Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 4

AN CEATHRAMHADH HALT

'na gcuirthear i gcéill go bhfuilid trí gnéithe báis ann, mar atá bás céadfadhach, bás nádúrtha, agus bás spioradálta.

Is eadh iomorra is bás céadfadhach ann, a mothughadh agus a ngluasacht do dhealughadh ris na ballaibh corpardha. Is eadh
980] cheana is bás nádúrtha an duine, .i. a anam réasúnta do dhealughadh réna chorp. Is eadh mar an gcéadna is bás spioradálta ann, dealughadh grás nDé ris an anam. Is iad na trí báis se chialluigheas Dáibhídh Rí san .33. Salm, an tan adeir, mors peccatorum pessima. Nó fós is eadh chialluighid na trí báis úd, bás
985] nádúrtha, bás na coire, agus bás na péine. Agus fós tuigthear an chiall so a briathraibh Dáibhídh mar a n-abair gurab ro-olc bás an pheacthaigh, óir ciodh olc an bás nádúrtha, is measa bás na coire, agus is measa bás na péine ioná ceachtar dhíobh. Agus do bhríogh go mbíd na trí báis se i gcinneadh don pheacthach, is
990] uime adeir Dáibhídh na briathra so, mors peccatorum pessima ‘is ro-olc bás an peacthach.’

An dara goin

Is i bhfioghair na dtrí mbás so atá aní léaghthar ar Absolón san ochtmhadh caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh. Óir an tan do thogair Absolon a athair do dhíbirt,
995] ionnus go dtiocfadh féin isteach 'na fhlaitheas air, do-chuaidh i gcogadh, é fein agus drong mhór do bhaothánaibh óga éigcríonna mar aon ris, agus do lean Ioab, caiptín Chloinne Israel é, go sluagh líonmhar maille ris, agus do chuir sé Absolon i raon madhma agus míochosgair. Agus iar mbeith ag teitheadh do Absolon, tarla
1000] géag dhairghe 'na fholt, do chongaibh i n-airde é, ionnus gur ling an t-each uaidh fán gcoill, agus go raibhe ar crochadh as an ngéig amhlaidh sin. Leis sin táinig an caiptín Ioab go grod gáibhtheach, agus tug trí sháthadh don tsleigh baoi 'na láimh air, gur fhágaibh i gcrothaibh báis é. Go fáith-chiallach, is é an
1005] tAbsolon so Ádhamh, do chuir roimhe é féin do bheith 'na


p.35

dhia i n-ionadh Dé uile-chumhachtaigh, agus dá réir sin a chor as a sheilbh, do bhríogh nach éidir do bheith ann acht éin-Dia amháin. Agus is é an crann úd as ar crochadh Absolon, crann na haithne, as ar crochadh Ádhamh. Agus is í an tsleagh úd
1010] do sáthadh tré Absolon, craoiseach na ceilge lér créachtnuigheadh Ádhamh. Agus is iad na trí cneadha crói-linnteacha úd do-rinneadh ar Absolon, na trí báis bhith-neimhneacha do imir an nathair neimhe ar Ádhamh. Agus atáid na créachta soin gan chneasughadh ar a shíol ó shoin a le, agus beid go bruinne an
1015] bhrátha, do réir Phóil san chúigeadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a n-abair, per unum hominem peccatum intravit in mundum, et per peccatum mors, et ita in omnes homines peccatum transit ‘is tré aon-duine amháin táinig an peacadh isteach san domhan, agus trés an bpeacadh an bás, agus mar sin do-chuaidh an peacadh
1020] trés an uile dhuine.’ As na briathraibh se Phóil is iontuigthe go bhfuilid na créachta úd do-rinneadh ar Ádhamh gan chneasughadh iona shíol, agus go mbeid amhail adubhramair.

An treas goin

Is i bhfioghair na dtrí mbás so atá aní léaghthar ag Daniel san seachtmhadh caibidil, eadhón go bhfacaidh sé beathadhach
1025] fá cosmhail ré mathghamhain mór, agá rabhadar trí cíora fiacal 'na chionn, ré cognamh agus ré craos-longadh feólmhaigh. An peacthach iomorra an beathadhach atchonnairc, agus na trí cíora fiacal na trí báis úd bhíos aige ré cognamh agus ré cnáimh-ghearradh an chinidh dhaonna. Is leis aní gcéadna bheanas
1030] an fáith-sgéal atá ag Virgilius ar an madradh adeir sé do bheith i n-ifreann, darab ainm Cerberus, agá bhfuil aon-chorp amháin, agus trí cinn ré craos-longadh na druinge théid go hifreann. An madradh úd an peacthach, agus na trí cinn na trí báis. Is é aní céadna chialluigheas Eóin san naomhadh caibidil in Apocalypsi,
1035] mar a n-abair go bhfacaidh féin trí cneadha lér marbhadh an treas cuid dona daoinibh. Agus is iad na trí báis úd mar an gcéadna thuigthear as aní adeir Solamh san .30. caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair go bhfuilid trí neithe ann chuireas an talamh ar baill-chrioth agus bioth-luasgadh. Agus


p.36


1040] is iad mar an gcéadna chialluigheas san .26. caibidil in Ecclo., mar a n-abair, a tribus tumuit cor meum, ‘atá eagla agam' chroidhe ré trí neithibh’ .i. rés na trí básaibh.

An ceathramhadh goin

Is ar an gcéad-bhás iomorra labharthar san cheathramhadh caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a
1045] n-abair, omnes morimur, etc. ‘atámaid uile ag fagháil bháis.’ Dá chor i gcéill nach fuil dol ón bhás úd ag aon-duine do shíol Ádhaimh. Agus dá mbeith, is ag Críost, nó ag Muire Mháthair, nó ag naomh nó ag ban-naomh oile do bhiadh tearmann uaidh. Gidh eadh, ó nár caomhnadh ceachtar dhíobh sin air, ná bíodh súil
1050] ag aon oile ré dhol saor uaidh. Gidh eadh, cibé duine dí-chéillidhe doitheagaisg adéaradh gurab é Dia do orduigh nó do-rinne an bás, bíodh a fhios aige gur bréag dhó é, do réir Sholaimh san chéad-chaibidil do Leabhar na hEagna, mar a n-abair, Deus mortem non fecit, impii accersierunt illam ‘ní hé
1055] Dia do-rinne an bás, acht na peacthaigh do thoghairm é.’

An cúigeadh goin

Bíodh a fhios agat, a dhuine, do réir Aristotail san treas leabhar dá Ethicibh, nach éidir ar an saoghal so ní d'fhagháil is uathbhásaighe agus is urghránna agus is ineagluighthe ioná an bás. Agus is ag faisnéis uathbháis an éaga go fáthach atá aní
1060] léaghthar ag Lúcás san naomhadh caibidil déag, mar a n-abair Críost ag fógra anfhorlainn an bháis don duine, ecce venient dies in te et circumdabunt te inimici tui vallo et circumdabunt te et coangustabunt te undique et ad terram prosternent te, etc. ‘tiocfaid laithe ionnat, agus
1065] timcheallfaid th'easgcaraid 'na mainnir thú, agus timcheallfaid thú, agus cuirfid i gcumhgach thú dá gach aoin-leith- agus leagfaid ar talamh thú.’

An seiseadh goin

Meas féin, a dhuine thruaigh, créad an t-uathbhás 'na mbiadh caiptín nó ceann feadhna mar aon ré beagán buidhne i gcaisléan éadaingean éislinneach, agus trom-shluagh tairptheach tréan-aidhbhseach
1070] i bhfoslongphort réna ucht, agus a mhuinntear arna


p.37

marbhadh, agus urmhór an tsluaigh ar dteacht ar aon-láthair ris, agus a n-airm nocht aca; agus baránta borb baoith-chéillidhe rompa lán do chonfadh catha, agus caiptín an chaisléin gan anacal air, ná dáil chabhra 'na chionn. Mar an gcéadna don anam bhíos
1075] ag bárdacht chaisléin chriadhamhail an chuirp, taobh ré beagán buidhne .i. ris na céadfadhaibh, an tan tig trom-shluagh na dtaom agus na tinneas, na ngalar agus na n-easláinteadh, mar aon ris an gcaiptín mbríoghmhar mboirb-neimhneach .i. ris an mbás, agus shuidhid i bhfoslongphort réna ucht, agus lingid tar múraibh
1080] na mball agus tar comhladhaibh na gcéadfadh, go soichid compar an chroidhe, mar an mbí an t-anam. Feannaid agus foghaid, díbrid agus díochuirid an t-anam as a ionadh agus as a árus féin. Marbhaid agus míochóirighid a mhuinntear agus a bhean phósta ar a chomhair, .i. a chorp agus a chéadfadha.

An seachtmhadh goin


1085]
1090]
1095]
1100]

An t-ochtmhadh goin

Go bhfios damhsa, is mór an t-adhmhar uamhain agus imeagla rés an mbás, mar thig dhe duine do chor sna hainreachtaibh


p.38

uathbhásacha so; agus fós mar thig dhe an lánamha mhiochair mhuinnteardha so bhíos i gcaomhna agus i gcomann a chéile .i.
1105] an t-anam agus an corp, do dheadhail agus d'iomsgaradh ré chéile go ndoilgheas agus go ndobrón ndofhaisnéise, agus ris gach maitheas agus ris gach saidhbhreas saoghalta dá raibhe aca leath ar leath; agus an cholann do chor i n-uaimh iomdhomhain urghránna i gcaidreabh crumh agus chiaróg agus dharbh ndaol agus phiast ndochraidh
1110] n-éagsamhail ar-cheana, i gcéin óna cáirdibh agus óna coigéilibh, do dhéanamhail ar-cheana, i gcéin óna cáirdibh agus óna coigéilibh, do dhéanamh luaithridh agus talmhan dí fá dheóidh. Gidh eadh, amhail teid éin-bhiadh amháin i ndochar don easlán agus i dtarbha don duine shlán chaitheas é, mar an gcéadna, tar gach teist n-adhuathmhair dá dtugamair ar an mbás nádúrtha go soiche so,
1115] más eadh téid sé i sochar dona fíréanchaibh fá dhéoidh, gion go saorann an peacthach ó ainiarsma ar bioth dá bhfuil 'na dhiaidh.

An naomhadh goin

Is uime sin deir S. Augustine san treas leabhar ro sgríobh ar an bhFaoisidin, mors est impiis valde terribilis, sanctis vero delectabilis ‘is aduathmhar leis na peacthachaibh an bás, gidh
1120] eadh, is sáimh leis na fíréanchaibh é.’ Adeir Solamh san .41. caibidil in Ecclo. ní thig leis sin, mar a n-abair, O mors quam amara est memoria tua homini iniusto ‘a bháis, créad é seirbhe do chuimhne don duine éigceart!’ Agus adeir arís san chaibidil chéadna ní as a dtuigthear gurab tarbhach don
1125] fhíréan an bás nádúrtha, mar a n-abair, O mors quam bonum est iudicium tuum homini indigenti et cui minoratur viribus ‘a bháis, créad é feabhas do bhreitheamhnais don duine easbadhach agus don tí agá laghduighthear a bhríogha!’ Ionann sin ré a rádh agus gurab tuar séin agus sochair don tí bhíos bocht ó spioraid, agus
1130] chaitheas a chéadfadha agus bríogh a bhall lé foghnamh do dhéanamh do Dhia, an bás nádúrtha.

An deachmhadh goin

Is é fáth fána doilghe leis an bpeacthach an bás nádúrtha, do bhríogh gurab léir dhó féin ré linn an bháis nach fuighbhe sochar ná socamhal ná suaimhneas tar éis an bháis go foirceann


p.39


1135] na saoghal, do réir Sholaimh san aonmhadh caibidil déag do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, mortuo homini impio nulla erit ultra spes ‘ar bhfagháil bháis don pheacthach, ó shoin amach ní bhia aon-dóchas aige,’ .i. ní bhia súil ré socamhal ó shin amach aige. Agus is uime sin is sámh leis an bhfíréan
1140] an bás nádúrtha, do bhríogh go mbí súil aige ré tuilleamh agus ré tuarastal d' fhagháil thall tréna ghníomharthaibh san bheathaidh se abhus, do réir mar adeir Solamh san chéad-chaibidil in Ecclo. mar a n-abair, timenti Deum bene erit in extremis, et in die defunctionis suae benedicetur, etc. ‘is maith rachas fá dheóidh
1145] don tí ar a mbia eagla Dé, agus beinneóchar i ló a éaga é.’ Dá bhríogh sin ní hiongnadh don fhíréan i ló a éaga lúthgháir do bheith air.

An t-aonmhadh goin déag

Gidh eadh, dá bhfiafraigheadh neach an mbí doilgheas ar aon-duine ré hucht an bháis acht ar an bpeacthach, mo fhreagra
1150] air go mbí, agus atáid dá adhbhar ris sin. An céad-adhbhar dhíobh, ar eagla conntabhairte an bhreitheamhnais. Óir dá fheabhas do-bhéara duine a bheatha as, ní dearbh leis créad an bhreath béarthar air, do bhríogh nach feas dó an díol grádha nó fuatha ag Dia é, amhail adeir Pól, nemo scit an odio an amore dignus sit
1155] ‘ní feas do neoch an díol grádha nó fuatha é féin’ an gcéin bhíos beó. An dara hadhbhar fá mbí doilgheas ar an bhfíréan ré hucht an bháis, d'eagla péine purgadóra.

An dara goin déag

As gach ní dá ndubhramar is follus nach fuil acht anfhlaith urbhadhach, agus gríobh-aitheach goimheamhail, agus dragún duaibhseach,
1160] agus onchú éachtach, agus faol-chú foghlach, agus leómhan loinn-fheargach, agus biodhbha bioth-ghonach, agus beithir bheó-ghalach, agus nathair naimhdidhe, agus arracht uathbhásach san bhás. Óir ní bhí cáirdeas ná commbáidh aige ré duine don druing dhaonna, acht do-bheir craos-ruathar coitcheann fútha, lé marbhann go
1165] meinic an tighearna mar aon ris an óglách, an mac mar aon ris an athair, an inghean mar aon ris an óglách, an mac mar aon ris an athair, an inghean mar aon ris an máthair, an saidhbhir mar aon ris an mbocht, an tréan mar aon ris an anbhfann. Is


p.40

blagh fós dá bhoirb-éachtaibh go bhfagbhann tír gan tighearna agus athair gan oighre, máthair gan mhac agus bean gan bharánta,
1170] leanbh gan leasuightheóir agus dílleacht gan díon-athair. Tuigim iomorra dá réir sin nach bí acht bualadh an chléirigh cham-shúiligh aige ar na daoinibh ag déanamh oirligh orra. Óir bí sé i n-oirchill ar gach aon-duine, ionnus nach feas dóibh cá huair nó cá ham san ló nó san oidhche, ar tuinn nó ar tráigh,
1175] ar cnoc nó ar coill, i suan nó i ndúsgadh, i maigh nó i múr, i mbiadh nó i ndigh, i dteinidh nó i n-uisge, nó i n-arm theagmhas dóibh dá ndíoth-láithriughadh. Agus is tréna n-imreann d'olc agus d'éagcomhlann ar na daoinibh, atá an uiread soin do dhéistin ag Dia féin roimhe gur fiú leis diúltadh dhó agus a shéanadh
1180] nach uaidh féin táinig, amhail léaghthar san chéad-chaibidil do Leabhar na hEagna mar a n-abair, Deus mortem non fecit ‘ní hé Dia do-rinne an bás.’ Ionnus gur mheas tré dhíblidheacht an bháis a lámha do ghlanadh as, dá shaoradh féin ar aithbhear na ndaoine, amhail do mheas Píoláid do dhéanamh tré bhás
1185] Críost an tan do láisteadh a lámha leis. Tuig, a dhuine, go bhfuil an bás chomh-doghraingeach soin nach foláir dhúinn bheith innill aireach 'na oirchill, ionnus nach dtiofadh dhe an dá bhás oile d'imirt oirn.