Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 3

AN TREAS HALT

'na gcuirthear i gcéill go gcailltear cheithre sochair shonnradhacha leis an duine do thoisg an bháis dá rochtain, mar atá onóir shaoghalta, sádhaile na colna, saidhbhreas, agus compáin.

An chéad-ghoin


840] Is i bhfioghair na gceathra sochar gcéadna soin chailltear leis an mbás atá aní léaghthar san seachtmhadh caibidil ag Daniel, mar a n-abair, quatuor venti caeli pugnabant in mari magno ‘do chomhraigsead cheithre gaotha nimhe san mhuir mhóir.’ Dá chor i gcéill go mbí easbaidh na gceathra sochar úd ag commbuaidhreadh shearbh-aigeanta an chiontaigh ré linn an bháis.


p.30

An dara goin

An céid-ní, mar atá onóir shaoghalta, is follus go dtéid sí ar ceal ré linn an bháis. Agus is uime sin adeir Solamh san chúigeadh caibidil do Leabhar na hEagna, quid profuit nobis superbia nostra ‘créad an tarbha do-rinne ar n-uabhar dhúinn?’
850] Dá chor i gcéill go dtéid gach onóir agus gach glóir shaoghalta ar ceal uainn i n-aimsir an éaga.

An treas goin

Ionnus gurab ionann dál dona daoinibh i gcoitchinne agus d'fhuirinn an bhrannaimh. Óir mar bhíos barr ceana seoch a chéile ar fhearaibh foirne an bhrannaimh ré linn bheith ag imirt
855] orra, ionnus go mbí rí na foirne arna shuidhiughadh san áit is onóraighe don chlár, agus an bhain-ríoghan san dara háit, agus mar sin dá gach fear oile do réir a gharma, ionadtar ar chlár an bhrannaimh é; mar an gcéadna dona daoinibh, an tan bhíd ar títhibh na talmhan, agus bearta brannaimh na beatha agá
860] n-imirt leó, bí gach aon aca go cinnte 'na ionadh féin do réir a onóra agus a innmhe. Gidh eadh, tuigthear, tar ceann go mbí an t-éidirdhealughadh úd idir fhearaibh foirne an bhrannaimh ré mbeith ag imirt leó, an tan bhíos an cearrbhach agá gcor i mála na foirne, go ndoirteann imeasg a chéile iad, gan
865] féachain d'fhior dhíobh seoch ar-oile, ionnus gur cuma leis tú nó deireadh dholta san mhála do bheith ag an rí seoch an bhfior is lugha san bhfuirinn; agus fós is cuma leis cia dhíobh bhíos i n-uachtar nó i n-íochtar an mhála. Mar an gcéadna theagmhas dona daoinibh; an tan tig buachaill brannaimh
870] na beatha .i. an bás, agus teilgeas na daoine i dtiaich na talmhan do chlár tháiplise an tsaoghail, ní bhí onóir ag an mbás i gcomhair aoin seoch a chéile dhíobh. Agus dá dtugdaois lucht an díomusa dá n-aire an coimhmeasgadh so do-bheir an bás ar na daoinibh, do thréigfidís a n-uaill agus a n-ainmhiana.
875] Óir amhail thurnas fuaidreadh agus foluamhain na mbeach ré luaithreadh do chrothadh orra, mar sin dá gcrothaidh an duine crithir do chuimhne an bháis ar a mhéin, leagfaidh seólta a thoile, ionnus nach géabhadh gaoth na glóire díomhaoine greim


p.31

d'arthrach na hanma, dá luasgadh nó dhá luadhaill, acht bheith
880] i gciúnas chobhsaidh chaon-dúthrachtaigh chrábhaidh, agus ag diúl díoghraise agus diadhachta ón Dúileamh a ballán bheannuighthe na sláin-íce síordhaidhe, agus ag rinn-fheitheamh ar rúin-diamhraibh an fhír-Dhia fhorórdha.

An ceathramhadh goin

Is córaide dhúinn a mheas go dtéid gach glóir agus gach onóir
885] shaoghalta ar ceal uainn i n-aimsir an éaga, agus dá réir sin go ndleaghair dhúinn bheith i n-oirchill ar an éag, mar gurab cosmhail Ceard na cruinne lé ceard soitheach gcriadh do dhéanamh, agus gurab cosmhail cuirp na ndaoine ré taoisleadh criadh. Óir amhail do-ní an ceard criadh mias bhreic-dhealbhach bhláth-chaoin
890] ré freastal milséan ar bhordaibh na n-uasal don taoisleadh chriadh bhíos 'na cheardchain, agus fualán nó fual-shoitheach don chriaidh chéadna, mar sin do-ní Dealbhthóir na ndúl do charn chriadh na colna daonna, drong dhíobh go n-onóir agus go n-aird-innmhe shaoghalta, agus drong oile fhágbhas go lom lochardha fá
895] thár agus fá tharcuisne. Agus is dá chor i gcéill go bhféadann Dia an t-eidirdhealughadh so do dhéanamh idir na daoinibh, tar ceann go bhfuilid arna mbuain a haon-charn amháin chriadh na cinn-leitre úd na nádúire daonna .i. Ádhamh, atá aní léaghthar ag Pól san naomhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a n-abair,
900] habet potestatem figulus luti, ex eadem massa facere aliud quidem vas in honorem, aliud vero in contumeliam ‘atá ar chumas chearda na criadh a haon-charn amháin, soitheach thrá do dhéanamh go n-onóir, agus soitheach iaramh go n-aithis.’ Gidh eadh, bíodh go mbí deithfir eatorra ar mbeith slán dóibh, mar is léir don
905] tí at-chí breic-mhias an mheasraidh agá cor ar bhord an uasail, agus an fual-shoitheach i n-iargcúil an áruis go folaightheach mar thár agus mar tharcuisne air, acht cheana, an tan bhristear iad leath ar leath, san aon-áit ionainn theilgthear iad, mar atá i gcarn aoiligh nó i ndíogaidh an dúin 'na mbristear iad. Mar an
910] gcéadna theagmhas dona daoinibh bhíos arna ndéanamh do charn chriadh na daonnachta. Ré linn bheith slán dóibh, bí drong dhíobh arna suidhiughadh i bpíoláidibh ríoghdha ro-áille


p.32

go n-onóir agus go n-aird-chéimibh, agus dream oile i ndúr-bhothaibh dearóile go n-easbaidh agus go n-anshódh. Gidh eadh, an tan
915] bhloghas agus bhriseas an bás iad, teilgthear i n-aon-uaigh úire iad.

An cúigeadh goin

As so is iontuigthe go gcailltear a los an bháis an onóir shaoghalta leis na daoinibh bhíos mórdha ré linn a mbeatha, agus fós, teangmhaidh dochar is mó ioná sin dóibh go meinic i ndiaidh an bháis. Óir féadtar na daoine móra agus na fo-dhaoine
920] do choimmeas ris an seabhac agus ris an gcirc ré linn a mbeatha agus d'éis a mbáis; do bhríogh go mbí onóir ar an seabhac ré linn a bheatha agus go dteilgthear san chamra i ndiaidh a bháis é. An chearc iomorra, léigthear san laithigh dhi ré linn a beatha, ag buain oileamhna as an aoileach. Gidh eadh, an tan marbhthar
925] í, do-níthear a hollmhughadh go honórach, go gcuirthear ar bhord na n-uasal í. Mar an gcéadna, bí onóir ar na daoinibh mórdha ré linn a mbeatha, acht cheana an tan éagaid, teilgthear go meinic i gcamra na cruinne .i. i n-iomdhomhain ifrinn iad, go mbíd ag onfais innte. Gidh eadh, bí tár agus tarcuisne ar na
930] fo-dhaoinibh ré linn a mbeatha, agus bíd arna suidhiughadh go meinic i ndiaidh an bháis ar bhord bheannuighthe na beatha suthaine. Uch, is truagh nach tuigid lucht na honóra saoghalta, nó nach tugaid lucht na honóra saoghalta dá n-aire, na saobh-chrotha so chuireas an sealgaire úd .i. an bás díobh.

An seiseadh goin


935] An dara sochar chailleas an duine ag an mbás, .i. sádhaile na colna. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an druing téid d'fheitheamh an mhairbh. Agus is uime sin adeir Hugo, ag labhairt ar ablachaibh míomhaiseacha na marbh bhíos mómhur ré linn a mbeatha, quid profuit istis magnis gloria saeculi, brevis laetitia,
940] mundi pompa, carnis voluptas, etc. ‘créad an sochar i dtéid dona daoinibh móra úd glóir an tsaoghail, gairdeachas gearr, poimp an domhnáin, agus antoil na colna,’ ná fós maitheas bréige, muinntear mhór, gáire, subhachas, ná aoin-ní áineasach oile, do bhríogh go dtéid siad go hobann ar ceal, do réir mar adeir Solamh san


p.33


945] chúigeadh caibidil do Leabhar na hEagna, transierunt haec omnia velut umbra ‘do-chuadar so uile seocha amhail sgáile.’ Dá chor i gcéill gurab éasgaidh shnigheas agus shileas sáimhrighe na colna ón toicceach.

An seachtmhadh goin

An treas sochar chailleas an duine leis an mbás, .i. saidhbhreas
950] saoghalta. Óir is follus an tan do-gheibh duine bás, gurab éigean dó a uile mhaitheas do thréigean leis an mbás. Agus is uime sin adeir Dáibhídh, relinquent alienis divitias suas ‘fúigfid dá n-éis ag comhaightheachaibh a maoine.’ Dá chor i gcéill gurab éigean don tsaidhbhir a thoice d'fhágbháil dá
955] éis ag daoinibh do féadfaidhe nach cuimhneóchadh ar dhéirc ná ar dheagh-obair do dhéanamh ar a shon.

An t-ochtmhadh goin

An ceathramhadh sochar chailltear leis an duine san bhás, .i. a cháirde, do réir mar adeir S. Augustine san seachtmhadh caibidil déag don leabhar ro sgríobh don Spioraid agus don
960] Anam, mar a n-abair, anima recedens a corpore trahit secum omnes substantias, ‘ré triall an anma as an gcorp, tairrngidh leis a uilechumhachta,’ mar atáid a chéadfadha agus gach acfuinn oile dá mbí ann ó shin amach. Agus an mhéid bheanas ris na daoinibh, is amhlaidh do-níd do nós na muc. An tan iomorra mharbhthar muc don tréad, gabhaid an chuid oile dona mucaibh ag sgreadadh agus ag grafainn 'na timcheall. Gidh eadh, tillid go grod dá éis sin ar thomhailt otraigh, ar ndearmad bháis na muice. Mar sin dona daoinibh, acht gé bhíd ag doghra agus ag déar-chaoineadh i ndiaidh an mhairbh an tan
970] éagas, mar fhágbhaid fá úir é, tillid dá n-árusaibh féin, agus ní mór ó shin amach go mbí cuimhne aca air. Agus is trés na dochraibh se do bheith i gcionn an mhairbh adeir Ieremias san dara caibidil ag cor an duine ar a choimhéad ar na heasbadhaibh móra do-bheir an bás air, vide vias tuas in convalle ‘féach do
975] shlighthe féin san bhfáin-ghleann,’ .i. san uaigh, do réir an Seachtmhoghat Fear Friotail. Dá chor i gcéill gurab iomdha anágh agus amhgar theagmhas don duine a los an bháis.


p.34