Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)
Alt 2
AN DARA HALT
'na bhfiafraighthear cia an dream ar a n-éighmhid na hanaim
bhíos i bpurgadóir.
An chéad-ghoin
Atáid sé dronga ar a n-éighmhid na mairbh. Ar dtús, éighmhid
siad ar Dhia, agá rádh, do réir Dháibhídh, mar a n-abair, educ
de carcere animam meam treóruigh as an gcarcair mh'anam féin.
Gidh eadh, tuig, a dhuine, go bhfuilid dá
4450]
charcair ag Dia, mar atá carcair fá chomhair na ndaoine
ndamanta bhíos gan dáil chabhra 'na gcionn, agus carcair oile fá chomhair
na druinge bhíos i ngioll ré díol na bhfiach bhíos orra. Is ar an gcéad-charcair
se labhras Iob san seachtmhadh caibidil, mar a n-abair,
ag labhairt ar an tí théid i n-ifreann
4455] íochtarach, qui
descenderit ad inferos non ascendet, nec revertetur ultra in
domum suam an tí rachas síos, ní ragha suas, agus ní mó fhillfeas
'na theach féin. Dá chor i gcéill nach bí furtacht ná fuasgladh
i gcionn an tí chuirthear i gcarcair ifrinn íochtaraigh, do réir
mar do cruthuigheadh linn san seachtmhadh caibidil
4460] déag d'Eochair-sgéith
an Aifrinn. Agus is ar an dara carcair labhras Isaias san
.24. caibidil, mar a n-abair, ag labhairt ar an druing ar a mbí
saor-bhroid phurgadóra, claudentur in carcere,
p.141
et post multos dies visitabuntur iadhfaidhear i gcarcair iad,
agus tar éis iomad laitheadh rachtar dá bhfios. Dá chor i
gcéill,
4465] an dream bhíos i bpurgadóir, go mbíd i n-áirithe a
bhfuasgailte lá éigin. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar
ar dháileamh Pharao san .40. caibidil in Genesi, mar do
cuireadh i bpríosún é, agus mar do sgaoil Pharao amach 'na
dhiaidh sin é, agus mar thug a chion féin arís dó. Mar an
gcéadna do-ní Dia réna fhíréanchaibh:
4470] cuiridh i bpríosún
purgadóra iad, agus fóiridh as arís iad i gcionn aimsire, ar
gcríochnughadh a bpéine.
An dara goin
Is i bhfioghair aneithe céadna atá aní léaghthar ar Ionas san
dara caibidil, mar do bhí ag éighmhe ar Dhia, ar mbeith dhó i
mbroinn an mhíl mhóir, agus maille ris sin gur fóireadh as
4475]
é. Mar an gcéadna don fhíréan bhíos i mbroinn na carcrach úd
purgadóra, ré mbeith ag éighmhe ar Dhia, go sgaoiltear aiste é,
an mhéid go ndéin Dia gléas réna fhuasgladh. Agus is i
bpearsanaibh na marbh so labhraid na Machabaei, san cheathramhadh
caibidil don chéid-leabhar dá Leabhraibh, mar
4480] a n-abraid, nunc
clamemus in caelum, et miserebitur nostri Deus noster déanam
éighmhe anois go neamh, agus do-ghéana ar nDia féin truaighe
dhúinn. Agus is eadh adeirid, an tan éighmhid:
Pater de caelis, Deus, miserere nobis a Athair do neamh, a Dhé,
déana trocaire orainn. Fili, Redemptor mundi, Deus,
4485]
miserere nobis a Mheic, a Fhuasluightheóir an domhain, a Dhé, déana
trócaire orainn. Spiritus Sancte, Deus, miserere nobis a
Spioraid Naoimh, a Dhé, déana trócaire orainn. Tuig, a dhuine,
go dtig dona héighmhe laothamhla so do-níd na mairbh i
bpurgadóir, croidhe Dé do thoidheacht orra,
4490] ionnus go ngríosann
sé na fíréin dá bhfuasgladh.
An treas goin
An dara feacht éighmhid na mairbh, ar na naomhaibh atá i
bhflaitheas Dé, ag iarraidh furtachta orra. Agus is 'na fhioghair
so atá aní léaghthar san .40. caibidil in Genesi ar Ioseph.
Óir an tan do bhí dáileamh Pharao agá bhreith as an bpríosún,
p.142
4495]
do ghuidh Ioseph é, agá iarraidh air labhairt ar a shon féin,
maille réna impidhe do chur ar an rígh fá shaor-dháil do
thabhairt dó. Mar an gcéadna go laothamhail do-níd na mairbh i
bpurgadóir ris na naomhaibh théid uatha go flaitheas Dé: bíd agá
nguidhe, agá iarraidh orra impidhe do chor ar a son. Bíodh
4500]
a fhiadhnaise sin ar aní léaghthar san leadánaibh, mar a n-abraid
na mairbh, omnes sancti Dei, orate pro nobis a uile naomha Dé,
guidhidh ar ar soin-ne.
An ceathramhadh goin
An treas drong ar a n-éighmhid na mairbh .i. ar na sagartaibh.
Oir bíodh a fhios agat, do réir S. Augustine san naomhadh
4505]
caibidil déag in Enchiridio, go dtugaid aifrinn na sagart furtacht
dona hanmaibh bhíos i bpurgadóir, mar a n-abair, negandum non
est defunctorum animas relevari, cum pro illis sacrificium mediatoris
offertur ní séanta go dtugthar saor-dháil d'anmaibh na marbh,
an tan offráiltear iodhbairt an eadargánaidhe ar a son.
4510] Gidh eadh,
mo thruaighe, atáid trí dronga do shagartaibh ar a mbí gearán
trom ag na marbhaibh bhíos i bpurgadóir.
An chéad-drong dhíobh, na sagairt ghlacas leagáid nó déirc tré
ghuidhe orra, agus léigeas tar ceal an ghuidhe sin, nó chuireas
dís nó triúr fá aon-aifreann amháin, an tan do
4515] bhiadh
d'fhiachaibh orra aifreann do rádh ar son gach aoin díobh.
An dara drong .i. na sagairt ghlacas déirc na marbh, agus téid i
bpeacadh mharbhthach do rádh an aifrinn, do bhríogh nach téid
aoin-ní dá ndéin sin i sochar don mharbh, acht substaint an
4520]
aifrinn amháin, an mhéid ghníomhuigheas sí uaithe féin. Óir do
réir Eóin san naomhadh caibidil, mar a n-abair, peccatores non
exaudit Deus ní éisteann Dia ris na peacthachaibh. Agus dá réir
sin measaim gurab leamh éigcríonna don tí do bhiadh i
mbroid ag rígh nó ag prionnsa, meirleach ré mbeith easgcáirdeas an
4525]
ríogh nó an phrionnsa do chur uaidh d'iarraidh maithmheachais ar
an bprionnsa. Óir dobudh dócha dhó barr broide do chur air ioná
saor-dháil ar bioth d'fhagháil. Mar an gcéadna don ní thuas do
réir Lyra agus Greaghóir naomhtha. Gidh eadh, más
p.143
maith leat cúram do chur ar neach um Dhia do ghuidhe ar
4530]
do shon, déana dícheall ar do chommaoin do chur ar an
tí is ionnraice do-ghéabhair, ó's é is mó éistfeas Dia ar do shon, fá mar adeir
Cassianus, super Psalmum .16. Exaudi Domine: ipsius est oratio
perfecta, cuius et causa clamat, et lingua et actus et sermo et
cogitatio ag so an tí agá mbeith a urnaighthe iomlán,
4535]
an tí agá mbia a chúis ag éighmhe, agus a theanga agus a ghníomh
agus a chomhrádh agus a bheatha agus a smuaineadh. Dá chor i gcéill
gurab í urnaighthe bhíos tarbhach an urnaighthe do-ní an fíréan
ar ní iniarrata. Tig Greaghóir leis aní céadna in Past.: talis
requirendus est ad orandum, qui sit idoneus ad placandum; quia,
4540]
cum is qui displicet ad intercedendum mittitur, irati animus ad deteriora
provocatur a shamhail sin is iniarrtha ré guidhe, bhus
iomchubhaidh ré sásadh. Óir an tí chuirthear ré headarghuidhe do
dhéanamh, bhíos míothaitneamhach, gríosaidh intinn an fheargaigh
lé nísa mhó do dhíbhfeirg do dhéanamh ar an
4545] tí ar a ndéantar
an ghuidhe. As so is iontuigthe gurab éigeantach don tsagart nó
don eadarghuidhtheóir bheith fíréanda ré Dia d'éisteacht réna
ghuidhe ar son duine oile. Gidh eadh, ní hionann sin agus dáil na
sácramainteadh, agá mbí bríogh ionnta féin, do réir S. Augustine
in libro 2o contra Epist. Par.: omnia
4550] sacramenta, cum obsunt
indigne tractantibus, prosunt tamen per eos digne sumentibus an
tan is éadtarbhach tadhall na sácramainteadh don druing ghlacas
go neimhfhiúntach iad, is tarbhach don druing chaitheas go fiúntach
iad. Dá chor i gcéill, tar a cheann gurab lochtach don tsagart
téid i bpeacadh mharbhthach
4555] do thadhall na sácramainteadh, gurab
tarbhach don druing téid dá gcaitheamh go hionnraic iad.
An treas drong do shagartaibh ar a ndéinid na mairbh casaoid, na
sagairt ghlacas suim airgid tré shuim aifreann do rádh, agus nach
abraid na haifrinn go hiomlán, nó chuireas ar
4560] ceal iad ar feadh
aimsire, nó chuireas cúram a ráitte ar shagartaibh sgaoilte uatha
féin, nó chuireas a chúram ar shagartaibh ar bioth oile, ar shuim
is lugha ioná an tsuim do ghlac sé féin ar son a ráitte. Agus cibé
sagart don druing se thuillfeas casaoid na marbh, is trom an
bhreath bheireas Greaghóir
p.144
4565]
naomhtha air, do réir mar chuirthear síos ag Decre. 13.4.2., mar
a n-abair, ultima voluntas defuncti modis omnibus observari debet;
qui autem secus faciunt, excommunicationem incurrunt dleaghair toil
déidheanach an mhairbh do choimhéad ar gach aon-chor; gidh eadh,
an dream do-ní a chontrárdha sin, teagmhaid
4570] i gcoinneal-bháthadh.
As so is iontuigthe gurab daor an dáil theagmhas dona
trí drongaibh úd do shagartaibh adubhramair, thuilleas éagcaoine
na marbh. Agus ní dona sagartaibh amháin is eagail daor-dháil na
breithe úd, acht fós dá gach aon oile thuilleas casaoid na marbh,
do réir mar
4575] chuirfeamaoid i gcéill annso síos.
An cúigeadh goin
An ceathramhadh drong ar a n-éighmhid na mairbh .i. ar na
hoighreadhaibh fhágbhaid dá n-éis, do-bheir faill 'na
bhfurtacht. Agus is eadh adeirid riú, aní léaghthar ag Iob san
naomhadh caibidil déag, mar a n-abair, miseremini mei, miseremini
mei, saltem
4580] vos, amici mei, quia manus Domini tetigit me déanaidh
trócaire oram, déanaidh trócaire oram, go háirithe a lucht is caraid
damh, óir do bhean lámh an Tighearna riom. As na briathraibh se
is iontuigthe gurab mór an tsúil bhíos ag na
marbhaibh ré furtacht a gcarad agus na druinge ar a gcuirid
commaoin, agus go háirithe an
4585] drong agá bhfágbhaid a mbeatha tar
a n-éis, mar atáid na hoighreadha. Agus fa-ríor, féadtar a rádh
ré druing dhíobh so chailleas ar an marbh chuireas commaoin orra,
aní adeir Dáibhídh Rí san .77. Salm ag labhairt go fáthach ar an
druing úd, et obliti sunt benefactorum eius agus tugadar i
ndearmad a
4590] dhearlaicthe súd. Dá chor i gcéill nach tugaid
cúitiughadh don mharbh i ndíol a ndearna do tharbha agus do
throimleas dóibh ré linn a bheatha. Agus is ar na hoighreadhaibh
do-ní faill fá fhuasgladh do thabhairt ar a sinnsearaibh atá an
marbh ag éagcaoine go truagh i Leabhar Iob, mar a n-abair, quare
persequimini me sicut Deus,
4595] et carnibus meis saturamini créad as
a bhfuiltí agam' inghreim amhail Dia, agus sibh aga bhar sásughadh
dom fheólmhach? Dá chor i gcéill, amhail nach fuasglann Dia a
purgadóir iad go déanamh díolaidheachta dhóibh féin nó do dhruing oile ar a
p.145
son, mar an gcéadna nach fuasglaid na hoighreadha úd, do-bheir
4600]
faill i nguidhe agus i ndéirc agus i ndeagh-oibreachaibh do
dhéanamh ar son a sinnsear, anmanna na sinnsear gcéadna a príosún
pheannaideach phurgadóra, tar ceann go mbíd féin go laothamhail
agá sásughadh féin go sádhail i ngioll ar na sealbhaibh saoghalta
fhágbhaid a n-aithreacha aca; agus do-níd na
4605] hoighreadha agá
bhfágbhaid sin seachmall i bhfurtacht do thabhairt dá
n-anmannaibh. Agus is maith do-bheir Seneca sin dá aire san
.123. Eip., mar a n-abair, quanta dementia, heredis sui res
procurare et sibi omnia negare créad é a mhéad do bhaosradh do
neoch, neithe do sholáthar dá oighre, agus iad uile
4610] d'éimdheadh
air féin. As so is iontuigthe gurab leamh éigcríonna an dream
do-ní cnuasach agus cruinniughadh ar mhaoinibh saoghalta, agus
bhíos ag fulang duaidh agus doghrainge, agus ag cur a n-anma
agus a gcuirp i nguais dá saothrughadh i gcomhair a n-oighreadh,
agus cheileas orra féin iad, agus gur meinic
4615] nach tugann an
t-oighre beannacht ar a anam, agus nach soicheann a lámh don
bhocht ar a shon. Agus fós is daor labhras Pól apstal ar na
hoighreadhaibh se san chúigeadh caibidil don chéid-Eipistil go
Timoteus, mar a n-abair, si quis suorum maxime domesticorum
curam non habet, fidem negavit et est infideli deterior
4620]
gidh bé ar nach biaidh cúram a mhuinntire féin, go háirithe a lochta
éin-tighe, do shéan sé a chreideamh, agus is measa é ioná
ainchreidmheach. Dá chor i gcéill, an dream do-bheir faill 'na
gcáirdibh, agus go háirithe 'na n-aithreachaibh, gan guidhe orra,
nach iontaobha iad, agus nach bí iocht ionnta; agus fós go meinic
4625]
nach éisteann Dia a nguidhe trés an ainiocht do-níd. Adeir
S. Augustine in Ho. de Divite, ideo rogans dives non exauditur
in tormentis, quia rogantem pauperem non exaudivit in terris is
uime nach éistear ris an saidhbhir 'sna pianaibh, ar mbeith ag
guidhe dhó, do chionn nachar éist seisean ris an mbocht dá
4630]
ghuidhe ar talmhain. Is follus a briathraibh an dlighidh chanónta
aní se ag Decre .2. p. causa .13. qu. 2 clerici: Clerici vel
saeculares, qui oblationes parentum aut donatas aut testamento
relictas retinere praestiterint, aut id quod ipsi donaverint
ecclesiis vel monasteriis crediderint offerendum (sicut Sancta)
p.146
4635]
(Synodus constituit) vel ut necatores pauperum, quousque reddant,
ab ecclesiis exludantur cibé cliar nó daoine saoghalta chuireas
rompa leagáide nó tabhartais, nó aní fhágthar lé tiomna, nó aní
bhronntar don eaglais, nó do mhainistreachaibh, nó chuirthear ar
iocht druinge oile dá bhronnadh dhóibh (mar do orduigh
4640]
an Naomh-chomhairle), fuagarthar ón eaglais iad mar lucht dún-mharbhtha na
mbocht, go ndáilid na neithe adubhramar. As so is iontuigthe
gurab trom an choir don druing nach déanann díolaidheacht i
leagáidibh agus i dtiodhlaicthibh na marbh fhágthar ar a n-iocht.
An seiseadh goin
4645] An cúigeadh drong ar a n-éighmhid na mairbh .i. ar na seiceadúiribh
nach díolann go cóir an leagáid fhágbhaid ré a tabhairt ar a
n-anmaibh. Agus fós, is iomdha modh ar a ndéinid faill. Óir bí
cuid díobh nach tabhair déirc ar chor ar bioth uatha, agus drong
oile nach tabhair acht cuid don déirc
4650] uatha, agus drong nach déin
acht droich-dhíol fiach, maille ré droich-earraidh do thabhairt
uatha. Óir dá bhfágbhadh an marbh buiséal cruithneachta ré a
thabhairt ar a anmain, ní thabhair an droich-sheiceadúir uaidh
acht cruithneacht chaoch nó gheinte, nó bhíos lán do chogal nó
do phiséan nó do shalchar
4655] oile. Ní thabhair i ndíol an leanna
uaidh acht súghán nó iair-lionn; nó ní thabhair i ndíol na caorach
uaidh acht an splíonach is measa don tréad; agus mar sin dó ris gach
ní oile. Agus bí dream oile dhíobh chuireas an leagáid ar cáirde,
agus nach díolann í do láthair, do réir thoile an mhairbh. Gidh
eadh, is daor an
4660] bhreath bheireas an dlighe canónta ar na ceithre
drongaibh se do réir mar léaghthar san .95. Canóin do Chomhairle
Choitchinn na Carthago, mar a n-abarthar, qui oblationes
defunctorum aut negant ecclesiis aut cum difficultate reddunt,
tanquam egentium necatores excommunicentur an dream shéanas ar
an eaglais
4665] offrála nó tiodhlaicthe na marbh, nó réna deacair a
dtabhairt uatha, déantar a gcoinneal-bháthadh mar lucht dún-mharbhtha
na druinge bhíos easbadhach. As na briathraibh se is
iontuigthe gurab díol coinneal-bháitte agus malluighthe an dream
chailleas ar
p.147
na marbhaibh ag congbháil a ndéirce nó a leagáide aca féin,
4670]
gan a tabhairt don eaglais nó do bhochtaibh. Dearbhthar aní céadna ag
Decre. .13. q.2. circa oblationes, mar a n-abair, multum delinquunt
qui differunt exsequi mortis testamentum is ciontach go mór an
dream chuireas ar cairde críochnughadh udhachta an bháis. As so
is iontuigthe gurab saobh an dáil don druing do-ní
4675] moill gan udhacht
an mhairbh do choimhlíonadh. Léaghthar san áit chéadna ní thig
leis aní se, mar a n-abair, debita suffragia pro mortuis non
reddentes, fures sunt et excommunicandi an drong nach dáileann
ar son na marbh na tiodhlaicthe dhleaghair dhíobh, is bithbhinigh
agus is díol coinneal-bháitte iad. As na briathraibh
4680] se is
iontuigthe a mhéad do dhochar agus do dhamnadh don druing do-ní
moill ar thoil an mhairbh do choimhlíonadh; agus go háirithe i
ndíol gach déirce agus gach almsana fhágbhas ar a anmain ag
bochtaibh agus ag deibhléanaibh Dé. Agus is eagail don druing
mhíothrócairigh se go dteigéamhaidh dhóibh amhail tarla do
4685]
dhearbhráithribh Ioseph. Óir do dheónuigh Dia dhóibh teagmháil
i bpríosún Pharao san Éigipt, trés an ainiocht do-rónsad ar a
ndearbhráthair .i. Ioseph, an tan do fhuilngeadar a bheith
tarnocht san uaimh thalmhan, agus é ag éighmhe orra ag iarraidh
furtachta, agus nacharbh áil leó a fhóirithin, acht a thabhairt i
4690]
mbroid agus i ndaoirse d'allmharchaibh, do réir mar léaghthar
san .42. caibidil in Genesi. Agus ar dteagmháil dóibh-sean
i bpríosún Pharao is eadh adeirdís, amhail léaghthar san
chaibidil chéadna, merito haec patimur, quia peccavimus in fratrem
nostrum, videntes angustiam animae illius, dum deprecaretur nos,
4695]
et non audivimus is maith an díol orainne na dochair se do theagmháil
dúinn, do bhríogh gur pheacuigheamar i n-aghaidh ar mbráthar,
ag faigsin an chumhgaigh anma 'na raibhe, an tan do bhí agar
nguidhe ag iarraidh anacail, agus nachar éisteamar ris. Mar an
gcéadna adéaraid na seiceadúirí ainiochtacha chailleas
4700]
ar a gcommbráithribh Críostaidheadh fhágbhas cúram a n-anmann orra.
Biaidh siad ag iomaithbhear orra féin i n-antráth i n-ifreann
agá n-ilphianadh, agus iad ag reic agus ag faisnéis a n-ainiochta
féin, agá rádh, merito haec patimur, et reliqua, is maith an díol
orainne bheith san daoirse se, agus nachar éisteamar rénar gcommbráithribh
p.148
4705]
Críostaidheadh an tan dobhádar ag éighmhe orainn. Agus is ar na
marbhaibh se go fáthach labhras Dáibhídh san .87. Salm, mar a
n-abair, sicut vulnerati dormientes in sepulcris, quorum non est
memor amplius amhail chréachtacha 'na gcodladh 'na bhfuar-fhalchaibh
ar nach bí cuimhne ó shin amach. Dá chor
4710] i gcéill
nach bí an beó go meinic cuimhneach ar an marbh do chuir cumaoin
ré linn a bheatha féin air. Gidh eadh, a dhuine, tuig as an
tsompla thuas, gur beitte dhuit bheith cúramach friochnamhach
timcheall anma an mhairbh chuireas ar th'iocht é. Óir an drong
do-ní feall nó ainiocht ar na marbhaibh, is
4715] daor labhras Solamh
orra san cheathramhadh caibidil do Leabhar na hEagna, mar a
n-abair, et erunt post haec discedentes sine honore et in
contumelia inter mortuos in perpetuum beid 'na dhiaidh so ag
imtheacht gan onóir agus go n-aithis idir na marbhaibh go
síordhaidhe. Dá chor i gcéill, an dream do-ní an
t-athmharbhadh
4720] gráineamhail úd ar na marbhaibh, gurab meinic
theagmhas dóibh gráin do bheith ag Dia agus ag daoinibh orra ré
linn an bháis, agus a gcur ainn-séin go masla agus go n-easonóir
mhóir i n-aigian ifrinn dá n-ilphianadh go síordhaidhe.
An seachtmhadh goin
4725] An seiseadh drong ar a n-éighid na mairbh .i. ar na Críostaidhthibh
i gcoitchinne. Agus is iad na mairbh do-ní na héighmhe se, na
mairbh dhíocháirdeacha atá i bpurgadóir, ris nach ráinig a
gcommaoin do chur ar an druing oile, agus ag nach bí caraid
speisialta ar bioth do ghuidhfeadh orra. Agus is i bhfioghair an
mhairbh dhíocháirdigh se atá aní
4730] léaghthar san chúigeadh caibidil
ag Eóin, mar do shlánuigh Críost an parailiseach do bhí coimh-díocháirdeach
soin nach fuair ar feadh .38. mbliadhan aoin-neach
do chuirfeadh a lámh faoi dá chur san tobar shláin-íce.
Agus is ag éagcaoine an díocháirdeasa soin adubhairt ré Críost,
Domine, hominem non habeo
4735] a Thighearna, ní fhuil duine agam
do-bhéaradh lámh liom. Mar an gcéadna adeir an marbh
díocháirdeach do ghníomh, nach bí neach ag tabhairt láimhe leis
féin. Agus is ar an anam so labhras Ieremias san chéad-chaibidil
do Leabhar na
p.149
hEólchaire, mar a n-abair, non est qui consoletur eum ex omnibus caris
4740]
eius ní fhuil neach dá uile cháirdibh do-bhéaradh comhfhurtacht
dó. Dá chor i gcéill go dtabhraid na daoine i
ndearmad fuaslagadh ar a gcáirdibh Críostaidheadh bhíos i
ngéibheann péine purgadóra. Gidh eadh, tug Críost féin dá aire
leigheas do dhéanamh ar an mbocht ndíocháirdeach úd do bhí i bpairilis.
4745]
Mar an gcéadna dhligheas an Críostaidhe fíréanta
leigheas agus furtacht do thabhairt don mharbh dhíocháirdeach atá
i bpairilis péine purgadóra. Agus measaim gurab somholta an
gnáthughadh do-níd drong do dhaoinibh diadha déarcacha,
ghnáthuigheas commaoin speisialta do chur ar na cáirdibh bhíos
uatha féin
4750] i bpurgadóir, agus commaoin choitcheann ar na marbhaibh
oile díocháirdeacha bhíos ann. Agus mar go n-abair Dia gurab
cóir lámh do thabhairt fán asal bhíos ar lár, dá thógbháil, amhail
léaghthar san .22. caibidil in Deuteronomio, is mó sa chách
dhleaghair lámh do thabhairt fán marbh ndiócháirdeach
bhíos
4755] i bpurgadóir, dá fhóirithin as. Agus is córaide dona
daoinibh i gcoitchinne truaighe do bheith aca don mharbh
dhiócháirdeach úd, a fhoiréignighe éigheas sé orra ag
ceisneamh agus ag casaoid a dhoilgheasa agus a dhochair féin, do
réir mar léaghthar ag Ieremias san chéad-chaibidil do Leabhar
na hEólchaire, mar a n-abair,
4760] O vos omnes qui transitis per
viam, attendite, et videte si est dolor sicut dolor meus sibhse,
a uile dhaoine thriallas san tslighidh, tabhraidh dábhar
n-aire agus féachaidh an bhfuil doilgheas mar mo dhoilgheas-sa! Dá
chor i gcéill nach fuil pian ar bioth is coimmeas do phéin an
mhairbh i bpurgadóir. Meas mar an
4765] gcéadna, a dhuine, nach
éigcneasta commaoin do chur ar mhac ríogh do bhiadh ar leattrom,
do bhríogh gomadh cosmhail do mhac an ríogh cúitiughadh do
thabhairt san gcommaoin do cuirfidhe air, an tan do roichfeadh 'na
fhlaitheas féin. Mar an gcéadna ní héigcneasta commaoin do chur
ar an marbh bhíos
4770] i ndaoirse phurgadóra, do bhríogh gurab mac
Ríogh ro-uasail é, fá mar adeir an scrioptúir, filii Dei nominamur
et sumus goirthear clann Dé dhínn, agus is clann dó sinn;
agus gurab cosmhail dó, an tan roicheas 'na fhlaitheas féin .i. go
flaitheas Dé, cúitiughadh do thabhairt don druing chuireas a gcommaoin air,
p.150
4775]
ré linn bheith fá leattrom péine purgadóra dhó. Tig an file
Gaoidhealach leis so, mar a n-abair:
- Síol Ádhaimh, gion gur thréig tnúdh,
léig id ghrádhaibh ar a ngaol:
clann deit gach duine don tsíol,
4780] is meic Ríogh uile gach aon.