Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 3

AN TREAS ALT

'na gcuirthear i gcéill cá mhéad cinéal marbh atá ann.

An chéad-ghoin

Tuig, a léaghthóir, go bhfuilid seacht gcinéil mharbh ann. An céid-chinéal, mar atáid na hainchreidmhigh. Agus ní thiaghaid maith-ghníomhartha na mbeó i sochar dhóibh so, d'easbaidh gan an creideamh do bheith aca ré linn a mbeatha, óir
4785] do réir Phóil san aonmhadh caibidil déag gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair, sine fide impossibile est placere Deo ‘ní héidir toil Dé do dhéanamh gan an creideamh.’ Dá réir sin ní fhoghnann don eiritic gníomh ar bioth dá ndéin ré flaitheas Dé do thuilleamh ná do thuar an gcéin mhaireas, nó fós, más ann
4790] chríochnuigheas a laithe, ní théid commaoine na mbeó i sochar ná i saor-dháil dó.

An dara goin

An dara cinéal, na creidmhigh mhíghníomhacha. Agus ní théid commaoin na mbeó i sochar dhóibh mar an gcéadna, ar mbeith d'oirbhire Dé orra. Óir bí fíoch Dé ris gach n-aon
4795] choilleas a reacht, do réir Sholaimh san .41. caibidil in Ecclo., mar a n-abair, vae vobis impii, qui dereliquistis legem Altissimi ‘monuar dhaoibh, a éadtrócaireacha, do thréig reacht an tí is ro-airde.’

An treas goin

An treas cinéal marbh, na naoidhin nach baistear. Agus ní
4800] théid commaoine na mbeó i sochar dhóibh sin, do bhríogh go mbí


p.151

fíoch Dé riú, do réir Phóil san dara caibidil go hEphesios, mar a n-abair, omnes nascimur filii irae ‘geintear sinn uile 'nar macaibh feirge.’ Ionann sin ré a rádh agus go mbí fearg Dé rinn tré pheacadh an tsinnsir, nó go bhfaghthar linn dísle agus
4805] tairiseacht do bhíthin an bhaistidhe, do bhríogh go rug Dia breith dhamanta tré pheacadh an tsinnsir ar gach aon-duine nach biadh arna aithbhreith a huisge an bhaistidhe. Agus is uime sin adeir Greaghóir san aonmhadh leabhar déag do Leabhraibh na nAirdhean, nequaquam misericordia parcentis
4810] liberat, quos semel in locis poenalibus iustitia iudicantis damnat ‘ní shaorann trócaire an tí ainceas (nó mhaitheas) an drong dhamnuigheas (nó bhíos arna ndamnadh) aon-uair amháin sna hionadhaibh pianamhla, do cheart an tí do-ní an breathnughadh.’ As na briathraibh se is iontuigthe nach
4815] saorann iocht ná eineach na mbeó an dream éagas rés an mbaisteadh, agus téid i n-ifreann. Gonadh uime sin adeir Ieremias san chúigeadh caibidil déag, ag labhairt go fáthach ar an druing se, si steterit Moyses et Samuel coram me non erit anima mea ad populum istum ‘dá seasuighe Maoise agus Samuel
4820] dom láthair, ní thiocfaidh mh'anam ar an bpobal úd.’ Dá chor i gcéill dá mbeith Maoise agus Samuel, do bhí fíréanda foirbhthe fáidheamhail, ag guidhe Dé go dúthrachtach ar son na naoidhean éagas rés an mbaisteadh agus téid i n-ifreann, nach tiocfadh a chroidhe orra, agus nach tiobhradh saor-dháil san
4825] bhioth ar impidhe na bhfíor-naomh soin dóibh, tréna mbeith damanta a los pheacaidh an tsinnsir.

An ceathramhadh goin

An ceathramhadh cinéal, na leinbh bhaistear. Agus ní fhuil riachtanas aca ré commaoinibh na mbeó. Adeir S. Thomás ag sgríobhadh ar an gceathramhadh leabhar do Mhaighistir
4830] na mBreath, ‘bíodh nach tabhair an t-aifreann éin-ní nua dona naoidheanaibh éagas iarna mbaisteadh, thairis sin mar sholus dona beóaibh dleaghair a rádh, ionnus gomadh cumhain leó dá bhíthin sin luaighidheacht Chríost.’ Óir an tan at-chíd aifreann agá rádh ar an naoidhin éagas iarna baisteadh, agus


p.152


4835] gan í i ngeall nó i n-éigean a furtachta ná a fuasluigthe, ar mbeith i seilbh na glóire (nár thuill sí léna gníomh féin) dí, tuigid as sin gurab tré pháis Chríost agus tré shochar na sácramainteadh do-gheibh an ghlóir sin, agus tig fás ar fhoirbhtheacht agus ar fhíréantacht na ndaoine as sin, iar meas chommaoineach
4840] Críost orra.

An cúigeadh goin

An cúigeadh cinéal, na mairtírigh. Agus ní dhleaghair commaoine na mbeó do bheith orra so ar mbeith i seilbh na glóire dhóibh. Agus is uime sin adeir S. Augustine: iniuriam facit martyri qui orat pro martyre ‘do-ní éagcóir ar an mairtíreach
4845] an tí ghuidheas ar an mairtíreach.’ Óir dobudh mór an éagcóir ar an mairtíreach a chur i gconntabhairt sealbh na glóire do thuill sé do bheith aige.

An seiseadh goin

An seiseadh cinéal, na fíor-chráibhthigh chaomhnas agus choimhéadas do shíor a n-iris agus a n-ionnracas. Agus ní bhí
4850] riachtanas ré commaoinibh na mbeó aca, óir tré bheith gan tsal gan teimheal, téid siad ar neamh gan fhuireach iar n-éag dhóibh. Agus is dá chur sin i gcéill do taisbéanadh neamh do Stiabhna naomhtha ré linn a chlochta, amhail léaghthar san seachtmhadh caibidil do Ghníomharthaibh na nApstal;
4855] agus do taisbéanadh neamh d'Eóin, amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil do Leabhar na dTaidhbhreadh.

An seachtmhadh goin

An seachtmhadh cinéal, na creidmhigh bhíos fíréanda go coimseach nó go meadhónach, agus is iad so bhíos i n-éigean chommaoineadh na mbeó, agus dá dtéid siad i sochar. An
4860] cinéal iomorra marbh so, ar mbeith i bpurgadóir dhóibh, bíd i ngeall nó i n-éigean a bhfuasluigthe ar mbeith i bpéin dóibh, agus féadtar a bhfurtacht, do bhríogh nach bíd damanta go síordhaidhe. Agus atáid trí hadhbhair fá dtéid na mairbh se i bpurgadóir, mar atáid na peacaidh shologhtha, na peacaidh


p.153


4865] do-bheirid i ndearmad san bhfaoisidin, agus na peacaidh chuirid san bhfaoisidin, is nach ráinig leó lóir-ghníomh do dhéanamh ré linn a mbeatha, amhail adubhramair thuas. Agus goirthear naoimh dona marbhaibh bhíos i bpurgadóir, ar mbeith deimhneach don ghlóir shuthain dóibh.