Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 7

AN SEACHTMHADH HALT

'na nochtar créad is treas bás ann.

An chéad-ghoin

Is eadh is treas bás ann .i. bás na péine. Agus is ar an mbás so labhras Eóin san ochtmhadh caibidil, mar a n-abair,
1950] et in peccatis vestris moriemini ‘agus do-ghéabhthaoi bás in bhar bpeacaidhibh féin,’ ag labhairt ar an druing do-gheibh bás i bpeacaidhibh agus do bhiadh i mbás síordhaidhe na péine. Gonadh aire sin adeir file dh'áirithe an rann so:

    1. Is é is bás dár-íribh ann,
      1955] tréigean Dé, dol i n-iofrann:
      beag cás toighe acht an teagh-sain,
      bás oile ní huireasbaidh.

Agus tuigthear aní céadna go follus a briathraibh Dháibhídh san .48. Salm, mar a n-abair, ag labhairt ar an druing dhamanta
1960] théid go hifreann, sicut oves in inferno positi sunt; mors depascet eos ‘do cuireadh amhail chaorcha i n-ifreann iad; sáiseóchaidh an bás iad.’ Dá chor i gcéill gurab amhlaidh bhíd na hanaim dhamanta do shíor ag blaistin an bháis, agus ag ingheilt ar il-phianaibh ifrinn, ionnus go mbíd gaotha cró gach coire lér cuireadh
1965] i n-ifreann iad agá dtreaghdadh agus agá dtrom-ghoin. Gonadh uime sin adeir file éigin an rann so:

    1. Iomdha i n-ifreann ar chionn cháigh
      piana troma, is tuar toccráidh:
      éag gan luibhe dá leigheas,
      1970] duine do chéad chuimhneigheas.


p.64

An dara goin

Is eadh iomorra is ionnfhuaradh i n-ifreann dóibh, éagsamhlacht agus malairt na bpian bhíos agá n-imirt orra. Óir an tan bhíd tuirseach ó bheith ag feitheamh ghnúise grancuighthe gualda gráineamhla an diabhail, gabhaid an daosgar-shluagh
1975] dorrdha dubh-ghnúiseach deamhan, agus an saobh-choire sáruightheach seirgnidhe siabhartha, agá sústadh agus agá slat-bhualadh, agá dtuargain agus agá dtrom-ghoin agus agá dteilgean as sin ar leacaibh loma loisgneacha lasamhla, agus agá dtreaghdadh do bhearaibh troma teinntidhe, agá gcosgairt agus agá gcreat-raobadh
1980] d'ordaibh iomthroma urlainn-leathna iarnaidhe; agus as sin i srothaibh borb-thonnacha bréana buaidheartha briomstóin nó raibhe, go n-iomad n-il-phiast agus n-arracht n-adhuathmhar n-allmhardha. Gá dtám ris, ní héidir ríomh ná ro-áireamh a bhfuil d'il-phianaibh i n-ifreann, ar a n-iomad agus ar a n-aidhbhsighe.

An treas goin


1985] Tuig go bhfuilid dá ghné phrinnsiopálta phéine ann, mar atá pian chéadfadhach nó mhothuightheach, mar atá teas teineadh ifrinn, bualadh agus boirb-leadradh na ndeamhan ar an hanmannaibh. Agus is é mo mheas go n-oibrigheann an teine se go gníomhach ar na hanmannaibh damanta, comh-maith agus
1990] oibrigheas uisge an bhaistidhe ar an druing bhaistear; ionnus mar ghlanas uisge an bhaistidhe an t-anam ó pheacadh an tsinnsir go fírinneach, mar an gcéadna go ngníomhuigheann teine phurgadóra nó ifrinn go fírinneach ar na hanmaibh damanta nó ar na hanmaibh bhíos i bpurgadóir.


1995] An dara gné phrinnsiopálta phéine bhíos i n-ifreann, dá ngoirthear pian easbadhach, mar atá bheith i n-easbaidh amhairc bheannuighthe na glóire, tré bhfaicthear an diadhacht 'na bhfuil an uile mhaith shoimhianuighthe. Agus atá i gconntabhairt, cia dhíobh pian is truime .i. bheith ag fulang na teine ifreanda do shíor, nó bheith i n-easbaidh ghlóire
2000] suthaine.

Agus is uime atáid an dá ghné phéine se i ndiaidh an pheacaidh, do bhríogh go bhfuilid dá olc phrinnsiopálta san pheacadh do-ní an peacthach ré déanamh an pheacaidh, mar


p.65

atá cúil-iompódh ón Chruthuightheóir agus gnúis-fhilleadh ar an
2005] gcréatúir. An tan iomorra do-bheir an pótaire dúil don digh d'ól go hainmheasardha, agus ibheas í go beith ar meisge dhó, do-ní cúil-iompódh ré a Chruthuightheóir an tan soin, an mhéid go sáruigheann an fhógra tug dhó, mar a n-abair ré duine gan craos do dhéanamh. Agus do-ní gnúis-fhilleadh ar an gcréatúir
2010] an tan ibheas go hanorduighthe an deoch, ionnus go ndéin dia dhi. Óir is ionann dó dia do dhéanamh don digh agus a breith do roghain ar thoil nDé do dhéanamh. Agus mar an gcéadna adeirim ris an tí bheireas corp na meirdrighe do roghain tar a gheanmnaidheacht do chongbháil ar thoil nDé; nó an tí
2015] bheanas amach go haindlightheach ór nó airgead, fonn nó fearann, crodh nó ceathra a chomharsan: is dearbh go ndéin dée fána dhícheall díobh, agus go gcuireann Dia ó bheith 'na Dhia an mhéid fhéadas. Óir is é is dia don uile dhuine, an tí is mó bheireas do roghain agus is annsa leis. Agus do bhríogh
2020] go mbeireann an pótaire an deoch do roghain, nó an striapach corp na meirdrighe, nó an sanntach an t-ór nó cuid a chomharsan, ní héidir a mheas nach dée do-níd díobh, ar dtréigean Dé fhírinnigh i ngioll orra.

An ceathramhadh goin

Atá an chéid-ghné úd dona pianaibh adubhramar, mar atá
2025] an phian ghníomhach, i n-íoc an ghnúis-fhillte do-ní an peacthach ar an gcréatúir. Óir cion a bhfaghann do shólás agus do shult sna créatúiribh úd ar an saoghal so, do-ghéabhaidh do dhólás agus do dhaoirse agus do dhocamhal thall é, muna íoca abhus ar a shon, do réir Eóin, san ochtmhadh caibidil déag do Leabhar
2030] na dTaidhbhreadh, mar a n-abair, quantum glorificavit se et in deliciis fuit, tantum date illi tormentum et luctum ‘an uiread do ghlórmharuigh sé é féin, agus do bhí i sádhaile, tugthar libh an uiread soin do phéin agus do dhoilgheas dó.’ Dá chor i gcéill, cion a bhfaghaid na daoine do sháimhrighe agus do mheadhair
2035] na beatha so, go bhfaghaid a dhíol do chruadh-dháil agus do chrádh san charcair úd thall. Gonadh uime sin adeir Lúcás san seiseadh caibidil, ag teacht tar an druing se, vae vobis


p.66

qui nunc ridetis, quia lugebitis ‘monuar dhaoibh, a dhream do-ní gáire anois, óir do-ghéantar caoineadh libh.’ Dá chor
2040] i gcéill, an dream do-bheir iad féin d'áineas agus do mhacnas na beatha so, gurab éigean dóibh sin d'íoc lé hamhluadh agus lé heólchaire thall.

An cúigeadh goin

Atá mar an gcéadna an dara gné pheine úd .i. an phian easbadhach, i ndiaidh an chúil-iompóidh do-ní an peacthach
2045] óna Chruthuightheóir. Óir mar do-ní an peacthach díogha don bheathaidh mharthanaigh agus rogha dona neithibh talmhaidhe, do-ghéana a chontrárdhacht i n-ifreann i n-antráth. Óir bí lán d'airc agus d'fhonn anorduighthe ris an nglóir do dhiúlt sé roimhe d'fhaigsin, ionnus nach féadtar a mheas créad é a mhéad
2050] do phéin dó, an t-áilgheas aidhbhseach anorduighthe agus an fonn frithir foiréigneach bhíos air ré blas na glóire sin; agus gurab dearbh leis gan é dá rochtain tré shaoghal na saoghal, dá mhéad bhíos ag dol i dtaisibh agus i dtáimh-néallaibh dá cionn. Agus is í an ghuais gháibhtheach so agus an t-anfadh anbháil atá
2055] ar mhuir mhailísigh an tsaoghail, ag tolladh agus ag tuargain arthraigh anma an duine, do-connarcas go fáthach do Pheadar naomhtha, do réir mar léaghthar san ochtmhadh caibidil ag Matha, mar a ndubhairt, agus é i n-aon-luing ré Críost i mbaogal a bháitte, Domine, salva nos, perimus ‘a Thighearna, fóir sinn,
2060] atámaid ar fágbháil.’ Agus níor chóra do Pheadar Críost do ghairm an lá soin ré linn a ghuasachta, ioná dona daoinibh i gcoitchinne Dia do ghuidhe. Óir ní lugha guais aoin aca ioná guais Pheadair an tráth soin. Agus fós, is mó guais na ndaoine, do bhríogh nach raibhe acht baoghal bháis chorpardha
2065] ar Pheadar, agus go bhfuil baoghal na dtrí mbás do luaidheamar ar na daoinibh i gcoitchinne. Gér gháibhtheach iomorra an fhairrge agus gér lag an long 'na raibhe Peadar, is burba an mhuir se na mailíse ar a bhfuilid na daoine, agus is laige leónta a luingeas, mar atáid na cuirp chealgacha chriadhamhla atá ré
2070] hiomachor a n-anam, agus gan iad cliste ná calma ré maraidheacht do dhéanamh, an tan éirgheas gaoth na glóire díomhaoine, agus tig séideadh soighnéanta na sainnte, agus tógbhaid uisgeadha


p.67

aigianta na hantoile 'na ndromannaibh diana díoghainne doieadrána díomais, agus 'na bhfrais-cheathaibh fraochdha fíochmhara
2075] forránacha feirge, agus na gcnocaibh codarsna cubhar-anfadhacha craois, agus 'na linntibh luchtmhara lán-aidhbhseacha leisge, agus 'na nduibh-néallaibh doimhne duaibhseacha dath-ghránna drúise. Ionnus an tan éirghid ruadh-bhuinneadha roi-mheara rioth-arda rabharta na mara so na mailíse i gcoinne
2080] agus i gcomhdháil a chéile timcheall luinge na hanma, go sloigthear í mar aon réna fuirinn .i. ris na céadfadhaibh, i n-aigéan na n-ainmhian, go marbhthar í amhlaidh sin. Agus is córaide dhúinn Críost do ghuidhe san éigean-dáil ghábhaidh se, do bhríogh gurab é féin amháin fhéadas ar bhfóirithin, do réir
2085] Lúcáis san cheathramhadh caibidil do Ghníomharthaibh na n-Apstal, mar a ndubhairt Peadar, non est aliud nomen datum hominibus sub caelo in quo oportet nos salvos fieri ‘ní fhuil ainm oile arna dháil dona daoinibh fá neamh ionarb éigean sinne do shlánughadh.’ Dá chor i gcéill gurab i n-ainm Íosa
2090] amháin shaorthar na daoine ó gach guais 'na mbíd. Agus dom iúl, ní fhuil san bhioth guais is aidhbhsighe ioná bheith i riocht arthraigh éislinnigh anma an duine re mbeith ag taisteall bóchna na beatha aimseardha dhi, mar go mbí truaill fhallsa fholamh fhollásach na colna féin ag gartadh, do
2095] léigean uisge na hantoile ar a horlár, go mbáittear cile an choguais leis.

An seiseadh goin

Agus is ag éagnach ar aindísle agus ar eisionnracus na colna do mhothuigh Pól ann féin labhras san seachtmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a n-abair, video aliam legem in
2100] membris meis, repugnantem legem mentis meae, et captivantem me in lege peccati, quae est in membris meis ‘do-chím reacht oile im ballaibh ag gleic ré reacht mh'intinne, agus dom chuibhreach i reacht an pheacaidh atá im ballaibh.’ Agus mar gur mhothuigh Pól, do bhí i ngrásaibh Dé, easurraim a chéadfadh do riaghail
2105] a réasúin, ní hiongnadh an peacthach do bheith uaimhneach oirmheata d'fhaitcheas na colna mar aon réna céadfadhaibh do


p.68

bheith i gceilg ar a choguas dá chlódh agus dá thurnamh. Gonadh uime sin adeir file éigin an rann so, 'gá iarraidh ar Dhia é féin d'anacul ar aindísle na colna agus a chéadfadh, ar mothughadh
2110] a mímhéine:
    1. Mo neart féin ná fulaing orm-sa,
      eadram is tú sul tí sinn;
      ná léig mé ar na raonaibh romhainn,
      caomhain, a Dhé, orainn inn.

2115] An saoghal cheana don leith oile dá créacht-ghoin lé caidreabh chealgach, agus lé fáiltidhibh fill ag forfhaire uirre, ag iarraidh a háraigh. Gonadh uime sin adeir file éigin ag reic agus ag faisnéis urchóide an tsaoghail an rann so, ag labhairt ris an saoghal féin:
    1. 2120] Is tú an tsodh mheabhlach mheangach,
      is tú an bheithir bhéimeannach,
      tú an nathair sheang, a sheise,
      is ceann athaigh uirre-se.
An t-aidhbhirseóir mar an gcéadna ag inneall a il-chleas ré a
2125] héigniughadh léna aimsighthibh, ionnus nach bí osadh aon-uaire ó neart-ghoil na námhad so aice. Gonadh ag éagcaoine na guaise se 'na gcuirid an triar easgcarad úd an duine adeir file dh'áirithe an rann so:
    1. An cholann ag comhrac riom,
      2130] 'sa tighearna atá i n-ifrionn,
      'san saoghal seise ar gcolna,
      meise im aonar eatorra.
An tan iaramh ghabhas an t-arthrach úd na hanma raon madhma agus míochosgair ag teitheadh rés na heasgcáirdibh céadna, mar
2135] atá antoil na colna, sainnt an tsaoghail, agus aimsiughadh an aidhbhirseóra, gabhaid agá tóraidheacht go taodach turcanta, go ndéinid míre mion-bhrúitte nó luaithreadh dhi, ar ndéanamh a héadála agus ar marbhadh a foirne, .i. ar mbuain a subháilceadh dhi, agus ar marbhadh a céadfadh. Gonadh uime sin adeir file
2140] éigin an rann so, ag caoineadh a amarráin féin do thoisg an trír chéadna:

p.69

    1. Neimh threaghdaidh is tinneas mór,
      mar sgeana sginneas im chliabh;
      ar mo thaobh níom tualaing suan,
      2145] buan fám thuaraim taom ón triar.

An seachtmhadh goin

Is córaide dhúinn iomorra an cholann do choimmeas ré harthrach do bhiadh ag imtheacht an aigéin, aní léaghthar ag Solamh san chúigeadh caibidil do Leabhar na hEagna, mar a n-abair, ag labhairt ar cholainn an duine, tanquam navis quae
2150] pertransit fluctuantem aquam, cuis cum praeterierit non est vestigium invenire, neque semitam carinae illius in fluctibus ‘amhail luing thriallas tré uisge buinne, 'sa lorg nach faghthar ré n-imtheacht di, ná cosán a cile súd sna buinneadhaibh.’ Dá chor i gcéill, an tan bhíos arthrach na hanma ag
2155] triall tar eas na haoise, nó tar bhuinne na beatha aimseardha, go dtig loing-bhriseadh dhó, dá dtig blogha beaga do dhéanamh dhe, an mhéid go gcuirthear go heasaontach a seilbh na hanma é, agus fós a seilbh a subháilceadh, agus a céadfadh, agus a huile bhríogh ar-cheana. Agus is é an t-arthrach so na colna go fáthach
2160] do thuig Peadar, do réir mar léaghthar san cheathramhadh caibidil déag ag Matha, mar adubhairt san luing ré Críost, iube me ad te venire super aquas ‘fógair dhamh teacht id dháil ar na huisgeadhaibh.’ Dá chor i gcéill, tar ceann gur mhór an ghuais bheith ar an uisge .i. ar an éag, gurab mó go meinic do ghuais
2165] bheith ag luingseóireacht arthraigh na hanma fá phíoráideacht an pheacaidh ag déanamh lot laothamhail, ioná sin. Agus is trés an arthrach soin na colna do bheith comh-baoghlach soin atá Pól ag ceisneamh a chrotha féin tré bheith i gcolainn, do réir mar léaghthar san seachtmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh,
2170] mar a n-abair, infelix ego, quis me liberabit de corpore mortis huius ‘is mise an duine neamhchonáich, cia shaorfas mé ó chorp an bháis se?’ As so is iontuigthe gur mhór an ghuais ré Pól bheith cuibhrighthe i gcarcair na colna daonna, ar mhéad na mbaoghal atá 'na cionn. Agus do bhríogh go bhfaiceann
2175] nach fuil daingean ná dídean oile ag na daoinibh, acht iad


p.70

féin do chor ar choimirce Dé, is eadh adeir riú, do réir mar léaghthar san seiseadh caibidil gusna Rómhánchaibh, sicut exhibuistis membra vestra servire immunditiae et iniquitati, ad iniquitatem, ita nunc exhibete membra vestra servire iustitiae in
2180] sanctificatione ‘amhail tugabhair bhar mboill ré foghnamh do neamhghloine agus d'urchóid go hurchóid, mar an gcéadna anois tabhraidh bhar mboill ré foghnamh d'fhíréantacht i naomhacht.’ Dá chor i gcéill, ó nach fuil urradh oile cosnaimh ná caomhnuighthe ag na daoinibh orra féin ó ghoimh na nguasacht do luaidheamar
2185] go ró so, gurab eadh dhlighid do dhéanamh, bríogh a mball agus a gcéadfadh do chaitheamh ré foghnamh do Dhia, i n-eineaclann na n-olc do-rinneadar. Agus atáid trí coinghill is ionchoimhéadta dhóibh ré foghnamh do dhéanamh do Dhia.

An t-ochtmhadh goin

An céid-ní, a gcroidhe do thabhairt do Dhia i modh bronntais.
2190] Agus atá Dia féin dá iarraidh sin orra do réir mar léaghthar san .23. caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, ag labhairt ris an duine, praebe, fili mi, cor tuum mihi ‘tabhair, a mhic ionmhain, do chroidhe féin damhsa.’ Dá chor i gcéill nach foláir leis croidhe an duine d'fhagháil ré déanamh feadhma
2195] dhó féin, agus nach lór leis foghnamh foirimeallach na mball oile gan an croidhe do chongnamh leó. Agus is uime sin adeir sé ris an duine san ochtmhadh caibidil dona Cainticibh, pone ut signaculum super cor tuum, et signaculum super bracchium tuum ‘cuir mise mar shéala ar do chroidhe agus mar shéala ar
2200] do láimh.’ Dá chor i gcéill gurab eadh dhligheas, bheith geimhlighthe fá ghéibheann ghrás nDé do leith a chroidhe agus a lámh, ionnus nach féadfadh smuaineadh ná oibriughadh acht do réir thoile Dé.

An naomhadh goin

An dara ní, iad féin do thabhairt go hiomlán do Dhia, do
2205] réir mar léaghthar san .22. caibidil ag Matha, mar a n-abair Críost ris an duine, diliges Dominum Deum tuum ex toto corde tuo, et in tota anima tua, et in tota mente tua ‘grádhuigh do Thighearna, do Dhia féin, ód chroidhe go hiomlán, agus it anam


p.71

go hiomlán, agus it intinn go hiomlán.’ As so is iontuigthe nach
2210] áil ré Dia leath-roinn an duine gan foghnamh iomlán a chroidhe agus a chéadfadh, a anma agus a intinne d'fhagháil dó féin, do bhríogh gurab dó amháin dhligheas amhsaine agus ógláchas do dhéanamh, air gurab é féin do-bheir tuilleamh agus tuarastal dó. Gidh eadh, is mór mhealltar an drong shaoileas go ngéabhaidh Dia a
2215] bhfeidhm uatha, agus iad i n-aoin-fheacht ag foghnamh do náimhdibh Dé, mar atá an diabhal, agus an saoghal, agus an cholann. Agus is uime sin adeir Eóin san naomhadh caibidil, scimus quia peccatores Deus non audit ‘is feasach sinn nach éisteann Dia na peacthaigh.’ As so is iontuigthe nach gabhann Dia feidhm
2220] ná foghnamh an pheacthaigh, do bhríogh, ó bheith 'na pheacthach dhó, go ndéin leath-roinn ré Dia, an mhéid go gcuireann cuid éigin do bhríogh a bhall nó dhá mheanmain i bhfeidhm do náimhdibh Dé.

An deachmhadh goin

An treas ní, an bronntas do-níd orra féin do Dhia, gan dol
2225] 'na dhiaidh, acht marthain i mbun a chomhaill do shíor, agus a mheas gurab ógláchas beatha bhíos ag Dia orra, agus dá réir sin nach dlighid ar feadh a mbeatha feidhm ná foghnamh do dhéanamh acht ar thoil a dTighearna féin, Dia uile-chumhachtach. Agus is é coingheall ar ar gheall Dia tuarastal don
2230] duine, agus fós a réidheachadh agus a fhóirithin as gach uile bhroid agus mhoghsaine, agus saoirseach do dhéanamh ar neamh dhe, dá gcaomhnadh é féin go buain-sheasmhach i ngrásaibh Dé agus i saothrughadh na subháilceadh, do réir Mhatha san .24. caibidil, mar a n-abair qui perseveraverit usque ad finem, hic salvus erit
2235] ‘an tí do-ghéana buain-sheasamh go deireadh, ag so an tí shláineóchar.’ Is córaide iomorra do dhuine buain-sheasamh do dhéanamh, nach bí fios na faille aige, mar atá fios uaire an bháis, do réir Sholaimh san naomhadh caibidil in Eccle., mar a n-abair, nescit homo finem suum ‘ní feas don duine a chríoch
2240] féin.’ Óir dá mbeith, ní gar nach diongnadh é féin d'inneall ré hucht na nguasacht bhíos 'na chionn i n-aimsir an éaga. Agus is dá chor so i gcéill atá an fábhaill-sgéal léaghthar ag Matha san .24. caibidil, mar a n-abair Críost, si sciret paterfamilias


p.72

qua hora fur veniret, vigilaret utique ‘dá bhfeasadh
2245] an t-athair muinntire cá huair dothiocfadh an bithbhineach, do-ghéanadh faire idir.’ As so is iontuigthe nach foláir don Chríostaidhe chalma bheith buain-sheasmhach i ndéanamh feadhma don Dúileamh dhligheas bith-díleas beatha gach aoin, agus dá bhríogh sin gurab dó dhligeas gach éin-fheidhm do
2250] dhéanamh go ndícheall agus go ndeithide ar feadh a ré agus a reimheasa. Agus is maith do thuigeadar glan-naoimh ghaosmhara ghlioca ghéir-intleachtacha Éireann aní sin ar an mhéad d'ulc agus do dhuadh do chuirdís orra féin tré bhruithneadh glan-dúthrachta ag iarraidh a réire do dhéanamh.

An t-aonmhadh goin déag


2255] Bíodh a fhiadhnaise sin ar Phádraig, aird-éarlamh Éireann, agus ar Cholam Chille, agus ar a chéile comhaoise Mo Chua, ar Mhaodhóg, ar Mo Ling ar Mo Laise, ar Mhaol Ruain, ar Chiarán, agus ar Dhiaglán, ar Fhíonán, agus ar Cholmán, agus ar Ruadhán, agus ar na céadaibh oile dhíobh, tug a mbeathaidh as go
2260] cráibhtheach crith-eaglach. Is amhlaidh iomorra do bhídís, agus aibíde aosta athchaitte iompa, a gcosa go foirbeach fornocht foghartach, táir-bhiadh agus tearc-ól do shíor aca, róin-léinte roighéara ruibeacha ag athghoin na n-áladh do-nídís orra féin, d'éis bheith dá sgiúrsadh agus dá sgoth-bhualadh féin go beith
2265] dá gcorpaibh créacht-ghonta, go mbídís frasa foirdhearga fola ag snighe agus ag snámh-thuitim ré sleasaibh seirg-easnacha a gcneas ón chiorrbhadh do-bheirdís orra féin. Do cleachtaoi leó fós fuacht agus faire agus fad-dúsgadh, urnaighthe agus almsana, aoine agus iairmhéirghe, luighe ar lár nó ar lom-thalamh agus clocha
2270] fogharbha fuara foirfhliucha fúthaibh. Bioth-ghrádh don bhochtacht agus tár ar an toicthe thalmhaidhe aca, agus iad ag baisteadh agus ag beannughadh, ag teagasg agus ag treórughadh na bpobal, agus fós ag proicheapt agus ag prímh-sheanmóir dhóibh. Agus urmhór na haicme iodhaine, nó forgla na feadhna fíréanda sin
2275] ag grinn-fheitheamh na glóire go glan-rúnda géar-radharcach do ghréas, agus a n-aigeanta ag onfais i n-oigéan an ionnracais, agus anm-cháirdeas irse idir gach lucht comhaimsire dhíobh, agus iad


p.73

'na gcró-bhuailtibh crábhaidh agus 'na gcarcair choimhiatta chreidimh timcheall a chéile, ag déanamh faire agus forchoimhéada
2280] ar-oile, go ngabhdaois na truaille talmhaidhe do bhíodh umpa traothadh agus tuirbhreódh chuca, agus dá bhíthin sin go mbídís na colna céadna soin fá chuing umhlachta dá n-anmaibh. Ionnus go dtigeadh dhe sin, an tan do bhuaileadh Dia splangc spionnamhail do spor-ghoin a spiorad, gur shoiléir dhóibh as
2285] an solus do-níodh an soiléas soin, nár thréigthe dhóibh bliocht buan-toirtheach blas-chumhra na beatha suthaine do bhídís do thuar agus do thuilleamh ar dhubh-lacht duthain diombuan an domhnáin.

An dara goin déag

Acht cheana fa-ríor, ní léir an lonnradh nó an ga gréine
2290] grás bhíos ré lingeadh go laothamhail ó Dhia ar na daoinibh, do mhórán do dhaoithibh dúra daill-intleachtacha, do thuaith-chliaraibh tura tearc-mhúinte, do bharántaibh borba beig-léighinn, agus d'ughdaraibh earraoideacha eiriticeamhla na haimsire se, dá dtabhair Dia athaidh fhada agus aimsir imchian ré déanamh
2295] aithrighe, agus gurab eadh do-níd-sean agus lucht a leanta, bheith ag dol i mbeó ar Dhia go díotharbhach, lé dubháilcibh agus lé droch-oibreachaibh mar uile ghaisgeadh dhóibh féin. Agus mo thruaighe mhór, dá dtugdaois amharc a n-intinne ar an raon ndocrach ndoieólais atá rompa, agus gan fios na faille aca, agus nach
2300] léigeann Dia aoin-neach ré mbeith a ghrúg dá ghrianán, do thréigfidís bheith ag diúl dubh-lachta domblasta na beatha so. Uch, a dhuine, dá dteagmha athlasadh álaidh nó nuai-pheacadh neimhneach ód neamhfhaire féin duit, luigh go luath i leabaidh chléithe comhghoine an chroidhe, agus tógaibh fian-bhoith fíréandachta
2305] do chumhdach do choguais, agus cuir lámh ar do leigheas ód lochtaibh.

An treas goin déag

Ionnus gurab móide do-ghéantá luas ré leigheas do chor ort féin, fios na n-earradh n-íoc-shláinteach do bheith agat, bíodh a sháir-fhios agat gurab íoc-luibh dá gach othras, agus gurab urchosg
2310] imleighis dá gach easláinte dá mbí ar an anam an aithrighe; agus gurab ceirín dá gach créacht an crábhadh, agus gurab luibh leighis


p.74

dá gach lot an lóir-ghníomh; agus gurab copgha cneasuighthe dá gach cneidh chuas-domhain chraos-oslaigthe dá mbí ar an gcoguas an cuartughadh crith-eaglach agus an foruathar friochnamhach
2315] do-bheir an díoghrais diadha fá árusaibh iomchaola iargcúlacha na hanma lé fiadhach friothurlamh na faoisidne. Ionnus an tan do-beirthear sáthadh na sleighe seilge sin mar iarratach i n-áladhaibh an anma, go luath-sgaoiltear lionn lúith na locht agus fochall an pheacaidh a hothras-lotaibh na hanma, go
2320] ndéantar iad amhlaidh sin d'ionnradh agus d'argain as, go beith sleamhain sláin-chréachtach dhó.

An ceathramhadh goin déag

Is truagh nach léir don druing nach urmaiseann an aithrighe 'na ham gurab eadh do-ní an t-aidhbhirseóir ris an bpeacthach, amhail do-ní an faol-chú ris an gcaoirigh. Óir is ar bhrághaid
2325] uirre bheireas, d'eagla go ndéanadh meidhil do-chluinfeadh an t-aoghaire, agus go dtiocfadh dá fóirithin. Mar an gcéadna do-ní an t-aidhbhirseóir ris an bpeacthach. Beiridh ar mheall brághad air, agus fáisgthear leis barróg na haindiúide go docht ar a mheanmain, go nach léigeann dó a locht do chor síos san
2330] bhfaoisidin, dá dtiocfadh aoghaire na hanma do thoidheacht dá fhóirithin a hanbhroid an aidhbhirseóra.

An cúigeadh goin déag

Is é fáth as nach léir don pheacthach gurab leis na sásaibh réamhráitte do-níthear é d'fhóirithin, do bhríogh gurab eadh do-ní an diabhal ris an duine amhail do-ní an fiach dubh ris an
2335] mbeathadhach bhíos easlán nó báitte i dtuinn: gobaidh a shúile as a cheann. Mar an gcéadna do-ní an diabhal ris an bpeacthach, an tan do-gheibh i bpríomh-ghalar an pheacaidh nó i dtuinn atmhair na hurchóide é. Gabhaidh ag cealg-ghoin rosg a réasúin, go bhfágbhann dall é, as nach léir dhó leasughadh do dhéanamh
2340] 'na lochtaibh.

An seiseadh goin déag

Ní fhuil fós dá éignighe do-bheir duine amus ar aithrighe do dhéanamh nach mó sa chách do-ní an diabhal dícheall ar a


p.75

thoirmeasg. Do bhríogh gurab ionann dál dó ris an tí chuireas roimhe aithrighe do dhéanamh agus don chat ris an luich. Is
2345] amhlaidh iomorra do-ní an cat ris an luich, bheith ag ámhaill agus ag súgradh ria, an gcéin bhíos ag fuireach ar a chumus féin aige. Gidh eadh, an tan do-bheir sidhe ar dhol fá dhaingean dá dídean féin air, do-bheir crobh dá créachtnughadh dhi.

An seachtmhadh goin déag

Do bhríogh iomorra gurab do dhearmad do thabhairt i
2350] gcuimhne an bháis tig an duine do dhéanamh peacaidh, is eadh dhligheas do dhéanamh amhail do-ní an phéacóg. Is eadh cheana do-ní sí, an tan at-chí a hearr iol-dathach i n-eagar ós a cionn, agus mhothuigheas dá bhríogh sin a huaill ag ardughadh, do-bheir silleadh síos ar a cosaibh garbha gartacha, agus tig don
2355] mhíghné at-chí ar a cosaibh a macnas agus a mómhaireacht do mhúchadh. Mar an gcéadna dhligheas an duine do dhéanamh, féachain go cruaidh ar a chosaibh .i. ar a chríochaibh, agus meas agus mion-chuartughadh do dhéanamh ar na bearnaibh baoghail atá roimhe, agus go mór-mhór ar an mbás atá dh'áirithe ag gach
2360] aon go cinnte, do réir mar adeir Pól san naomhadh caibidil gusna hEabhraidhibh, statutum est hominibus semel mori ‘do horduigheadh dona daoinibh aon-uair amháin bás d'fhagháil.’ Agus dá ndearna soin, is dearbh go rachaidh as ó ghoimh an dá bhás do luaidheamar, mar atá bás na coire agus bás na péine,
2365] agus nach diongna an treas bás .i. bás an chuirp, díoth ná dochar dhó.

An t-ochtmhadh goin déag

Adeir Seneca in Epist., satis multum temporis sparsimus, incipiamus vasa in senectute colligere; in freto viximus, moriamur in portu ‘is lór dhúinn ar sgaipeadh d'aimsir linn, tionnsgnam
2370] cruinniughadh na soitheach san seanórdhacht; do mhaireamair san muir, déanam éag san chuan.’ Ionann sin ré a rádh agus go ndleaghair dhúinn arthraigh na hanma do chruinniughadh i gceann a chéile 'na gcabhlach i gcuan an chrábhaidh, agus angcaire na haithrighe do léigean fúthaibh dá dtoirmeasg ar
2375] luasgadh na locht, d'eagla a leónta lé tuargain thonn n-atmhar


p.76

na hurchóide bhíos iarna musgladh lé measgadh mear-anfadhach na mailíse. Agus is córaide dhúinn deithbhir do dhéanamh ré stiúradh ar long gus an gcuan úd an chrábhaidh, gurab amhlaidh bhímíd amhail cheannaighe do bhiadh tar lear ag
2380] déanamh turais, ar a mbiadh foghlaighe fairrge ag oirchill ré buain a earradh dhe, agus réna mharbhadh féin, agus do bhiadh ag tóraidheacht air ón chuan as a dtriallfadh gus an gcuan 'na saoilfeadh comhnaidhe. Mar an gcéadna bhíos an bás i n-oirchill do shíor ar an duine, ar tí a dhochair do dhéanamh, ón
2385] tráth thriallas a cuan a gheineamhna go caladh a chríche. Agus ná measadh aoin-neach nach tig an bás chugainn acht i n-uair ar n-éaga amháin, acht bíodh a dheimhin aige, an lá gheintear neach i mbroinn, agus tig do luingseóireacht ar bhóchna na beatha tadhaill, go dtógbhann an bás an lá céadna a sheólta suas go
2390] sár-aibéil, agus go leanann go réim-dhíreach san rian chéadna an duine, go mbeanann a uile bhríogha agus maoine dhe.

An naomhadh goin déag

Is córaide dhúinn a mheas nach eadh amháin i ló a éaga bhíos an bás ag tóraidheacht ar an duine, acht fós go mbí do ghnáth ar a lorg, aní léaghthar ag Seneca de Conceptu Mortis,
2395] mar a n-abair, ultima hora qua esse desinimus, non sola mortem facit, sed sola consummat: tunc ad illam pervenimus, sed diu venimus ‘ní hí an uair dhéidheanach amháin 'na dtéimíd ar ceal do-ní an bás, acht is í amháin chríochnuigheas: an tráth soin tig linn a rochtain, gidh eadh, is cian dobhámar ag teacht
2400] 'na dháil.’ A briathraibh an ughdair se is iontuigthe gurab iomdha amus do-bheir an bás ar an duine sul mharbhas é. Agus is córaide sin do mheas, mar do-cíthear dhúinn go meinic géire na sgríob do-bheir an bás ar na daoinibh, mar is follus isna fiabhrasaibh, agus isna teidhmibh troma, agus isna
2405] guaisibh iomdha oile lé ndéantar an duine do bhreódh leis, agus fós san aois féin lé ngadtar go téaltuightheach sláinte agus bríogha an chuirp diaidh i ndiaidh, go gcuireann an bás fá ghreim fá dheóidh é.


p.77

Trí Bior-ghaoithe an Bháis