Acht cheana dá bhfiafruigheadh duine créad as a n-abraim
2695] nó as a
bhforáilim ar dhuine bheith ar a choimhéad ar an mbás
gcorpordha, agus gan dol tairis ag aon-duine, mo fhreagra air
gurab é is fáth dhamh, do bhríogh go dtuigim nach téid an bás
corpardha i ndíoth ná i ndochar don druing chuireas inneall agus
ordughadh orra féin ré hucht an bháis, mar atáid na daoine
2700]
naomhtha neamhurchóideacha chathuigheas ris na heasgcáirdibh
adubhramar thuas, agus chaomhnas agus choimhéadas gan lot gan
leónadh anam na hanma .i. grása Dé is anam don anam. Óir ní headh
amháin gan an bás corpardha do dhol i ndochar dona fíréanchaibh,
acht is ro-mhór an sochar 'na dtéid sé dhóibh.
2705] Agus is uime sin
adeir Pól san chéad-chaibidil go Philippens., cupio dissolvi
et esse cum Christo atá mian oram sgaoileadh dhíom, nó
bheith arnam sgaoileadh, agus bheith mar aon ré Críost.
Dá chor i gcéill nach fuil acht broid agus braighdeanas dona
fíréanchaibh bheith cuibhrighthe i gcarcair chriadh na colna
2710]
daonna, dúnta dlúith-iatta i ngarrdha ghobhainn nó i mainnir
mhíothaomaigh an domhain se, áit 'snach bí súil ré soirbhiughadh
aca, agus fóir neimhneach námhad 'na dtimcheall; agus gurab cúis
mheanman agus lúth-gháire dhóibh bheith mar aon ré Críost
san ghrianán ghlé-sholus gheal-ruithneach ghríos-taitneamhach úd
2715]
na glóire, mar a mbíd saor ón uile dhoghraing agus dhocamhal,
gan anaoibh gan amhluadh aigeanta, ar fhaosamh nó ar ionchaibh Íosa
ar Slánuightheóra.
Go bhfios damh dobudh éigcríonna don tí do bhiadh i ndaoirse agus
i moghsaine agus i ndroich-éadach, ag fagháil duaidh
2720]
agus doghrainge, uilc agus anshóidh, agus ag nach biadh acht drochbhothán
Measaim fós gomadh éigcríonna don tí do bhiadh ar deóraidheacht agus
ar díbirt i gcoigcrích óna thír agus óna thalamh féin, i
gcuasaibh crann agus carrag, agus i bhfoithribh fiathamhla
fásaigh, fá
2740] imshníomh agus fá éadtualang, doilgheas do bheith air fá
thoidheacht i gcomhghar dá chathraigh chomhnuighthe féin mar a
mbiadh cádhas agus cion agus onóir agus airmhidin air. Mar an
gcéadna adeirim gurab éigcríonna don fhíréan atá ar díbirt agus ar
deóraidheacht, i ndocamhal agus i ndaoirse an tsaoghail se,
bheith doilgheasach
2745] tréna dhrud réna chathair chomhnuighthe
.i. flaitheas Dé, trésan mbás. Agus dá n-abradh neach gomadh
cathair chomhnuighthe dhó aon-áit san tsaoghal so, bíodh a fhios
aige nach fíor dhó é, do réir Phóil san treas caibidil déag gusna
hEabhraidhibh, mar a n-abair, non habemus hic civitatem permanentem,
2750]
sed futuram inquirimus ní fhuil cathair
chomhnuighthe annso againn, acht an chathair atá ré teacht,
is í iarrmaid. Dá chor i gcéill nach fuil acht buailteachas san
bheathaidh se, agus gurab é flaitheas Dé is sean-bhaile ré síor-chomhnaidhe
againn.
2755] Adeirim mar an gcéadna gomadh éigcríonna don ard-chaiptín do bhiadh ag
troid agus ag teagmháil go meinic ré a bhiodhbhadhaibh, doilgheas do bheith
air ar mbreith bhuadh gcosgair agus gcomhlainn orra tré choróin na mbuadh
do bheith ar tí a cuirthe air. Mar an gcéadna adeirim ris an bhfíréan
bhíos ag cogadh agus ag
2760] cathughadh ré heasgcáirdibh na hanma, gomadh
éigcríonna dhó doilgheas do bheith air tré bheith ag dol tré bhealach an
bháis, do ghlacadh choróine na mbuadh do gealladh dhó trés na háraibh
agus trés na héachtaibh do-bhéaradh ar a easgcáirdibh. Agus is ar an
gcathughadh so agus ar an gcoróin do-geibhthear
2765] dá chionn labhras Pól
san cheathramhadh caibidil don dara Eip. go Timoteus, mar a
n-abair, bonum certamen certavi, cursum consummavi, etc. is
maith an cathughadh do-rinne mé, do chríochnuigh mé mo rioth, do
choimhéadas an creideamh, agus atá coróin an cheirt arna taisgidh
dhamh, do-bhéara an breitheamh
2770] ceart an lá úd damh .i. lá an
bháis. Agus adeir san áit chéadna, non solum autem mihi, sed et
iis qui diligunt adventum eius ní damhsa thrá amháin, acht don
druing ghrádhuigheas a thoidheacht súd. Dá chor i gcéill, gach
drong agá mbí súil ré tuarastal, agus do-ní cathughadh amhail
do-rinne Pól,
2775] go mbí an choróin chéadna i n-áirithe aca i ló an bháis.
Is tuigthe dhúinn as na briathraibh réamhráitte nach fuil acht
cathughadh comhnuightheach i mbeathaidh an duine. Agus tig Iob
leis so san seachtmhadh caibidil, mar a n-abair, militia est vita
hominis super terram, et sicut dies mercenarii dies
2780]
eius ní fhuil acht díolmhaineas i mbeathaidh an duine, agus ní fhuil 'na ló acht
lá fhir thuarastail do thuilleamh. Ionann sin ré a rádh agus
nach fuil san duine acht buanna bunaidh bhíos ar coinnmheadh
agus ar congbháil ag Dia san tsaoghal so ré himdhídean na hanma.
Agus is é tuarastal bhíos dó, an choróin
2785] úd na glóire do
luaidheamar, do-gheibh d'éis an bháis.
As gach ní dá ndubhramar is iontuigthe nach oircheas dona
fíréanchaibh doilgheas do bheith orra trés an mbás gcorpardha
d'fhagháil: ní hionann agus na peacthaigh do-gheibh bás i
bpeacaidhibh marbhthacha. Mar an gcéadna is iontuigthe
2790]
nach cuirthe dhúinn dúil sna neithibh talmhaidhe. Óir an gcéin bhíd
againn, is beag an sochar do-gheibhmíd asta, acht fós is mó théid
siad i ndíoth agus i ndoilgheas dúinn. Agus dá mbeith sochar
ionnta, mar nach fuil, is gearr mhairid againn. Agus is maith do
thuig Alexander sin, amhail léaghthar san
2795] chéad-chaibidil don
chéid-leabhar do Leabhraibh na Macchabei. Óir an tan tarla i
ngalar a éaga é, agus do chreid gur chinnte dhó féin an bás
d'fhagháil, tug sé an saoghal i dtarcuisne go mór, ionnus gur
bhronn sé a fhlaitheas uile don dá bhuachaill déag do bhí ag
feitheamh air. Dá chor i gcéill dona daoinibh, ón
2800] tráth fár
dhearbh lais é féin d'éag, nach raibhe dúil aige i seilbh
shaoghalta san bhioth, ná i n-éin-ní thalmhaidhe do bheith aige.
Is maith fós do thuig an t-ard-fhlaith uasal oireaghdha, do bhí
'na aird-rígh ar an domhan, darbh ainm Salaidín, aní céadna,
2805]
do réir Fulgentius san dara caibidil don tseachtmhadh leabhar. Is
eadh iomorra do-rinne an rí ro-chumhachtach, an tan do mhothuigh é
féin ré hucht an bháis, fios do chor ar thaoiseach dá mhuinntir,
agá rádh ris, an tan do-ghéabhadh féin bás, an eisléine do cuirfidhe
air do chur ar chrann sleighe agá taisbéanadh
2810]
dona sluaghaibh lá na sochraide, agus callairidhe do bheith 'na fhochair ag agallaimh
na sluagh, agá rádh, An gcluintí, a mhaithe na sluagh? Bíodh a
fhios agaibh go bhfuair an t-ard-fhlaith ordhairc, agus an tí
do chuireadh an domhan ar baill-chrioth, agus do bhí gan mhéid ná
macasamhla dhó ar an talamh ar
2815] líonmhaireacht a fhlaitheasa, ar
iomad a óir agus a airgid agus a iol-mhaoine, ar mhéad a mhuirir
agus a mhuinntire .i. Salaidín, bás. Agus anois ré n-imtheacht
dó ní fhuil sé do bhreith leis don tsaoghal acht an eisléine
do-chíthí-se agam-sa. Agus is
- Fá dheireadh don domhan mhór,
lá an bháis, ní beag an claochlódh:
2840] do-ní an duine, an domhan beag,
a thoradh uile d'aiseag.
Is follus fírinne aneithe se ar an druing bhíos ag fagháil bháis.
Óir is éigean don ghnúis a ghné dh'aiseag, agus don tsúil a
hamharc, don chluais a héisteacht, don teangaidh a labhra,
2845]
don tsróin a boltnughadh, don láimh a luadhaill, don chois a
céimniughadh, agus don chorp uile a lúth agus a láthar agus a uile
bhríogha archeana. Gidh eadh, do féadfaidhe go n-aibeóradh duine
do réir bhriathar Chríost, go bhféadfadh duine tearmann do
bheith aige ón bhás, amhail do gheall Críost san seiseadh
2850] caibidil
ag Eóin, mar a n-abair, qui manducat hunc panem vivet in
aeternum cibé itheas don arán so biaidh beó go síordhaidhe; agus
arís adeir san ochtmhadh caibidil ag Eóin, siquis sermonem
2855] Mo fhreagra ar an tí do chuirfeadh an cheist se, gurab í an
bheatha spioradálta gheallas Críost don druing do chaithfeadh an
t-arán úd .i. corp Críost, nó do choimhéadfadh a chomhrádh. Agus
bíodh a fhiadhnaise sin ar bhás corpardha na n-apstal, do chaith
an t-arán go meinic, agus do choimhéad ráitte Chríost.
2860]
Óir is follus gur himreadh bás corpardha orra, agus fós ar Chríost féin,
do réir Phóil san ochtmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a
n-abair, etiam proprio Filio suo non pepercit fós níor chogail
sé a Mhac féin. Dá chor i gcéill nár ghabh an t-Athair
Uile-chumhachtach ag Íosa a Mhac féin gan an bás dá rochtain.
2865]
As so is iontuigthe nach í an bheatha chorpardha do gheall Críost don
druing do íosadh an t-arán úd, agus do choimhéadfadh a chomhrádh.
Agus dámadh í, is follus nach béaradh an bás corpardha na hapstail,
ná na naoimh agus na fíréin oile do chaitheadh an t-arán go meinic,
agus do choimhéadadh go cuimhneach ráitte Chríost. Per unum
hominem peccatum intravit in mundum, etc. is tré aon-duine amháin
táinig an peacadh isteach san domhan, agus trés an peacadh an bás,
agus mar sin do-chuaidh an peacadh san uile dhuine.