Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 6

AN SEISEADH HALT

'na gcuirthear i gceist, ar mbeith d'Ádhamh lán d'eagna agus do shubháilcibh, cionnus tarla dhó an fhógra tug Dia dhó do shárughadh.

An chéad-ghoin

Mo fhreagra air so, ar dtús, dá chor i gcéill dona
3500] daoinibh, dá mhéid eagna agus neart agus innmhe shaoghalta bhíos aca, go ndlighid iad féin do choimhéad go haireach, agus gan bheith lánmhar asta féin. Agus is uime sin adeir Ieremias naomhtha ag labhairt ar Sholamh san naomhadh caibidil, non glorietur sapiens in sapientia sua, nec fortis in fortitudine sua,


p.111


3505] nec dives in divitiis suis ‘ná bíodh an t-eagnaidheach glórmhar as a eagna, ná an tréan as a neart, ná an saidhbhir as a shaidhbhreasaibh.’ Dá chor i gcéill, mar go ndeachaidh Solamh ré seachrán, agus gur thuit i bpeacaidhibh gráineamhla, tar ceann a raibhe d'eagna agus do neart agus do shaidhbhreasaibh aige, gur
3510] beitte dona daoinibh agá mbiadh aon-chuid dona cáilibh se ionnta, crioth agus eagla do bheith orra, d'eagla go dteigéamhadh dhóibh fearg Dé do thuilleamh, amhail tarla do Sholamh.

An dara goin

An dara hadhbhar fár fhuiling Dia d'Adhamh an fógra úd do shárughadh, dá chor i gcéill dona daoinibh nach dlighid
3515] bheith roi-dhíleas dá naomhthacht ná dá n-ionnracus féin, mar gur chlaon Ádhamh do bhí ro-naomhtha an chuing do chuir Dia air féin. Agus is ag cor aneithe céadna i gcéill atá aní adeir Pól, 1 Cor.10, qui stat, videat ne cadat ‘an tí atá 'na sheasamh, féachadh nach tuitfeadh.’ Dá chor i gcéill gur
3520] beitte don tí bhíos naomhtha eagla do bheith air fá thuitim i ndroch-staid. Is iontuigthe so a briathraibh S. Augustine ar an .38. Salm, mar a n-abair, aliter non potes esse perfectus, nisi scias hic te non posse perfectum esse ‘ní fhéadann tú ar chor oile bheith iomlán, munab feasach thú nach féadann tú bheith iomlán
3525] annso’ .i. san saoghal.

An treas goin

An treas fáth fár thuit Ádhamh, dá chor i gcéill dona daoinibh gurab meinic ghortuighthear Dia do sheachnadh na comharsan do ghortughadh; mar is follus i n-Ádhamh, do-rinne míréir Dé do dhéanamh réire Éabha. Agus atá Hieronymus
3530] 'na Eip. ad Heliodorum ag tabhairt chomhairle dhúinn, créad is indéanta sa chás so, mar a n-abair, si necessitas venerit, ut amor parentum sive filiorum amori Dei comparetur, et non possit utrumque servari, odium in suos, pietas in Deum observanda ‘más éigean go mbiadh grádh na dtuismhidhtheóiridhe agus na cloinne
3535] dá choimmeas ré grádh Dé, agus nach féadtar gach grádh dhíobh do choimhlíonadh, coimhéid do dhúthracht do Dhia agus t'fhuath


p.112

do chách.’ Ionann sin ré a rádh agus dá raibhe coimhlíonadh thoile Dé contrárdha do choimhlíonadh toile do charad, tréig coimhlíonadh toile do charad ar choimhlíonadh toile Dé. Gidh
3540] eadh, fa-ríor, is iomdha Ádhamh san aimsir se ann, chlaonas ó thoil Dé do dhéanamh i ngioll ar thoil na colna nó na cloinne nó na comharsan. Bíodh a fhiadhnaise sin ar mhórán do dhaoinibh sgaoilte na hÉireann. Óir atá cuid díobh do-bheir iad féin do chraos agus do dhrúis, d'aoibhneas agus d'antlás. Cuid
3545] oile dhíobh ag déanamh anfhlaithis agus éagcóra ar anbhfannaibh, ré saidhbhreas agus ré fearann d'fhágbháil agá gcloinn féin go héigceart i n-aghaidh thoile Dé. Agus fós drong oile dhíobh ag dísliughadh agus ag ceilt a gcreidimh, d'eagla aimhréire na n-uachtarán saoghalta do dhéanamh. Ní áirmhim an drong atá
3550] taoibh amuigh do luing Pheadair, atá ag onfais i n-oigian aidhbhseach na heiriceachta. Agus mo thruaighe, ní thuigid an teagasg do-bheir Dia dá gach aon aca san seiseadh caibidil in Ecclo., mar a n-abair, noli fieri pro amico inimicus ‘ná déana easgcara dhíot féin ar son do charad.’ Dá chor i gcéill nach
3555] dleaghair dhúinn easgcaraid do dhéanamh dhínn féin do Dhia, do cheannach cairdeasa créatúireadh san gcruinne.

An ceathramhadh goin

An ceathramhadh fáth, do bhríogh gur haithneadh dhe gan buain ris an ubhall. Óir is móide bhíos dúil ag duine san ní, bheith agá thoirmeasg air. Agus is de sin atá an seanfhocal
3560] adeir go mbí neimh ar an aithne. Agus tig an file Laidneamhail leis so, mar a n-abair, ag labhairt ar aní gcéadna: nitimur in vetitum semper cupimusque negata ‘bí dúil againn do ghnáth saní bhíos arna thoirmeasg orainn, agus sanntuighmíd aní bhíos agá dhiúltadh orainn.’ Agus is
3565] uime sin adeir Ieremias san chéad-chaibidil do Leabhar na hEólchaire, ag teacht tar chinn-leitribh an chinidh dhaonna .i. Ádhamh agus Éabha, principes eius facti sunt velut arietes ‘do-rinneadh a bprionnsaidhe súd amhail reithidhe,’ ar sé, ag labhairt ar an nádúir dhaonna. Ionann sin ré a rádh agus gurab móide do


p.113


3570] bhí dúil aca i n-ubhall na haithne, bheith agá thoirmeasg orra. Óir is d'airdheanaibh an reithe, dá dteagmhadh i dteach theineadh é, nach fuil dá thréine dobeithí agá chor amach, nach déine 'sa chách do bhiadh féin ag filleadh isteach arís. Mar an gcéadna d'Ádhamh agus d'Éabha agus dá gach aon-duine dhá síol, agus is uime
3575] sin shamhluighthear ré reitheadhaibh iad.

An cúigeadh goin

Tig leis an sgéal so aní léaghthar ar mhaighistir chríonna agus ar a dheisgiobal. Is eadh aithristear ann, gur fhiafruigh an deisgiobal don mhaighistir créad tug ar Ádhamh ubhall na haithne d'ithe tar fhógra nDé, agus a usacht dó a mhalairt do
3580] thoradh d'fhagháil i bparrthas ré a chaitheamh. Is eadh do-rinne an maighistir, dá mhéis agus a mbeóil ar a chéile, agus éanlaith bheag bheó eatorra, do thabhairt don deisgiobal. Agus adubhairt ris gan an dá mhéis d'osgladh ó chéile go ceann cheithre n-uaire fichead, agus go dtiubhradh fuasgladh ar a cheist dó. Do
3585] ghabh an deisgiobal na miasa, agus do-chuaidh i bhfód fá leith ris féin. Agus do ghabh mian é na miasa d'fhoslogadh ó chéile ar mbeith arna dtoirmeasg air, ionnus go mbiadh a fhios aige créad do bhí eatorra. Do fhás a mhian com-mór sin go nár fhuiling gan a bhfosgladh. Agus arna bhfosgladh dhó do
3590] lingsead an éanlaith uaidh, go nach raibhe breith aige orra. Ar dtoidheacht don mhaighistir dá ionnsaighe i gcionn laoi go n-oidhche, do fhiafruigh dhe ar choimhéid na miasa gan osgladh. Agus adubhairt-sean ‘Ó a mhaighistir, ar sé, gabh agam. Níor fhéadas gan a n-osgladh, arna mbeith arna dtoirmeasg oram.’
3595] ‘Mar an gcéadna, a mhacaoimh, ar an maighistir, ar mbeith do thoradh chroinn na haithne arna thoirmeasg ar Ádhamh, níor fhéad gan a fhromhadh.’ As gach ní dá ndubhramar is follus gurab móide dúil na ndaoine saní, bheith agá thoirmeasg orra, agus dá réir sin gurab dona hadhbharaibh fár ith Ádhamh ubhall
3600] na haithne, tré bheith arna thoirmeasg air.


p.114