Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 3

AN TREAS HALT

'na dtuigthear gurab d'ainiarsma agus d'anfhochain an pheacaidh tig an bás do rochtain na ndaoine, agus gach dochar oile dá bhfuil 'na leanmhain.

An chéad-ghoin

Tuig, a dhuine, ó's as an bpeacadh so do fhás an bás, agus
2875] gurab é is fréamh dhó, nach foláir dhúinn tuarasgbháil an pheacaidh do thabhairt uainn, agus na díoghbhála agus na dochair táinig dhe do chor síos. Gidh eadh, ní héidir sin do dhéanamh gan tuarasgbháil na fíréandachta bunadhasaighe agus gach sochar


p.92

dá raibhe uaithe ag an duine do chor síos. Ag so iomorra an
2880] tuarasgbháil do-bheir S. Thomas uirre san chéad-airteagal don .94. ceist don treas rann do Shuim a Dhiadhachta, mar a n-abair gurab subháilce í do bronnadh d'Ádhamh, dá dtiocfadh an réasún do ghialladh do Dhia, an toil don réasún, mothughadh na gcéadfadh don toil, umhla na mbeathadhach mbrúideamhail
2885] don duine, agus snadhmadh na hanma ris an gcorp do bheith dosgaoilte. As na briathraibh se S. Thomas is follus go rabhadar chúig déanmhais neith ag an bhfíréandacht mbunadhasaigh, do toirneadh lé cúig droch-cáilibh bhíos san pheacadh, nó atá ón pheacadh. Tuig cheana gurab ar pheacadh an
2890] tsinnsir labhraim annso.

An dara goin

An céid-déanmhas neith dothiocfadh ón fhíréantacht úd .i. an réasún do ghiall do Dhia do réir aneith do féadfaidhe do dhéanamh, nó agá bhféadfaidhe a fhios d'fhagháil. Ionann sin ré a rádh agus go dtiocfadh dhe cumas agus clisteacht do thabhairt
2895] ré déanamh na ndeigh-ghníomh, agus ré heólus grinn do bheith aige ar na neithibh do thuigsin. Gidh eadh, do chlaochlóidh peacadh an tsinnsir an t-eólas i n-ainbhfios, ionnus aní do thuigfeadh duine go grinn ré linn na fíréandachta úd, go dtiocfadh do pheacadh an tsinnsir nach tuigeann ar chor ar
2900] bioth é, acht gidh ionann atá aní ann féin sothuigseana, agus rés an bpeacadh agus 'na dhiaidh. Óir ní hé aní do-chuaidh i gcruas ná i ndothuigse ann féin, acht rinn an réasúin arna raobadh ar inneóin na hurchóide. Agus is uime sin adeir Aristotel san dara leabhar dá Metaph., difficultas scientiarum
2905] non ex ipsis scibilibus sed ex debilitate nostri intellectus procedit ‘ní ó dhothuigse na neitheadh féin tig cruas ná docamhal na n-ealadhan, acht ó anbhfainne ar dtuigseana féin.’ As sin is iontuigthe, ó dho bhí tuigse ghrinn ag an duine i staid na fíréandachta, agus gan í anois aige, gurab d'ainiarsma agus d'anfhochain
2910] an pheacaidh táinig a dealughadh ris. Do claochluidheadh mar an gcéadna an acfuinn do bhí san duine ré déanamh deigh-ghníomh i meirtnighe agus i míochumas réna


p.93

ndéanamh, agus i n-acfuinn ré déanamh an uilc, do réir mar adeir an duine ag casaoid air féin, amhail léaghthar san ochtmhadh
2915] caibidil in Genesi, mar a n-abair, caro nostra prona est ad malum ab adolescentia ‘atá ar gcolann claon ré déanamh an uilc ó aois mhacaoimh’ .i. ó fhíor-thús na n-aimsear. As so is iontuigthe go mbí an cholann éidtréan aimhneartmhar ré déanamh na ndeigh- ghníomh tré éagcruas an anma ó pheacadh an tsinnsir.

An treas goin


2920] Is neimhiongnadh fós an cholann do bheith neimbríoghmhar do bhríogh nach fuil acht long ladrann agus caisléan coinbhliochta innte. Óir ní bhí réidheachadh ná ro-bháidh ar dtús idir sí féin agus an t-anam, do réir Phóil, san chúigeadh caibidil go Galatas, mar a n-abair, caro concupiscit adversus spiritum
2925] ‘mianuighidh an cholann i n-aghaidh na hanma.’ Dá chor i gcéill go mbí cogadh laothamhail idir an gcolainn agus an t-anam. Agus is é ní dá dtig sin, mar do-chuaidh an cholann, mar aon réna céadfadhaibh agus ré bríogh a ball, i meirleachas ar an anam a los pheacaidh an tsinnsir, ionnus gur chumadar dlighthe agus
2930] miana dhóibh féin contrárdha do dhlighthibh agus do mhianaibh na hanma. Agus is é sin do-ní Pól d'éagnach san seachtmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a n-abair, video aliam legem in membris meis, repugnantem legi mentis meae, et captivantem me in lege peccati, quae est in membris meis ‘do-chím reacht oile
2935] im ballaibh féin ag cathughadh ré reacht mh'intinne, agam' chuibhriughadh i reacht an pheacaidh atá im ballaibh féin.’ Dá chor i gcéill go mbí siosma síor agus gleic ghnáthach idir riaghail an réasúin bhíos do leith na hanma, agus ceilg-mhiana na clí do leith an chuirp, ionnus nach bí osadh aon-trátha
2940] eatorra. Óir an tan adeir riaghail an réasúin ris an súil gan silleadh go saobh-nósach d'amharc na meirdreach, adeir an tsúil nach diongnaidh sí a comhairle air sin. Adeir an chluas an céadna, an tan adeir ria gan an t-ithiomrádh náid briathra milse na meirdreach d'éisteacht. Agus mar sin dona céadfadhaibh
2945] oile, ní thabhraid umhla ná uirrim ná fomós don anam acht dá n-aimhdheóin, an tan chuibhrigheas riaghail an réasúin iad.


p.94

Agus fós, ní bhí caingean ná cairdeas idir a lucht aittreabhtha. Ar dtús idir na dubháilcibh féin, mar atá idir an gcraos agus an cruas. Óir adeir an craos ré duine an sparán do thrághadh do
2950] dhíol an fhíona ibheas go hainmheasardha, agus adeir an cruas an ciste do chogaill, agus gan an t-ól do dhéanamh d'eagla aoin-neith do chaitheamh ris. Mar sin dóibh ag dréim ré chéile, go gcommbuaidhearthar an cholann leó. Agus fa-ríor ní cealg gan chonách imrid ar an anam.

An ceathramhadh goin


2955] Bí fós imreasan idir na subháilcibh mar an gcéadna. Óir adeir an ceart an meirleach do chrochadh, agus adeir an trócaire a léigean as. Mar an gcéadna bíd na subháilce agus na dubháilce do ghnáth i gcorraighe agus i gcogadh ré chéile. Óir adeir an t-uabhar ris an duine é féin do chur ós cách, agus adeir an umhlacht
2960] ris é féin d'inísliughadh fá chách. Adeir an fhearg ris aindligheadh beóil agus láimhe do thabhairt dá chomharsain, adeir an fhoidhide ris éagcóir beóil agus láimhe d'fhulang óna chomharsain. Mar an gcéadna dhóibh ó shoin amach, ní bhí osadh aon-uaire eatorra. As sin ní hiongnadh an cholann do bheith crom nó tréith ré
2965] méid a duaidh agus a doghrainge óna dálaibh sin. Ní hé sin amháin a héagcomhlann, acht fós bí foslongphort niatta náimhdidhe ré a hucht don leith amuigh dhi, mar atá an t-aidhbhirseóir gona aimsighthibh agá lot do shaighdibh corránacha na ceilge, agus an saoghal agá slíobadh ré suiniughadh
2970] na séad saoghalta uirre. Ionnus go dtig dhe sin go n-abair an duine go haccaointeach, do réir mar léaghthar san .72. Salm ag Dáibhídh, ad nihilum redactus sum et nescivi ‘atáim arnam chor i neimhní, agus níorbh fheasach dhamh é.’ Dá chor i gcéill go dtig don argain agus don oirleach imirthear leis na heasgcáirdibh
2975] se na colna, nach bí dol as ag an duine uatha (beag nach) gan bheith i gcróilighe 'na chosair chró ó chréachtaibh a gcealg. Agus is do ghoimh na ngon do himreadh leó uirre, agus is do mhéad an mhuirir do bhí san pheacadh do-rinne Éabha, táinig a cromadh síos, lé mbhfacaidh sí a beith féin tarnocht. Óir sul
2980] do luigh trom an pheacaidh uirre, is díreach do bhí, agus í ag


p.95

silleadh suas, ionnus nachar léir dhi locht ná ainimh uirre féin. Mar sin dá gach aon oile bhíos saor ó ualach na coire, bí sé lúthmhar lán-athlamh ag silleadh agus ag sír-fhéachain ar na neithibh neamhdha gan bhrón gan bhith-imshníomh. Bíodh
2985] a fhiadhnaise sin ar Phól, do fuaduigheadh go hathlamh uiréadtrom gus an treas flaitheas suas; agus ar Pheadar, do bhí san taitheamh 'na bhfuair na taisbéanta rúnda; agus ar S. Thomás an doctúir ainglidhe, an tan do bhí a intinn coimh-díreach sin ar mbeith saor dhó ó mhuirear na mailíse, nár mhothuigh é
2990] féin ag ithe an aráin i bhfiadhnaise Lobhaois naomhtha, ríogh Frangc. Mar sin do gach aon oile bhíos saor ón pheacadh, mothuighidh suaimhneas agus sádhaile 'na mheanmain. Gidh eadh, ní mar sin don druing ar a mbí oire trom an pheacaidh, bíd tuirseach trom-chroidheach maoithneach mímheanmnach.

An cúigeadh goin


2995] An dara déanmhas neith do bhí ag an bhfíréantacht úd, dúil na toile do bheith ag giall don réasún díreach gan docamhal. Agus is é so thuigthear a briathraibh Sholaimh san seachtmhadh caibidil in Eccle., mar a n-abair, fecit Deus hominem rectum ‘do-rinne Dia an duine díreach.’ Dá chor i
3000] gcéill go ndearna Dia riaghail díreach do réasún an duine, agus an toil ag coimhshíneadh ris ré breitheamhnas ceart do dhéanamh idir an dá rann leath ar leath. Gidh eadh, is é a chontrárdha sin do dhéanmhas neith atá ó pheacadh an tsinnsir, do réir mar adeir Dáibhidh Rí, ag labhairt i bpearsain
3005] an pheacthaigh, factus sum sicut uter in pruina ‘do-rinneadh mé amhail bhuidéal i gcuisne.’ Ionann sin ré a rádh agus amhail fhásas oighreadh ar bhéal an bhuidéil ré toirmeasg aoin-neith do léigean as dá mbí ann, mar an gcéadna fásaidh oighreadh an fhuatha agus na hurchóide i gcroidhe an chiontaigh dá
3010] thoirmeasg ar éin-ní dá shochar do léigean uaidh féin gus an gcomharsain. Agus is ar an gciontach so labhras S. Augustine san .28. caibidil don .14. leabhar do sgríobh ar Fhlaitheas Dé, mar a n-abair, posuit fundamentum civitatis Babilonicae, quod non nisi ad sua et suorum commoda et delicias afficitur, aliena negligens


p.96


3015] ‘is é fundaimeint, do chuir fá chathair na Báibiolóine, nach bí dúil aige acht 'na shocamhal féin agus i socamhal a charad, maille ré faill do thabhairt i socamhal cháich.’ As so is iontuigthe go bhfeacann agus go bhfiarann toil an pheacthaigh ó bheith coimhshínte ré riaghail an réasúin, ag filleadh go
3020] leithleasach uirre féin, agus ag tabhairt shochair cháich i bhfaill; agus sin uile ag teacht do pheacadh an tsinnsir.

An seiseadh goin

An treas déanmhas neith tigeadh ón bhfíréantacht chéadna .i. uile chéadfadha inmheadhónacha agus foirimeallacha na colna do bheith comhoireamhnach don réasún. Gidh eadh, a
3025] chontrárdha sin tig ó pheacadh an tsinnsir. Agus is uime sin adeir Iob san treas caibidil déag ag iomaithbhear ar Ádhamh, posuisti in nervo pedem meum ‘do chuiris mo chos san ghaiste.’ Ionann sin ré a rádh agus gur cheangail sé dúil na toile lé cuibhreach na coire i n-ainmhianaibh na colna. Agus is é so
3030] aní do mhothuigh Pól ann féin do réir mar léaghthar san seachtmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a n-abair, sentio aliam legem in membris meis repugnantem legi mentis meae ‘mothuighim dlighe oile im ballaibh féin ag gleic ré dligheadh mh'intinne.’ Ionann sin ré a rádh agus gur mhothuigh droch-dhúile
3035] ag fás 'na chéadfadhaibh, contrárdha do riaghail an réasúin. Agus fa-ríor is meinic mhothuighmíd go comhchoitcheann duadh na dála soin ag buain rinn féin, amhail adubhramar thuas, an mhéid go ndéin an tsúil amharc aindlightheach, agus an chluas claoin-éisteacht, agus an béal go míolabhartha ag meilt na mbréag
3040] agus na mbaoth-fhocal, an lámh ag tadhall go truaillighthe, agus an chos ag céimniughadh ó choir go coir, agus an mheanma ag meabhrughadh míorúin agus mailíse; ionnus go dtéid i gcogadh agus i gcorraighe ar an gcoguas, agus go n-abraid do ghníomh nach dleaghair dhóibh féin giall dó, agus mar do-chuaidh sin i n-imirt
3045] agus i n-anumhlacht ar Dhia, mar an gcéadna nach biadh daingean ná dísle idir siad féin agus é.


p.97

An seachtmhadh goin

An ceathramhadh déanmhas neith do bhí ag an bhfíréantacht úd .i. cur agus cumas agus giall do bheith ag an duine ar iasgach na mara agus ar éanlaith an aieóir agus ar ainmhinntibh na talmhan,
3050] do réir an gheallaimh nó na gcumhacht tug Dia d'Ádhamh, mar a n-abair san chéad-chaibidil in Genesi, et praesit piscibus maris, et volatilibus caeli, et bestiis universae terrae ‘bíodh cur agus cumas ag an duine ar iasgach an mhara agus ar éanlaith an aieóir agus ar ainmhinntibh na talmhan go hiomlán.’ Gidh eadh, a chontrárdha
3055] so táinig do pheacadh an tsinnsir, na créatúire se do dhol i n-easumhla ar an duine. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an meanntán idir na héanaibh, agus ar an ngeasán idir na hiasgaibh, agus ar an luchóig idir na hainmhinntibh. Óir dá maireadh Alexander, nó cibé rí is treise agus is tréine táinig riamh ar
3060] talmhain, dá dtugadh fógra i bpéin bháis 'na dhúthaigh dá mbeith d'ainmhinntibh éigciallaidhe innte toidheacht iona dháil, ní ghiallfadh an luchóg is lugha dhíobh dá deóin dó. Óir múinidh an nádúir dhóibh, mar do cuireadh Ádhamh as a sheilbh an tan do-rinne an peacadh i bparrthas, gan ghiall
3065] ó shoin i le dá ndeóin d'aon-duine dá shíol, acht fós fá beag leó, i ndíoghaltas fheirge Dé, iad féin agus a sochar do bhuain don duine fána ndícheall. Agus fós, is do shuidhiughadh na gcumhacht úd do bhí ag Ádhamh agus agá shíol (ar mbeith i staid na hurchóide dhóibh) ar na hainmhinntibh brúideamhla,
3070] atá an giall do-bheirdís do dhruing do dhaoinibh naomhtha; amhail léaghthar ar Mhártain go nglaodhadaois na coiligh an tan adeireadh riú é, agus fós go n-andaois na naithreacha neimhe ar a fhógra gan dol tar sruth dh'áirithe, agus go ngialldaois dó amhlaidh sin. Mar an gcéadna léaghthar ar abb naomhtha
3075] darbh ainm Paulus go nglacadh naithreacha éagsamhla 'na lámhaibh, agus gombriseadh 'na meadhónaibh iad, agus nach déindís díoth ná dochar dó féin. Mar an gcéadna léaghthar ar easbog naomhtha darbh ainm Cerbonius, ar mbeith dhó ag triall don Róimh ar ghairm an naomh-athar .i. an Pápa,
3080] agus gan 'na fhochair acht aoin-chléireach amháin, do mhothuigh sé gur bheag an bhuidhean easbuig aoin-chléireach amháin,


p.98

gidh eadh, do bhí do loighead a chostais nár fhéad ní budh mó do chuideachtain do chothughadh, agus ar dteacht i gcomh-fhogus don Róimh dhó, do-chonnairc ealta mór cadhan ar
3085] eiteallaigh thairis, agus do ghoir orra agus adubhairt riú toirling mar aon ris agus dol 'na choimhdeacht don Róimh. Do ghiallsad na cadhain dó an tráth soin, agus do ghabhsad agá choimhdeacht gur chuirsead tar doirsibh na Rómha isteach é. Is iomdha a n-ionnshamhla oile so do fhéadfamaois do thabhairt anuas,
3090] fhúigfeam don chur so.

An t-ochtmhadh goin

An cúigeadh déanmhas neith tigeadh ón bhfíréantacht chéadna .i. domharbhthacht. Óir dá gcoimhéadadh Ádhamh é féin ón pheacadh, ní bhfuighbheadh bás do shíor, ná aon-duine dá shíol mar an gcéadna. Agus is é sin tuigthear a
3095] briathraibh S. Augustine sa treas caibidil don chéid-leabhar ro sgríobh dona hIongantaibh, mar a n-abair, Enoch sine morte poenae, et totius saeculi tempore, remotus ab hominum conversatione custoditur, ut in eo ostenderetur qualiter homines, si non peccassent, generata prole, in vitam spiritualem sine morte commutarentur
3100] ‘coimhéadtar Enoch gan bás na péine ar feadh na haimsire uile, i gcéin ó chaidreabh na ndaoine, ionnus go bhfoillseóchthaoi maille ris cionnus do claochlódhthaoi na daoine, muna dteagmhadh gur pheacuigh siad, iar mbreith a gcloinne dhóibh, i mbeathaidh spioradálta gan an bás dá mbreith.’ As na briathraibh
3105] se is iontuigthe go mbeidís na daoine domharbhtha muna dteagmhadh dhóibh an peacadh do dhéanamh. Agus is i bhfioghair na domharbhthachta soin atá aní léaghthar ar Chloinn Israel .i. mar do mhaireadar a n-éadaighe gan chríonadh gan chaitheamh do dhol ionnta ar feadh .40. bliadhan,
3110] amhail léaghthar san ochtmhadh caibidil in Deuter. Óir amhail do chongaibh Dia an t-éadach gan chaitheamh do dhol ann ar feadh .40. bliadhan, mar an gcéadna do choimhéadfadh an duine beó i bparrthas, dá n-anadh gan an peacadh do dhéanamh. Gidh eadh, ó do-rinne an peacadh, do ghreamuigh an
3115] bás é, amhail adubhramar thuas, per unum hominem, etc.


p.99

Do réir a ndubhramar thuas is follus gurab é an peacadh is cúis don bhás, agus dá réir sin gurab déanmhas neith díleas dó é. Agus is uime sina adeir Solamh san dara caibidil do Leabhar na hEagna, invidia diaboli mors intravit in mundum
3120] ‘is lé hiomthnúth an diabhail táinig an bás isteach san domhan.’ Agus is amhlaidh tháinig, amhail choin chonfaidh nó leómhan loinn-fheargach do sgaoilfidhe fá shluaghaibh líonmhara dá marbhadh agus dá míochórughadh, nach géabhadh ag tréan nó ag anbhfann díobh. Do réir mar adeir Dáibhídh san .88.
3125] Salm, quis est homo qui vivet et non videbit mortem ‘cia an duine bhias beó, agus nach faicfidh an bás?’ Dá chor i gcéill nach rachaidh eólach 'na bheathaidh gan bhásughadh lé hiorghail na honchon úd. Agus fós ní áirmhim na min-deabhtha do-bheir, acht is iomdha ruag-chath ro-mhór tug ar an nádúir
3130] dhaonna. Agus bíodh a fhiadhnaise sin ar an seachtmhadh caibidil in Genesi, mar a n-innistear gur thuit an cine daonna uile acht ochtar na háirce. Mar an gcéadna do réir mar léaghthar san naomhadh caibidil déag in Exodo gur báitheadh Pharao fá mhuing na Mara Ruaidhe go sluaghaibh líonmhara leis. Agus
3135] arís mar léaghthar san naomhadh caibidil déag in Genesi mar do marbhadh lucht proibhinnse móire agus chúig gcathrach don chéad-ruathar tug orra, go ndearna luaithreadh dhíobh acht Loth 'na aonar, do fóireadh leis an aingeal. Agus léaghthar mar an gcéadna san .24. caibidil don cheathramhadh leabhar do
3140] Leabhraibh na Ríogh, go dtáinig isteach i bhflaitheas Dáibhídh Ríogh, agus ré hathaidh aon-uaire gur mharbh deich míle agus trí fichid do dhaoinibh. Léaghthar fós san ochtmhadh caibidil déag don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, an tan táinig Sennacherib, Rí na hAsia, i bhfoslongphort ré hucht
3145] Ierusalem, gur thuit naoi bhfichid míle ar aon-láthair ris an mbás. Gá dtám ris, acht is iomdha éacht aidhbhseach oile tug agus do-bhéaraidh ar an duine, ó thosach an domhain go bruinne an bhrátha.

An naomhadh goin

Adeir S. Thomas, ag sgríobhadh ar an gceathramhadh leabhar do
3150] Mhaighistir na mBreath, go bhfuilid cheithre


p.100

modha ar a bhféadaid na neithe bheith arna gcríochnughadh. An céad-mhodh dhíobh, do bhríogh go mbí críoch agus foirceann ar aní, ní foláir a bheith críochnuighthe tráth éigin; agus mar sin do bhríogh nach ní neimhchríochnuighthe an duine, iarraidh
3155] sé do réir nádúire bheith críochnuighthe uair éigin. An dara modh, aní bhíos arna choimhdhéanamh do cháilibh contrárdha, amhail atá an duine do theas agus d'fhuacht, do thiormacht agus do fhlichidheacht, ní héidir dhó gan bheith críochnuighthe tráth éigin do réir nádúire, do bhríogh gurab é is feidhm dona
3160] cáilibh úd, bheith ag clódh agus ag turnamh a chéile go gclaoittear ceachtar dhíobh, ní fhéadann an duine bheith beó. Gidh eadh, ón dara modh úd do saorfaidhe an duine ó bhás leis an bhfíréandacht mbunadhasaigh. An treas modh 'na gcríochnuighthear beatha an duine, lé créachtnughadh a chuirp; agus
3165] do fhóirfeadh Dia go caomhnuightheach an duine ó bhás d'fhagháil ar an modh so dá ghrásaibh speisialta féin. An ceathramhadh modh 'na bhfuighbheadh duine bás, .i. tré chaitheamh do dhul san bhflichidheacht phréamhamhail. Agus do fóirfidhe duine ó bhás d'fhagháil ar an modh so lé fromhadh
3170] do chrann na beatha; agus is leis sin chaomhantar Éilí agus Enoch i bparrthas.