Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 5

AN CÚIGEADH HALT

labhras ar an dara bás .i. bás na coire.

An chéad-ghoin

Is ar an dara bás so labhras Pól san dara caibidil go
1190] hEphesios, mar a n-abair, et vos cum essetis mortui delictis et peccatis vestris ‘agus sibhse (ar sé) ar mbeith marbh ó bhar gceanaibh agus ó bhar bpeacaidhibh fein díbh.’ Dá chor i gcéill go bhfuaradar bás na coire, gion go bhfuaradar an bás corpardha. Tig Pól leis aní gcéadna so ag sgríobhadh gusna Rómhánchaibh
1195] san seiseadh caibidil, mar a n-abair, existimate vos mortuos esse peccato ‘measaidh go bhfuiltí ar bhfagháil bháis leis an bpeacadh.’


p.41

Créad is iontuigthe as so acht go bhfaghann an duine bás na coire, tar ceann nach faghann bás nádúrtha? Óir grása Dé is beatha don anam, agus an tan do-ní duine peacadh marbhthach,
1200] ruaigthear grása Dé as an anam lé bás na coire, gion go ndealuigheann an t-anam ris an gcorp darab anam é. Agus is uime sin atá aní léaghthar san .30. caibidil do leabhar is uime sin atá aní léaghthar san .30. caibidil do labhar is uime sin atá aní léaghthar san .30. caibidil do leabhar Deuteronomii, ag labhairt ar Dhia ris an duine, mar a n-abair, ipse enim est vita tua, et longitudo dierum tuorum ‘is é súd do
1205] bheatha, agus fad do laitheadh.’ Dá chor i gcéill, an tí ag nach bí Dia táitte réna anam, maille réna ghrásaibh, go mbí a anam marbh d'easbaidh na ngrás is beatha dhó. Agus is uime sin adeir S. Augustine, quod facit anima in corpore, hoc facit Deus in anima ‘aní do-ní an t-anam san chorp, do-ní Dia an céadna
1210] ris an anam,’ maille réna ghrásaibh do bheith aige mar bheatha. Agus is mar sin is éidir a rádh, an tan dhealuigheas grása Dé ris an anam, go bhfaghann go fírinneach an peacthach bás an coire, gion go bhfaghann an bás corpardha. Tig Isaias leis so san .59. caibidil, mar a labhrann ris an gcineadh Iúdaidheach agá rádh,
1215] iniquitates vestrae diviserunt inter vos et Deum ‘do chuir bhar n-orchóid sgarthain idir sibh féin agus Dia.’ Tig Solamh leis so san chéad-chaibidil do Leabhar na hEagna, mar a n-abair, perversae cogitationes separant a Deo ‘do-níd na droch-smuaintighthe deadhailt eidir dhuine agus Dia.’ Agus an tan dhealuigheas duine ré Dia, dealuighidh sé mar an gcéadna ré grásaibh Dé is beatha dá anam, agus dá réir sin do-gheibh bás na coire, acht gé bhíos 'na bheathaidh go corpardha. Agus is uime sin adeir an scrioptúir ris an bpeacthach bhíos 'na bheathaidh go corpardha, agus marbh go spioradálta, nomen habes
1225] quod vivas et mortuus es, Apoc. 3[ordm ] ‘atá ainm ort bheith beó, agus ataoi marbh.’

An dara goin

Tuig, a dhuine, go bhfuilid trí gnéithe 'nar cosmhail an bás corpardha agus bás na coire ré chéile. Ar dtús, is ionann uireasbaidh dhóibh; ionann fós déanmhas neith dhóibh; mar an gcéadna is
1230] ionann taisbéanadh do-bheirid uatha. An mhéid bheanas ris an gcéid-ghné, atáid sé céimeanna 'nar cosmhail ré chéile iad.


p.42

Ar dtús, fásaidh ainmheasardhacht san cholainn ré hucht an bháis chorpardha, mar atá teas anorduighthe, nó fuacht anorduighthe, nó tart foiréigneach, nó a n-ionnshamhla oile sin.
1235] Mar an gcéadna ré hucht bháis na coire, fásaidh fiuchadh foiréigneach na feirge, nó fuacht oighreata an fhuatha, nó teas tartamhail na sainnte saoghalta, nó urchóide éagsamhla oile i n-anam an pheacthaigh an tan lingid na droch-smuaintighthe ann.

An dara céim, téid an corp i n-anbhfainne agus i n-éiglidheacht ré hucht an bháis chorpardha. Mar an gcéadna don anam, an tan do-bheir gean agus dúil dona droch-smuaintighthibh, téid i n-anbhfainne agus i n-éiglidheacht agus i neamhchumus ar chathughadh ris na coirthibh.


1245] An treas céim, do-gheibh an corp bás do bhríogh go ndealuigheann an t-anam ris. Mar an gcéadna don anam: an tan aontuigheas an t-olc, do-gheibh bás, an mhéid go ndealuigheann an t-anam féin ris, .i. grása Dé ruaigthear uaidh ré haonta do thabhairt don olc.


1250] An ceathramhadh céim, iomchurthar an corp gus an adhnacal tar éis an bháis. Mar an gcéadna iomchurthar anam an pheacthaigh, an mhéid go n-iomchurthar a mhíochlú i mbéalaibh na ndaoine ag reic agus ag faisnéis a pheacadh. Óir mar do-ní feall nó fionghail, nó drúis nó droich-bhearta, nó craos, beid ag na
1255] daoinibh ó bheól go beól dá n-iomchur agus dá n-aithris an feadh bhus cumhain leó iad.

An cúigeadh céim, adhnaicthear an corp ar bhfagháil an bháis chorpardha. Mar an gcéadna adhnaicthear anam an pheacthaigh i ndeirc dhuaibhsigh an droch-ghnáthuighthe.


1260] An seiseadh céim, caittear agus creimthear lé crumhaibh an corp. Mar an gcéadna d'anam an pheacthaigh: creimthear lé cruimh chíocraigh an choguais é.

An treas goin

An dara céim nó gné 'nar cosmhail bás an chuirp agus bás na coire ré chéile, .i. gurab cosmhail a ndéanmhas neith ré
1265] chéile, agus atáid seacht gcéimeanna 'na dtigid ré chéile.


p.43

An chéid-chéim, do-ní an bás an corp greannach nó easgcaoin. Mar an gcéadna do-ní bás na coire an t-anam eagcaoin, do réir Sholaimh, san ochtmhadh caibidil déag do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, cum obsecrationibus loquitur
1270] pauper, et dives effabitur rigide ‘labhraidh an bocht lé himpidheachaibh, agus labhraidh an saidhbhir go heasgcaoin.’ Ionann sin ré a rádh, agus an tí do-gheibh bás i n-uabhar nó i n-iomthnúth, go mbí a anam go heasgcaoin.

An dara céim, do-ní an bás an corp fuar. Mar an gcéadna
1275] do-ní oighreadh an fhuatha anam an pheacthaigh fuar, do réir mar léaghthar san seiseadh caibidil ag Ieremias, mar a n-abair, sicut frigidam facit cisterna aquam suam sic frigidam fecit malitiam suam ‘amhail do-ní an chorr nó an tobar talmhan an t-uisge bhíos ann fuar, mar sin do-ní an mhailís
1280] an t-anam 'na mbí fuar.’ Agus is don fhuath ghoireas sé mailís annso.

An treas céim, do-ní an bás an corp bréan. Mar an gcéadna do-ní bás na coire an t-anam droch-bhalaidh, mar is follus i bpeacadh na drúise, mar a n-abair Isaias san .34. caibidil ag
1285] labhairt ar lucht na drúise, de cadaveribus eorum ascendet fetor ‘éireóchaidh bréantas as a gconablaighibh súd,’ ag ciallughadh thruaillidh chorp na meirdreach.

An ceathramhadh céim, tig don bhás an corp do lobhadh. Mar an gcéadna tig do bhás na coire an t-anam do throthlughadh,
1290] do réir Ieremias san .22. caibidil mar a n-abair, sepultura asini sepelietur putrefactus ‘an tí bhíos dreóite, adhnaicfidhear i n-uaigh an asail é.’ Ionann sin ré a rádh agus an tí chríonas tré choir an chraois go mbiaidh adhnaicthe i gcamra na cruinne, .i. i n-iomdhomhain ifrinn, amhail bhíos ablach an asail i
1295] gcamra na cathrach nó na háite i bhfaghann bás.

An cúigeadh céim, tig do bhás foirniata na feirge an t-anam do dhéanamh uathbhásach, amhail tuigthear as an .15. caibidil in Genesi, mar a n-abarthar, horror magnus et tenebrosus invasit in Abraham ‘do ling uathbhás mór agus dorchadas ar Abraham.’
1300] Ionann sin ré a rádh agus go raibhe uathbhás na feirge ar Abraham, agus dá réir sin go mbí uathbhás ón bhfeirg ar anam


p.44

an pheacthaigh, nó gurab déistineach é, amhail is déistineach an corp d'éis an bháis chorpardha.

An seiseadh céim, tig don bhás an corp do bheith talmhaidhe.
1305] Mar an gcéadna tig do bhás na sainnte an t-anam do bheith talmhaidhe; amhail léaghthar san treas caibidil in Genesi, mar a labharthar go fáthach ris an sanntach agá rádh, terram comedes cunctis diebus vitae tuae ‘íosfaidh tú an talamh gach aon-lá ar feadh do bheatha.’ Dá chor i gcéill, an dream bhíos ag súghadh
1310] agus ag slogadh na saidhbhreas saoghalta lé sainnt, nach iongnadh a rádh go mbíd talmhaidhe, an mhéid go mbíd a n-aigeanta líonta d'airc agus d'áilgheas na neitheadh dtalmhaidhe.

An seachtmhadh céim, tig don bhás an corp do bheith leasg. Mar an gcéadna tig do choir na leisge an t-anam do bheith
1315] ainéasgaidh ré foghnamh do dhéanamh do Dhia. Agus is agá chiallughadh so atá aní léaghthar san treas caibidil déag do Leabhar na Seanfhocal ag Solamh, mar a n-abair, vult et non vult piger ‘is áil agus ní háil leis an leasg.’ Ionann sin ré a rádh agus tar ceann go mbiadh an réasún dá fhoráileamh ar an
1320] bpeacthach maith do dhéanamh, ní fhaomhann an antoil sin, ar mbeith cuibhrighthe i lúbaibh na leisge dhi.

An ceathramhadh goin

An treas gné 'nar cosmhail an bás corpardha agus bás na coire ré chéile .i. gurab ionann taisbéanadh do-bheirid uatha.

Ar dtús, ní fhuil duine dá áille san bhioth nach claochluigheann
1325] an bás corpardha a mhaise i míomhaise. Mar an gcéadna ní fhuil anam dá áille ré hionnracus nach cuireann bás na coire i n-éagcruth é. Agus bíodh a fhios agat gurab álainn oireaghdha bhíos anam an fhíréin, ní nach iongnadh, ar mbeith ar chruth agus ar dheilbh Dé dhó. Agus is uime sin adeir
1330] Dia, ag labhairt ré hanam an fhíréin, amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil dona Cainticibh, mar a n-abair, ecce tu pulchra es, amica mea ‘féach, ataoi cruthach, a bhan-chara.’ Dá chor i gcéill go mbí an t-anam cruthach caomh-álainn sochraidh an gcéin mhaireas tlacht taitneamhach na ngrás uime. Gidh eadh, an tan do-ní duine peacadh marbhthach, agus do-gheibh bás na


p.45

coire, claochluidhidh dath agus déanamh na hanma, do bhríogh go dtéid sé ó bheith ar dheilbh dheagh-mhaisigh Dé ré mbeith ar dheilbh dhochraidh dhoghnúisigh an diabhail. Agus is é so tuigthear as an seiseadh caibidil déag ag Ezech., mar a
1340] n-imdheargann Dia an peacthach agá rádh ris, abominabilem fecisti decorem tuam ‘is dochraidh gránna mísgiamhach do-rinnis do sgéimh agus do dheagh-mhaise féin.’ Dá chor i gcéill go gcuireann an peacthach an t-anam ó chruth i n-éagcruth agus ó mhaise i míomhaise, amhail chuireas an bás corpardha an corp,
1345] amhail adubhramar. Agus is i bhfioghair an éagcrotha chuireas an peacadh ar an anam atá aní léaghthar ag Matha san .22. caibidil, mar do fhiafruigh Críost cia an íomháigh do bhí san mhonadh; agus an tan do fhreagair cách gurab í íomhaigh Shéasair í, adubhairt aní fá leis féin do thabhairt do Shéasair. Mar an
1350] gcéadna an tan bheirthear an t-anam do láthair Chríost i n-aimsir an bháis, agus do-gheibh dealbh dhuthain dhoiléir dhuaibhseach, agus fuath arrachta éidightheach na hurchóide dealbhtha i gcopar na coire nó i bprás an pheacaidh ar orlár na hanma, adéara an monadh .i. an t-anam do thabhairt don tí 'sa dhealbh
1355] atá ann, .i. an diabhal, mar do-chí íomháigh ghlé-mhaiseach na Tríonóide arna hurdhubhadh innte.

Is cosmhail fós an taisbéanadh do-bheirid uatha leath ar leath, an mhéid go n-iomsgarann an bás corpardha an duine ré caidreabh na ndaoine. Mar an gcéadna dealuighidh bás na
1360] coire an t-anam ré cumann agus ré caidreabh na n-aingeal agus na n-anam bhfíréanta. Agus is uime sin adeir Solamh san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na Seanfhocal na briathra so, miseros facit populos peccatum ‘do-ní an peacadh truagháin dona poibleachaibh.’ Agus ní hiongnadh sin do
1365] rádh, do bhríogh go ndealuigheann an uile mhaith riú, agus go mbí an uile olc d'áirithe aca, más é is críoch dhóibh éag san bpeacadh mharbhthach i mbíd.

An cúigeadh goin

Féadtar fós a rádh go bhfuil an ceathramhadh gné ann 'nar cosmhail an bás corpardha agus bás na coire ré chéile.


p.46

Ionann cheana foghail do-níd siad; agus atáid a cúig ré a n-áireamh ann.

An chéad-fhoghail do-ní an bás corpardha, an bheatha do bhuain don duine. Mar an gcéadna do bhás na coire: beanaidh a beatha don spioraid anma, do réir Ezech. san ochtmhadh
1375] caibidil déag, mar a n-abair, anima quae peccaverit ipsa morietur ‘an t-anam pheacuigheas do-ghéabhaidh féin bás.’

An dara foghail: beanaidh a dhighnit agus a ghairm dhe. Óir ní tugthar rí ar chorp mharbh an ríogh, ná impir ar chorp mharbh an impire, ná prionnsa ar chorp mharbh an phrionnsa. Agus ní
1380] hiongnadh soin, ar mbeith dá gcorpaibh marbha 'na n-ablachaibh neamhchuibhdhe ré hiomchor garma onóraighe san bhioth. Mar an gcéadna do-ní bás na coire: beanaidh a ghairm agus a onóir don anam. Agus is uime sin adeir Solamh san deachmhadh caibidil in Ecclo., quis honorificabit exhonorantem animam suam
1385] ‘cia do-bhéara onóir don tí neamhonóruigheas a anam féin?’ Dá chor i gcéill go gcailltear leis an tí pheacuigheas go marbhthach gach uile ghairm agus onóir dá mbí aige ré mbeith fíréanta dhó. Agus is dá éagnach so atá aní léaghthar ag Dáibhídh, mar a n-abair, homo cum in honore esset, etca. ‘ar
1390] mbeith i n-onóir don duine níor thuig sé é, agus atá arna choimmeas ré bromachaibh, nó ré hóig-eachaibh éigciallda, agus do-rinneadh cosmhail riú é.’ Dá chor i gcéill nach fuil acht daoirseach don diabhal san bpeacthach bhíos cuibhrighthe lé téadaibh na gcean, amhail bhíos an t-óig-each ar téid agá marcach; agus fós
1395] amhail bhíos an marcach ag marcaigheacht an óig-eich, dá sporadh agus fós dá slatadh agus dá srianadh, mar an gcéadna don diabhal ris an bpeacthach. Dá bhríogh sin is follus go gcailltear lé bás na coire gairm agus onóir na hanma, mar go gcuirthear i gcoimmeas ré beathadhach éigciallda é.


1400] An treas foghail do-ní an bás corpardha: beanaidh a ainm don duine. Óir ní tugthar Séamus, Peadar, ná Pól ar an gcorp gan anam. Mar sin an t-anam bhíos marbh ó bhás na coire, beantar a ainm a leabhar na beatha, do réir an bhagair do-rinne Dia ar an bpeacthach, amhail léaghthar san .32. caibidil in
1405] Exodo, mar a n-abair qui peccaverit mihi, delebo eum de libro


p.47

meo ‘an tí pheacóchas damhsa, sgriosfad é as mo leabhar.’ Dá chor i gcéill nach biadh a ainm i leabhar na beatha ré tuilleamh ná ré tuarastal d'fhagháil tréna fhoghnamh don Dúileamh. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar ag Lúcás san seiseadh
1410] caibidil déag, mar do cheil Críost ainm an tsaidhbhir shádhail, dá chor i céill nárbh aithnidh dó é. Tig leis so aní léaghthar ag Solamh san deachmhadh caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, memoria iusti cum laudibus, et nomen impiorum putrescet ‘cuimhne an fhíréin lé hadhmoltaibh, agus do-ghéana
1415] ainm an pheacthaigh dreódh.’ Dá chor i gcéill go bhfaghthar ainm an fhíréin sgríobhtha i gcairt na beatha, agus go mbí ainm an pheacthaigh arna sgrios as mar námhaid. As so is iontuigthe go mbeanann bás na coire gan íomháigh Dé do bheith dh'ainm ar spioraid an pheacthaigh, amhail bheanas an bás corpardha
1420] ainm an duine don chorp mharbh.

An ceathramhadh foghail do-ní an bás corpardha: beanaidh don duine a uile bhríogha agus a mhaoine. Mar an gcéadna do-ní bás na coire ris an anam: dealuighidh a shochair agus a shubháilce ris. Agus is ar an bhfoghail se labhras Ieremias san
1425] chéad-chaibidil do Leabhar na hEólchaire, mar a n-abair, ag faisnéis na díotha tig do bhás na coire d'imirt ar anam an pheacthaigh, manum suam misit hostis ad omnia desiderabilia eius ‘cuiridh a námhaid a lámh féin in gach éin-ní soimhianuighthe dá mbí aige.’ Ionann sin ré a radh, agus an tan do-gheibh duine
1430] bás na coire, go mbeanann an diabhal gach subháilce agus gach sochar don anam lé bhféadfadh an ghlóir shuthain do thuilleamh. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san chéad-chaibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na Machabei, mar do-chuaidh rí urchóideach darbh ainm Antiocus go cathair Ierusalem go
1435] sluagh líonmhar maille ris, agus do thriall gus an dteampall, go ndeachaidh don tsanctóir, agus rug leis an altóir órdha, agus lóchrann an tsoluis, agus uile mhaoine an teampaill ó shoin amach. Go fáthach, cia an t-Antiocusso, acht an diabhal? Cia an Ierusalem, acht an fíréan? Cia an teampall, acht anam an
1440] fhíréin? Cia an sanctóir, acht an coguas glan? Cia an altóir órdhaidhe, acht an croidhe ionnraic bhíos arna oirneadh do


p.48

thlacht taidhleach ghrádha Dé agus na comharsan? Cia an lóchrann soluis, acht an mhéin díreach? Cia uile mhaoine an teampaill acht uile ghlain-tiodhlaicthe agus subháilce an duine ó shoin
1445] amach? Ionnus amhail do-rinne Antiocus an teampall d'argain, gurab mar sin airgthear leis an ndiabhal anam an fhíréin an tan do-ní peacadh. Agus is i bhfioghair na foghla céadna so atá an fábhaill-sgéal léaghthar ag Lúcás san deachmhadh caibidil, mar a n-abair Críost go fáthach go raibhe duine éigin ag dul síos
1450] ó Ierusalem go Ierico, agus go dtarladar ladrainn nó lucht foghla ris, agus gur feannadh é, agus ar bhfágbháil chréacht agus chneadh air, do fhágbhadar leith-bheó é. Mar an gcéadna do-ní an diabhal ris an anam. Óir go fáthach is é an duine úd do luaidh Críost an peacthach; agus Ierusalem a neimhchionta; Ierico staid an
1455] pheacaidh; an lucht foghla, an diabhal agus a dhaosgar-shluagh; na hearradha do bheansad de, na subháilce somhaiseacha chailleas a los an pheacaidh; na créachta do-rinneadh air, gona chneadh an pheacaidh lé marbhthar an t-anam. Agus is ionann mar do fágbhadh leith-bheó é agus mar fhágbhas an peacadh
1460] an duine, óir ní fhágbhann acht leath a bheatha aige, mar atá beatha an chuirp, ar mbuain bheatha na hanma .i. ghrás nDé lé foghail an pheacaidh dhe.

An cúigeadh foghail do-ní an bás corpardha: an duine do dhealughadh réna cháirdibh agus réna chompánaibh. Mar an
1465] gcéadna do-ní bás na coire iomsgaradh na hanma ré caidreabh agus ré commaoin na naomh agus na n-aingeal, maille ré gan flaitheas Dé do thuar ná do thuilleamh dhó, an gcéin bhíos san pheacadh mharbhthach. Agus fós na subháilce agus na soibhéasa bhíos 'na bhfál timcheall na hanma, gabhaid raobadh chuca, ré briseadh
1470] an bhuinne bheannuighthe .i. ghrás nDé, is cleith cheangail ar charcair an chrábhaidh. Agus atá Dia féin dá bhagar ar an bpeacthach go mbeanfaidh féin fáil fíréanta na subháilce agus na sochraide neamhdha dhe, do réir mar léaghthar san chúigeadh caibidil ag Isaias, mar a n-abair Dia ag labhairt
1475] ar an bpeacthach, auferam sepem eius, et erit in direptionem ‘béaraidh mé liom a fhál súd, agus biaidh sé foghluighthe.’ Dá chor i gcéill, na naoimh, agus na haingil agus a shubháilce féin, go


p.49

bhfuilngeann Dia a ndealughadh ris an bpeacthach i ndíoghailt a mhíghníomh.

An seiseadh goin


1480] Tuig, a dhuine, go bhfuilid trí cinéil pheacadh ann, mar atá peacadh an chroidhe, peacadh an ghníomha, agus peacadh an ghnáthuighthe. Agus is ar an gcéid-pheacadh labhras Solamh san chéad-chaibidil do Leabhar na hEagna, mar a n-abair, perversae cogitationes separant a Deo ‘do-níd na droch-smuaintighthe
1485] iomsgaradh ó Dhia.’ Agus dá réir sin marbhaid an t-anam, do bhríogh go sgarthar leó ó Dhia é, is beatha don anam, do réir Mhaoise san .30. caibidil ag Deut., mar a n-abair ag labhairt ar Dhia ris an duine, ipse est vita tua, et longitudo dierum tuorum ‘is é do bheatha agus fad do laitheadh é.’ Agus
1490] is i bhfioghair an tí mharbhthar lé cóir an chroidhe atá aní léaghthar ag Matha, mar do aithbheódhuigh Críost inghean an phrionnsa.

Is ar an dara cinéal peacaidh labhras S. Séam san chéad-chaibidil dá Eipistil, mar a n-abair, peccatum cum consummatum
1495] fuerit, generat mortem ‘an tan chríochnuighthear an peacadh, geinidh sé an bás.’ Dá chor i gcéill, an tan chuirthear an peacadh i ngníomh, go dtig bás na hanma dhe. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar ag Lúcás san seachtmhadh caibidil, mar do aithbheódhuigh Críost an macaomh fá mac don bhain-
1500] treabhthaigh.

Is ar an treas cinéal labhras Pól san chúigeadh caibidil don chéid-Eipistil ro sgríobh go Timotheus, mar a n-abair, vidua vivens in deliciis mortua est ‘an bhaintreabhthach mhaireas i sádhaile, atá sí marbh.’ Ionann sin ré a rádh agus an t-anam bhíos ag
1505] gnáthughadh an pheacaidh, agus bhíos 'na bhaintreabhthaigh ar dtréigean a fir phósta, .i. an Spiorad Naoimh, i ngeall ar mheirdreachus na locht, go mbí marbh ó bhás na coire. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar ag Eóin san aonmhadh caibidil déag, mar do-rinne Críost Lazarus d'aithbheódhadh.
1510] Bíodh a fhios agat, a dhuine, gurab i bhfioghair na dtrí gcinéal peacthach úd atáid an triúr úd do haithbheódhadh lé Críost.


p.50

Óir amhail do-rinne Críost aithbheódhadh an trír réamhráitte, is mar sin do-ní go laothamhail aithbheódhadh na dtrí n-aicme úd. Gidh eadh, tuigthear as an réim do choimhéid Críost
1515] i n-aithbheódhadh an trír úd cia dona trí drongaibh peacthach is túsga do-gheibh a n-aithbheódhadh. Is-toigh imorra do haithbheódhadh inghean an phrionnsa; ag triall cheana gus an adhnacul do haithbheódhadh an macaomh; gidh eadh, is annsan uaigh do-rinneadh Lazarus d'aithbheódhadh.

An seachtmhadh goin


1520] As so is iontuigthe gurab túsga do-ní Dia duine d'aithbheódhadh ón chéid-chinéal peacaidh ioná ón dara cinéal, agus ón dara cinéal ioná ón treas cinéal. Agus is uime do-rinne Críost gan d'aithbheódhadh acht an triúr soin, do bhríogh nach raibhe faoi an ceathramhadh cinéal peacaidh do leigheas .i. peacadh
1525] na haindiúide. Agus is uime sin adeir, ag labhairt ar an druing bhíos i bpeacadh aindiúid na neamhaithrighe, amhail léaghthar san ochtmhadh caibidil ag Matha, mar a n-abair, dimittite mortuos sepelire mortuos ‘léigidh dona marbhaibh na mairbh d'adhnacul.’ Agus is iad drong adeir d'adhnacul annso na peacthaigh bhíos
1530] marbh ó choir aindiúid na neamhaithrighe. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san chéad-chaibidil do leabhar Amos, mar a n-abair, super tribus sceleribus Damasci, et super quatuor non convertam eum ‘tillfead ó thrí coiribh na Damasca, agus ní fhillfead óna ceathair é.’ Dá chor i gcéill go ndéin Dia
1535] aithbheódhadh na bpeacthach bhíos marbh ó pheacadh an chroidhe, nó ó pheacadh an ghníomha, nó fós ó pheacadh an ghnáthuighthe, gidh eadh, nach déin aithbheódhadh ar an tí bhíos marbh ó pheacadh aindiúid na neamhaithrighe.


p.51