Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 6

AN SEISEADH HALT

'na ndéantar coimmeas idir dá chomhartha dhéag an bháis chorpardha agus an bháis spioradálta.

An chéad-ghoin

Tuig, a léaghthóir, ó's é an bás is díol agus is tuilleamh i n-íoc
1540] an pheacaidh, do réir Phóil san seiseadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a n-abair, stipendia peccati mors ‘tuarastail an pheacaidh an bás.’ Dá chor i gcéill nach foláir dá gach aon-duine oirchill do bheith aige air féin lé mbiadh ollamh ar a chionn, ionnus ó nach fuil dol ón bhás chorpardha aige, go
1545] bhféadfadh é féin do chaomhna agus do choimhéad ar bhás na coire. Agus ar chor gomadh móide do fhéadfadh é féin d'imdhídean agus d'anacul air, fios a raibhthe forfhógarthacha agus a chomharthadh gcinnte do bheith aige, measaim gurab tarbhach don duine na comharthadha cinnte fhorfhógras an
1550] bás corpardha do bheith i ngar do neoch do chor síos annso, agus comharthadha cinnte bháis na coire fhreagras dóibh sin mar an gcéadna, ionnus óna bhfios do bheith ag neach, go dtuigfeadh an duine cuin do bhiadh féin marbh do bhás na coire. Agus atáid a dó dhéag ré a n-áireamh ag gach bás don dá bhás.

An dara goin


1555] An céad-chomhartha lé bhforfhógarthar an bás corpardha, anorduightheacht an bhlais. An tan iomorra do-gheibh an t-othar blas ar aní budh anfholláin dó agus diomblas ar aní budh folláin dó, is comhartha báis é. Mar an gcéadna don othar spioradálta, is comhartha báis na coire an tan do-gheibh an
1560] peacthach blas ar dhíomhaoineas agus ar shádhaile agus ar bhaosradh na beatha aimseardha, agus diomblas ar shochar na sácramainteadh agus ar theagasg bhréithre Dé. Agus is ar an druing se labhras Dáibhídh, mar a n-abair, omnem escam abominata est anima eorum, appropinquaverunt usque ad portas mortis ‘do ghabh déistin a
1565] n-anam súd ris an uile oileamhain, do dhruid siad go doirsibh an bháis.’ Dá chor i gcéill go mbí bás na coire san ursain ag an druing


p.52

nach faghann blas ar bhriathaibh Dé ná ar na soibhéasaibh, agus rénar milis briathra borba agus baothántacht na beatha corpardha. Agus is i bhfioghair staide na druinge se atá aní léaghthar ar
1570] Chloinn Israel san aonmhadh caibidil déag do Leabhar na Nuimhreach, mar do chleachtaoi leó bheith ag diommoladh an phlúir neamhdha, agus ag sanntughadh na brúid-bheatha do chleachtadar san Éigipt.

An treas goin

An dara comhartha, mar atá easbaidh díleaghtha. An tan
1575] iomorra nach féadann an t-othar an biadh chaitheas do chongbháil fána chlí, nó, dá gcongbhaidh é, nach féadann díleaghadh do dhéanamh air do dhíoth an teasa nádúrtha agus na flichidheachta fréamhamhla, is comhartha cinnte báis é. Amhail iomorra do-níthear an céid-díleaghadh san ghoile, an dara díleaghadh sna
1580] haéibh, agus an treas díleaghadh sna ballaibh fá seach, lé teas agus lé flichidheacht maille ré gníomhughadh na bríogha díleaghtha, mar an gcéadna go spioradálta, an tan éagas teas an ghrádha agus flichidheacht an ghlan-dúthrachta, téid báthadh ar dhíleaghadh bhreíthre Dé, arna clos agus gan a coimhéad. Budh dual trá
1585] briathra Dé do dhíleaghadh fá thrí, amhail do-níthear an díleaghadh corpardha: an céid-díleaghadh i ngoile na meamhrach, lé cuimhniughadh uirre; an dara díleaghadh i n-aéibh na toile, lé gean do bheith uirre agá téaghadh ar thinntéan nó ar theallach na toile; an treas díleaghadh sna ballaibh fá seach
1590] lé gníomhughadh cneasta. Gidh eadh, an dream nach faghann blas ar bhréithir Dé, agus nach déanann a díleaghadh fá thrí amhail adubhramair, is follus go bhfuil comhartha cinnte bháis na coire ortha. Agus is ar an tí ar a mbí an comhartha so labhras Dáibhídh, mar a n-abair, odisti disciplinam et proiecisti sermones
1595] meos retrorsum ‘do fhuathuigh tú an seóladh agus do theilgis mo ráitte-se druim tar ais.’ Dá chor i gcéill, an tí ar a mbí an comhartha báis se, nach binn leis briathra Dé do chlos agá seóladh dhó, agus nach milis leis iad ré a gcoimhéad ná ré díleaghadh do dhéanamh orra. Agus is ar an druing se atá
1600] Isaias ag casaoid san chúigeadh caibidil, mar a n-abair, abiecerunt legem Domini exercituum, et eloquium Sancti Israel blasphemaverunt


p.53

‘do ruaigsead reacht Tighearna na sochaidheadh, agus do dhiamhasluighsead labhra Naoimh Israel.’ Agus is ar an druing gcéadna labhras Dia, ag bagar orra agus agá rádh nach tillfeadh
1605] iad ó bhás na coire, do réir mar léaghthar san dara caibidil ag Amos, mar a n-abair, ag cur an réasúin síos créad nach tillfeadh ó bhás na coire iad, eo quod abiecerunt legem Domini ‘do bhríogh (ar sé) gur ruagadar reacht an Tighearna.’

An ceathramhadh goin

An treas comhartha, claochlódh na gnúise, mar atá an tsrón
1610] do bheith arna caolughadh, an tsúil do bheith cuas-shloigthe, agus na cluasa do bheith ar gcrapadh agus ar bhfuaradh. Mar an gcéadna don othar spioradálta. Is ionann an caolughadh srón úd agus mar bhíos ag boltnughadh go fuireachair ar bhéasaibh cáich, ar dtabhairt an chrotha 'na mbí féin i ndearmad. Agus
1615] is ris an tí se labhras Ieremias san .31. caibidil, mar a n-abair, reverte virgo Israel, reverte ad civitas tuas. Usque quo deliciis vaga dissolveris ‘till, a mhaighdean Israel, till ar do chathrachaibh féin. Gá fad bhus sgaoilte thú ar síodhán i sádhaile?’ Is eadh aitcheas nó athchuingheas Ieremias annso ar an duine,
1620] gan bheith ag seilg ná ag sraith-fhiadhach, ná ag léir-mheas ná ag lorgaireacht ar lochtaibh a chomharsan, ar ndearmad a dhoibhéas féin; agus dá ndearna, is comhartha cinnte ar bhás na hanma é. Ionann fós an slogadh súl úd agus an sáthadh do-ní an peacthach ar rosgaibh a rúin sna neithibh talmhaidhe, ar
1625] n-iompódh a thoile ó bheith ag smuaineadh ar na neithibh neamhdha. Agus is ris an bpeacthach so adeir Ieremias san treas caibidil, leva in directum oculos tuos, et vide ubi non prostrata sis ‘tógaibh go díreach do shúile, agus féach cáit 'snár leagadh thú.’ Dá chor i gcéill go ndligheann an peacthach
1630] dearc a dhíoghraise do thógbháil a cuas an chonáich shaoghalta, agus silleadh ós a chionn, d'amharc gach othrais agus gach éislinne dá mbí ar a anam. Ionann mar an gcéadna an crapadh agus an fuaradh cluas úd agus gan milse bhriathar nDé do fhromhadh, ná giall dóibh. Agus is eadh adeir Solamh ris an tí ar a


p.54


1635] mbí an comhartha so, amhail léaghthar san ochtmhadh caibidil fichead do Leabhar na Seanfhocal, qui declinat aures suas ne audiat legem, oratio eius erit execrabilis ‘an tí chlaonas a chluasa go nach cluinfeadh an reacht, biaidh a urnaighthe malluighthe.’ Ionann sin ré a rádh agus gurab malluighthe an tí nach éisteann
1640] ré briathraibh Dé, agus dá réir sin gurab comhartha cinnte ar bhás na hanma gan chluais do thabhairt ré héisteacht agus ré coimhéad bhriathar nDé. Agus don leith oile adeir Críost san chúigeadh caibidil ag Eóin na briathra so, qui verbum meum audit, et credit ei qui misit me, habet vitam aeternam,
1645] et in iudicium non venit, sed transit a morte in vitam ‘an tí do-chluin mo bhriathra-sa, agus chreideas don tí do chuir uaidh mé, atá an bheatha shíor aige, agus ní thig fá bhreitheamhnas, acht triallaidh ó bhás go beathaidh.’ As so is iontuigthe gurab comhartha cinnte ar bhás na coire an tan chrapas agus fhuaras
1650] cluas an pheacthaigh lé hoighreadh na hurchóide agus an éagcrábhaidh, agus dhúnas lé dullán dubháilceadh, nó lé comhlaidh chean, céadfaidh na héisteachta, ionnus nach cluinfeadh agus nach creidfeadh briathra Dé ná teagasg a leasa.

An cúigeadh goin

An ceathramhadh comhartha báis chorpardha, éagcomhthrom
1655] na cuisleann, an tan bhuaileas go neimhionann, mar atá seal go luath agus seal go mall, seal go meirbh agus seal go láidir. Agus is eadh is cuisle ann, friothbhualadh gluasachta an chroidhe sna hairtiribh, thionnsgnas ón chroidhe lé gcoimhéadtar an t-aieór agus spiorad na beatha. Agus is eadh go spioradálta
1660] chialluighid na cuisleanna úd, miana an chroidhe dhaonna. Agus is eadh chialluigheas an mhalairt úd ar ghluaiseacht na gcuisleann, claochlódh corrach diombuan luath-aigeantach na mian gcéadna. Agus amhail is comhartha báis chorpardha gluasacht neimhionann na gcuisleann, mar an gcéadna is
1665] comhartha ar bhás na coire, an tan bhíd miana an chroidhe corrach, agus do-níthear a malairt fá seach, mar theagmhas do mhórán do dhaoinibh dul ó bheith measardha go beith craosach, o bheith cráibhtheach go beith éagcráibhtheach, ó bheith geanmnaidh


p.55

go beith drúiseach, ó bheith fosaidh go beith feargach; agus
1670] mar sin dóibh ag malairt idir na miana agus na hainmhiana, ionnus gurab neimhionann gluasacht chuisleann an choguais aca; agus don chomhartha soin aitheantar bás na coire dá rochtain. Agus is ar anam an tí bhíos luath-aigeantach labhras Solamh san seachtmhadh caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a
1675] n-abair, garrula et vaga, quietis impatiens, etca. ‘labharthach agus síleach, gan fulang chomhnaighthe.’ Dá chor i gcéill go mbí aigneadh an pheacthaigh ar lúth agus ar luadhaill, ag léim ó locht go locht, do bhríogh nach bí fundaimeint fhorasta fhíréandachta fúithe.

An seiseadh goin


1680] An cúigeadh comhartha báis chorpardha, codladh corrach antráthach. Is eadh iomorra is codladh antráthach ann, an tan do-ní duine suan ar ló agus dúsgadh san oidhche. Go spioradálta, is eadh chialluigheas an codladh úd, faill, agus is eadh chialluigheas an lá, an tsláinte, agus an oidhche, an galar. Mar
1685] sin, an tí do-ní faill nó seachmall ar ló .i. 'na shláinte, agus chuireas a leas ar cairde i gcomhair oidhche na heasláinte, is follus go bhfuil comhartha cinnte bháis na coire air. Agus is uime sin ghuidheas Dáibhídh Dia, dá iarraidh air é féin do dhíon ar an gcoir se, mar a n-abair, illumina oculos meos ne unquam
1690] obdormiam in morte ‘soillsigh mo shúile, ionnus nach codlainn choidhche san bhás.’ Agus is eadh iarras ar Dhia, gan a léigean dó féin faill do dhéanamh, dá dtiocfadh é féin do bheith marbh i mbás na coire. Atá fós Pól dá theagasg don pheacthach bhíos 'na chodladh san pheacadh dá ngairthear faill, éirghe
1695] as, do reir mar léaghthar san chúigeadh caibidil go Ephesios, mar a n-abair, surge, qui dormis, et illuminabit te Christus ‘tusa atá it chodladh, éirigh, agus soillseóchaidh Críost tú.’ Asta so is follus gurab comhartha cinnte ar bhás na coire an codladh úd dá ngairthear faill.

An seachtmhadh goin


1700] An seiseadh comhartha ar an mbás chorpardha .i. allus anorduighthe nach i ló an fhaothaimh do-geibhthear, agus


p.56

nach bí as an gcorp go huilidheach, agus bhíos fuar, agus nach tabhair biseach na sláinte don othar. Go spioradálta is eadh chialluigheas an t-allus, an fhaoisidin, agus an faothamh, breitheamhnas
1705] an tsagairt; an t-allus neamhuilidheach, ciorrbhadh na faoisidneach; agus an fhuaire bhíos ann, neimhtheas cuisneamhail na coire, lé múchtar grís ghrádha Dé agus na comharsan, is snáth uama dona subháilcibh, is cruaidh-théad cheangail don chrábhadh, agus is uchtach ór-naisg don aithrighe. Agus is
1710] ar an tí do-ní faoisidin ar an gcor so labhras Solamh san seachtmhadh caibidil déag in Ecclo., mar a n-abair, a mortuo quasi nihil perit confessio ‘téid an fhaoisidin ar ceal ón mharbh amhail neimhní.’ Dá chor i gcéill, an dream do-ní an fhaoisidin fhallsa fhollásach úd, nach téid i sochar don tí bhíos marbh
1715] ó bhás na coire, amhail nach téid an t-allus do luaidheamar i sláinte don othar. Tuig, a léaghthóir, gurab anfholláin an t-allus do chor acht i ló an fhaothaimh. Mar an gcéadna is damanta don tí do-ní faoisidin agus faisnéis ar a pheacadh féin, acht do láthair an tsagairt. Gidh eadh, is iomdha fa-ríor
1720] feidhneóir fíor-uallach faithche, badhgaire bras-ráitteach, agus baothán builidh beig-ciallda, mhaoidheas go bréagach, a los anbhairr agus iomarca, do láthair bhan dá mbréagadh, a gcumus féin ar ól agus ar imirt, ar mhilleadh ban, ar ghoid, ar éigean agus ar mharbhadh daoine, agus ar gach olc oile dá ndéinid agus nach
1725] déinid. Gidh eadh, bíodh a fhios aca gur comhartha cinnte ar bhás na coire é.

An t-ochtmhadh goin

An seachtmhadh comhartha ar an mbás gcorpardha, bréantas anáile. An tan iomorra bhíos anál bhréan ag an othar, is comhartha é ar sgaoileadh nó ar bhriseadh bronn do bheith
1730] aige, agus dá réir sin, ar an mbás do bheith i ngar dhó. Mar an gcéadna go spioradálta, an tí dhoirteas a mhíochlú féin dá gach leith léna mhíghníomhaibh, bí droch-bhaladh mítheasta air, agus dá réir sin bí comhartha bháis na coire air. Agus is ar an druing bhíos ar an gcor soin labhras Ieremias san seiseadh
1735] caibidil, mar a n-abair, confusi sunt quia abominationem fecerunt


p.57

‘atá meadhradh orra tré mar do-rónsad gníomh déistineach.’ Dá chor i gcéill go mbí commbuaidhreadh na coire ag déanamh droch-bhalaidh na míochlú ón pheacthach, agus an tan do-chluin féin a mhítheist dá haithfhriotal, cuiridh meadhradh air, trésan
1740] diúide ghabhas é. Agus is ar an druing se labhras Solamh san dara caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair quorum viae perversae sunt, et infames gressus eorum ‘an dream is saobh slighthe, is mítheastach a gcéime.’ Agus is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar ag Eóin san aonmhadh caibidil déag, mar a
1745] n-abair Martha, ag labhairt ré Críost do thaoibh a dearbhráthar, Domine iam foetet, quatriduanus est enim ‘a Thighearna, atá sé bréan, óir atáid cheithre lá ó's marbh é.’ As so go fáthach is iontuigthe, an dream bhíos marbh cheithre lá go spioradálta, leis na ceithre gnéithibh peacadh ó bhféadtar duine d'aithbheódhadh,
1750] mar atá smuaineadh, labhairt, gníomh, agus gnáthughadh, go mbí comhartha cinnte bháis na coire air.

An naomhadh goin

An t-ochtmhadh comhartha ar an mbás chorpardha .i. easbaidh urlabhra. An tan trá do-bheir duine an fhaoisidin agus moladh Dé i ndearmad, is comhartha bháis na coire é. Agus
1755] is ris an tí do-gheibh an bás so adeir Solamh san seachtmhadh caibidil déag in Ecclo., vivus et sanus confiteberis, et laudabis Deum ‘ré linn do bheatha agus do shláinte do-ghéana tú faoisidin agus molfaidh tú Dia.’ Dá chor i gcéill go bhfuil an fhaoisidin éigeantach ré haithbheódhadh an té bhíos marbh ó bhás na
1760] coire. Agus is uime adeir ar dtús an fhaoisidin do dhéanamh ré moladh Dé, do bhríogh nach gabhann Dia urnaighthe an pheacthaigh, nó go mbí arna fhothragadh lé fíor-uisge na faoisidneach, do réir mar adeir Solamh san chúigeadh caibidil déag in Ecclo., non est speciosa laus in ore peccatoris ‘ní maiseach
1765] an moladh i mbéal an pheacthaigh.’ Dá chor i gcéill, an dream bhíos marbh ó bhás na coire, nach faghann Dia blas ar a n-urnaighthe, acht mar gurab i n-easbaidh urlabhra do bhiadh siad ó bhás na coire. Agus is ar an druing se labhras Dáibhídh, mar a n-abair, non mortui laudabunt te Domine, neque


p.58


1770] omnes qui descendunt ad infernum ‘ní mholfaid na mairbh thú, a Thighearna, náid na huile théid síos i n-ifreann.’ Ionann sin agus nach gabhann Dia moladh ná urnaighthe na druinge bhíos marbh ó bhás na coire, agus nach mó mholtar é leis an druing dhamanta bhíos i n-ifreann. Ionnus, mar aitheantar an deóraidh
1775] ar a bhéasgna cia an chríoch nó an cionnaidh is dúthaigh dhó, mar sin go meinic aitheantar ar uraghall an duine an é flaitheas Dé is dúthaigh dhó, nó an é ifreann. Óir madh fírinneach sochraidh ceannsa comhrádh an duine, is comhartha sin gurab é flaitheas Dé is dúthaigh dhó, agus madh bréagach borb beag-tharbhach
1780] a bhriathra, is comhartha gurab é ifreann is dúthaigh dhó. Agus cibé labhras ar an dara modh so, is geall ré heasbaidh athaisg do bheith air é, agus da réir sin bí comhartha bháis na coire air.

An deachmhadh goin

An naomhadh comhartha ar an mbás gcorpardha, maoladh
1785] na meabhrach. Óir an tan chailleas duine a mheabhair, is comhartha báis air é. Mar sin go spioradálta, an tí do-bheir i ndearmad dearlaigthe Dé, a bhreitheamhnais, a aitheanta, agus a luaighidheachta, is comhartha cinnte ar bheith marbh ó bhás na coire é. Agus is ar an tí bhíos marbh i mbás na
1790] coire se labhras Dáibhídh, mar a n-abair,non est in morte qui memor sit tui ‘ní fhuil san bhás neach do bhiadh cuimhneach ort-sa.’ Dá chor i gcéill, an tí bhíos marbh do bhás na coire, nach bí cuimhne ar Dhia ná ar a thiodhlaicthibh aige. Agus fós is ar an druing gcéadna so labhras Dáibhídh, mar a n-abair,
1795] et obliti sunt Deum qui salvavit eos ‘agus tugadar i ndearmad Dia do shlánuigh iad.’ Dá chor i gcéill, an dream bhíos marbh ó bhás na coire, nach cumhain leó commaoin dár chuir Dia orra, ar mbeith dá meabhair arna maoladh, amhail adubhramar.

An t-aonmhadh goin déag

An deachmhadh comhartha ar an mbás gcorpardha, an tan
1800] choisgeas a luadhaill nó a ghluasacht. Óir an tan nach féadann duine aon-bhall dá bhallaibh do chorraighe, is comhartha cinnte báis é. Mar sin go spioradálta, an t-anam bhíos gan luadhaill


p.59

na deagh-oibre, bíth marbh do bhás na coire. Óir is é an creideamh beatha na hanma, do réir Abacuc san dara caibidil,
1805] mar a n-abair, iustus in fide sua vivet ‘méaraidh an fíréan 'na chreideamh féin.’ Gidh eadh, do réir S. Séam san dara caibidil mar a n-abair, fides sine operibus mortua est ‘is marbh an creideamh gan deagh-oibreachaibh.’ Dá bhríogh sin, ó's marbh an tí bhíos gan luadhaill ré déanamh na ndeagh-oibreach, ní
1810] foláir dhúinn bheith seadhmhar ré saothrughadh na subháilceadh agus na soighníomh. Agus atáid cheithre cinéil deagh-oibreach dhleaghair dhúinn do dhéanamh.

An céid-chinéal, mar atáid oibreacha áilgheasacha na haithrighe ré hionnladh na hanma ó mheirg na mailíse. Agus is é an
1815] t-ionnladh so na haithrighe fhoráileas Críost, do réir mar léaghthar san treas caibidil ag Lúcás, mar a n-abair, facite fructus dignos poenitentiae ‘déanaidh toirthe fiúdhantacha na haithrighe.’ Agus is i bhfioghair aneithe céadna atá aní léaghthar san chúigeadh caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh,
1820] mar do fhoráil Eliseus ar Naaman é féin do nighe fá sheacht i sruth Iordáin. Agus fós atá san áit se Dia ag déanamh bagair san Scrioptúir mar a n-abair san treas caibidil déag ag Lúcás, nisi poenitentiam egeritis, simul omnes peribitis ‘muna ndearntar aithrighe libh, caillfidhear uile i n-aoin-fheacht sibh.’ Gonadh
1825] aire sin adeir file éigin an rann so:

    1. Gá fios damh, a Dhé nimhe —
      anois uair na haithrighe —
      an mbiam an uair oile ann?
      an uain bhus goire gabham.


1830] An dara cinéal oibre, mar atáid oibreacha na trócaire, do réir Phóil san treas caibidil déag gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair, caritas fraternitatis maneat in vobis, et hospitalitatem nolite oblivisci ‘comhnaidheadh an grádh bráthardha ionnaibh, agus ná tugthar libh i ndearmad an aoidheacht;’ agus mar adeir
1835] san áit chéadna, mementote vinctorum tanquam simul vincti ‘bíodh cuimhne agaibh ar na cimeachaibh, mar go mbiadh sibh féin mar aon riú cuibhrighthe.’ Dá chor i gcéill go ndligheann


p.60

duine éigean-dáil agus anfhorlann a chomharsan d'fhóirithin agus d'anacul, amhail do-ghéanadh air féin dá mbeith san ghuais
1840] chéadna.

An treas cinéal oibre, mar atá sgrúdadh agus sgáthántacht glan-rúnda do dhéanamh ar na neithibh neamhdha. Agus atá an Coimdhe ag cuireadh na ndaoine ré déanamh an sgrúduighthe se, do réir mar léaghthar san .24. caibidil in
1845] Ecclo., mar a n-abair, transite ad me omnes qui concupiscitis me ‘triallaidh im dháil-se, na huile shanntuigheas mé.’ Agus is cuid don sgrúdadh soin oibreacha na heagna, mar atá éisteacht go friochnamhach ré friotal na fírinne, agus na neithe chluinfeas tú do choimhéad id
1850] chuimhne; agus na neithe chuirfeas tú id chuimhne do ghníomh-ghnáthughadh; leabhair dhiadha do léaghadh, agus fós frithléaghadh fuireachair do dhéanamh orra, go ndeithide agus go ndícheall ndofhaisnéise; foirfhiafraighidh do dhéanamh ar neithibh conntabhartacha; lorgaireacht ar thoil agus ar aitheantaibh Dé fria a gcoimhéad go cobhsaidh caoin-bhéasach;
1855] agus fidh-cheangal do dhéanamh ar chuithe nó ar chuas an chroidhe lé féithle fíréandachta, ionnus nach géabhadh teannáil na toile — bhíos ag aol-losgadh na hanma, dá bruithneadh agus dá beó-ghoradh, ag buain mheirge na mímhéine agus umha ghuirm na hurchóide dhi — múchadh chuice.


1860] An ceathramhadh cinéal oibre, mar atá fíréantacht iomlán, ré gcomhailltear na neithe chomhairligheas Dia dhúinn do dhéanamh, leath amuigh dá fhógarthaibh. Agus atáid cheithre neithe san bhfíréantacht so.

An céid-ní, tar agus tarcuisne na séad saoghalta. Agus is uime
1865] sin adeir máthair Tobias, dá chor i gcéill nach raibhe seadh san saoghal aice féin, mar a n-abair, sufficiebat nobis paupertas nostra ‘fá lór dhúinn ar mbochtacht féin.’

An dara ní, neimhchion do thabhairt ar ainmhianaibh na colna, is dearbh-airdhe dísle ar na dubháilcibh, agus is teachta agus
1870] is taidhleóire do thaomaibh fiabhrasta an pheacaidh. Agus is uime sin atá aní léaghthar ag Solamh san .33. caibidil in Ecclo. mar a n-abair, cibaria et virga et onus asino, panis et disciplina et opus servo ‘biadha agus brod agus ualach don asal, arán agus seóladh


p.61

agus obair don daoirseach.’ Dá chor i gcéill don cholainn nach
1875] foláir dhi bheith fá bhrod bhrostuighthe an Spiorad Naomh, fhoráileas ar dhuine deigh-ghníomha do dhéanamh agus ualach na haithrighe agus lón an lóir-ghníomha d'iomchor, agus slat shaothruighthe na soighníomh do bheith ós cionn na colna dá brodadh réna cor ó bheith aimhriata.


1880] An treas ní, umhlacht an fhomóis, do réir Eóin san cheathramhadh caibidil, mar a n-abair Críost, meus cibus est ut faciam voluntatem eius qui misit me ‘is eadh is biadh dhamhsa, go ndearnainn toil an tí do chuir uaidh mé.’

An ceathramhadh ní, treise na foidhide, do réir S. Séam san
1885] chéad-chaibidil, mar a n-abair, patientia opus perfectum habet, ut sitis perfecti et integri, in nullo deficientes ‘obair iomlán an fhoidhide, is aice atá bhar mbeith coimhlíonta iomlán, gan bheith dítheach i n-éin-ní.’ Dá chor i gcéill go dtig don fhoidhidin gach dochar agus gach díoth aimseardha fhuilngeas an duine dá dheóin san
1890] bheathaidh se, go bhfuighbhe a gcoimhlíonadh san bheathaidh shuthain.

An dara goin déag

An t-aonmhadh comhartha déag .i. easbaidh anáile. Óir an dream mheasas a fhios do bheith aca an mbí an t-othar marbh, do-níd cleite d'inneall ar chomhair a bheóil agus a shrón, dá fhéachain an luaisgfidh an cleite lé séideadh nó lé súghadh
1895] a anáile; agus an tan nach mothuighid ag séideadh nó ag tarraing a anáile é, measaid siad gurab marbh bhíos. Mar an gcéadna go spioradálta, an tan nach séideann duine a dhíoghrais go Dia, agus nach súigheann grása an Spiorad Naoimh, is comhartha ar
1900] bhás na coire é. Agus is ar an tí bhíos san riocht so labhras an seachtmhadh caibidil déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a n-abarthar, erat languor fortissimus ita ut non remaneret in eo halitus ‘do bhí an treabhlaid láidir, ionnus nár an anál ann.’ Agus is é peacadh an éadóchais go sonnradhach
1905] thuigthear ann so, do réir Sholaimh san aonmhadh caibidil déag mar a n-abair, mortuo homine impio nulla erit ultra spes ‘ar bhfagháil bháis don éadtrócaireach, ní bhia dóchas ar bioth ó shoin amach aige.’ Dá chor i gcéill go dtéid an t-éadtrócaireach


p.62

i n-amharas ar Dhia agus ar a chomharsain, ionnus nach séideann
1910] anáil a aithmhéile go Dia, agus nach mó thairrngeas a thrócaire chuige.

An treas goin déag

An dara comhartha déag báis chorpardha .i. easbaidh tadhaill. An tan trá chailleas duine céadfaidh an tadhaill, is follus gurab marbh é. Mar an gcéadna go spioradálta, an tan chruadhuigheas
1915] an duine go docht sna dubháilcibh, caillidh a chéadfaidh a mothughadh. Ar dtús caillidh a blasadh, an mhéid nach fromhann milse an chomhshóláis diadha, agus fós nach cluin briathra an teagaisg ná an smachta, agus nach faiceann do rosgaibh a réasúin toirbhearta an bhronntais diadha, agus nach déanann
1920] boltnughadh ar eisiompláiribh chaidribh naomhtha Chríost agus na naomh, agus nach mothuigheann céadfaidh an tadhaill sgiúrsadha an smachta diadha. Ionnus go bhféadtar a rádh ris amhail adubhradh ré Nabal, do réir mar léaghthar san .25. caibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a n-abarthar,
1925] e mortuum est cor eius intrinsecus, et factus est quasi lapis ‘atá a chroidhe marbh go hinmheadhónach, agus atá arna dhéanamh amhail chloich.’ As sin is iontuigthe go mbíd daoine dúra doitheagaisg ann, nach gabhann beadhgadh tré smacht dá ndéanann Dia orra, ná fós ré bagar a bhriathar, amhail do bhí
1930] Pharao, do réir mar léaghthar san chúigeadh caibidil in Exodo. Óir tar éis mar do iarr Maoise air sgaoileadh do phobal Dé as an daoirse 'na rabhadar aige, agus tar éis na bplágh ndíoghaltach do imir Dia ar an Éigipt tré bhroid Chloinne Israel, is móide (mar ghreannughadh ar Dhia) do thromuigh ar mhoghsaine
1935] Chloinne Israel gach bagar dá ndearna Dia air, agus gach pláigh dár imir ar an Éigipt. Mar an gcéadna fós do-rinne Cain, do réir mar léaghthar san cheathramhadh caibidil in Genesi. Óir an tan do theagaisg Dia é do thaoibh a dhearbhráthar Abel, is eadh do-rinne, Abel do mharbhadh, mar ghreannughadh ar
1940] Dhia tréna theagasg. A shamhail chéadna do-rinne Ioruaith re hÉoin Baiste. Óir i ndíol an teagaisg tharbhaigh tug Eóin dó, is eadh fuair dá chionn, a dhícheannadh le hIoruaith. Mar sin don duine dúrchroidheach mar chloich: teilgidh do dhruim


p.63

a mheanman gach bagar do-ní Dia air agus gach teagasg do-bheir
1945] dhó, amhail do theilgfeadh gallán gaoine an t-ord do buailfidhe uirre dá druim. Agus is comhartha cinnte ar bhás na coire sin.