghlóir agus do ghrásaibh d'fhagháil innte, do réir Dáibhídh san seiseadh Salm déag, mar a n-abair, i bpearsain an mhairbh fhíréanda, satiabor cum
5090] apparuerit gloria tua ‘sáiseóchar mé an tan bhus léir dhamh do ghlóir-se.’ Agus don leith oile, madh i n-ifreann bhíos, ní bhia dáil ghrás 'na chionn, do réir Iob san seachtmhadh caibidil mar a n-abair, qui descendit ad inferos, non ascendet, nec revertetur ultra in domum suam ‘an té théid síos go hifreann, ní racha suas,
5095] agus ó shoin amach ní thillfidh dá thoigh féin.’ Dá chor i gcéill, an dream théid i n-ifreann, nach bí dáil ghrás 'na gcionn. As gach ní dá ndubhramar, is léir nach ar neamh ná i n-ifreann bhíd na mairbh úd bhíos i ngioll ghrás d'fhagháil, agus agá mbí súil réna bhfagháil, agus ar a bhféadtar righneas do chur gan a bhfagháil.
5100] Agus ó nach ar neamh ná i n-ifreann theagmhas dóibh bheith san riocht sin, is i bpurgadóir bhíd. Nó abradh an t-eiretic cáit oile 'na mbíd.