Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 5

AN CÚIGEADH HALT

'na gcuirthear i gceist an raibhe coir Ádhaimh com-mór sin agus ar chóir an uiread sin do smacht do dhéanamh ar Ádhamh agus do-rinneadh.

An chéad-ghoin

Do measfaidhe ar fhéachain nár chóir, do bhríogh nach
3360] raibhe san duine acht barrach lín, nó duille feadha, ar neamh-thábhacht, agus dá réir sin nárbh fhiú dhó an choir úd Ádhaimh d'agra ná do dhíoghail com-mór agus do-rinne. Agus is uime sin atá Iob ag casaoid ar Dhia ris féin san treas caibidil déag, mar a n-abair, contra folium quod vento rapitur ostendis potentiam tuam,
3365] et stipulam siccam persequeris ‘a Thighearna, is i n-aghaidh duille fuaduighthear ré gaoith thaisbéanas tú do chumhachta, agus ataoi ag inghreim ar bharrach thirim.’ Dá chor i gcéill dó nacharbh fhiú dhó an uiread do dhíoghaltas agus do-rinne do dhéanamh i ndiaidh coire Ádhaimh. Agus fós ar loighead aneith ar a
3370] raibhe an fógra, mar atá toradh aon-chroinn amháin. Óir do réir bharamhla, dá bhfógradh athair dá mhac gan toradh d'ithe, agus go n-íosadh an mac an toradh tar a chrois, níor chneasta don athair an mac do bhásughadh, ná do chor ó oighreacht ar a shon sin. Mar an gcéadna, ar fhéachain, níorbh fhiú do Dhia
3375] Ádhamh do chor a hoighreacht agus breath bháis do bhreith air an céad-lá do cruthuigheadh é.


p.107

An dara goin

Mo fhreagra ar na réasúnaibh se nach truime an díoghaltas do-rinne Dia ar Ádhamh ioná mar do thuill Ádhamh é, do bhríogh gurab connradh do-rinne Dia ris dá dheóin ar
3380] choingheallaibh d'áirithe, agus gur cheangail Ádhamh é féin agus a shliocht ré coimhéad na gcoingheall soin. Agus is é coingheall do bhí eatorra, dá gcoimhéadadh Ádhamh é féin i n-óigh-réir dá Chruthuightheóir, nach fuighbheadh bás do shíor, agus go rachadh idir chorp agus anam don fhlaitheas neamhdha. Gidh eadh, dá
3385] ndeachadh i n-anumhla ar Dhia, go gcaithfeadh an bás céadna bheith i gcinneadh dá shíol do thoisg a anumhla-san. Cuiridh Greaghóir naomhtha aní se síos ag tráchtadh ar an treas caibidil do Leabhar Iob, mar a n-abair, ad hoc homo in Paradiso positus fuerat, ut si se ad Conditoris sui obedientiam vinculis caritatis
3390] coniungeret, ad caelestem angelorum patriam quandoque sine carnis morte transiret. Sic enim est immortalis conditus, ut tamen si peccaret, et mori posset; et mortalis est conditus, ut si non peccaret, etiam non mori posset ‘is uime do cuireadh an duine i bparrthas, ionnus dá n-anadh i bhfomós dá Chruthuightheóir
3395] féin ceangailte i ngéibheannaibh an ghrádha, dorachadh sé uair éigin gan bhás colnaidhe d'fhagháil go dúthaigh neamhdha na n-aingeal. Óir is amhlaidh do cruthuigheadh é go domharbhtha, i gcruth go bhféadfadh bás d'fhagháil dá bpeacuigheadh sé; agus is amhlaidh do-rinneadh somharbhtha é, i riocht nach féadfadh an
3400] bás d'fhagháil dá bpeacuigheadh sé; agus is amhlaidh do-rinneadh somharbhtha é, i riocht nach féadfadh an bás d'fhagháil muna ndearnadh an peacadh.’ Tig Sant Augustine leis so san cheathramhadh caibidil déag don leabhar ro sgríobh ar Cheastaibh an tSein-reachta agus na Nuai-fhiadhnaise, mar a n-abair, Deus hominem fecit, qui quamdiu non peccaret immortalitate vigeret, ut sibi auctor esset aut ad vitam aut ad mortem ‘do-rinne
3405] Dia an duine i riocht go mbiadh domharbhtha an feadh do anfadh gan pheacadh, ionnus gomadh é féin budh ughdar réna bheathaidh nó réna bhás.’ Agus do réir a ndubhramar, ní hiongnadh a ndearna Dia do dhíoghaltas ar Ádhamh agus ar a shliocht, ar a mhéid do thaisbéin sé a neamhfhomós do Dhia ag
3410] coill a chána. Óir is truimide an peacadh do-rinne, a usacht dó an fhógra tug Dia dhó do choimhéad.


p.108

An treas goin

Tig S. Augustine leis so san cheathramhadh leabhar déag ro sgríobh ar Fhlaitheas Dé, mar a n-abair, quisquis homini damnationem nimiam vel iniustam putat, profecto nescit quanta
3415] fuit in non peccando facilitas ‘cibé mheasas gurab trom nó gurab aimhcheart an damnughadh do-rinneadh ar an duine, go fírinneach ní feas dó a ro-usacht gan an peacadh do dhéanamh.’ As na briathraibh se is iontuigthe nach daor agus nach iomarcach an bhreath rug Dia ar Ádhamh agus ar a shíol. Agus
3420] fós, dá meastaoi mórdhacht agus uaisle agus onóir agus cumhachta an tí tug an fhógra, agus méad a chumaoine ar an tí dá dtug í, agus dearóile agus uirísleacht an tí ar ar chuir na commaoine .i. an duine — óir dá leantar go soiche a phréimh é, do-ghéabhthar gurab don dúil is anuaisle atá san chruinne atá arna dhéanamh .i.
3425] don talamh. Acht, gidh iomdha commaoine do chuir Dia air, an mhéid go dtug anam réasúnta dhó ar dheilbh agus ar dhéanamh Dé, ionnusgo raibhe i libhré agus i suaitheantas Dé, agus go dtigeadh dhe sin créatúire na talmhan agus aingil nimhe do bheith ag timpireacht dó, gidh eadh, mo thruaighe, níor thuig
3430] méad na muirne do bhí ag Dia air, gan dol i n-uaill agus i macnas, agus a chur roimhe féin dia do dhéanamh dhe féin, agus fios uilc agus mhaitheasa do bheith aige. Agus saoilim gurab de sin táinig an seanfhocal adeir nach fuil peata nach fuilngeann bheith go maith acht an duine. Agus is é aní céadna so
3435] éagcaoineas Dáibhídh san .48. Salm, mar a n-abair, homo cum in honore esset non intellexit. Comparatus est iumentis insipientibus, et similis factus est illis ‘ar mbeith i n-onóir don duine, níor thuig sé é. Atá arna choimmeas ré bromachaibh éigciallaidhe, agus do-rinneadh cosmhail riú é.’ Dá chor i gcéill nar thuig
3440] Ádhamh agus nár iomchuir mar budh díol an onóir fuair sé ó Dhia, agus go dtáinig dhe sin a chor idir ainmhinntibh brúideamhla an tsaoghail se agus 'na gcuibhreann fá thoirthibh na talmhan.

An ceathramhadh goin

Is agá fhoillsiughadh so atá an fábhaill-sgéal nó an fáith-sgéal léaghthar ag S. Lúcás san chúigeadh caibidil déag, mar


p.109


3445] a n-abair Críost go raibhe athair muinntire agá raibhe dias mac aige, agus gur iarr an mac fá hóige dhíobh a chuid féin d'oighreacht a athar, agus an tan fuair sin, gur chaith go craosach diommbalach í, ionnus ar mbeith fornocht dó go ndeachaidh ar deóraidheacht i n-imchéin, agus nach raibhe d'innmhe aige acht
3450] bheith ag muicidheacht, agus go mbíodh an uiread soin do ghorta air go mbíodh i gcuibhreann na muc fán meas. Gidh eadh, an mac fá sine, do an i bhfarradh a athar do shíor. Go fáthach, is é an t-athair muinntire úd Dia, agus an dias mac úd an t-aingeal agus an duine, an mac fá hóige Ádhamh, do reac a chuid do
3455] pharrthas agus d'oighreacht nimhe agus grása Dé ar ghreim d'ubhall na haithne, ionnus go dtáinig sé dá dhruim sin ar díbirt agus ar deóraidheacht, dá cheilt féin ar ghleann déarach an domhain se, dá bhiathadh féin do thoirthibh na talmhan, amhail mhuca nó beathadhacha brúideamhla.

An cúigeadh goin


3460] Is do chor aneithe céadna i gcuimhne dona daoinibh atá aní tarla don rígh ro-uaibhreach Nabugadonasor, amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil do Leabhar Daniel, mar do chuir Dia tréna anuaill féin as a ríoghdhacht é, agus fós mar do chuir i ngealtacht é, ionnus go mbíodh i gcuibhreann na mbó fán
3465] bhféar, agus gur fhás a fhionnfadh amhail chlúmh iolair, agus a ingne amhail ingne éan; agus go raibhe amhlaidh sin ar feadh seacht mbliadhan, nó gur thuig sé cumhacht Dé do bheith ós a chionn, agus gur thuig go bhféadfadh do réir a thoile féin do dhéanamh ris gach n-aon.

An seiseadh goin


3470] Tuig, a dhuine, as na sompladhaibh móra so nach foláir dhuit go feithmheach bheith ar do choimhéad féin fá thoil Dé do dhéanamh. Agus is móide is ineagluighthe dhuit a lámh throm do luighe ort, go dtug sé dlighe agus reacht duit as a dtuigfir cionnus do-ghéana tú a réir, mar is follus as an Scrioptúir agus
3475] a horduighthibh na hEagailse naomhtha sheólas duit go laothamhail créad is indéanta dhuit. Óir an t-óglách agá mbí a fhios


p.110

go cinnte créad is maith léna thighearna do dhéanamh dhó, agus nach déin do réir thoile a thighearna, is maith an díol smachtuighthe é. Agus atá Críost féin ag cor aneithe se i
3480] gcuimhne dhúinn, amhail léaghthar ag Lúcás san dara caibidil déag, mar a n-abair, servus sciens voluntatem domini et non faciens, vapulabit plagis multis ‘an t-óglách agá mbí fios toile a thighearna agus nach déin dá réir, géabhthar air go bhfágthar iomad créacht air.’ Agus is eadh is iontuigthe as so, gur
3485] beitte dá gach aon agá bhfuil creideamh Dé, eagla do bheith air fána thoil do shárughadh. Agus fós, ná measadh aon-duine go saorfadh a ainbhfios é i mbriseadh reachta Dé, do bhríogh go bhfuil an reacht go foirleathan arna chraobh-sgaoileadh agus arna fhógra dona Críostaidhthibh i gcoitchinne,
3490] mar nach saorann bheith i n-ainbhfios an dlighidh an t-aoghaire allta bhíos i mbeannaibh sliabh tré chaidreabh do thabhairt don mheirleach agá mbí fógra an dlighidh 'na dhiaidh, gan bhás do thabhairt don aoghaire tréna chaidreabh don mheirleach. Óir dá n-abradh an t-aoghaire nach cuala féin
3495] gur choir bháis ar dhuine caidreabh nó muinntearas do dhéanamh ré tréatúir, agus dá sin nár dhligh bás d'fhagháil, thairis sin do-ghéabhadh bás d'imirt air. Mar an gcéadna don ní adubhramar thuas.