Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt

AN T-OCHTMHADH HALT

'na suidhtear Purgadóir do bheith ann; agus do thuarasgbháil Phurgadóra nó Ifrinn; agus don riocht 'na mbí an marbh iar n-éag.

An chéad-ghoin


3940] Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, go measaim go gcreideann tú purgadóir do bheith ann, agus dá réir sin léigfead díom don chur so gan trácht foirleathan do dhéanamh uirre. Gidh eadh, cuirfead a dó nó a trí d'áitibh as an Scrioptúir síos, as a dtuigfe an tí do bhiadh 'na chonntabhairt go bhfuil purgadóir
3945] ann, agus dá réir sin gurab cóir don druing bhíos beó ar an saoghal so lóir-ghníomh do dhéanamh ar son na marbh do-chuaidh uatha i bpurgadóir, agus go bhféadaid a saoradh óna bpianaibh.

Ag so an chéad-áit as an Scrioptúir, iona suidhtear purgadóir do bheith ann .i. mar atá san dara caibidil déag don dara leabhar
3950] do Leabhraibh na Macchabei, mar a n-abarthar, sancta ergo et salubris est cogitatio, pro defunctis orare ‘is naomhtha ar an adhbhar soin agus is folláin an smuaineadh, guidhe ar na marbhaibh.’ Gidh eadh, is follus nach ar na marbhaibh atá i n-ifreann íochtarach labhras an áit se, do bhríogh nach tig do ghuidhe ná do dheigh-ghníomharthaibh
3955] ar bioth osadh ná saor-dháil do thabhairt dóibh. Agus fós ní ar na marbhaibh atá i bhflaitheas Dé


p.125

labhras, do bhríogh nach fuil riachtanas orra, ar mbeith sásuighthe dhóibh i seilbh na glóire.

An dara goin

An dara háit as a suidhtear purgadóir do bheith ann, amhail
3960] léaghthar san cheathramhadh caibidil ag Tobias, mar a n-abarthar, panem tuum et vinum tuum super sepulturam iusti constitue, ut pauperes inde refecti pro anima iusti Deum deprecentur ‘cuir th'arán féin agus t'fhíon féin ar uaigh an mhairbh, ionnus na boicht sháiseóchar leis sin, go nguidhdís Dia ar son anma an
3965] fhíréin.’ As so is iontuigthe nach ar na marbhaibh bhíos i n-ifreann íochtarach labharthar annsúd, acht ar anam an fhíréin. Agus fós ní ar na marbhaibh bhíos i bhflaitheas Dé labharthar ann, do bhríogh go mbíd sásuighthe, amhail adubhramair, do réir Dháibhídh san seiseadh Salm déag, mar a n-abair, satiabor
3970] cum apparuerit gloria tua ‘biaidh mé arnam shásadh, an tan bhus léir dhamh do ghlóire-se.’ Dá chor i gcéill go mbí gach aon dá dtéid go flaitheas Dé sásuighthe, agus dá réir sin nach bí riachtanas maitheasa ar bioth oile orra ó shoin amach.

An treas goin

An treas áit as a suidhtear aní céadna, do réir mar léaghthar san
3975] seachtmhadh caibidil in Ecclo., mar a n-abair, mortuo non prohibeas gratiam ‘ná cuir toirmeasg ar ghrásaibh d'fhagháil don mharbh.’ Is follus nach ar an marbh atá i bhflaitheas Dé labhras an áit se, do bhríogh go bhfuil sé i seilbh na ngrás, agus nach féadtar a dtoirmeasg air. Agus fós ní ar an marbh atá i
3980] n-ifreann íochtarach labhras, do bhríogh nach fuil grása ná furtacht 'na chionn. Agus ní chuireann éin-ní 'na aghaidh so aní léaghthar ag Solamh san aonmhadh caibidil déag in Eccle., mar a n-abair, si ceciderit lignum ad austrum sive ad aquilonem, in quocumque loco ceciderit, ibi erit ‘dá dtuitidh an crann gus an
3985] aird budh dheas nó gus an aird budh thuaidh, gidh bé haird iona dtuitfidh, is ann bhias.’ Ionann sin ré a rádh agus cidhbé dhíobh staid 'na bhfuighbhe duine bás, i staid an pheacaidh nó i staid na ngrás, gurab ann bhias go síordhaidhe. Gidh eadh,


p.126

do bhríogh nach ionadh réna háitiughadh go síor purgadóir, ní
3990] ráinig a leas Solamh toidheacht tairis san áit se, agus dá réir sin ní lughaide is iontuigthe purgadóir do bheith ann gan a luadh san áit úd. Ag so ní thig leis so do réir S. Augustine, in Sermone de Igne Purgatorio: qui in aliud saeculum distulit fructum conversionis, prius purgabitur igne purgationis; hic ignis etsi non sit
3995] aeternus, miro tamen modo gravis est, superat enim omnem poenam quam homo unquam passus est in vita, vel pati potest ‘an tí chuireas ar ceal toradh iompuidhthe ón pheacadh, glanfaidhear ar dtús é lé teinidh an ghlantuighthe. Agus gion go bhfuil an teine se síordhaidhe, más eadh is iongantach an truime atá innte.
4000] Sáruighidh sí iomorra an uile phian dar fhulaing duine riamh san bheathaidh se, nó fhéadas d'fhulang.’ As so is iontuigthe, an mhuinntear nach coimhlíonann na breatha aithrighe, gurab éigean a bhfaghairt i bpurgadóir leis an mbráith-theine agus leis gach gné oile phéine dhleaghair dhíobh d'íoc innte.

An ceathramhadh goin


4005] Tuig, a dhuine, go bhféadtar a fhiafraighidh annso don mharbh créad an riocht i bhfuil i bpurgadóir. Ag so freagra an mhairbh do réir Dháibhídh Ríogh san .39. Salm, mar a n-abair, circumdederunt me mala quorum non est numerus ‘do thimchealladar uilc díoáirmhe mé.’ Agus is uime sin adeir
4010] Dáibhídh go haccaointeach aigmhéil, do réir mar léaghthar san .72. Salm, ad nihilum redactus sum, et nescivi ‘do cuireadh ar neimhfní mé, agus gan a fhios agam.’ Agus fós is é an t-olc so theagmhas don duine ré linn an bháis, do tharrngair Críost, do réir mar léaghthar ag Matha san cheathramhadh caibidil déag,
4015] mar a n-abair, erit tunc tribulatio magna, qualis non fuit ab initio mundi usque modo, neque fiet ‘biaidh an tráth soin buaidhreadh mór; a shamhail ní raibhe ó thús an domhain go soiche so, agus ní dingéantar.’ Agus is é microcosmos .i. an domhan beag mar atá .i. an duine go fáthach thuigthear annso. Dá chor i gcéill nach
4020] bí acht cluiche in gach olc oile theagmhas don duine i bhfail an bháis. Agus is é aní céadna do tharrngair Dia dhúinn i gcoitchinne, do réir mar léaghthar san .31. caibidil ag Deuter., mar a n-abair, occurrent vobis mala in extremo tempore ‘teigéamhaid uilc dhaoibh san aimsir dhéidheanaigh.’ Agus is é an dochar


p.127


4025] díblidhe deanacht so theagmhas don duine a los an bháis do bhean beadhgadh croidhe ar an rígh Ezechias, lér shil sé srotha díochra déar, an tan do bhagair Isaias an bás air, ionnus go raibhe ré n-iodhnaibh lé hiarghnó agus lé heólchaire, tré ghoimh na nguasacht do bhí ós a chionn, do thoisg an bháis dá rochtain,
4030] do réir mar léaghthar san .20. caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh.

An cúigeadh goin

Is follus an díoth agus an díoghbháil do-ní an bás don duine as an bhfioghair léaghthar ag Daniel san dara caibidil, mar a dtráchtar ar an íomháigh do-chonnairc an rí, agá raibhe a
4035] ceann d'ór, a lámha agus a hucht d'airgead, a bruinne agus a leasracha d'umha, a sliasta d'iarann, agus an chuid oile dá cosaibh d'iarann agus do chriaidh. Agus do-chonnairc cloch gan lámha agá gluasacht ag toirléim do shliabh, agus ag teagmháil ré cosaibh na híomháighe, gur choimmbris ó bhaitheas go bonn gach
4040] ball di. Go fáthach, is í an íomháigh úd an duine, an t-ór úd uaisle na fola, an t-airgead na saidhbhris, an t-umha an chlú shaoghalta, an t-iarann an neart, an chré an tsomharbhthacht, an chloch an bás, an sliabh an ceart diadha. As an bhfioghair se is iontuigthe go raobann an chloch úd .i. an
4045] bás an íomháigh úd .i. an nádúir dhaonna, idir uasal agus tsaidhbhir, idir dheigh-theastach agus thréan agus anbhfann, ionnus nach fágbhann aon-bhall slán di, ón chéim is airde don dúil dhaonna go soiche an tí is inísle dhi. Cialluighidh fós an íomháigh an duine, amhail adubhramar. Óir amhail bhíos
4050] an íomháigh gan radharc gan éisteacht gan uraghall, mar an gcéadna don duine pheacthach, do réir Dháibhídh, mar a n-abair, os habent, et non loquentur; oculos habent, et non videbunt; aures habent, et non audient, etc., ‘atá béal aca, agus ní laibheóraid; atáid súile aca, agus ní fhaicfid; atáid cluasa aca,
4055] agus ní chluinfid.’ Ionann dóibh iomorra bheith gan gníomhughadh léna gcéadfadhaibh agus gan gníomhughadh sochrach na subháilceadh do dhéanamh. Cialluighid mar an gcéadna na miotail éagsamhla agus na boill éagsamhla úd na híomháighe,


p.128

coire éagsamhla na bpeacthach. Óir cialluighidh an ceann
4060] an t-uabhar, an t-ucht an tsainnt, na bruinne agus na leasracha coir na drúise, na luirgne iarnaidhe an fuath, an troightheach criadh díomhaoineas na beatha tadhaill, agus an chloch úd táinig don tsliabh, Críost, tig do neamh do thurnamh díomusa agus drúise agus droich-bheart na bpeacthach, agus dá leagadh go meinic
4065] go lár long-phuirt líonmhair ladranta Luicifeir; áit i bhfaghaid coimhlíonadh gacha céasta, agus gríosadh gacha galair, agus ardughadh gacha haingcise, agus tromughadh gacha tinnis, agus príomh-ghoin gacha peannaide. Budh iomdha ann fós arracht ag éagcaoine, agus dragún ag danálaigh, agus onchú ag ualfartaigh, agus
4070] faol ar foluamhain, agus deamhan ag doghra agus ag doghailse, tré ghoimh an ghríos-ghortha do-gheibhid dá ngroid-phianadh ann.

An seiseadh goin

Is tré aidhbhsighe na n-il-phian soin, agus tréna dheacracht a bhfulang, fhiafruigheas Isaias go hiongantach dona daoinibh, cia dhíobh do fhéadfadh áitiughadh i bhfarradh na péine
4075] ifreannda soin, do réir mar léaghthar san .33. caibidil dá leabhar, mar a n-abair, quis poterit habitare de vobis cum igne devorante, quis habitabit ex vobis cum ardoribus sempiternis ‘cia dhíbh fhéadfas áitiughadh mar aon ré teinidh shloigthigh? cia dhíbh áiteóchas mar aon ré luisneadhaibh nó ré gorthaibh
4080] síordhaidhe?’ As gach guais díobh so do bheith i gcionn an duine, is maith fuair Dáibhídh Rí a rádh i bpearsain an mhairbh, circumdederunt me mala, etca. ‘do thimcheallsad uilc díoáirmhe mé.’ Agus fós neartuighid briathra Anselmus fírinne aneithe se, san leabhar ró sgríobh do thruaghántacht an duine,
4085] ag faisnéis an chumhgaigh 'na mbí an duine dá gach éin-leith ré linn an bháis. [lsquo ]Bí (ar sé) an breitheamh feargach ós a chionn, agus ifreann osluigthe faoi. Bí a choir roimhe, agus a phian 'na dhiaidh. Bí a choguas dá chreim don taoibh istigh, agus a náire dá ghoin don taoibh amuigh. Bíd na peacaidh ghníomhacha
4090] do-ní dá dheis, agus na peacaidh do-ní ré faill dá leith chlí. Agus bíd na piana cóirighthe timcheall a chos, agus a lámha agá dtarraing go heasaontach ag na deamhnaibh. Ionnus go


p.129

bhféadann an duine go fírinneach an ní adubhairt Susanna do rádh, ar mbeith i gcumhgach fá chlaoin-bhreith na seanóireadh
4095] gcealgach, amhail léaghthar ag Daniel san treas caibidil déag, mar a n-abair, angustiae sunt mihi undique ‘atá cumhgach oram dá gach aoin-leith.’ Óir is mó an cumhgach 'na mbí an duine do bhíthin an bháis, ioná an cumhgach 'na raibhe Susanna tré chlaoin-bhreith na seanóireadh, do bhríogh gur
4100] fóireadh Susanna ón ghábhadh 'na raibhe, agus nach aincear an coireach óna guaisibh réamhráitte.

An seachtmhadh goin

Is trés an nguais se do bheith i gcionn an duine fhoráileas Críost ar na daoinibh imirce na haithrighe do bheith urlamh inimtheachta aca, ré dtriall a buailteachas na beatha so gus
4105] an sean-bhaile síordhaidhe, maille ré ceasaibh agus ré cliabhaibh crábhaidh agus caon-dúthrachta do bheith líonta go luchtmhar do lón an lóir-ghníomha dhlighid do dhéanamh, iar ndortadh mheidhg na mailíse a cornaibh an choguais lé gleann déarach an domhain se, lé sruth-bhuinne uchbhadhach aigmhéil accaointeach
4110] na haithrighe. Ag so mar adeir, ag teagasg an duine agus ag forfhógra na n-olc bhíos ré tuirling air ré linn a bháis, do réir mar léaghthar ag Matha san .24. caibidil, mar a n-abair, orate ut fuga vestra non fiat hieme aut Sabbato ‘guidhidh ionnus nach biadh bhar dteitheadh san gheimhreadh ná san
4115] Sabbóit.’ Dá chor i gcéill nach am teithidh dona daoinibh an tráth bheireas geimhreadh an ghalair agus féil an bháis orra. Óir ní ar Dhia do ghuidhe ná do ghairm do-bheirid amus ré linn na dtaom agus na dtinneas do bhiadh agá dtreaghdadh, acht dá fhéachain cionnus do- ghéabhdaois osadh nó ionnfhuaradh
4120] ó na teidhmibh bhíos agá gcommbuaidhreadh agus ag measgadh a meanman tré olc na haingcise 'na mbíd. Neartuighid briathra an fháidh Ieremias leis so, mar a n-abair san seachtmhadh caibidil déag, custodite animas vestras, et nolite portare pondera in die Sabbati, id est in die quietis, sive mortis ‘caomhnuighidh
4125] bhar n-anmanna, agus ná hiomarchurthar libh oireadha i ló na Sabbóite .i. i ló an chumhsanta, nó an bháis.’ Dá chor


p.130

i gcéill nach dleaghair dona daoinibh a leas do chor ar cáirde, ná ualach trom an pheacaidh do chongbháil orra go féile an bháis, acht a chor dhíobh lé subháilcibh ré linn a sláinte. Do
4130] bhríogh a ndubhramair, ní cuirthe don duine a leas ar cáirde, gan am na haithrighe dh'iarraidh ré linn a shláinte, d'eagla go bhfuighbheadh an bás faill air, i ndoiléire oidhche na haingcise. Gonadh aire sin adeir file éigin an rann so: —
    1. Go dtí dhíot gan mh'anadh ann,
      4135] peacadh, a Dhé, dá ndearnam:
      gan teacht, a Choimdhe, as an gcol,
      beart is doilghe ioná a dhéanamh.

An t-ochtmhadh goin

Féadtar mar an gcéadna sgéala cruinne d'fhiafraighidh don mharbh do thaoibh a anma i bpurgadóir, agus do thaoibh a chuirp
4140] san uaigh, agus fós do thaoibh a chlú dá éis san tsaoghal. Agus atáid chúig ceasta ré a gcor ar an marbh in gach gné dona trí gnéithibh sin, agus do-bheir Dáibhídh Rí freagra ar gach ceist díobh i bpearsain an mhairbh. Ag so síos na cúig ceasta bheanas ris an anam.


4145] (1) An chéid-cheist is ionchuir ar an anam an tan thriallas as an tsaoghal so .i. créad an cruth 'na mbí an t-árus 'na dtéid? An mbí álainn nó deagh-mhaiseach? Adeir an t-anam ag freagradh go truagh don cheist se, do réir Dháibhídh, posuerunt me in lacu inferiori, in tenebris, et in umbra mortis ‘do chuireadar
4150] mé san loch íochtarach, i ndorchadas agus i sgáile an bháis.’ As an dtuarasgbháil se do-bheir an t-anam truagh uaidh, is urusa a mheas gurab dochraidh déistineach an chathair chomhnuighthe, príosún peannaideach purgadóra.

(2) An dara ceist, créad an caidreabh fuair ar ndol i bpurgadóir?
4155] Adeir-sean go truagh ag freagra, susceperunt me sicut leo paratus ad praedam ‘do ghabhadar mé (ar sé) amhail do ghéabhadh leómhan ar a mbiadh inneall creiche do dhéanamh.’ Dá chor i gcéill gurab borb easaontach an caidreabh do-bheirdís na deamhain dó.


p.131


4160] (3) An treas ceist, créad an cleasradh nó na cluicheadha nó an caitheamh aimsire do bhiadh aige i bpurgadóir? Do fhreagair agá rádh, multiplicati sunt qui tribulant me ‘is fás atá ar an druing bhíos dom buaidhreadh.’ Dá chor i gcéill nach bí ceól ná aoibhneas ná urgháirdiughadh meanman i bpurgadóir,
4165] acht iachtach agus osnadhach agus éagcaoine, cnead agus fail agus foghair-ghearán, agus gnáith-phiana géara goirte goimheamhla, gan osadh gan ionnfhuaradh ó shoin amach.

(4) An ceathramhadh ceist, créad an leabaidh nó an t-inneall suain bhíos aige i bpurgadóir? nó an mbíd cuilceadha clúimh
4170] nó leapthacha snáth-chaola sróill 'na thimcheall? Truagh sin, adeir an marbh: ego autem in flagella paratus sum, et dolor meus renovatus est semper ‘bím-se agam' ollmhughadh trá rém sgiúrsadh, agus bíd mo thinnis ag athnuadhadh do shíor.’ As so is iontuigthe nach bí árach ag an anam bhíos i bpurgadóir ar shuan ná ar
4175] shádhaile do dhéanamh an gcéin bhíos ann.

(5) An cúigeadh ceist, an mbí radharc aoibhinn, nó lubh-ghuirt, náid moighe míon-sgothacha i bpurgadóir? Truagh sin, adeir an t-anam: timor et tremor venerunt super me, et contexerunt me tenebrae ‘do ling crioth agus uamhan oram, agus atáim coimhfhitte
4180] i ndorchadas.’ Dá chor i gcéill nach bí soillse i bpurgadóir. Óir tar ceann go mbí teine phurgadóra loisgneach, ní bhí soillse innte, do réir Ghreaghóir, mar a n-abair, concremationem habet et non lucem ‘bí comhlosgadh innte agus ní bhí solus.’

An naomhadh goin

Ag so síos na cúig ceasta chuirthear ar an marbh do thaoibh
4185] a chuirp san uaigh. An chéid-cheist díobh, créad an biadh nó an deoch bhíos aige san uaigh? Truagh sin, adeir an marbh: infixus sum in limo profundi, et non est substantia ‘atáim ceangailte i láib an ghrinnill, agus ní fhuil forus ann.’ Dá chor i gcéill go raibhe múchta i n-úir na talmhan fá mhuir mhailísigh an
4190] tsaoghail se, agus dá réir sin nach bí biadh ná deoch aige, acht é i ngorta ghnáth ag seargadh agus ag feódhughadh, nó go dtuiteann 'na luaithreadh as a chéile, an mhéid nach creimid na crumha agus na ciaróga dhe.


p.132

An dara ceist chuirthear air, do thaoibh a theangadh, mar
4195] atá, an mbíd labhartha líomhtha nó acfuinn uraghaill innte? Truagh sin, adeir an marbh: adhaesit lingus mea faucibus meis ‘atá mo theanga i leanmhain dom brághaid, nó dom chuláiribh.’ Dá chor i gcéill go mbí a theanga féin gan lúth gan labhra i ndiaidh an bháis san uaigh.


4200] An treas ceist, cionnus bhíos radharc a shúl? Truagh sin, adeir an marbh: dereliquit me virtus mea, et lumen oculorum meorum non est mecum ‘do thréigeas mo bhríogh, agus ní fhuil solus mo dhearc agam.’ Dá chor i gcéill go rabhadar na súile dall aige san uaigh.


4205] An ceathramhadh ceist, cionnus atá tadhall a lámh nó a chuirp? nó an mbí agá nighe agus agá niamh-ghlanadh féin i bhfothraigibh do bhláthaibh maoth-áille an mhachaire? Truagh sin, adeir an marbh, ag tagra go tuirseach doiligh ré Dia: super me confirmatus est furor tuus, et omnes fluctus tuos induxisti super
4210] me ‘do comhdhaingnigheadh dásacht t'fheirge oram, a Dhé, agus tugais do thonna uile thoram.’ Dá chor i gcéill gurab é fothragadh do-gheibheadh, bheith múchta i gcriaidh, agus í ag trothlughadh agus ag críonadh a chuirp.

An cúigeadh ceist, cionnus atá a chorp fá shaidhbhreas nó fá
4215] shéadaibh saoghalta? nó an bhfuil sróll nó sigir nó purpuir nó biosóir fána chneas san uaigh? nó an bhfuil ór nó ionnmhas 'na sheilbh innte? Truagh sin, adeir an marbh: respice in me et miserere mei, quia unicus et pauper sum ego ‘féach mé agus déana truaighe umam, óir is mé an truaghán is aonaránaighe agus is
4220] boichte ar bioth.’

An deachmhadh goin

Ag so síos na cúig ceasta chuirthear ar an marbh do thaoibh a chlú dá éis san tsaoghal. An chéid-cheist, cionnus atáid an drong dhuit agá mbíodh onóir ort san tsaoghal? Truagh sin, ar an marbh: omnes videntes me deriserunt me; locuti sunt
4225] labiis, et moverunt caput ‘gach aon do-chíodh mé, do ghabhdaois ag fochuidbheadh fúm; do labhradaois dá mbéalaibh agus do chroithdís a gcinn oram.’ Agus is uime sin adeir sé so, dá


p.133

chasaoid, an dream do-bheireadh cion dó ré linn a bheatha, gurab ag fochuidbheadh bhíd i ndiaidh a bháis.


4230] An dara ceist, cionnus do-geibhthear ort an drong do bhíodh agat' adhmoladh ar an saoghal, agus ag déanamh duan agus dréacht duit? Truagh sin, ar an marbh: qui laudabant me, adversum me iurabant ‘an dream do bhíodh agam' adhmoladh, do mhionnuigheadar im aghaidh.’ Ionann sin ré a rádh agus gur dhearbhuigheadar
4235] gurbh olc é.

An treas ceist, cionnus do-geibhthear ort an lucht tuillimh agus tuarastail do bhíodh agat? Truagh sin, adeir an marbh: qui iuxta me erant, de longe steterunt ‘an dream do bhíodh im fhochair, is fada uaim sheasaid.’ Dá chor i gcéill nach bí
4240] cuimhne ar chumann aca dhó.

An ceathramhadh ceist, cionnus atáid duit na caraid ar a gcuirtheá cumaoin? Truagh sin, adeir an marbh: amici mei et proximi mei adversum me appropinquaverunt, et steterunt ‘mo charaid agus mo chomharsain, do dhruidsead riom, agus do sheasuigheadar
4245] im aghaidh.’ Dá chor i gcéill nach bí cuimhne ar chumann ná ar chommbáidh ag na cáirdibh go meinic ris an marbh, dá dhlúithe agus dá dhíoghraisighe bhíd dó ré linn a bheatha.

An cúigeadh ceist, cionnus atáid do chlann ná do bhean
4250] phósta dhuit? Truagh sin, adeir an marbh, ag éagcaoine ar Dhia ris féin: longe fecisti notos meos a me; posuerunt me abominationem sibi ‘do chuiris, a Dhé, (ar sé) mo dhaoine aitheanta i bhfad uaim, agus atá gráin aca oram.’ Dá chor i gcéill gurab annamh bhíos luadh ná iomrádh ag mnaoi
4255] ná ag cloinn ar an duine ó dho-gheibh bás, amhail do bhiadh gráin mhairbh aca air. Agus do réir a ndubhramar, is follus go mbí an fhírinne ag an marbh, an tan adeir, circumdederunt me mala quorum non est numerus ‘do lingeadar uilc díoáirmhe im thimcheall.’ Agus ó tharla gach guais ghráineamhail díobh
4260] so i gcionn an mhairbh, dlighidh a bhean agus a chlann agus a charaid truaighe do bheith aca dhó. Agus go háirithe is córaide dhóibh sin do dhéanamh, go mbí an marbh féin agá nguidhe do ghnáth, ag faisnéis an éigin 'na mbí féin, agá rádh réna charaid, erue me


p.134

a circumdantibus me ‘fóir mé óna neithibh atá agam' chor
4265] timcheall.’ Ionann sin ré a rádh agus a fhóirithin óna pianaibh bhíos ag cor righneasa air gan a léigean go flaitheas Dé a purgadóir. Agus atá Pól apstal ag foráileamh aneithe céadna ar na Críostaidhthibh i gcoitchinne, mar a n-abair san treas caibidil déag gusna hEabhraidhibh, mementote vinctorum tamquam
4270] simul vincti ‘bíodh cuimhne agaibh ar na braighdibh, mar go mbiadh sibh féin cuibhrighthe mar aon riú.’ As na briathraibh se Phóil is iontuigthe gurab maith ré Dia fuasgladh ar an druing bhíos cuibhrighthe i bpríosún purgadóra. Agus is córaide don duine sin do dhéanamh go mbí féin i nguais teagmhála san
4275] chuibhreach chéadna, agus fós gurab ionann ainiarsma agus éagcomhlann theagmhas dóibh leath ar leath, do bhríogh gurab do pheacadh Ádhaimh táinig gach dochar dhóibh-sean, agus theigéamhas dá gach aon oile, mar adubhramair thuas, per unum hominem peccatum intravit in mundum, et reliqua.


p.135

Trí Bior-ghaoithe an Bháis