Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)
Alt 4
AN CEATHRAMHADH HALT
'na gcuirthear i gceist annso, ar geineadh Muire i bpeacadh an tsinnsir.
An chéad-ghoin
Is móide is ionchuir an cheist se, aní adeir Pól san chúigeadh caibidil
gusna Rómhánchaibh, omnes in Adam peccaverunt do
3175] pheacuigheadar na huile
i nÁdhamh. Ionann sin ré a rádh agus go raibhe peacadh an tsinnsir ar an
uile dhuine ó Ádhamh. Mo fhreagra ar bhriathraibh Póil go bhféadaid siad
bheith fírinneach tar ceann go mbeith duine nó dís arna n-uisgeacht ó
pheacadh an tsinnsir. Agus is dearbhadh air sin aní léaghthar san seiseadh
caibidil in Genesi, mar a n-abair Dia ag labhairt
p.101
3180]
ar Nóe, Noe vir iustus in generationibus suis, cum Deo ambulavit
fríoth (ar sé) Naoi 'na fhíréan 'na shíl-treabhaibh féin, do
thriall sé lé Dia. Gidh eadh, adeir go grod 'na dhiaidh sin san
chaibidil chéadna, omnis caro corruperat viam suam super terram
do thruailligh an uile cholann a slighe féin ar an
3185] dtalmhain.
Tabhair dot aire, a léaghthóir, mar adubhairt go coitcheann gur
thruailligh an uile cholann a slighe, agus nach iontuigthe as
sin gur thruailligh Naoi do bhí fíréanta a shlighe féin. Mar an
gcéadna, tar ceann go n-abair Pól gur pheacuighsead na huile i
nÁdhamh, ní hiontuigthe go héigeantach as sin go
3190] raibhe peacadh an
tsinnsir ar Mhuire, amhail nach tuigthear a briathraibh Dé san
seiseadh caibidil úd in Genesi, mar a n-abair gur thruailligh an
uile cholann a slighe féin, go mbiadh colann Noé ar dtruailleadh
a slighe féin. Óir is gnáth rádh foirleathan deimhnightheach do
bheith san Bhíobla. Bíodh a fhiadhnaise
3195] sin ar aní léaghthar san
.27. caibidil ag Matha mar a n-abair, dicunt omnes,
crucifigatur adeirid uile, crochtar é. Gidh eadh, is inmheasta
go rabhadar drong d'fhíréanchaibh do láthair Chríost an tan so,
ris nachar mhaith a bhás, nach dubhairt mar aon ris na hIodhalaibh
Críost do chrochadh. Is córaide dhúinn
3200] a bhreathnughadh go raibhe
drong d'fhíréanchaibh do láthair bhreitheamhnais do dhéanamh ar
Chríost, aní léaghthar ag Eóin san ochtmhadh caibidil déag, mar a
n-abair, sequebatur autem Iesum Simon Petrus et alius discipulus,
etc. Do lean iomorra Simón Peadar agus deisgiobal oile Íosa.
Dobhí thrá an deisgiobal
3205] sin aithnidh don easbog, agus do-chuaidh
isteach mar aon ré hÍosa i n-aittreabh an easbuig. Do sheasaimh
cheana Peadar ris an doras amuigh. As so is iontuigthe go raibhe
duine éigin do láthair bhreitheamhnais do dhéanamh ar Chríost,
nach dubhairt a chrochadh, tar ceann go n-abair Matha go
3210]
ndubhradar uile a chrochadh.
An dara goin
Tuig, a léaghthóir, tar a n-abraim, nach féadtar Matha ná
Maoise ná aon oile d'ughdaraibh an Bhíobla d'éiliughadh tré
fhaisnéis fhoirleithin dá ndéinid. Óir atáid dá shingin choitcheanna
p.102
ann, mar atá singin choitcheann deimhnightheach agus
3215]
singin choitcheann diúltuightheach; agus fuilngidh an tsingin choitcheann
deimhnightheach uisgeacht go meinic. Óir dá n-abradh duine an
pobal uile do bheith san teampall do ghnáth-mhodh labhartha, is
fíor dhó é, cia do bhiadh duine nó dias díobh gan bheith ann. Agus
annsa chéill se is fíor gach
3220] rádh coitcheann deimhnightheach mar na
sompladha thuas dá bhfaghthar san Scrioptúir. Ní mar sin cheana
don rádh choitcheann diúltuightheach ní fhuilngeann uisgeacht.
Óir dá n-abradh duine nach biadh aon-duine don phobal san
teampall, ní fíor dhó é, dá raibhe duine nó dias díobh ann.
Tuigthear an
3225] t-eidirdhealughadh atá idir an dá shingin úd as aní
léaghthar ag Eóin san chéad-chaibidil, mar a n-abair, omnia
per ipsum facta sunt, et sine eo factum est nihil is maille ris sin
do-róineadh na huile, agus ní dearnadh éin-ní gan é. Tuig gurab
uime adeir nach dearnadh éin-ní gan é, do thoirmeasg an tseachráin adéaradh
3230]
ar son na faisnéise deimhnighthe úd go bhféadfadh ní éigin
substainteach bheith arna dhéanamh, nach é Dia do-ghéanadh. Gidh
eadh, ní fhuilngeann an diúltadh coitcheann an tuigsin sin do
bhuain as, do bhríogh nach fuilngeann uisgeacht san bhioth. Uime
sin is eadh fhreagraim don ionadh
3235] úd Phóil, do bhríogh gur rádh
coitcheann deimhnightheach é, agus nach rádh coitcheann
diúltuightheach, nach iontuigthe go n-abair gur luigh peacadh
Adhaimh ar an uile dhuine, gur luigh ar Mhuire. Do bhríogh, do
réir a ndubhramar, go bhféadtar í d'uisgeacht ón rádh
choitcheann fhoráilteach úd Phóil, agus
3240] óna chosmhailibh oile,
má tá gur bhean cuid dá ainiarsma ria, mar atá fuacht agus teas,
tart agus ocras, agus fós an bás, amhail do bhean ré Críost féin.
An treas goin
Atá fioghair san Bhíobla ag teacht leis aní se, amhail léaghthar san
chúigeadh caibidil déag do leabhar Hester, mar
3245] rug Assuerus Rí
breath bháis i gcoitchinne ar an mhéid don chineadh Iúdaidheach
do bhí 'na fhlaitheas féin go huilidhe. Agus an tan do-chualaidh
an bhainríoghan onórach Hester do
p.103
bhí 'na hIúdaidheach breith bháis do bheith ar 'na breith i
gcoitchinne ar an gcineadh dá raibhe féin, do mheas go luighfeadh
3250]
daoirse na breithe céadna uirre féin, ar mbeith don aicme Iobhlaidhe
dhi, agus do-chuaidh i ndáil Assuerus d'iarraidh pardúin a
hanma air. Is eadh do fhreagair Assuerus: non morieris, non
enim pro te, sed pro omnibus haec lex constituta est ní
bhfuighir-se bás, óir ní duit-se acht dona huilibh do horduigheadh
3255]
an reacht so. Tuig, a dhuine, mar adeir gurab don
uile Iúdaidheach do horduigheadh an dlighe báis úd, agus tairis sin
nár horduigheadh do Hester bás d'fhulang, bíodh gurab
Iúdaidheach í, mar an gcéadna tar ceann go rug an tAthair uile-
chumhachtach breath bháis ar an gcineadh ndaonna, mar atá
3260]
bheith damanta trés an síl-pheacadh sinnsir úd atá ag snighe a los
na sean-choire i síol-aicme Ádhaimh, thairis sin ní headh is
iontuigthe gur luigh daoirse na breithe sin ar Mhuire, tar ceann go
rug breath ar an gcineadh ndaonna i gcoitchinne, amhail nár luigh
dochar breithe Assuerus ar Hester fá hIúdaidheach,
3265] tar ceann go
raibhe breith bháis arna breith i gcoitchinne ar an uile
Iúdaidheach. Do bharr ar gach ní dá ndubhramair, ní cneasta a
mheas go n-oirdeóchadh an eaglais (darab ainm do réir Phóil san
treas caibidil don chéid-Eip. go Timoteus colamhain agus
firminte na fírinne) féil ghabhála Mhuire i
3270] mbroinn, acht maille
ré Muire do bheith naomhtha ré linn a gabhála i mbroinn, agus dá
réir sin bheith saor ar an salchar sinnsir dhi. Agus fós, is
inmheasta gur choimhéid Dia glan an t-árus 'na raibhe a bhara
faoi féin áitiughadh. Agus is uime sin adeir Dáibhídh Rí, domum
tuam decet sanctitudo is deagh-mhaiseach
3275]
dot theagh-sa bheith naomhtha. Dá chor i gcéill
gur chóir an t-árus úd 'na suidhfeadh an diadhacht do chongbháil
glan ó thús go deireadh. Is iontuigthe mar an gcéadna gurab
ar cholainn Mhuire tugadh an teagh úd, do réir mar adeir
Solamh san .24. caibidil in Ecclo., ag labhairt i bpearsain Mhuire,
3280]
qui creavit me requievit in tabernaculo meo an tí do chruthuigh
mé, do chumhsanuigh sé im theaghdhais. Dá chor i gcéill
gur teagh do Mhac Dé Muire, an mhéid gur áitigh sé innte.
p.104
An ceathramhadh goin
Dá bhfiafruigheadh aon-duine an bhfuil suidhiughadh san
3285]
Scrioptúir ar pheacadh an tsinnsir do bheith ar na daoinibh, bíodh
a fhiadhnaise sin ar bhriathraibh Dé, amhail léaghthar san
seachtmhadh caibidil déag in Genesi, mar a n-abair, ag labhairt
ar shíol Ádhaimh, omnis anima cuius caro praeputii circumcisa non
fuerit, peribit anima illa de populo suo an uile anam ar nach
3290]
déantar timchill-teasgadh ar a fheóil, rachaidh an t-anam soin
amudha as a phobal féin. Dá chor i gcéill go mbiadh damanta.
Gidh eadh, ní héidir a mheas go mbeidís anaim na ndaoine nach
dearnaidh coir ghníomhach riamh damanta, acht tré olc éigin oile do
bheith ag leanmhain díobh. Is é sin an salchar sinnsir
3295] úd atá ag
snighe agus ag síolrughadh i síol Ádhaimh glún ar ghlún, dá
ngoirthear peacadh an tsinnsir, ionnus an neimh do ghabh Ádhamh as
an ngreim n-urchóideach úd do ith sé d'ubhall na haithne, do
ghalruigh agus do thruailligh é féin, go bhfuil gan leigheas ar
ndol i bpréimh agus i gcnáimh na clann-mhaicne ó
3300] shoin ile,
agus go mbiaidh go bruinne an bhrátha. Óir amhail téid an
bholgach ón athair san gcloinn, nó an lubhra, mar an gcéadna
táinig an galar gránna agus an neimh nathrachda agus an aingcis
uathbhásach úd .i. an peacadh ionnainne, an cineadh daonna, ón
athair ór síolruigheadh sinn .i. Ádhamh, ionnus gur
3305] chríonamair
leis an gcoir, agus gur thuit duille deagh-mhaiseach na
fíréandachta bunadhasaighe dhínn, agus nach fuil ionnainne acht
lomáin loma lochardha gan chroiceann gan díon gan duille, ag
críonadh lé coirthibh, agus ag ar losgadh lé luaith-ghrís na locht.
Óir amhail chríonas an crann ar lobhadh a fhréimhe .i. Ádhamh,
3310]
atámaid-ne crann an chinidh dhaonna ar gcríonadh. Gonadh aire
sin do-rinne file dh'áirithe an rannso:
- Fiodhbhaidh chríon cnámha mo cholna,
cumhdach fallsa feóil mo bhall,
úir gan taradh cré mo chalann,
3315] talamh mé agus anam ann.
p.105
An cúigeadh goin
Tuig, a dhuine, go bhféadtar peacadh an tsinnsir do mheas ar
dhá chor, mar atá rés an mbaisteadh nó 'na dhiaidh. Is ionann
iomorra peacadh an tsinnsir rés an mbaisteadh agus easbaidh nó
éagmais na fíréandachta bunadhasaighe do dhlighfeadh
3320] duine do
bheith aige. Agus is iontuigthe gurab ionann dál don chineadh
dhaonna rés an mbaisteadh agus do chloinn tighearna i ndiaidh a
n-athar do thuitim i dtréatúireacht. Óir caillid a bhfuil agus
a bhfearann tré mheirleachas a n-athar. Mar an gcéadna do
chlann-mhaicne Ádhaimh: do chaillsead a bhfuil
3325] agus a
bhfearann .i. grása Dé agus a ghlóire nó go n-aisigthear dhóibh
arís iad lé cairt an chreidimh agus lé bulla an bhaistidhe. Agus
is é aní céadna is iontuigthe a briathraibh Ieremias fáidh, mar a
n-abair san .31. caibidil, patres nostri comederunt uvam
acerbam, et dentes filiorum obstupescunt do itheadar ar
n-aithreacha searbh-chaora
3330] na fíneamhna fiadhánta, agus atá
déistin ar fhiaclaibh a mac. Dá chor i gcéill gur ith Ádhamh an
t-ubhall úd na haithne, fá searbh ré a íoc, agus go bhfuil a olc
agus a urbhaidh ag cumailt ré a chlann-mhaicne dá éis. Óir ní
chuirfid ainiarsma an ubhaill úd díobh gan bheith ag déanamh a
ndíotha agus a ndochair do shíor.
3335] Óir gach saoth agus gach teidhm
dá dtig orra, is do thoisg an ubhaill úd táinig. Agus is uime sin
adeir Solamh san seiseadh caibidil in Eccle., omnis labor
hominis in ore eius is i mbéal an duine atá a uile shaothar agus
ulc. Dá chor i gcéill gurab do bhéal Ádhaimh lér hitheadh an
t-ubhall táinig gach díoth agus gach
3340] dochar dá dtáinig agus dá
dtiocfaidh ar an nádúir dhaonna. Is ionann fós peacadh an
tsinnsir tar éis an bhaistidhe, agus fadódh do-ní abaigh ineamhail
an cholann ré déanamh gach uilc. Nó fós is ionann é agus claonadh i
n-aghaidh an réasúin dírigh. Óir táinig don othras úd do-rinneadh
ar Ádhamh gur fhás céim
3345] bacaighe sa nádúir, ionnus go mbí cromadh
ré cois gach aon-choisgéime aice, agus dá réir sin gur chlaon ó
bheith coimhshínte ré riaghail an réasúin, agus go dtig dhe sin
nach oirid dá chéile go meinic. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an
réasún agus ar na rannaibh íochtaracha, mar atáid chúig shiansa
na hanma agus na cúig céadfadha
3350] corpardha. Agus ní headh amháin,
acht ní thig an toil
p.106
féin leis an réasún go meinic. Agus is ag gearán na huireasbaidhe
se do bhí ar an nádúir dhaonna, arna mothughadh do Phól Apstal
ann féin, adubhairt, amhail léaghthar san seachtmhadh caibidil gusna
Rómhánchaibh, sentio aliam legem, etc. mothuighim
3355] reacht oile im
ballaibh, atá ag cur i n-aghaidh nó ag cathughadh ré reacht
mh'intinne. Dá chor i gcéill go mothuigheadh féin claonadh 'na
chéadfadhaibh agus san chuid oile dá bhríoghaibh corpardha, i
n-aghaidh riaghlach an réasúin.