Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 1

AN CÉAD ALT

Per unum hominem peccatum intravit in mundum, et per peccatum
2410] mors, et ita in omnes homines peccatum transiit, Romanorum quinto ‘tré aon-duine amháin táinig an peacadh isteach san domhan, agus trés an bpeacadh an bás, agus mar sin do-chuaidh an peacadh san uile dhuine.’ Agus is uime sin adeir Pól san seiseadh caibidil gusna Rómhánchaibh, stipendia peccati
2415] mors ‘tuarastal an pheacaidh an bás,’ dá chor i gcéill gurab i ndíol an pheacaidh do-rinne Ádhamh do horduigheadh an bás do bheith dh'áirithe aige féin agus ag gach aon do geinfidhe uaidh.

An chéad-ghoin

Léaghthar san naomhadh caibidil don chéid-leabhar do
2420] Leabhraibh na Ríogh mar do thogh Dia Saul ré bheith 'na rígh ar Chloinn Israel. Agus léaghthar san .31. caibidil don leabhar chéadna mar do thuit Saul agus a chlann ar fhulang Dé, leis na Filistíneachaibh, tré gan a choimhéad féin san chuing do chuir Dia air, an mhéid go dtug pearsa osgardha, agus neart adhbhal
2425] cuirp, cródhacht agus calmacht intinne dhó. Mar an gcéadna do-rinne ré hÁdhamh. Do-rinne rí ar a chlann-mhaicne agus ar a shíol féin de, agus do chuir commaoineacha móra air, an mhéid go dtug eagna gan ainbhfios, agus óige gan arsaidheacht, agus sláinte gan ghalar, agus beatha gan bhás dó, agus fós dá chloinn
2430] 'na dhiaidh, acht go gcoimhéadadaois an chuing do chuir orra .i. gan toradh chroinn na haithne do fhromhadh. Gidh eadh, ar gcoill chána an chroinn dó, do fhill Dia na sochair sin i


p.78

ndoghraing agus i ndocamhal d'Ádhamh agus dá shíol, an tan do ith sé an greim urchóideach neimheamhail úd d'ubhall na
2435] haithne, ionnus, ar slogadh an ghreama dhó, gur shloig sé an bás mar aon ris, do réir an bhagair do-rinne Dia air san dara caibidil in Genesi, mar a n-abair, in quocunque die comederis ex eo, morte morieris ‘cibé lá íosas tú dhe so (.i. do thoradh an chroinn), do-ghéabhair bás.’ Ní hé amháin olc tarla d'Ádhamh
2440] d'ainiarsma an tsáruighthe úd, acht fós do-chuadar na dúile díchéillidhe agus na hainmhinnte allta, éanlaith an aieóir, agus iasgach na n-innbhear agus na mara, agus luibhe agus fiodhbhaidhe na talmhan, agus an cheathar-dhúil i gcoitchinne, i n-easumhla air, mar is léir do lucht a bhreathnuighthe. Óir ní thabhair an talamh a
2445] thoradh amhail is díol, acht maille réna shaothrughadh, agus ní ghiallaid na héisg ná na hainmhinnte oile acht dá n-aimhdheóin. Agus is uime do-chuadar na créatúire se i n-anumhla don duine, do dhíoghailt na hanumhla do-rinne Ádhamh dá Chruthuightheóir.

An dara goin


2450] Is i bhfioghair na hanumhla so atá aní do-rinne fear iomchuir sgéithe Sauil, amhail léaghthar san .31. caibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, an tan do éimidh sé Saul do mharbhadh ar fhoráileamh Shauil féin. Óir an tan do bhí an ruaig ag na Filistíneachaibh ar Shaul, agus do chréachtnuigheadar é,
2455] do mheas gurbh onóraighe dhó duine dá mhuinntir féin dá mharbhadh ionáid na Filistínigh; agus ó nár fhaomh an fear soin a mharbhadh, tug féin a chloidheamh amach agus do léig a ucht ar a dhéis, go ndeachaidh thríd, agus go bhfuair bás amhlaidh sin. Gidh eadh, atá ní oile sa ghníomh so is iontugtha dhúinn dár
2460] n-aire .i. tar ceann gurab do shoighdibh na bhFilistíneach do gonadh Saul, is é féin ro mharbh é féin ag lingeadh ar an gcloidheamh. Mar an gcéadna tar ceann gurab iad soighde na sainnte agus gaoithe na glóire díomhaoine do chréachtnuigh Ádhamh ar fhoráileamh a easgcarad .i. an diabhail, más eadh is é féin
2465] do mharbh é féin lé colg nó lé cloidheamh an chraois. Agus fós, an chréacht do-rinne air féin, atá sí comh-doileighis sin go bhfuil gan chneasughadh go soiche so, ag sileadh ar an síol


p.79

táinig uaidh, ionnus go bhfuilid ag comhthuitim leis an neimh ndoileighis sin, agus go mbiaid go bruinne an bhrátha. Agus is
2470] uime sin adubhairt Pól aní thuas, per unum hominem, etc., dá chor i gcéill nach budh saor duine ar bioth ón othras úd .i. an bás.

An treas goin

Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san cheathramhadh caibidil ag Ionas, mar a n-innistear go ndeachaidh Ionas a cathair
2475] Ninive amach do ghuidhe Dé. Agus tarla teasbach mór an tráth soin ann, agus leis sin do-chuaidh Ionas d'fhagháil fhionn-fhuaraidh ó ghoradh na gréine fá chrann ar a raibhe iomad eidhin; agus suidhis fá bhun an chroinn, go bhfuair socamhal mór ón ghréin de sin. Níor chian dó ar an ordughadh soin an tan
2480] do-chonnairc chruimh mbig ar bhfás a préimh an eidhin, agus do ghabh ag creim agus ag cognamh na préimhe, gur ghabh an phréamh go luath truailleadh dhe sin, go ro chríon an chuid oile don chrann, ionnus nacharbh ionadh díona ná fosgaidh do Ionas é, agus gur ghoill an teasbach go mór air, gurbha héigean
2485] dó a fhágbháil. Go fáith-chiallach is é an crann eidhin sin an cholann daonna, agus Ionas anam gach aoin, agus an phréamh úd an chroinn Ádhamh, agus an chruimh an bás do ghein a truailleadh an chraois do bhí san phréimh .i. Ádhamh, agus an ghrian úd lér loisgeadh an crann an ghlóir dhíomhaoin. Agus amhail fá
2490] héigean do Ionas an crann do thréigean arna chríonadh don chruimh, mar an gcéadna is éigean don anam an cholann do thréigean, an tan chríontar í lé cruimh an bháis. Agus is dá chor sin i gcéill atá aní adeir Dia san treas caibidil in Genesi, mar a n-abair ag labhairt ris an uile dhuine agus ag labhairt ré
2495] hÁdhamh, memento quod pulvis es, et in pulverem reverteris ‘cuimhnigh gurab luaithreadh thú, agus gurab i luaithreadh chlaochlódhthar thú.’

An ceathramhadh goin

Is ag ciallughadh aneithe céadna atá aní léaghthar ar chloinn Iob san chéad-chaibidil do Leabhar Iob, .i. go rabhadar
2500] idir mhac agus inghin i n-éin-tigh, .i. i dtigh an bhráthar fá sine dhíobh, ag ól agus ag aoibhneas, agus do ling go hobann soighnéan


p.80

do ghaoith gháibhthigh ón bhfásach um an dteagh 'na dtimcheall, agus do bhris cheathra chúinne nó cearna an tighe, agus do thuit orra gur ro mharbh uile iad. Go fáith-chiallach, is iad an
2505] chlann so an cineadh daonna, agus is é an teagh úd colann Ádhaimh, 'na rabhadar a shíol uile do réir a mbunadhusa, agus is é an céad-mhac Ádhamh féin, agus is í an ghaoth úd an bás, agus is é an fásach ór séideadh í an peacadh.

An cúigeadh goin

Dá n-abradh aon-duine nach fuair Ádhamh, do láthair i
2510] ndiaidh na cána do bhriseadh, bás, más eadh dob ionann dó agus bás d'fhagháil do láthair, an bás do bheith dh'áirithe aige. Óir is ionann do dhuine agus bás d'fhagháil, cumus do bheith ag an mbás do ghnáth air; do réir ghnáth-fhocail na bhfeallsamh, mar a n-abraid, actus et potentia eiusdem sunt ordinis ‘is ionann ord don
2515] ghníomh agus do chumus ré déanamh an ghníomha.’ Óir adeirthear go mbí an fiadh marbh, an tan bhuailtear soighead i n-ionadh mharbhthach air, tar ceann go n-imgheann léna ghoin ar fud an fhásaigh, go bhfaghann bás 'na dhiaidh sin. Mar an gcéadna, tar ceann nach fuair Ádhamh bás do láthair i ndiaidh an aidhbhirseóra
2520] do bhualadh shoighde na sainnte air, is dearbh gur gonadh i n-ionadh mharbhthach é .i. 'na anam, agus go bhféadtar dá réir sin a rádh go raibhe marbh, acht gé do bhí seal ar fán agus ar fiarlaoid, ar sraon agus ar seachrán, seachnóin fhásaigh an tsaoghail se, ag imtheacht lé gaoibh cró na cneidhe sin do-rinneadh
2525] air, go bhfuair bás fá dheóidh.

An seiseadh goin

An crann fós 'na mbí cuas domhain, adeirthear go mbí trothluighthe nó críon, acht gé mhaireas a dhuille seal 'na dhiaidh sin. Mar an gcéadna, an coireach bhíos damanta san bpríosún, adeirthear nach bí a anam aige, gion go dtugthar bás
2530] do láthair dhó. Nó an tí bhíos i n-othras, an tan tigid comharthadha cinnte báis air, adeirthear go mbí marbh, gion go ndealuigheann a anam ris do láthair. Agus is annsa gcéill sin adubhairt Dia ré hÁdhamh, an lá do íosfadh ní do thoradh


p.81

chroinn do haithne, go bhfuighbheadh bás. Óir an lá céadna
2535] rug sé breath bháis air féin agus ar a shliocht, mar a n-abair gurab do luaithreadh do-rinneadh é agus gurab i luaithreadh do fillfidhe é. As sin is iontuigthe gurab i ndíol an pheacaidh fuair sé bás. Agus is uime sin adeir Pól san seiseadh caibidil ad Romanos, stipendia peccati mors ‘is é an bás is tuarastail don pheacadh.’
2540] Dá chor i gcéill, cibé do-ní peacadh, go bhfuighbhe bás dá chionn mar thuarastal. Agus ó do-rinne Ádhamh é, do thuill sé dhó féin agus dá chloinn 'na dhiaidh é, amhail adeir Pól, per unum hominem, etc. Dá chor i gcéill gurab ó aon-duine amháin .i. ó Ádhamh táinig an peacadh, agus gurab ón pheacadh táinig an
2545] bás. Agus amhail do-chuaidh an peacadh in gach aon-duine ó Ádhamh, mar an gcéadna téid an bás ar lorg an pheacaidh.

An seachtmhadh goin

Tuig, a dhuine, gurab éadaingean soileónta do bhí an cholann daonna i nÁdhamh, mar gur tolladh agus gur trothluigheadh d'urchor d'ubhall í i bparrthas, amhail do-chualabhair.
2550] Agus go bhfios damh is mór an t-adhbhar diombáidhe agus doilgheasa, dearóile agus doimheastacht aneith ré samhluigheann Mártain naomhtha Ádhamh, tar éis an pheacaidh do dhéanamh, amhail léaghthar i mbeathaidh Mhártain do réir Sulpicius. Ag so cheana aní adeir .i. go raibhe Mártain lá n-aon mar aon ré
2555] coimhthionól cléireach ag taisteal na sligheadh, ionnus go dtarla machaire fairsing réidh roimhe. Agus is amhlaidh do bhí an lá, agus fearthain chruaidh ghéar agus gaoth adtuaidh ann. Agus tarla dhó ar an machaire sin capall clamh cnámh-arsaidh creat-lom crioth-luinneach, agus fann-chosa fiara ar foluamhain faoi, agus é ag
2560] meirbh-shiubhal go mall meirtneach ar fud an mhachaire, i ndóigh go bhfuighbheadh fosgadh nó díon ón doininn do bhí ag gabháil dó, agá threaghdadh agus agá thaobh-lot. Gidh eadh, ní bhfuair a bheag nó a mhór d'fhosgadh ná d'imdhídean ar ghoimh na gairbh-shíne do bhí ag gabháil dó. An tan do-chonnairc
2565] Mártain amhlaidh sin é, do labhair ris na cléircibh agus adubhairt, ‘A bhráithreacha ionmhaine, ar sé, an bhfuil a fhios agaibh créad aní rénar cosmhail an capall úd?’ ‘Ní fhuil,’ ar siad.


p.82

‘Ní hamhlaidh sin damhsa, ar Mártain, óir is eadh mheasaim gurab cosmhail an capall úd ré hÁdhamh tar éis an pheacaidh
2570] do dhéanamh. Óir do fhás claimhe na coire, agus míomhaise na mailíse, agus crioth claonta na toile 'na bhallaibh, agus do bhí foluamhain an pheacaidh faoi. Agus fós do bhí fearg Dé ag fearthain air, agus gaoth na ngalar agus na nguasacht agá ghoin, agus é ar fásach an tsaoghail se, ar fán agus ar fiarlaoid, arna dhíbirt
2575] agus arna dhíochor tar príomh-dhoirsibh poinnmhidhe pálásta parrthais amach.’ As an sgéal so is iontuigthe gurab truagh agus gurab ainriochtach an cruth 'na raibhe Ádhamh tar éis an tsáruighthe úd do dhéanamh ar Dhia, amhail adubhramar.

An t-ochtmhadh goin

Tuig aní céadna so as an bhfáith-sgéal léaghthar ag Lúcás
2580] san deachmhadh caibidil, mar a n-abair go raibhe duine dh'áirithe ag triall ó Ierusalem go gleann Ierico, agus go dtarladar meirligh ris ar bealach, go ro bheansad a éadach dhe, agus gur chréachtnuigheadar é, ionnus gur fhágaibhsead leath-mharbh ar an láthair é tar a n-éis. Go fáthach is é an duine se
2585] Ádhamh, agus is í an chathair úd Ierusalem staid na neamhurchóide, agus is é an raon úd réim na beatha, agus is é an gleann an saoghal so, agus is é an t-aistear do-rinne an duine an triall do-rinne Ádhamh ó staid na naomhthachta go staid an pheacaidh tré bhealach bhriste na cána, agus is iad na meirligh úd an
2590] diabhal agus an saoghal agus an cholann, agus an t-éadach do beanadh d'Ádhamh, tlacht taitneamhach na ngrás; agus na luit do-rinneadar air, créachta na coire.

An naomhadh goin

Is é an t-ainiarsma do tharraing Ádhamh ar na daoinibh chaointear leis na naoidheanaibh an tan bheirthear iad, do
2595] réir mar adeir Tertullian san cheathramhadh leabhar ro sgríobh i n-aghaidh Marcion, mar a dtabhair dá aire gurab é céad-ghlór tig i mbéal na naoidhean iarna mbreith, madh mac bhias ann, a, a, ag tabhairt aithbhir ar Ádhamh, dá chor i gcuimhne dhó gurab de tháinig gach ainiarsma dá mbí i ndán


p.83


2600] dó féin ó thosach a gheineamhna go síordhaidhe tré shaoghal na saoghal; agus madh inghean bhíos ann is eadh adeir, e, e, ag tabhairt an iomaithbhir chéadna d'Éabha.

An deachmhadh goin

Tar ceann go bhfuilid na guaise se i gcinneadh don duine, agus go bhfuil a ré gearr, is eadh dhligheas an duine do dhéanamh
2605] amhail do-ní an leómhan. Óir an tan chuirid lucht na sealga i gcumhgach é, ionnus nach bí ar breith dhó a seachnadh, agus do-chí a sleagha innilte aca ré haghaidh a mharbhtha, cromaidh a cheann ag feitheamh na talmhan, agus gabhaidh dá earball air féin dá gach leith, go bhfásann a bhríogh agus a bheódhacht de
2610] sin, agus lingidh an t-eanach tríotha dá n-aimhdheóin. Mar an gcéadna dlighidh an leómhan gaisgeamhail .i. an Críostaidhe fíréanta, an tan tigid lucht na sealga .i. an diabhal agus an saoghal agus an cholann ar eanach na hurchóide roimhe, do ghabháil dá sleaghaibh fír-neimhneacha .i. dá n-aimsighthibh
2615] il-chleasacha ann, is eadh dhligheas, a cheann .i. a thuigse do chromadh d'fheitheamh na talmhan do mheas a shomharbhthachta féin, agus dá réir sin do mheas a uirísleachta; agus fós gabháil dá earball ar gach leath ar a chliabh. Ionann sin ré a rádh agus gabháil d'earr a aoise .i. don bhás ar chompar a chroidhe, dá bhioth-ghoin
2620] agus dá bheadhgadh, do thabhairt bhríogha agus bheódhachta dhó ré lingeadh tar an lucht sealga úd. Agus is dá chor i gcéill dúinn go ndlighmíd aithris an leómhain nó na mbeathadhach mbrúideamhail oile do dhéanamh i mórán do neithibh atá aní léaghthar ag Iob san dara caibidil déag, mar a n-abair,
2625] interroga iumenta et docebunt te ‘fiafruigh dona bromachaibh agus seólfaid tú.’ Dá chor i gcéill go mbíd cáile sna hainmhinntibh brúideamhla budh inleanta dona daoinibh.

An t-aonmhadh goin déag

Bíodh a fhios agat, a dhuine, ó tharla gach guais id chionn, amhail adubhramar thuas, nach foláir dhuit luingseóireacht
2630] chliste do dhéanamh agus lámh do chor ar do stiúir ré treórughadh


p.84

churacháin chriadhamhail an chuirp tar muir mhór-thonnaigh mhailísigh an tsaoghail se agod' dhíorghadh go cuan na cathrach neamhdha. Gidh eadh, an tí stiúras an long san chúrsa nó san réim dhírigh, is i ndeireadh na luinge bhíos do ghnáth. Mar an
2630] gcéadna don duine bhíos ag stiúradh arthraigh na hanma .i. na colna, is eadh dhligheas, bheith do shíor 'na deireadh .i. i n-earr a aoise ag smuaineadh ar an mbás. Gidh eadh, bíd daoine óga éigcríonna ann, tógbhas a lámh .i. a n-aire do stiúir stuidéir an bháis, agus téid i dtosach na luinge. Ionann sin ré a rádh agus
2640] bheith ag iomrádh anuaille agus ag maoidheamh mhacnais na hóige. Gidh eadh, ní thuigid an dream so gurab ionann dál don duine agus don ghort bheantar. Óir gearraidh an carrán i n-aoin-fheacht an déas ghearr agus an déas mheadhónach agus an déas ard. Nó fós dáil na speile ag buain an fheóir. Óir gearraidh sí d'aoin-bhéim
2645] an feóithne agus an fochnagán .i. an chuid is sine agus is óige don fhéar. Mar an gcéadna do-ní speal an bháis ris na daoinibh. Teasgaidh sí d'éin-bhéim an t-uasal agus an t-íseal agus an ceart-dhuine, mar an gcéadna an t-óg agus an t-arsaidh, agus gach aon dár chin agus dá ngeinfidhear.

An dara goin déag


2650] Agus ó atá an bhearna bhaoghail se ré gach n-aon, is eadh budh indéanta dona daoinibh, iad féin d'ollmhughadh agus d'inneall go luath ré hucht ionnsaighthe na bearnan soin, amhail do ollmhuigheadar lucht chathrach Ninive iad féin, an tan do bhagair Dia an t-aidhmilleadh orra, acht muna ndearndaois aithrighe sna
2655] holcaibh do-rónsad. Agus is córa dona daoinibh anois deithbhir do dhéanamh ré hiad féin d'ollmhughadh ré hucht an bháis, ioná don druing úd. Óir do bhí cairde .40. lá ag lucht chathrach Ninive gan bás d'imirt orra, agus ní fhuil lá ná oidhche, tráth ná uair do chairde chinnte ón bhás ag aon-duine dá bhfuil ar dhruim an
2660] domhain anois. Agus is uime sin adeir Pól san chúigeadh caibidil don chéid-Eipistil ro sgríobh go Thessal., mar a n-abair, dies Domini sicut fur in nocte, ita veniet ‘tiocfaidh lá an Tighearna amhail bhithbhineach san oidhche.’ Dá chor i gcéill gurab gan fhios tig an bás.


p.85

An treas goin déag


2665] Atá Críost féin dá bhagar gurab gan fhios thiocfas i ndáil an duine san bhás do réir Eóin san treas caibidil in Apocalypsi, mar a n-abair, veniam ad te tanquam fur ‘tiocfad id dháil amhail ghadaidhe.’ Dá chor i gcéill gurab go folaightheach tig an bás i ndáil an duine, amhail tig an bithbhineach ré
2670] déanamh na gada. Agus is uime sin adeir sé féin san dara caibidil déag ag Lúcás, qua hora non putatis Filius hominis veniet ‘i n-uair nach saoilfidhe, tiocfaidh Mac an duine.’ As sin is iontuigthe go dtig an bás do rochtain an duine gan fhios. Gidh eadh, tuig, a dhuine, gurab moillide
2675] chéimnigheas an bás chugad eagla Dé do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, timor Domini apponet dies, et anni impiorum breviabuntur ‘cuiridh eagla Dé tuilleadh laithe, agus ciorrbhuighthear bliadhna na bpeacthach.’ Agus ní hiongnadh sin do rádh, mar
2680] go dtabhair an Solamh céadna soin tobar na beatha ar eagla nDé, amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil déag don leabhar chéadna, mar a n-abair, timor Domini fons vitae ‘is tobar beatha eagla Dé.’ As so is iontuigthe go gciorrbhann Dia ré an pheacthaigh; agus ní hiongnadh soin, do bhríogh gurab do
2685] bhíthin an pheacaidh táinig an bás, amhail adubhramar thuas. Agus is ag cuimhniughadh aneithe céadna adeir file éigin an rann so, ag teagasg na druinge mhaireas, agus agá iarraidh orra faire agus forfhaire do dhéanamh orra féin ré hucht an bháis atá dh'áirithe ag gach aon-aicme dona daoinibh: —

    1. 2690] A dhaoine se nach deachaidh,
      bídh feasta go fuireachair:
      bhar dtocht ar ceal is cinnte,
      gidh eadh, is olc oirchillte.


p.86