Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 1

AN CÉAD-ALT

'na dtráchtar ar na trí seachránaibh lér mealladh ughdair dh'áirithe do leith na hanma. Agus cuirfeam san alt chéadna síos cia an drong théid i bpurgadóir, agus créad fá ndéinid éigheamh innte.

An chéad-ghoin


4280] De profundis clamavi ad te, Domine; Domine exaudi vocem meam, Psalmo .129. ‘as na hionadhaibh doimhne do éigheas ort, a Thighearna; a Thighearna, éist mo ghuth.’ Léaghthar ag S. Augustine san leabhar Ceast ro sgríobh ar Exodo, gurab mór an chonntabhairt 'na mbí mórán do dhaoinibh do leith na
4285] hanma, do bhríogh nach faicthear é san chorp, ná d'éis dealuighthe ris an gcorp dhó. Agus táinig dhe sin go rabhadar trí seachráin phrinnsiopálta nó shunnradhacha sna daoinibh i dtimcheall tuigseana staide na hanma.

An dara goin

An céid-sheachrán lé measaid nach bí an t-anam síordhaidhe.
4290] Agus is ag aithfhriotal bhriathar na muinntire se atá aní léaghthar ag Solamh san dara caibidil do Leabhar na hEagna, mar a n-abair, ex nihilo nati sumus, et post hoc erimus tanquam non fuerimus, ar siad ‘atámaid-ne arnar mbreith do neimhfní, agus 'na dhiaidh so beimíd mar nach rabhamar ann riamh.’ Dá chor i gcéill, dar leó féin, amhail do-rinneadh an t-anam do neimhfní, go gcuirthear
4295] arís ar neimhfní é tar éis na beatha so. Adeir fós Dáibhídh Rí, do réir bharamhla ní is gar do thuigsin an chomhráidh sin, mar


p.136

a n-abair, vidi impium exaltatum, et reliqua ‘do-chonnarc an t-éadtrócaireach arna ardughadh agus arna thógbháil ós crannaibh
4300] céadruis Sléibhe Liobháin; agus do ghabhas thairis arís, agus féach, ní raibhe sé ann; do iarras é agus ní fríoth a ionadh ann.’ Gidh eadh, ní headh is iontuigthe a briathraibh Dháibhídh, go raibhe an t-anam somharbhtha, acht is eadh is fáth dhó, na peacthaigh bhíos go hard i bhflaitheas agus i n-innmhe shaoghalta, go dteilgthear
4305] ré fánaidh i n-ifreann iad go meinic, agus nach bí gein ag gabháil a n-oighreachta dá n-éis ar an saoghal, agus dá réir sin nach bíd i gcuimhne na ndaoine, go nach bí iomrádh orra. Agus is córaide a mheas nach iontuigthe a briathraibh Dáibhídh go mbiadh an t-anam somharbhtha aní adeir Críost ag Matha san .25. caibidil,
4310] ag labhairt ar chrích na bpeacthach agus na bhfíréan, ibunt hi in supplicium aeternum, iusti autem in vitam aeternam ‘rachaid so (ag labhairt ar na peacthachaibh) i bpéin shíordhaidhe, rachaid cheana na fíréin san bheathaidh mharthanaigh.’ As na briathraibh se Críost is iontuigthe go mbí an t-anam síordhaidhe, mar a
4315] n-abair, madh peacthach é, go mbí a phian go síordhaidhe, nó madh fíréan é, go mbí a ghlóir go síordhaidhe. Óir ní héidir pian ná glóir na hanma do bheith síordhaidhe gan an t-anam féin do bheith síordhaidhe.

An treas goin

An dara seachrán .i. a admháil go bhfuil an t-anam do-mharbhtha,
4320] agus a shéanadh nach fuil purgadóir ann. Agus is é fáth fá séanaid an drong leanas an seachrán so purgadóir, do bhríogh go dtuigid as an aonmhadh caibidil déag in Eccle. ag Solamh, nach fuil ann acht dá áit, i ndiaidh na beatha so, réna n-áitiughadh, mar atá ifreann nó flaitheas Dé, agus dá réir sin
4325] nach fuil purgadóir ann. Gidh eadh, is amhlaidh is iontuigthe an áit úd Solaimh, nach fuil d'éis na beatha so ann acht dá áit réna n-áitiughadh go síordhaidhe, mar atá ifreann íochtarach nó flaitheas Dé. Agus do bhríogh nach ionadh réna háitiughadh go síordhaidhe purgadóir, ní fhuil buain ag briathraibh Sholaimh
4330] ria, do bhríogh nach biaidh aon-duine ag áitiughadh purgadóra ó ló na breithe amach.


p.137

An ceathramhadh goin

An treas seachrán .i. a rádh nach foghnann commaoine náid deigh- ghníomha na ndaoine bhíos ar an saoghal dona marbhaibh. Agus is uime adeirid sin, mar adeir Dáibhídh, ag labhairt ar
4335] Dhia, reddet unicuique iuxta opera sua ‘roinnfidh ris gach n-aon do réir a oibre féin.’ Agus dar leó-san, dá réir sin, madh maith nó madh saith oibreacha cáich, ní théid i sochar nó i ndochar do dhruing oile; agus dá réir sin adeirid nach tabhair guidhe ná maith-ghníomhartha na mbeó furtacht don druing bhíos i
4340] bpurgadóir. Gidh eadh, is olc thuigthear briathra Dháibhídh leó. Óir ní abair Dáibhídh san áit úd nach roinnfidh ris na daoinibh acht do réir a ngníomh féin amháin, acht is eadh thuigeas, go gcaithfidh gach aon glóir d'fhagháil do réir a dheigh-ghníomh, nó piana do réir a pheacaidh, maille ré hé féin do
4345] thabhairt cúitighthe uaidh, nó ris na daoinibh oile ar a shon. Óir an tan do-ní duine oile cúitiughadh ar son an fhéichimh ris an éilightheóir, bí an féicheamh saor óna fhiachaibh. Óir is ionann do dhuine é féin do dhéanamh díolaidheachta, agus duine oile ar a shon, do réir mar adeir an riaghail dlighidh san seiseadh
4350] leabhar qui facit per alium, perinde est ac si per se ipsum faciat ‘an tí ghníomhuigheas maille ré duine oile, is ionann dó agus é féin do dhéanamh an ghníomha.’ Dá réir sin, an drong bhíos i bpurgadóir, fuasgaltar iad do ghníomh a gcarad, mar gomadh iad féin do-ghéanadh an gníomh. Agus atá gnáthughadh laothamhail
4355] na heagailse somholta ag teacht leis so, agus agá chor i ngníomh. Do réir a ndubhramar, is follus gur bréagach na trí baramhla úd adubhramar. Agus is uime sin adeir Dáibhídh i bpearsain an mhairbh, de profundis clamavi ad te, Domine, etc.

An cúigeadh goin

Gidh eadh, féadtar a fhiafraighidh annso, cia an drong bhíos
4360] i bpurgadóir? nó créad na hadhbhair fá mbíd innte? Atáid trí hadhbhair fá mbíd na fíréin i bpurgadóir. An céad-adhbhar dhíobh, tré phéin na bpeacadh marbhthach dhearmadtar 'na bhfaoisidin. An dara hadhbhar, trés na peacaidhibh marbhthacha chuirthear síos 'na bhfaoisidin, is nach roicheann leó
4365] lóir-ghníomh do dhéanamh san tsaoghal so. An treas adhbhar tréna bpeacadhaibh sologhtha. Agus is truime pian an chéad-adhbhair


p.138

ioná pian an dara hadhbhair, madh ionann gné phéine dhóibh, agus is truime pian an dara hadhbhair ioná pian an pheacaidh shologhtha. Gidh eadh, ní feas dúinn créad an
4370] aimsear bhíos d'fhiachaibh ar an anam bheith i bpurgadóir ar son gach peacaidh dhíobh, mar nach feas dúinn créad é truime gach peacaidh dhíobh. Gidh eadh, léaghthar ag Vincentius naomhtha, i seanmóir dh'áirithe, go raibhe anam i bpurgadóir ar feadh bliadhna ar son aoin-pheacaidh amháin shologhtha. Agus
4375] a thruaighe, a dhuine, tuig mar go raibhe bliadhain phéine ar an anam úd i ndiaidh aoin-pheacaidh amháin shologhtha, gurab iomdha bliadhain bhíos duine i bpéin i ngioll ris an bpeacadh mharbhthach.

An seiseadh goin

Féadtar a fhiafraighidh annso créad fá ndéin an marbh
4380] éigheamh i bpurgadóir. Mo fhreagra air sin go bhfuilid trí hadhbhair fá ndéin sé éighmhe. An céad-adhbhar, tré mhéid a thinnis, do réir mar adeir Dáibhídh i bpearsain an mhairbh, dolores inferni circumdederunt me ‘do thimchealladar doilgheasa ifrinn mé.’ Agus tig S. Augustine leis so san .44. Seanmóir ro
4385] sgríobh gusna bráithribh ar an bhfásach, mar a n-abair, clamant quotidie qui iacent in tormentis, clamant, et pauci sunt qui respondeant, ululant et non est qui consoletur eos, etc. ‘an dream atá 'na luighe i bpianaibh, bíd ag éighmhe go laothamhail, ag éighmhe, agus is beag bhíos ré freagra do thabhairt orra. Do-níd
4390] nuall-ghubha, agus ní fhaghaid fear a gcomhfhurtuighthe ná meisnigh do chor ionnta. Ó a bhráithreacha ionmhaine (do ráidh S. Augustine) is mór an mhíothrócaire agus an chruadháil agus an neamhdhuineatacht dúinn, mar bhíd go laothamhail ag éigheamh orainn an dream do fhulaing dochar ar ar son ré linn
4395] a mbeatha, agus do chuir comaoin orainn, agus anois nach cúram orainn lámh do thabhairt leó. Ó go fírinneach is mór an neamhdhuineatacht é! Óir féach an t-easlán 'na luighe agus é ag éighmhe, agus tigid leagha dá chomhfhurtacht. Agus an tan sgréachas an mhuc, coimhrithid na muca oile agá fóirithin. Agus an tan thuiteas an
4400] t-asal i dtuinn, lingid na daoine dá gach leith go héasgaidh dá thógbháil. Gidh eadh, an tan bhíos anam an fhíréin ag


p.139

gul agus ag éighmhe i bpurgadóir, ní fhaghann fear a fhreagartha. Féachaidh féin bhar míchinéal, a bhráithreacha ionmhaine.’ Tuig, a dhuine, as na briathraibh se S. Augustine, go mbí
4405] doilgheas mór ar an druing bhíos i bpurgadóir, agus go mbíd ag éighmhe ar an druing bhíos dá n-éis ar an saoghal, ag iarraidh cabhra orra.

An seachtmhadh goin

An dara hadhbhar fá ndéin an marbh éighmhe, agá éagcaoine a ghéire ghoineas agus ghalruigheas teine phéine purgadóra é.
4410] Óir adeir S. Augustine san leabhar ro sgríobh don aithrighe fhírinnigh agus bhréige, gurab iongantach géire an chéasta do-ní teine phurgadóra, agus fós, nach éidir pian do bheith ar na corpaibh i dtalmhain is coimmeas neimh agus géire ré goimh theineadh purgadóra. Agus ní hiongnadh sin do mheas, mar go n-abair
4415] Sebastian naomhtha go bhfuil an uiread do bharr teasa ag teine phurgadóra ar theinidh an tsaoghail se, agus atá ag teine an tsaoghail ar theinidh bhíos dealbhtha ar pháipéar nó ar mhaide.

An t-ochtmhadh goin

An treas adhbhar fá n-éigheann an marbh i bpurgadóir, tré
4420] mhéad an fhuinn bhíos air ré fagháil na glóire bhíos d'easbaidh air an tan soin. Agus is ag cur fhoiréigin an fhuinn sé i gcéill atá aní léaghthar ag Dáibhídh, mar a n-abair, sicut cervus ad fontes aquarum, ita desiderat anima mea ad te, Deus ‘amhail bhíos an fiadh ag triall d'ionnsaighidh na dtobar bhfíor-uisge ar mhéad
4425] a fhuinn dóibh, is mar sin bhíos mian ar mh'anam-sa ré triall chugat, a Dhé.’ Dá chor i gcéill, amhail bhíos do mhian ar an bhfiadh dol d'fhagháil fhionnfhuaraidh gus na srothaibh, ar mbeith dhó lán do theasbhach d'éis a shaothair, gurab mar sin don anam bhíos lán do theasbhach ó theinidh phurgadóra,
4430] go mbí lán d'fhonn ré triall go flaitheas Dé d'fhagháil fhionnfhuaraidh na glóire. Agus is móide is inmheasta méad an fhuinn se do phéin, aní léaghthar ag S. Augustine san treas caibidil in Enchiridio, mar a n-abair, o quanta poena est privari civitate et regno Dei ‘ó créad é a mhéad do phéin bheith i


p.140


4435] n-éagmais cathrach agus ríoghachta Dé.’ Dá chor i gcéill nach feas créad an phian is ionchuir i gcoimmeas ré bheith i n-éagmais na glóire suthaine. Agus is uime sin adeir Chrysostomus san .27. Homilia, multi gehennam tantum formidant, ego autem illius gloriae privationem multo graviorem gehenna esse dico ‘bíd mórán
4440] do dhaoinibh agá mbí eagla na péine ifreannda amháin orra; gidh eadh, adeirim-se gurab truime do phéin easbaidh na glóire úd ioná an teine ifreannda.’ Is iontuigthe as na trí hadhbharaibh se gurab neimhiongnadh an t-anam bhíos i bpurgadóir d'éighmhe ar an druing bhíos ar an saoghal so, ag iarraidh
4445] cabhra agus furtachta orra.