Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 7

AN SEACHTMHADH HALT

as a dtuigthear gurab cosmhail Ádhamh ré deóraidh do bhiadh ar díbirt i gcoigcrích.

An chéad-ghoin

Tuig, a dhuine, gurab cosmhail Ádhamh tar éis an pheacaidh ré deóraidh do bhiadh ar díbirt as a dhúthaigh féin ag taisteall coigcríoch, agus do-ghéabhadh bheith go maith ris i dtighthibh ósda mar gheall ar dhíolaidheacht do thabhairt ar a shon. Óir
3605] an deóraidh, cidh sámh leis an sódh do-gheibh sna tighthibh ósda, is searbh agus is doiligh leis bheith agá dhíol. Mar an gcéadna d'Ádhamh agus dá shíol, ar mbeith dhóibh arna n-athchor agus arna n-ionnarbadh a parrthas i gcoigcrích na coire, do-gheibhid sódh agus sádhaile i dtigh ósda an domhain se, áit i bhfuilid trí
3610] hard-ósdóiridhe ré riar Ádhaimh agus a shleachta go miochair muinnteardha .i. an diabhal agus an saoghal agus an cholann. Óir do-gheibhid uaill agus glóir dhíomhaoin ón aidhbhirseóir, sainnt agus cruas agus cruinniughadh ón tsaoghal, leisge agus drúis agus craos ón cholainn.

An dara goin


3615] Is ar na trí hósdóiribh se labhras Eóin, mar a n-abair, omne quod est in mundo aut est concupiscentia carnis, concupiscentia oculorum et superbia vitae ‘an uile ní dá bhfuil ar an saoghal ní fhuil acht ainmhian na colna nó ainmhian súl, nó uabhar beatha ionnta.’ Gidh eadh, an mhuinntear ré roinnid na hósdóire se,
3620] is cruaidh an cúntas is éigean dóibh do thabhairt uatha ré n-imtheacht dóibh as an dteach ósda .i. as an domhan. Bíodh a fhiadhnaise sin ar lucht Sodoma agus Gomarra, agar chuirsead na hósdóire se i gcarcair uathbhásaigh ifrinn iad, i ndíol a dtugsad dóibh, amhail léaghthar san naomhadh caibidil déag in Genesi.

An treas goin


3625] Bíodh fós a fhiadhnaise ar Pharao agus ar a shluaghaibh do báthadh san Muir Ruaidh tré éiliughadh na druinge céadna.


p.115

Agus ar Balthasar rí na Báibiolóine, do thuit i gcúntas na druinge úd, do réir mar léaghthar san chúigeadh caibidil do Leabhar Daniel. Óir ar mbeith ag caitheamh fleidhe don
3630] Balthasar so, do-chonnairc lámh dhuine gan cholainn ag sgríobhadh trí bhfocal ar an mballa ar a chomhair: ag so na focail, Mane, Thecel, Phares. Is eadh chialluigheas an céad-fhocal, Mane, gur áirimh Dia flaitheas an ríogh sin, agus gur choimhlíon é. An dara focal, Thecel, is eadh chialluigheas, gur
3635] cuireadh an rí i meidh an mheasruighthe, go bhfríoth ní budh lugha ioná an chóir aige. Is eadh chialluigheas an treas focal, Phares .i. ‘atá do fhlaitheas arna thabhairt do lucht na Méad agus na Persia.’ Agus san oidhche chéadna soin do marbhadh lé Darius é, agus do críochnuigheadh fírinne na bhfocal sin, go ro
3640] thuit san chúntas amhail adubhramar.

An ceathramhadh goin

Fa-ríor is iomdha Balthasar an tráth so ar feadh an domhain ar a n-imreann Dia an díoghaltas céadna úd do himreadh ar Bhalthasar, an mhéid go gcoimhlíonann Dia a bhflaitheas ag críochnughadh a ré, agus go gcuireann i meidh an bhreitheamhnais
3645] i n-aimsir an bháis iad, agus nach faghann an tomhas cóir ionnta, ar mbeith do cheann na coire ro-throm don mheidh. Agus marbhthar san oidhche chéadna iad, an mhéid go mbeirthear breith bháis shíordhaidhe orra. Agus roinntear a bhflaitheas, an mhéid go dtugthar a gcuirp dona crumhaibh agus a n-anmanna
3650] d'il-phiastaibh ifrinn. Agus is mar sin is éigean dóibh cúntas cruaidh do thabhairt dona hósdóiribh adubhramar.

An cúigeadh goin

Gidh eadh, mo thruaighe, an duine leamh shaoileas cáirde d'fhagháil óna hósdóiribh se, is meinic fheannaid agus fhoghaid go hobann é, agus bheanaid a anam as i ngioll ris an gcúntas, an tan
3655] is mó do chuirfeadh roimhe a mhacnas do leanmhain. Bíodh a fhiadhnaise sin ar Holofernes, ard-chaiptín shluaigh na hAssiria, amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar Iudith. Óir an uair is mó do shaoil a bhreath féin d'fhagháil


p.116

ar chathair Betulia, ar mbeith don bhain-tighearna onóraigh
3660] darbh ainm Iudith iona fharradh ina phuball féin, agus é ag urgháirdiughadh meanman agus aigeanta 'na timcheall ar mhéad a ghrádha dhi, táinig san oidhche chéadna soin fear cúntais na dtrí n-ósdóireadh úd .i. an bás, agus do bhean a cheann do Holofernes i ndíol an chúntais. Mar an gcéadna do phrionnsa
3665] do threibh Iuda darbh ainm Ammon, amhail léaghthar san treas caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh. Táinig an fear cúntasa céadna úd dá ionnsaighidh, ar mbeith dhó ag caitheamh fleidhe, agus do ghabh d'arm ann, gur mharbh é. Gá dtam ris, ní tháinig is ní thiocfaidh rí ná prionnsa ná ard-fhlaith
3670] ó thosach an domhain, nach éigean dó an cúntas so do thabhairt uaidh. Ionnus i ndeireadh an chúntais gurab éigean dá gach aon dol tar bharr a gheallta, ré díol do thabhairt don fhior chúntasa úd adubhramar .i. an bás. Óir foghbhaidh agus feannaidh nó go bhfágbhann dísgir dearg-lomnocht iad, ar gcaill
3675] a gcéadfadh agus bhríogh a mball, agus a dtoicceadh agus a saidhbhreas saoghalta ó shoin amach.

An seiseadh goin

Bíodh a fhiadhnaise sin ar na hard-fhlaithibh is mó tháinig san domhan riamh. Óir ní feas dúinn go bhfuil mac ar sliocht Nabugodonasor ag gabháil flaitheasa na Caldee, ná ar lorg Cyrus
3680] ar an bPersia, ná d'fhuil Darius ar an Méad, ná d'aicme Alexander ar an nGréig, ná do shíol Shéasair ar an Róimh, ná do shliocht Hannibal i gCarthago, ná do chineadh Codrus ar cathraigh na hAithne. Óir fá héigean dóibh so uile, tar ceann a neirt agus a gcumhacht, cúntas cinnte do thabhairt uatha iona
3685] bhfuaradar do bhláth diommbuan na beatha so. Gonadh ag cor aneithe se i gcéill adeir Baruc san treas caibidil, ubi sunt principes gentium ‘cáit i bhfuilid prionnsadha na gcineadhach?’ Dá chor i gcéill gur thuiteadar san chúntas chéadna úd an bháis. Agus mar an gcéadna is dá chor i gcéill nach déin an
3690] onóir ná an flaitheas saoghalta caomhna ar na hard-fhlathaibh ón gcúntas úd atá aní léaghthar ag Deuter .32., ubi sunt dii eorum in quibus habebant fiduciam? Surgant et opitulentur vobis, et in


p.117

necessitate vos protegant ‘cáit i bhfuilid a ndée súd 'nar chuireadar a muinighin? Éirghid agus tugaid congnamh libh, agus díontar leó
3695] sibh in bhar riachtanas.’ Dá chor i gcéill nach raibhe ar cumas na ndée na hard-fhlaithe págánta d'fhóirithin ná d'fhurtacht ré buanughadh i nglóir dhíomhaoin an tsaoghail se, ná réna gcaomhna ón chúntas réamhráitte. Agus go bhfios damhsa, ciodh milis ris gach n-aon bláth bréagach an domhain se agá
3700] fhromhadh, is greim neimhe agus is deoch domblais dóibh fá dheireadh é, an tan is éigean dóibh an cúntas casaoideach cruadh- dhálach úd do thabhairt uatha, amhail adubhramair. Is móide is iontuigthe gurab teach ósda an domhan aní léaghthar ag Solamh san .29. caibidil in Ecclo., mar a n-abair, transi,
3705] hospes, et orna mensam, et quae in manu tuo habes, ciba caeteros ‘triall seacha mar aoighidh, oirnigh an bord, agus na neithe atá id láimh, biathuigh cách.’ As so is iontuigthe nach fuil acht aoidheacht nó ósdóireacht ar an saoghal againn. Agus measaim dá réir sin gurab ionann dál dá gach n-aon ré ndol don domhan
3710] so agus don cheithearnach allta aineólach a hiarthar Mhumhan, do-chuaidh i luing chogaidh d'iarraidh éadála ar fairrge. Agus do cuireadh i dtír i Sagsaibh iad; agus an céad-bhaile 'na dtarla i dtír iad, tángadar lucht an bhaile do dhéanamh lúthghára rompa, agus dá mbreith leó dá dtighthibh féin ré tabhairt ósda dhóibh;
3715] óir fá lucht ósda do choimhéad an mhéid do bhí ag áitiughadh san bhaile sin. Agus fá hiongnadh leis an gceithearnach iad agá chuireadh féin, agus gan aithne ag aon-duine dhíobh air. Agus do-chuaidh féin agus drong don mhuinntir do bhí mar aon ris i dtigh dhuine aca ar ósda. Agus dobhádar muinntear an
3720] tighe go ro-mhaith riú ar feadh seachtmhaine, ionnus gur sháimh leis an gceithearnach an t-inneall ar a raibhe féin, ar ghloine an árais 'na dtarlaidh é, agus ar fheabhas a leaptha agus a bhídh agus a dhighe. Gidh eadh, ar mbeith dhó féin agus dá chuideachtain ag gabháil a gceada, do ghairm an t-ósdóir an fear cúntais do bhí
3725] aige, agá rádh ris make reckoning .i. ‘déana cúntas.’ Leis sin táinig fear an chúntais, agus do ghabh ag feannadh an cheithearnaigh agus na muinntire do bhí maille ris, gurbha héigean dóibh uile díolaidheacht iomlán do thabhairt uatha in gach ní dár

p.118

chaitheadar san tigh an gcéin dobhádar ann, ionnus go rabhadar
3730] folamh ag imtheacht dóibh. Agus táinig dhe sin, cion a raibhe do shólás agus do mheanmain ré linn gach seasgaireachta dá bhfuaradar i dtigh an ósda, go raibhe sé do dhólás orra tré bheith folamh ag imtheacht. Dobudh iongnadh iomorra leis an gceithearnach créad an fáth fár feannadh é féin agus cách; óir
3735] níor chleacht sé biadh ná deoch do cheannach riamh roimhe sin. Agus ar dteacht go hÉirinn dó do ghabhadar a charaid ag fiafraighe thuarasgbhála na Sagsan de. Do ghabh-san ag innisin sgél dóibh, agus adubhairt thrá nach facaidh talamh riamh budh fearr biadh agus deoch agus teine agus leabaidh, agus budh suilbhire daoine.
3740] ‘Agus locht ar bioth, ar sé, ní haithnidh damh uirre, acht an tan bhíd na deóraidh ag ceileabhradh don druing do-bheir aoidheacht dóibh, tig trú dhuaibhseach dheamhnaidhe dá ngairthear Mac Raicín anuas, agus lámhuighidh go heasaontach na deóraidh, agus feannaidh agus foghbhaidh iad.’ Go fáthach, is í an
3745] chríoch úd na Sagsan an domhan, agus na hósdóiridhe an diabhal agus an saoghal agus an cholann, an ceithearnach na daoine i gcoitchinne, agus Mac Raicín an bás. Óir amhail bheanas fear an chúntasa díol don deóradh ar son gach socamhail dá bhfaghann i dtigh an ósda, mar an gcéadna beanaidh fear cúntasa na
3750] n-ósdóireadh úd adubhramar .i. an bás, cúntas daor-dhálach dona daoinibh bhlaiseas a bheag nó a mhór do thoirthibh na n-ósdóireadh do luaidheamar.

An seachtmhadh goin

Fós, bídh an díol bheanas amach comh-docamhlach sin ionnus gurab ionann dál don duine ar ndealughadh ris agus
3755] don cheannaighe agá dteigéamhadh loing-bhriseadh do dhruim anfaidh ar muir. Óir an tan fhásas anfadh ar an muir, agus bhíos an long i nguais a sloigthe, teilgidh an ceannaighe an earradh bhíos istigh aige amach, agus 'na dhiaidh sin buailtear an long fá charraig, agus raobthar agus sloigthear ainnséin san muir í; agus
3760] tig féin ar uairibh tarnocht i dtír, agus ar uairibh oile báittear é. Mar an gcéadna, ar mbeith don duine ag loingseóireacht ar mhuir mhailísigh an tsaoghail se, séididh gaoth na ngalar ar


p.119

arthrach na hanma .i. ar an gcorp, agus tógthar leis sin tonna taom agus tinnis, go ngabhaid ag tolladh agus ag taobh-lot churacháin
3765] chriadhamhail an chuirp. Agus ar mbeith don luing leóinte sin i mbaoghal a báitte, cuiridh an ceannaighe .i. an t-anam, last na luinge amach .i. na céadfadha agus uile bhríogha an chuirp. Agus 'na dhiaidh sin buailtear an long soin fá chairthe nó fá charraig an bháis, ionnus gurab éigean don cheannaighe .i.
3770] don anam, triall tarnocht go port an pharrthais neamhdha, nó a shlogadh i bhfodhomhain ifrinn.

An t-ochtmhadh goin

Is beag fós nach ionann dál don duine agus don mheirleach dhamanta bhíos cuibhrighthe ag triall ón phríosún gus an gcroich. Óir amhail bhíos an meirleach damanta ag triall ón
3775] bpríosún gus an gcroich, agus é cuibhrighthe, is mar sin bhíos an duine ag teacht as an bpríosún .i. a broinn a mháthar, agus é cuibhrighthe i bpeacadh an tsinnsir, damanta ré fagháil an bháis chorpardha tré choir Ádhaimh, ag triall gus an gcroich .i. gus an mbás. Agus meas féin, a dhuine, amhail nach bí
3780] lúth-gháir ar an meirleach úd ag triall gus an gcroich, agus nach bí seadh ná suim i séadaibh saoghalta ná i maoin ná i maitheas ar bioth dá bhfágbhann tar 'éis aige, mar an gcéadna dhlighir-se do dhéanamh, a dhuine, do bhríogh gurab ionann bhar ndál. Agus cibé adéaradh nach indéanta an coimmeas soin, do
3785] bhríogh go mbí bás an mheirligh go grod, agus go bhfaghann an duine ré fhada, bíodh a fhios aige nach obainne bás na croiche ar uairibh ioná an bás nádúrtha. Agus is uime sin atá aní léaghthar ag Socrates .i. ar mbeith do lucht chathrach na hAithne arna dhamnughadh ré bás do thabhairt dó, táinig
3790] duine carad dá ionnsaighidh, agus adubhairt ris, Athenienses te morte adiudicarunt ‘rugadar lucht chathrach na hAithne breath bháis ort.’ Adubhairt-sean ag freagradh dhó, et illos natura ‘agus rug an nádúir breath orra-san mar an gcéadna.’ Dá chor i gcéill gurbh ionann dál dó féin, do bhí arna dhamnughadh
3795] ré bás d'imirt air, agus dona daoinibh i gcoitchinne, ar ghiorra na cairde bhíos ar a saoghal aca. Agus is uime sin adeir Dáibhídh


p.120

Rí san .102. Salm, homo sicut foenum dies eius, tanquam flos agri efflorebit ‘ní fhuil i lá an duine acht amhail fhéar thirim, agus téid a bhláth dhe amhail bhláth an mhachaire.’ Dá
3800] chor i gcéill, amhail bhíos an féar tirim seirgthe um thráth nóna iarna bhuain, agus é úr-ghlas ar maidin sul bheantar é, gurab amhlaidh sin theagmhas don duine, ar mbeith dhó úr ré linn a bheatha, an tan bhuailtear speal an bháis faoi, go seargann agus go bhfeódhann go hobann, amhail do-ní bláth an
3805] mhachaire. Tig Isaias leis aní gcéadna san .40. caibidil, mar a n-abair, omnis caro foenum et omnis gloria eius quasi flos agri ‘is féar tirim an uile cholann agus a huile ghlóir amhail bhláth an mhachaire.’ Tig an file Gaoidhealach leis aní gcéadna mar a n-abair: —
    1. 3810] Cidhbé agaibh is sia saoghal,
      isé an t-eán agus é i sás:
      ná maoidheadh sé a aga uainne,
      ní fada ón té is buaine an bás.

An naomhadh goin

Adeir S. Séam, ag cor ghiorra ré an duine síos, amhail
3815] léaghthar san cheathramhadh caibidil dá Eip., mar a n-abair, quae est enim vita nostra? vapor est ad modicum parens ‘créad í ar mbeathai-ne, acht deatach mhaireas go roi-ghearr.’ Dá chor i gcéill gurab diombuan ré an duine. Agus atá Críost dá iarraidh orainn faire do dhéanamh orainn féin, amhail
3820] léaghthar ag Marcus san treas caibidil déag, mar a n-abair, omnibus dico vigilate ‘adeirim ribh uile faire do dhéanamh.’ Agus adeir fós ag Lúcás san .21. caibidil ris an duine faire ghnáthach do dhéanamh, mar a n-abair, vigilate itaque omni tempore ‘déanaidh faire san uile aimsir.’ Dá chor i gcéill
3825] nach bí uair ná tráth saor ag an duine gan bheith i mbaoghal an bháis. Do réir mar adeir Críost féin san .25. caibidil ag Matha, vigilate, quia nescitis diem neque horam ‘déanaidh faire, óir ní feas daoibh lá ná uair.’ Dá chor i gcéill go mbímíd gach aon-tráth agus gach aon-aimsir i mbaoghal an chúntasa d'iarraidh


p.121


3830] orainn. Agus fa-ríor, do-bheirimíd faill san bhfeitheamh do fhoráil Dia orainn do dhéanamh.

An deachmhadh goin

Gidh eadh, teagmhaidh dhúinn amhail tarla don mhacaomh Fhrangcach. Ag so an sgéal aithristear air .i. go raibhe ar tí síothchána do cheangal ris an mbás, agus dar leis do taibhsigheadh
3835] dhó an bás do thoidheacht dá ionnsaighidh, go ndubhairt nach raibhe ar breith dhó gan teacht lá éigin dá fhios; gidh eadh, nach tiocfadh dá ionnsaighidh gan forfhógra. Agus táinig dhe sin go dtug an macaomh i bhfaill gan bheith dá ollmhughadh féin rés an mbás. Agus go grod 'na dhiaidh sin
3840] do ghabh galar gáibhtheach é. Agus an tan dobhádar a charaid 'gá fhoráileamh air aithrighe do dhéanamh, adubhairt-sean nach raibhe guais air, do bhríogh go raibhe do cheangal aige ar an mbás gan teacht dá ionnsaighidh gan forfhógra. Agus fuair bás gan aithrighe amhlaidh sin. Óir níor thuig sé gur
3845] bh'iad forfhógartha dísle an bháis na taoma agus na tinnis tarla dhó féin rés an mbás. Mar sin do dhaoinibh óga éigcríonna an tsaoghail se. Saoilid go mbíd do shíoth ris an mbás, agus nach bí guais ná gábhadh ar bioth 'na gcionn féin. Agus do-bheirid iad féin do bhaosradh agus do bhuile bhaothánta na hóige,
3850] ionnus nach léir dhóibh a leas do dhéanamh. Agus tig dhe sin nach taoibh ris an aon-bhás gcorpardha bhíd, gan na trí báis do luaidheamar san chéad-trácht d'fhagháil.

An t-aonmhadh goin déag

Fós, do bharr air sin caillid a gclú tar a n-éis san tsaoghal. Ionnus gurab ionann dál dóibh agus don mhadadh fhoiléimeach
3855] ar a mbuailtear cloch. Óir an tan bhuailtear cloch ar an madadh, gabhaid na madaidhe oile agá chreim. Mar an gcéadna, an tan bhuailtear cloch an bháis ar an madadh úd .i. an peacthach, gabhaid na madaidhe oile .i. na peacthaigh agá chreim agus agá chnáimh-ghearradh .i. ag buain a chlú dhe. Óir
3860] mar mharbhaid na muca mara an mhuc mhara oile do-gheibhid créachtnuighthe, go ndéinid blogha béal-sgaoilte dhi, mar an


p.122

gcéadna do-níd na peacthaigh ris an bpeacthach oile do-gheibhid créachtnuighthe ó shoighid an éaga, diubhraigthear air a bogha an bháis; gabhaid agá chosgairt agus agá chnáimh-ghearradh .i.
3865] ag buain a chlú dhe, maille ré bheith ag reic agus ag faisnéis a olc i ndiaidh a bháis.

An dara goin déag

Adeir fós Solamh san treas caibidil in Eccle. gurab cosmhail ré chéile an chríoch téid ar an bpeacthach agus ar an bromach, mar a n-abair, unus est interitus hominis et iumentorum, et aequa
3870] utriusque conditio ‘is ionann é ag don duine agus dona bromachaibh, agus is cudroma a gcoingheall leath ar leath.’ Óir teagmhaid trí neithe dona bromachaibh d'éis a mbáis, theagmhas don pheacthach. An céid-ní, longaid na madaidhe a bhfuil, ithid na crumha a bhfeóil, agus beiridh a sealbhaidhe a gcroiceann leis. Mar an
3875] gcéadna don pheacthach: sloigthear le honchonaibh ifrinn a fhuil .i. a anam, agus creimid na crumha a cholann, agus gabhaid a charaid a chroiceann .i. a mhaoin shaoghalta. Is ar aní gcéadna labhras an marbh ag Dáibhídh, mar a n-abair, circumdederunt me canes multi, consilium malignantium obsedit me ‘do
3880] thimchealladar iomad do madadhaibh mé, agus do shuidh comhairle na millteach i bhfoslongphort rém ucht.’ Dá chor i gcéill go dtángadar daosgar-shluagh deamhan ifrinn i bhfoslongphort réna ucht do shlogadh a anma as. Atá mar an gcéadna an marbh ag casaoid ag Dáibhídh ar an díol do-bheirid na crumha ar an
3885] gcolainn, mar a n-abair, foderunt manus meas et pedes meos ‘do tholladar mo lámha agus mo chosa,’ ar sé. Atá mar an gcéadna an marbh ag casaoid ar an díol do-bheirid a charaid ar a mhaoin shaoghalta tar a éis, mar a n-abair Dáibhídh, super vestem meam miserunt sortem ‘do chuireadar crann-chur ar mh'éadach.’ Dá
3890] chor i gcéill go roinnid a charaid maoin an tí do-gheibh bás eatorra féin, agus nach cuirid éin-ní i sochar d'anam an mhairbh dhíobh.

An treas goin déag

Is é an t-éagcomhlann so atá ag anam an mhairbh agá chasaoid san .63. caibidil ag Isaias, mar a n-abair, circumspexi


p.123


3895] et non erat adiutor, quaesivi et non erat qui adiuvaret ‘do fhéachas im thimcheall agus ní raibhe fear mo chabhra, do iarras agus ní raibhe fear láimhe do thabhairt liom.’ Dá chor i gcéill, ar mbeith i mbroid ag na trí hainreachtaibh úd d'anam an mhairbh, go dtugaid a charaid i ndearmad é, agus nach tabhair
3900] aon aca lámh leis. Gidh eadh, is truagh nach déinid aithris ar iocht agus ar chinéal choda dona hainmhinntibh brúideamhla. Óir léaghthar ar an mbeathadhach darab ainm tortuca, an tan teagmhas a dhruim ré lár, nach bí ann féin iompódh ar a chosaibh. Gidh eadh, sgréachaidh go hard, go gcluintear ar
3905] feadh an fhásaigh é, agus leis sin roichid a choimhchinéal féin dá gach leith dá fhóirithin, agus cuirid a sróna faoi, go dtógbhaid ar a bhonnaibh é. Mar an gcéadna don ghealbhann an tan teagmhas san ghaiste, sgréachaidh go gáibhtheach, agus leis sin coimhrithid na gealbhainn oile bhíos 'na chomhfhoigse chuige,
3910] agus gabhaid ag gearradh an ghaiste dá ngobaibh agus dá n-ingnibh, go n-aincid amhlaidh sin é. Mar an gcéadna budh dual dona daoinibh do dhéanamh, gaiste nó cuibhreach phéine na marbh do sgaoileadh nó do ghearradh dhíobh, go háirithe ar mbeith don mharbh ag éighmhe orra, amhail bhíos an gealbhann cuibhrighthe.
3915] Do réir mar léaghthar san naomhadh caibidil déag ag Iob, mar a n-abair, miseremini mei, miseremini mei, saltem vos amici mei ‘déanaidh trócaire oram, déanaidh trócaire oram, go háirithe a dhrong is caraid damh.’ Ionnus, tar éis mar do saorfaidhe anam an mhairbh lé trócaire a charad tar a éis ar
3920] an saoghal, go bhféadfadh a rádh go maoitteach amhail adubhairt Dáibhídh, anima mea sicut passer erepta est de laqueo venantium, laqueus contritus est, et nos liberati sumus ‘atá mh'anam amhail ghealbhann arna réidheachadh a gaiste na bhfear bhfiadhaigh; do comhraobadh an gaiste, agus atámaid arnar bhfóirithin.’ Dá
3925] chor i gcéill, an mhuinntear bhíos cuibhrighthe i bpurgadóir, go sgaoiltear glas na bpian bhíos orra dhíobh, lé deigh-ghníomhaibh na gcarad bhíos dá n-éis ar an saoghal so. Óir ní fhéadaid na hanaim bhíos i mbroid phurgadóra furtacht ar bioth do thabhairt dóibh féin ná do neach oile, an gcéin bhíd san
3930] bhroid sin.


p.124

An ceathramhadh goin déag

Is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san treas caibidil in Exodo, mar ar orduigh Dia do Mhaoise, do bhí 'na dhuine shaor ó thalamh Madian, dol d'fhóirithin Chloinne Israel, do bhí i mbroid na hÉigipte, agus nach d'aon-duine dá raibhe san
3935] bhroid féin do orduigh a bhfóirithin. Mar an gcéadna ní haon-duine dá mbí i mbroid phurgadóra fhóireas iad féin, ná an dream oile bhíos maille riú, acht daoine saora ó thalamh Madian .i. an dream bhíos ar an saoghal so, agus nach bí cuibhrighthe i ngéibheannaibh na bpeacadh marbhthach.